Ár ngealltanais a chomhlíonadh
Tá an Comhaontú Glas don Eoraip ag déanamh geilleagar nua-aimseartha den Aontas Eorpach atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní.
Sheol an tUachtarán von der Leyen é in 2019, agus is freagairt é ar ghlao práinneach na saoránach, ó dhaoine óga go háirithe, ar ghníomhú ar son na haeráide. Leagtar amach ann plean chun geilleagar, fuinneamh, iompar agus tionscail na hEorpa a athrú ó bhonn ar mhaithe le todhchaí níos inbhuanaithe.
Is é is aidhm dó astaíochtaí a laghdú 50% ar a laghad faoi 2030, ag ardú i dtreo 55%, agus sprioc neodrachta 2050 a bheith ceangailteach ó thaobh dlí de tríd an Dlí Aeráide Eorpach. Tá aistriú glan á chur chun cinn aige lena gcosnaítear daoine agus an pláinéad, aistriú atá fónta ó thaobh an gheilleagair de agus cothrom ó thaobh na sochaí de.
Leis an gComhaontú Glas, déantar infheistíocht sa nuálaíocht, sa teicneolaíocht ghlan agus sa bhonneagar glas agus, ag an am céanna, cinntítear aistriú cóir do na pobail is mó atá buailte. A bhuí leis an gComhaontú Glas don Eoraip, baineann muintir na hEorpa leas as aer níos glaine agus as táirgí agus tithe atá níos tíosaí ar fhuinneamh. Tá siad ag tarraingt freisin ar níos mó foinsí fuinnimh in-athnuaite chun a saol a chumhachtú.
Na gealltanais a comhlíonadh
Aeráidneodracht agus laghdú ar astaíochtaí
- Tháinig an Dlí Aeráide i bhfeidhm, rud a fhágann go bhfuil gealltanas 2050 maidir le haeráidneodracht ceangailteach
- Comhaontú chun astaíochtaí a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030 agus laghdú 90% atá beartaithe do 2040
NextGenerationEU agus REPowerEU a mhaoiniú
- €275 bhilliún d’infheistíochtaí glana agus 42% de chistí tiomnaithe don ghníomhú ar son na haeráide
Aistriú cóir cothrom
- Tríd an gCiste um Aistriú Cóir, leithdháileadh beagnach €20 billiún chun infheistíocht a dhéanamh i ngeilleagair a éagsúlú agus oibrithe i réigiúin leochaileacha a athsciliú
- Cabhraíonn an Ciste Aeráide Sóisialta le teaghlaigh leochaileacha maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, téamh glan agus iompar
- Thacaigh Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais agus Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta le tíortha san Eoraip agus níos faide i gcéin nuair a bhuail éigeandálaí a bhaineann leis an aeráid iad
Praghsáil carbóin agus athchóiriú tionsclaíoch
- Leathnaíodh Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais chun foirgnimh agus iompar a chumhdach, agus gineadh os cionn €200 billiún d’ioncam le haghaidh cistí glasa agus sóisialta
- An Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT) lena spreagtar tionscail ar fud an domhain chun glacadh le modhanna táirgthe níos glaise, ba cheart dó a bheith ag feidhmiú go hiomlán faoi 2026
Fuinneamh glan slán
- Plean REPowerEU: Chuaigh 40% de na cistí i dtreo fuinneamh inacmhainne, slán agus inbhuanaithe a sholáthar; chuidigh sé chun spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus an soláthar a éagsúlú
- Bonneagar fuinnimh ghlain: dlús a chur le ceadú le haghaidh foinsí in-athnuaite fuinnimh, stáisiúin luchtaithe feithiclí leictreacha gach 60 km
Iomaíochas Tionsclaíoch Glas
- Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais chun an mhonaraíocht a mhéadú agus teicneolaíochtaí glan-nialasachta a chur chun cinn
- An Gníomh um Amhábhair Chriticiúla: Spriocanna an Aontais chun príomhábhair a bhaint, a phróiseáil, agus a athchúrsáil faoi 2030
- An Gníomh um Thionscal Glan-Nialasach: tacaíonn sé le monaraíocht áitiúil na teicneolaíochta glaine
- Tacaíocht do cheallraí, hidrigin, soghluaisteacht ghlan, micrileictreonaic
Geilleagar ciorclach
- Plean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú, as a n-eascraíonn caighdeáin níos airde maidir le cáilíocht an uisce agus an aeir
- Athchóirithe dramhaíola agus táirgí: Pacáistíocht inbhuanaithe, toirmeasc ar earraí gan díol a scriosadh, dearadh táirgí indeisithe
Rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara
- Plé Straitéiseach faoi Thodhchaí na Talmhaíochta san Aontas Eorpach, próiseas cuimsitheach lena múnlaítear na córais bhia a bheidh ann amach anseo
- Idirphlé faoin Aistriú Glan le hearnálacha amhail hidrigin, cathracha, teicneolaíocht ghlan, cruach
Faigh tuilleadh eolais faoin méid atá bainte amach ag an gComhaontú Glas
Réimsí beartais
A bheith ar an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach faoi 2050
Aistriú fuinnimh glan éifeachtúil
An bhithéagsúlacht agus na héiceachórais a chosaint
Córas bia sláintiúil do dhaoine agus don phláinéad
Iompar éifeachtúil sábháilte a sholáthar atá neamhdhíobhálach don chomhshaol
Straitéis thionsclaíoch le haghaidh Eoraip atá iomaíoch glas digiteach
An ról atá aige i dtaca le hathrú claochlaitheach a chur chun cinn
Infheistíochtaí inbhuanaithe chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích
Tionscnamh cruthaitheach idirdhisciplíneach lena nasctar an Comhaontú Glas don Eoraip lenár spásanna maireachtála agus lenár n-eispéiris
