Is é an smacht reachta bunchloch ár ndaonlathas. Tá sé ríthábhachtach freisin do thodhchaí ár ngeilleagar agus do shlándáil na hEorpa. Sa tuarascáil bhliantúil is déanaí uaidh maidir leis an Smacht Reachta, scrúdaíonn an Coimisiún Eorpach forbairtí i dtaca leis an smacht reachta i ngach Ballstát, chomh maith le ceithre thír is iarrthóirí, is iad sin an Albáin, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia. Mar a tharla i mblianta roimhe seo, is toradh í an tuarascáil ar dhlúth-idirphlé le húdaráis náisiúnta agus le páirtithe leasmhara chun an smacht reachta a neartú. Is dreasacht thábhachtach don athchóiriú iad na torthaí.Deimhnítear i dtuarascáil na bliana seo go bhfuil conair dhearfach ann i roinnt mhaith Ballstát den Aontas a ndearnadh athchóirithe tábhachtacha i gceithre phríomhréimse – ceartas, frith-éilliú, saoirse na meán agus srianta agus ceartúcháin institiúideacha. Tá dúshláin fós le sárú ag roinnt Ballstát den Aontas, agus i roinnt Ballstáit eile, tá an staid tromchúiseach. Ar an iomlán, áfach, tá an tiomantas chun an smacht reachta a neartú fós láidir, agus cuireadh líon suntasach de na moltaí ó thuarascáil 2024 i bhfeidhm. Ó tharla gur breithniú tábhachtach é an smacht reachta do chuideachtaí a oibríonn thar theorainneacha, leagtar béim i dtuarascáil 2025 ar shaincheisteanna a bhfuil nasc díreach acu le feidhmiú cuí an mhargaidh aonair, cuir i gcás reachtóireacht fhónta agus rialacha soláthair phoiblí. Tá an méid seo a leanas ar phríomhthorthaí na tuarascála:Córais cheartais - tá dul chun cinn déanta ag go leor Ballstát den Aontas maidir le hathchóirithe ceartais, neamhspleáchas na gComhairlí um na Breithiúna a neartú, coimircí breise do cheapacháin breithiúna agus uathriail ionchúisitheoirí san áireamh. Mar sin féin, tuairiscíonn go leor tíortha brú ar acmhainní do na córais cheartais, rud a imríonn tionchar ar cháilíocht agus ar éifeachtúlacht an cheartais. I dtíortha an mhéadaithe, ní mór aghaidh a thabhairt ar thionchar míchuí agus ar iarrachtaí chun an bonn a bhaint de neamhspleáchas na mbreithiúna.Creataí frithéillithe - tá straitéisí nua frithéillithe forbartha ag roinnt Ballstát agus tá a n-inniúlacht institiúideach neartaithe acu, trí na hacmhainní le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí, seirbhísí ionchúisimh agus na mbreithiúna a mhéadú i measc nithe eile. Mar sin féin, tá gá fós le tuilleadh gníomhaíochta chun creataí coisctheacha a neartú. Rinne tíortha an mhéadaithe dul chun cinn maidir le creataí dlíthiúla agus institiúideacha a neartú ach ní mór dóibh imscrúdú agus ionchúiseamh cásanna éillithe a fheabhsú.Saoirse agus iolrachas na meán - tá athchóirithe ar bun sna Ballstáit chun dlíthe náisiúnta a ailíniú leis na rialacha nua faoin nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán. Tá níos mó airde á tabhairt ar shábháilteacht agus ar chosaint iriseoirí, i measc bagairtí leanúnacha. Tá gá le tuilleadh gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le sábháilteacht na n-iriseoirí chomh maith le coimircí a fheabhsú maidir le neamhspleáchas roinnt rialtóirí meán agus meán seirbhíse poiblí, trédhearcacht na húinéireachta a mhéadú agus cothroime agus trédhearcacht níos fearr a chinntiú i leithdháileadh na fógraíochta stáit. I dtíortha an mhéadaithe, tá imní ann freisin faoi pholaitiú rialtóirí na meán agus faoi cheapadh cheannaireacht na gcraoltóirí.Seiceálacha agus cothromaíochtaí institiúideacha - tá athchóirithe, cuir i gcás páirtithe leasmhara a chur san áireamh sa phróiseas reachtach agus cáilíocht na reachtaíochta a fheabhsú, ar siúl i roinnt Ballstát. Tá bacainní fós ann i roinnt Ballstát a bhaineann le ceanglais chistiúcháin nó chlárúcháin don tsochaí shibhialta. I roinnt Ballstát, tá dúshláin thromchúiseacha roimh eagraíochtaí na sochaí sibhialta, iad faoi réir srianta nó rialuithe iomarcacha airgeadais nó cosaint neamhleor. I dtíortha an mhéadaithe, tá teorainn leis an rialachas cuimsitheach i ngeall ar dhúshláin roimh phróisis reachtacha agus roimh chomhairliúcháin phoiblí neamhéifeachtacha.Gné an mhargaidh aonair - cuireadh béim ar leith i dtuarascáil na bliana seo ar shaincheisteanna a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmiú cuí an mhargaidh aonair nó a d’fhéadfadh an timpeallacht ghnó a mhúnlú, cuir i gcás reachtóireacht fhónta, rialacha soláthair phoiblí agus cobhsaíocht na timpeallachta rialála.D’iarr an Coimisiún anois ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle leanúint de na díospóireachtaí ginearálta agus na díospóireachtaí tír-shonracha ar bhonn na tuarascála sin, agus na moltaí a úsáid chun scrúdú breise a dhéanamh ar an dóigh ar féidir dul chun cinn nithiúil a dhéanamh. D’iarr an Coimisiún freisin ar na parlaimintí náisiúnta, ar an tsochaí shibhialta, agus ar pháirtithe leasmhara eile leanúint den idirphlé maidir leis an smacht reachta ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach chomh maith, agus ról na saoránach sa phróiseas a mhéadú.Tuilleadh eolaisTuarascáil 2025 maidir leis an Smacht ReachtaTuarascáil 2025 maidir leis an Smacht Reachta – Ceisteanna agus FreagraíÁr ndaonlathas a chosaint, ár luachanna a chaomhnúPreaseisiúint: Tuarascáil 2025 maidir leis an Smacht Reachta: tábhacht an smachta reachta do dhaonlathas, slándáil agus geilleagar na hEorpa Sonraí Dáta foilsithe8 Iúil 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide