In 2022 tháinig InvestEU i bhfeidhm mar an clár nua infheistíochta fadtéarmaí de chuid an Aontais Eorpaigh (AE), agus chuir sé le rath CEIS.
Cuspóir
Ba é ab aidhm do CEIS an bhearna infheistíochta san Aontas a shárú trí mhaoiniú príobháideach a chur in úsáid le haghaidh infheistíochtaí straitéiseacha nach bhféadfadh an margadh a mhaoiniú as féin.
Dhírigh an ciste a mhaoiniú ar infheistíochtaí sa bhonneagar agus sa nuálaíocht, chomh maith le maoiniú d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna).
Na príomhghnéithe
Chuir an tAontas €26 bhilliún de mhaoiniú ar fáil trí ráthaíocht bhuiséadach, agus trí acmhainní dílse an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) (€7.5 billiún). Bunaíodh an ciste laistigh de struchtúir Ghrúpa BEI atá ann cheana, rud a chuir ar a chumas tosú go tapa agus tairbhe a bhaint as taithí BEI.
Bhí dhá phríomhfhócas ag CEIS: Bonneagar agus Nuálaíocht (arna mbainistiú ag BEI), agus FBManna (arna mbainistiú ag BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI)).
Faoi dheireadh 2020 bhí rath suntasach bainte amach ag CEIS; sháraigh sé a chuspóir tosaigh infheistíochtaí dar luach €500 billiún a chur in úsáid, agus tiomantas an Aontais a léiriú maidir le borradh a chur faoin bhfíorgheilleagar agus fás inbhuanaithe a chothú. Bhí éifeacht iolraitheora eisceachtúil CEIS lárnach sa rath sin – le gach euro a d’infheistigh CEIS, cuireadh €15 d’infheistíochtaí ar fáil ar fud an Aontais, rud a léirigh cumas an chiste acmhainní a mhéadú agus rannpháirtíocht shuntasach ón earnáil phríobháideach a mhealladh.
Faoi dheireadh 2022 bhí CEIS ag déanamh dul chun cinn go fóill, agus €87 mbilliún in oibríochtaí sínithe ann. Leis na hinfheistíochtaí sin, cuireadh thart ar €503 bhilliún ar fáil, rud a léiríonn ról leanúnach CEIS maidir le hinfheistíocht shuntasach a mhealladh le haghaidh tionscadail ríthábhachtacha. Trí thacú le tionscnaimh a bhfuil fabhtanna margaidh nó dálaí infheistíochta fo-optamacha amach rompu, chinntigh CEIS go bhfuair tionscadail riachtanacha an maoiniú a bhí de dhíth orthu, rud a threisigh tiomantas an Aontais don athléimneacht eacnamaíoch agus don fhás.
Cad í an amlíne?
- An 28 Bealtaine 2015, tháinig reachtóirí an Aontais ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an Rialachán le haghaidh Ciste Eorpach i gcomhair Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS). Sin ceithre mhí go leith tar éis don Choimisiún an togra reachtach a ghlacadh an 13 Eanáir.
- An 13 Nollaig 2017, cuireadh síneadh le CEIS go dtí deireadh 2020 agus méadaíodh an maoiniú ó €21 bhilliún go €33.5 billiún, trí Rialachán CEIS 2.0.
- An 16 Nollaig 2022, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an mheastóireacht deiridh ar CEIS (SWD(2022) 443 final).
Saintréithe na dtionscadal a bhí incháilithe do mhaoiniú CEIS:
- Bhí luach ard sochaíoch agus eacnamaíoch acu a chuireann le cuspóir beartais an Aontais.
- Bhí siad in ann caipiteal príobháideach a mhealladh trí aghaidh a thabhairt ar fhabhtanna margaidh.
- Tháinig siad sa bhreis ar na féidearthachtaí a bhí ann cheana maidir le maoiniú BEI agus maoiniú ón Aontas Eorpach.
- Inmharthana go heacnamaíoch agus go teicniúil.
- Comhsheasmhach le rialacha an Aontais maidir le státchabhair.
- Seo a leanas roinnt samplaí de phríomhréimsí spreagtha fáis ar a bhfuil CEIS dírithe:
- Bonneagar (iompar, fuinneamh, cúrsaí digiteacha, an comhshaol, na hearnálacha uirbeacha agus sóisialta)
- Oideachas agus oiliúint, sláinte, taighde agus forbairt, TFC, nuálaíocht
- Fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh
- Tacaíocht do FBManna agus do chuideachtaí meánchaipitlithe.
Chun tuilleadh eolais a fháil:
- téigh chuig suíomh gréasáin BEI
- déan teagmháil le infodesk
eib [dot] org (infodesk[at]eib[dot]org)