Eoraip atá oiriúnach don aois dhigiteachGlúin nua teicneolaíochtaí a úsáid chun daoine a chumasú Ár ngealltanais a chomhlíonadh Tá athrú ó bhonn ag teacht ar an saol a bhuí leis an teicneolaíocht dhigiteach. In 2019 sheol an tAontas straitéis dhigiteach chun daoine agus gnólachtaí a chumhachtú le glúin nua teicneolaíochtaí, agus ag an am céanna chun cuidiú leis an Aontas a sprioc maidir le hEoraip aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050. Leagtar amach sa straitéis bealaí chun ‘Deacáid Dhigiteach’ don Eoraip a dhéanamh den tréimhse seo. Mar chuid den straitéis, spreagtar nuálaíocht sa teicneolaíocht dhigiteach chun sinn a choinneáil iomaíoch ach bunaíodh léi freisin bealaí chun na rioscaí diúltacha a bhaineann leis an teicneolaíocht sin a íoslaghdú. Neartaíodh léi ceannasacht dhigiteach na hEorpa agus leagadh síos caighdeáin, agus béim shoiléir á leagan ar shonraí, ar theicneolaíocht agus ar bhonneagar. Ar fud na hEorpa, tá na billiúin infheistithe ag an Aontas i leathnú na snáthoptaice agus 5G; nascadh réigiúin tuaithe agus cuireadh scileanna ar fáil do na céadta míle oibrithe le haghaidh na todhchaí digití. Le blianta beaga anuas, tá níos mó bainte amach ag an Eoraip do shaoránaigh agus do ghnólachtaí sa spás digiteach ná mar a baineadh amach riamh. Na gealltanais a comhlíonadh Cearta saoránach agus gnólachtaí ar líne Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, forchuirtear cuntasacht níos fearr ar na hardáin is mó chun ábhar neamhdhleathach amhail fuathchaint agus bréagaisnéis a bhaint agus chun dul i ngleic leis na rioscaí do leanaí agus do thoghcháin Faoi dheireadh 2026, cuirfidh Tiachóg na Céannachta Digití ar chumas mhuintir uile na hEorpa céannacht dhigiteach shlán a bheith acu a chosnaíonn sonraí pearsanta agus a oibríonn i ngach Ballstát Leis an nGníomh um Margaí Digiteacha, is féidir le gnólachtaí dúshlán a thabhairt do ‘gheatóirí’ digiteacha trí mhargaí digiteacha atá cothrom oscailte inchoimhlinte a chinntiú An Intleacht Shaorga Chuireamar chun cinn an Gníomh um an Intleacht Shaorga atá fabhrach don nuálaíocht agus a chuideoidh lena chinntiú go mbeidh na córais intleachta saorga a úsáidtear san Aontas sábháilte, trédhearcach, eiticiúil, neamhchlaonta agus faoi rialú an duine Tá sprioc leagtha síos againn chun níos mó ná €1 bhilliún in aghaidh na bliana a infheistiú i dtaighde agus nuálaíocht IS, agus é mar chuspóir againn níos mó infheistíochta a mhealladh in IS in aghaidh na bliana le linn na deacáide seo. Sonraí Leis an nGníomh um Shonraí, a mbeidh feidhm aige ó mhí Mheán Fómhair 2025, dreasaítear comhroinnt sonraí ag na daoine a ghineann iad agus déantar ár margaí néalríomhaireachta níos iomaíche. Tháinig an Gníomh um Rialachas Sonraí i bhfeidhm, rud a chuidíonn le muinín as idirghabhálaithe sonraí a mhéadú agus sásraí comhroinnte sonraí a neartú Cibearshlándáil Comhaontaíodh an Gníomh um Chibear-Athléimneacht. Leagtar síos leis ardchaighdeáin chibearshlándála do gach gléas nasctha a dhíoltar san Aontas, idir monatóirí leanaí, uaireadóirí cliste, agus cluichí ríomhaireachta, ballaí dóiteáin agus ródairí. Le Gníomh an Aontais um Chibear-Dhlúthpháirtíocht, a comhaontaíodh in 2024, cuirfear feabhas ar an bhfreagairt ar chibearbhagairtí ar fud an Aontais. Tionscal Tríd an nGníomh Eorpach um Shliseanna, tá sé d’aidhm ag an Aontas a iomaíochas a neartú agus an sciar den mhargadh domhanda leathsheoltóirí a mhéadú faoi dhó go 20% faoi 2030. Spreag sé pleananna infheistíochta poiblí agus príobháideacha os cionn €80 billiún cheana féin. An Spás Mholamar plean le haghaidh córas cumarsáide slán spásbhunaithe de chuid an Aontais lenar féidir, i measc