Ár ngealltanais a chomhlíonadh
Chun ár ngeilleagar a dhéanamh iomaíoch agus oiriúnach don 21ú haois, bhí sé d’aidhm againn nuachóiriú, digitiú agus dícharbónú an gheilleagair a chur chun cinn. Ar an gcaoi sin, is féidir linn geilleagar a fhorbairt a fhóireann do dhaoine agus do ghnólachtaí. Leis sin, tugtar rathúnas dóibh, ach ní dhéanfar dearmad riamh ar chothroime shóisialta a chinntiú.
Is é bunchloch ár mbeartais eacnamaíoch NextGenerationEU, an plean téarnaimh iarphaindéime €800 billiún lena n-infheistítear, i measc nithe eile, i bhfeirmeacha gaoithe amach ón gcósta, i dtraenacha leictreacha, i seirbhísí poiblí digiteacha sármhaith agus in ospidéil den chéad scoth. Spreagamar gnólachtaí chun athchóirithe a bhfuil géarghá leo a dhéanamh trí bhearta státchabhrach agus chun ár mbeartas trádála a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos teanntásaí.
Thacaíomar le fiontair bheaga agus mheánmhéide, cnámh droma gheilleagar na hEorpa, chun borradh a chur faoina n-iomaíochas. Thar aon ní eile, dhíríomar freisin ar ár gcaipiteal daonna, ar scileanna agus ar fholláine ár n-oibrithe, agus sheolamar Comhshocrú um Scileanna chun an oiliúint is gá a thabhairt d’oibrithe chun freastal ar riachtanais ghnó. Anuas air sin, bhunaíomar rialacha chun pá comhionann a chinntiú agus chun feabhas a chur ar an bpá íosta.
Ar an gcaoi sin tá an tAontas seo againne ag soláthar cumhachta do théarnamh na hEorpa.
Na gealltanais a comhlíonadh
Téarnamh eacnamaíoch agus nuachóiriú
- Seoladh NextGenerationEU i mí na Bealtaine 2020 agus tá os cionn €800 billiún á chur ar fáil aige chun infheistíocht a dhéanamh in athchóirithe agus tionscadail straitéiseacha chun ár ngeilleagair a dhéanamh níos glaise, níos digití, níos iomaíche agus níos athléimní.
Trádáil agus slándáil eacnamaíoch
- Thángamar ar chomhaontú i dtaca leis an líon ba mhó comhaontuithe trádála (42 chomhaontú fhabhracha le 74 thír) agus chuireamar 180 beart cosanta trádála i bhfeidhm faoi dheireadh 2023, rud a chosain beagnach 500,000 post san Eoraip.
- Bhaineamar úsáid gan fasach as na féidearthachtaí a chuirtear ar fáil lenár n-uirlisí beartais trádála, rud a chuir ar ár gcumas tairbhe a bhaint as oscailteacht eacnamaíoch agus aghaidh á tabhairt againn ar na rioscaí a bhaineann le domhan atá ag éirí níos deighilte.
- Sainaithníodh sa chéad Straitéis Eorpach riamh um an tSlándáil Eacnamaíoch rioscaí nua dár slándáil eacnamaíoch a tháinig chun cinn mar thoradh ar theannais gheopholaitiúla atá ag dul i méid agus ilroinnt gheo-eacnamaíoch.
Rialachas eacnamaíoch
- I mí Feabhra 2024 thángthas ar chomhaontú maidir leis an athchóiriú is cuimsithí ar na rialacha rialachais eacnamaíoch ó bhí an ghéarchéim airgeadais ann.
Státchabhair
- Glacadh Creat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe maidir le Státchabhair i mí an Mhárta 2023, lenar formheasadh beagnach €13 bhilliún i mbearta státchabhrach chun dlús a chur le maoiniú le haghaidh táirgeadh teicneolaíochta glaine.
- Formheasadh naoi dTionscadal Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne le rannpháirtíocht 22 Bhallstát, i réimsí straitéiseacha na gceallraí, na micrileictreonaice, na hidrigine agus na néalríomhaireachta.
Scileanna, cearta saothair agus cosaint shóisialta
- Bhunaíomar an Comhshocrú um Scileanna, chun an oiliúint is gá a chur ar oibrithe chun freastal ar riachtanais ghnólachtaí.
- Mholamar rialacha chun feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin lenar tairgeadh obair do bhreis agus 28 milliún duine in 2021.
