Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Tacú le poist agus leis an ngeilleagar le linn phaindéim an choróinvíris

Ábhar a cuireadh sa chartlann

Níl na leathanaigh ghréasáin sa rannán seo á nuashonrú a thuilleadh. D’fhéadfadh an t-ábhar a bheith as dáta agus níor cheart é a úsáid ach amháin chun tagairt don ábhar mar a bhí sé tráth a fhoilsithe.

Is mór an suaitheadh a bhain paindéim COVID-19 as geilleagair na hEorpa agus an domhain. Ba dhúshlán é géarchéim COVID-19 don gheilleagar Eorpach agus do shlite beatha na saoránach san Aontas. Le linn na géarchéime sláinte seo bhí sé ríthábhachtach earnálacha riachtanacha ár ngeilleagair, ár ngnólachtaí agus ár n-oibrithe a chosaint.

Rinne an Coimisiún beart láithreach chun tionchar eacnamaíoch na paindéime a mhaolú, trí ghníomhaíocht láidir ó na Ballstáit a údarú agus trí bhearta agus tionscnaimh éigeandála eacnamaíocha chun cabhrú le hoibrithe agus le fostóirí agus chun tacú leis an ngeilleagar le linn na géarchéime. Agus aghaidh á tabhairt ag an gCoimisiún ar riachtanais láithreacha, d’fhreagair sé ar an suaitheadh eacnamaíoch le plean téarnaimh nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, infheistíochtaí agus athchóirithe san áireamh, mar atá NextGenerationEU, rud a glacadh in éineacht le buiséad ilbhliantúil an Aontais do 2021-2027.

Gnólachtaí agus poist a chosaint

Chuir an Coimisiún bearta agus ionstraimí i bhfeidhm chun cosaint a thabhairt d’oibrithe agus poist a bhí thíos le paindéim COVID-19.

sure_0.png

An Ionstraim Eorpach le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) chun ioncam oibrithe a chaomhnú agus gnólachtaí a chothú.
Ó bhí 2020 ann, leis an ionstraim cuireadh tacaíocht ar fáil do thart ar 31.5 milliún fostaí agus do bhreis agus 2.5 milliún gnólacht i 19 mBallstát is tairbhithe.

youth-employment.jpg

Bearta an Aontais chun borradh a chur faoin bhfostaíocht don aos óg, lena gcumhachtaítear daoine óga chun geilleagar digiteach glas a spreagadh.
Mar gheall air sin cheana féin, tá Ráthaíocht don Aos Óg atreisithe ann, creat Eorpach nuachóirithe don ghairmoideachas agus don ghairmoiliúint ann, agus spreagadh athnuaite do phrintíseachtaí ann. Ó 2014 i leith, chuidigh an Scéim Ráthaíochta don Aos Óg le breis agus 36 mhilliún duine óg tairiscint fostaíochta, oideachais leanúnaigh, printíseachtaí agus/nó tréimhsí oiliúna a fháil.

Two men working in a factory.

Gníomhaíochtaí nithiúla do shaoránaigh a dhéanamh de phrionsabail an Cholúin.
San áireamh sa Phlean tá príomhspriocanna atá le baint amach ag an Aontas faoi 2030, is é sin 78% ar a laghad de dhaoine idir 20 agus 64 bliana d’aois a fhostú, rud a chinnteoidh go nglacfaidh 60% de na daoine fásta uile páirt in oiliúint gach bliain agus go ndéanfar laghdú 15 mhilliún ar a laghad ar líon na ndaoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta.

Gnólachtaí beaga agus meánmhéide a chosaint

Níorbh ionann tionchair eacnamaíocha ghéarchéim an choróinvíris ar gheilleagar na hEorpa ó thionscail agus ó ghnólachtaí go chéile.

Chun tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) – cnámh droma gheilleagar an Aontais – chuir an Coimisiún pacáiste cuimsitheach i dtoll a chéile in éineacht le Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, le tacaíocht ón gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS). Mar shampla, atreoraíodh €714 mhilliún ó CEIS chuig Saoráid Iasachta faoi Ráthaíocht COSME. Chuir sé sin ar chumas an Chiste Eorpaigh Infheistíochta (CEI) bainc a dhreasú chun leachtacht a chur ar fáil do FBManna a bhí thíos le géarchéim an choróinvíris. Tugadh níos mó solúbthachta d’úsáideoirí na Saoráide, agus méadaíodh an ráta ráthaíochta ó 50% go 80%.

Ó dheireadh mhí na Nollag 2022, chuidigh an tacaíocht leachtacht a chur ar fáil do bhreis agus 180,000 gnólacht beag agus meánmhéide ar fud na hEorpa, trí bhainc áitiúla a dhreasú chun maoiniú leachtachta dar luach níos mó ná €10 mbilliún a chur ar fáil faoi bheart COVID COSME.