féidearthachtaí eile, tacú leis an imeall-ríomhaireacht, Idirlíon na Rudaí Nithiúla, tiomáint uathrialaitheach, ríomhsheirbhísí sláinte, obair agus oideachas cliste, nascacht le linn eitilte agus muirí, agus talmhaíocht chliste Scileanna digiteacha a fheabhsú Tá cláir amhail an tAcadamh um Scileanna Cibearshlándála agus an tArdán maidir le Scileanna Digiteacha agus Poist Dhigiteacha seolta ag an gCoimisiún chun cuidiú le líon na gcéimithe i dteicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (TFC) a mhéadú agus chun oiliúint a chur ar dhaoine atá ag obair i réimsí digiteacha. Tá os cionn 200 Mol Nuálaíochta Digití Eorpacha ar fud an Aontais freisin. Cuidíonn na moil sin le gnólachtaí agus le heagraíochtaí poiblí dul i ngleic le dúshláin dhigiteacha agus feabhas a chur ar a n-iomaíochas. Faigh tuilleadh eolais faoi na héachtaí sin Réimsí beartais Deacáid Dhigiteach na hEorpaGnólachtaí agus daoine a chumasú i dtodhchaí dhigiteach inbhuanaithe duinelárnach atá níos rathúlaAn Straitéis Eorpach maidir le SonraíEiseamláir a dhéanamh den Aontas sa tsochaí a chumhachtófar le sonraíAn Straitéis Eorpach maidir le tionsclaíochtCinnte a dhéanamh de go bhfuil tionsclaíocht na hEorpa ar thús cadhnaíochta maidir leis an aistriú i dtreo na haeráidneodrachta agus na ceannaireachta digitíAn SpásTionscnaimh de chuid an Aontais le haghaidh córas nascachta atá bunaithe ar shatailítí agus bainistiú spástráchtaRannchuidiú le cosaint na hEorpaObair a dhéanamh le chéile chun bagairtí agus dúshláin slándála a chomhrac ar bhealach níos láidreCibearshlándáilCibear-athléimneacht a chur chun cinn, ár gcumarsáid agus sonraí a chosaint agus an tsochaí agus an geilleagar ar líne a choinneáil slánAn t-oideachas digiteachMargadh aonair gan teorainn a chruthú le haghaidh an taighde, na nuálaíochta agus na teicneolaíochta ar fud an AontaisAn Limistéar Eorpach TaighdeMargadh aonair gan teorainn a chruthú le haghaidh an taighde, na nuálaíochta agus na teicneolaíochta ar fud an AontaisAn t-airgeadas digiteachLe teicneolaíochtaí airgeadais nua is féidir rochtain ar sheirbhísí airgeadais a éascú agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht an chórais airgeadais Naisc ghaolmhara An straitéis dhigiteachBeartas comhtháthaithe agus an aois dhigiteachPlean téarnaimh don EoraipTacaíocht um athchóiriú don aistriú digiteach
Deacáid Dhigiteach na hEorpaGnólachtaí agus daoine a chumasú i dtodhchaí dhigiteach inbhuanaithe duinelárnach atá níos rathúla
An Straitéis Eorpach maidir le SonraíEiseamláir a dhéanamh den Aontas sa tsochaí a chumhachtófar le sonraí
An Straitéis Eorpach maidir le tionsclaíochtCinnte a dhéanamh de go bhfuil tionsclaíocht na hEorpa ar thús cadhnaíochta maidir leis an aistriú i dtreo na haeráidneodrachta agus na ceannaireachta digití
An SpásTionscnaimh de chuid an Aontais le haghaidh córas nascachta atá bunaithe ar shatailítí agus bainistiú spástráchta
Rannchuidiú le cosaint na hEorpaObair a dhéanamh le chéile chun bagairtí agus dúshláin slándála a chomhrac ar bhealach níos láidre
CibearshlándáilCibear-athléimneacht a chur chun cinn, ár gcumarsáid agus sonraí a chosaint agus an tsochaí agus an geilleagar ar líne a choinneáil slán
An t-oideachas digiteachMargadh aonair gan teorainn a chruthú le haghaidh an taighde, na nuálaíochta agus na teicneolaíochta ar fud an Aontais
An Limistéar Eorpach TaighdeMargadh aonair gan teorainn a chruthú le haghaidh an taighde, na nuálaíochta agus na teicneolaíochta ar fud an Aontais
An t-airgeadas digiteachLe teicneolaíochtaí airgeadais nua is féidir rochtain ar sheirbhísí airgeadais a éascú agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht an chórais airgeadais