Maidir le buiséad an Aontais, tá uasteorainneacha ann le haghaidh: Ioncam – bunaítear leis na huasteorainneacha acmhainní dílse uasmhéideanna acmhainní dílse is féidir leis an Aontas a iarraidh ó na Ballstáit chun a chaiteachas a mhaoiniú don tréimhse 2021-2027; Caiteachas – bunaítear leis na huasteorainneacha buiséid fhadtéarmaigh na huasmhéideanna is féidir leis an Aontas a ghealladh nó a chaitheamh le linn na tréimhse céanna. Sainítear na huasteorainneacha ioncaim sa Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse, an téacs dlíthiúil a leagann amach na coinníollacha faoina gcistítear buiséad an Aontais Eorpaigh. Cuirtear na huasteorainneacha acmhainní dílse in iúl mar chéatadán d’Ollioncam Náisiúnta (OIN) an Aontais Eorpaigh – is é sin suim OIN na mBallstát uile – mar athraíonn an méid ainmniúil gach bliain ag brath ar éabhlóid OIN an Aontais Eorpaigh. Tá dhá chineál uasteorann ioncaim ann: Uasteorann acmhainní dílse chun leithreasuithe bliantúla faoi chomhair oibleagáidí a chumhdach – 1.46% de OIN an Aontais Eorpaigh don tréimhse 2021-2027 (suas ó 1.29% le haghaidh 2014-2020); Uasteorann acmhainní dílse chun leithreasuithe bliantúla faoi chomhair íocaíochtaí a chumhdach – 1.40% de OIN an Aontais Eorpaigh don tréimhse 2021-2027 (suas ó 1.23% le haghaidh 2014-2020); Feidhmíonn an difríocht (‘corrlach’) idir uasteorainn na n-acmhainní dílse le haghaidh íocaíochtaí agus uasteorainn buiséid fhadtéarmaigh le haghaidh íocaíochtaí mar ráthaíocht don Aontas chun a oibleagáidí airgeadais uile agus a dhliteanais theagmhasacha a chumhdach faoi aon imthosca, fiú i gcás forbartha eacnamaíche diúltaí. Tugtar spás cloiginn Bhuiséad an Aontais ar an gcorrlach sin. Faoin gCinneadh maidir le hAcmhainní Dílse is déanaí, tá na huasteorainneacha acmhainní dílse á méadú le 0.6 phointe céatadáin ar bhonn eisceachtúil agus seachtrach. Rathóidh sé sin spás cloiginn méadaithe, agus ceadóidh sé an tAontas Eorpach le hairgead a fháil ar iasacht ar na margaí chun NextGenerationEU, an ionstraim théarnaimh don Eoraip, a chistiú. Tá an méadú in uasteorainn acmhainní dílse le haghaidh leithreasaithe íocaíochta go 2.00% d’OIN teoranta sa tréimhse a bheidh sé i bhfeidhm agus ní úsáidfear é ach i gcomhthéacs téarnaimh ó phaindéim an choróinvíris. Ní ionann an méadú sa spás cloiginn ranníocaíocht bhreise láithreach le buiséad an Aontais Eorpaigh ó na Ballstáit, mar ní fheidhmíonn sé ach mar chomhráthaíocht don Choimisiún chun banna a eisiúint thar ceann an Aontais Eorpaigh. Laghdófar an uasteorainn acmhainní dílse le haghaidh íocaíochta go 1.40% d’OIN arís nuair a aisíocfar na cistí uile agus nuair atá deireadh le gach dliteanas. Iasachtaíocht le haghaidh cláir iasachtaithe eile amhail SURE agus MFA+ don Úcráin, ráthaítear an méid sin faoi uasteorainn bhuan na nAcmhainní Dílse sa bhuiséad.