Tacú le réigiúin agus le pobail áitiúla trí chomhtháthú agus infheistíocht

Bhí pobail náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ar an líne thosaigh chun cur i gcoinne na paindéime agus a hiarmhairtí. Mhodhnaigh an Coimisiún rialacha an bheartais chomhtháthaithe laistigh de chúpla seachtain chun solúbthacht, leachtacht agus simpliú breise a chur ar fáil do na Ballstáit tríd an dá thionscnamh infheistíochta mar fhreagairt ar an gcoróinvíreas, an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas (CRII) agus tríd an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas Plus (CRII+). D’fhéadfadh na Ballstáit cistiú an bheartais chomhtháthaithe nár caitheadh a ath-leithdháileadh ar na hearnálacha ba mhó a bhí i ngátar – cúram sláinte, tacaíocht ghnó agus cosaint grúpaí daoine leochaileacha. Ba é €13 bhilliún luach na ngníomhaíochtaí sin sna chéad 6 mhí, agus tháinig méadú air sin go €24 bhilliún sa lá atá inniu ann. Chuidigh na bearta chun gnólachtaí a choinneáil i mbun gnó le linn thréimhsí na dianghlasála, chun trealamh leighis a chur ar fáil d’ospidéil agus chun a chinntiú go bhfuair daoine atá faoi mhíbhuntáiste an tacaíocht leighis agus shóisialta ar fad a bhí de dhíth orthu.

Threisigh NextGenerationEU an beartas comhtháthaithe le €50 billiún breise trí REACT-EU nuabhunaithe a bhí le caitheamh ar théarnamh ón bpaindéim agus aird ar leith á tabhairt ar thosaíochtaí glasa agus digiteacha. Rannchuidigh REACT-EU le gnólachtaí a athsheoladh, le taighde agus forbairt eolaíoch a chur chun cinn, agus le hoideachas, oiliúint agus tacaíocht fostaíochta inrochtana a chur ar fáil dóibh siúd a bhí i ngátar. Laistigh de na chéad trí mhí, bhí os cionn 80% den chistiú a bhí ar fáil le haghaidh 2021 formheasta ag an gCoimisiún cheana féin.

Tionscnaimh fhadtéarmacha chun tacú leis an téarnamh

I gcomhthráth le bearta a thabhairt isteach chun tionchar eacnamaíoch na paindéime a mhaolú, mhol an Coimisiún pacáiste NextGenerationEU – plean an Aontais chun a bheith níos láidre agus níos athléimní tar éis ghéarchéim COVID-19.

Is ionstraim shealadach í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) arb í croílár NextGenerationEU. Tiomsaíonn an Coimisiún cistí tríd an tSaoráid trí iasachtaí a fháil ar na margaí caipitil (is é sin bannaí a eisiúint thar ceann an Aontais). Cuirtear iad sin ar fáil do na Ballstáit ina dhiaidh sin chun athchóirithe agus infheistíochtaí uaillmhianacha a dhéanann an méid seo a leanas a chur chun feidhme:

  • geilleagair agus sochaithe na mBallstát a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos ullmhaithe don aistriú glas agus don aistriú digiteach, i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais;

  • aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a shainaithnítear sna moltaí tírshonracha faoi chreat an tSeimeastair Eorpaigh maidir le comhordú eacnamaíoch agus beartas sóisialta.

Ina theannta sin, tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ríthábhachtach chun plean REPowerEU a chur chun feidhme, arb é freagairt an Choimisiúin é ar an gcruatan socheacnamaíoch agus ar an suaitheadh ar an margadh domhanda fuinnimh arb é ionradh na Rúise ar an Úcráin ba chúis leis.

Glacadh buiséad ilbhliantúil an Aontais agus NextGenerationEU, a bhfuil an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) mar bhonn taca leo, i mí na Nollag 2020 araon. Faoi mhí Lúnasa 2023, eisíocadh €153 bhilliún ar an iomlán as €723 bhilliún (i bpraghsanna 2022) a bhí ar fáil faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

Tá torthaí nithiúla á mbaint amach trí thionscadail atá á maoiniú leis an RRF do gheilleagair na mBallstát agus do phobail áitiúla i raon leathan réimsí, a bhfuil an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, comhtháthú sóisialta agus críochach, fás inbhuanaithe cuimsitheach, athléimneacht agus beartais don chéad ghlúin eile ina measc. Tá samplaí de na tionscadail ar fud na mBallstát uile ar fáil ar leathanach gréasáin an RRF.

An tsolúbthacht faoi Rialacha Fioscacha an Aontais Eorpaigh

An 20 Márta 2020, chuir an Coimisiún Eorpach clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis i ngníomh den chéad uair riamh, mar chuid dá straitéis chun freagairt thapa láidir a thabhairt ar ghéarchéim an choróinvíris. Chuir an clásal éalaithe ginearálta ar a gcumas do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun déileáil go héifeachtach leis an ngéarchéim, gan cloí leis na ceanglais bhuiséadacha a bheadh i bhfeidhm de ghnáth faoin gcreat fioscach Eorpach.

Déanfar an clásal éalaithe ginearálta a dhíghníomhachtú ag deireadh 2023. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Pacáiste Earraigh an tSeimeastair Eorpaigh i mí na Bealtaine 2022, luadh go measfaí na coinníollacha a bheith comhlíonta chun an clásal éalaithe ginearálta a dhíghníomhachtú ó 2024 ar aghaidh. Dearbhaíodh an measúnú sin sa Suirbhé Bliantúil ar Fhás Inbhuanaithe i mí na Samhna 2022, agus luadh go bhfuil geilleagar na hEorpa tagtha amach as tréimhse ina raibh mórshleabhcadh eacnamaíoch. Tá leibhéal téarnaimh bainte amach aige atá os cionn an leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim agus tá sé tagtha tríd an gcéim is géire den suaitheadh ar phraghsanna fuinnimh de bharr chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ach tá an éiginnteacht fós ard.

Séanadh. Nuashonraíodh an leathanach seo go deireanach i mí Mheán Fómhair 2023.