- Leagamar amach rialacha maidir le trédhearcacht phá, chun an bunphrionsabal a chomhlíonadh go bhfuil pá comhionann tuillte ar son obair chomhionann, cibé acu bean nó fear thú.
- Agus thugamar isteach Ráthaíocht do Leanaí, ionas gur féidir le teaghlaigh atá i ngátar íoc as cúram leanaí, agus go mbeidh máithreacha agus aithreacha in ann obair a dhéanamh agus cúram clainne orthu.
- Glacadh an Treoir maidir le Mná ar Bhoird, lena leagtar síos sprioc gur mná iad 40% de stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin i gcuideachtaí liostaithe.
Airgeadas inbhuanaithe
- Is éard is Rialachán an Aontais maidir le Tacsanomaíocht ann córas aicmithe de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe, agus rinneadh forbairt air chun thart ar 150 gníomhaíocht eacnamaíoch a chuimsiú, lena gcumhdaítear thart ar dhá thrian d’astaíochtaí gás ceaptha teasa san Eoraip.
- Tháinig an Caighdeán Bannaí Glasa i bhfeidhm i mí na Nollag 2023, lena gcinntítear go mbeidh infheisteoirí in ann muinín a bheith acu go bhfuil a n-infheistíochtaí inbhuanaithe.
- Tháinig an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach i bhfeidhm ag tús 2023, rud a chuir ar chumas infheisteoirí rochtain a fháil ar an eolas a theastaíonn uathu chun tuiscint a fháil ar thionchar inbhuanaitheachta na gcuideachtaí a ndéanann siad infheistíocht iontu.
An t-airgeadas digiteach
- Ó mhí an Mheithimh 2023, agus leis an Rialachán maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní, tugtar criptea-shócmhainní agus a soláthraithe seirbhíse faoi rialú agus faoi mhaoirseacht.
- Leis an nGníomh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil, atá i bhfeidhm ó mhí Eanáir 2023, cuirtear feabhas ar chibearshlándáil na hearnála airgeadais san Eoraip agus cinntítear go mbeidh sí in ann leanúint de bheith ag feidhmiú i gcónaí i gcás suaitheadh oibríochtúil.
- Chuir an Coimisiún ar aghaidh rialacha nua maidir le híocaíochtaí meandracha in euro, agus ghlac na comhreachtóirí iad i mí Feabhra 2024.
- Ghlacamar tograí maidir le euro digiteach a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus maidir le dlíthairiscint airgid thirim a chosaint.
Cánachas domhanda
- D’oibríomar leis na Ballstáit chun a chinntiú go nglacfaí an Treoir lena n-achtaítear íosráta cánach éifeachtach do chuideachtaí ilnáisiúnta.
- Mholamar an togra maidir le ‘Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas ar Ioncam’, lena n-éascófar cúrsaí do ghnólachtaí móra agus d’údaráis chánach araon trí shraith aonair nua rialacha a thabhairt isteach chun bonn cánach grúpaí cuideachtaí a chinneadh.
- Mholamar go gcruthófaí Córas Cánach Ceannoifige do FBManna chun é a dhéanamh níos éasca do FBManna cánacha a ríomh agus a íoc agus iad ag feidhmiú thar theorainneacha sa mhargadh aonair.
An tAontas Custaim
- Chuir an Coimisiún togra ar aghaidh le haghaidh athchóiriú ar Aontas Custaim an Aontais Eorpaigh, an t-athchóiriú is uaillmhianaí agus is uileghabhálaí ó bunaíodh an tAontas Custaim in 1968.
Réimsí beartais
Saorghluaiseacht earraí, seirbhísí, caipitil agus daoine a chinntiú laistigh den Aontas
Geilleagar sóisialta láidir a thógáil a bheidh cothrom agus cuimsitheach agus a fhreastalóidh ar riachtanais na saoránach uile den Aontas Eorpach
Plean chun maoiniú a chur ar fáil ar mhaithe le fás na hEorpa
Tacaíocht a thabhairt d’fhiontair feadh a saolré
Nasc idir an chéad ghlúin eile agus poist
Deimhin a dhéanamh de nach n-úsáidfear acmhainní atá faoi úinéireacht an stáit chun an iomaíocht sa mhargadh aonair a shaobhadh
Cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú san Aontas trí choigilteoirí agus infheisteoirí a chosaint
Réamhaisnéisí maicreacnamaíocha don Aontas agus dá Bhallstáit
Timthriall bliantúil an Aontais um chomhordú an bheartais eacnamaíoch
