Tá tábhacht le do mheabhairshláinte
A bhuí lenar saol ar líne, is iomaí deis a bhíonn ann chun nascadh le chéile, foghlaim agus dul i dteagmháil le daoine eile. Mar sin féin, is féidir le húsáid throm na meán sóisialta agus an iomarca am scáileáin neamhbheartaithe dochar a dhéanamh don mheabhairshláinte agus don tsláinte choirp.
Tá algartaim na meán sóisialta ceaptha chun rannpháirteachas an úsáideora a uasmhéadú. Spreagann gnéithe dearaidh, cuir i gcás scrolláil gan teorainn, uathsheinm agus brúfhógraí, úsáideoirí le níos mó ama a chaitheamh ar an ardán. Is féidir leis sin an dearcadh atá ag daoine ar chúrsaí an tsaoil a chúngú, cur leis an strus agus an imní, agus polarú sóisialta a dhoimhniú.
Cuidíonn dlíthe agus tionscnaimh de chuid an Aontais chun gnéithe diúltacha dár saol ar líne a laghdú. Ar an mbealach sin is féidir leat leanúint de thairbhe a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha nua, as cluichí agus as na meáin, agus d’fholláine mheabhrach á caomhnú san am céanna.
📖 Eolas faoi algartaim
Ní mór d’ardáin mínithe soiléire sothuigthe a chur ar fáil ina sonraítear go beacht an fáth a bhfuil ábhar áirithe á mholadh duit ag a n-algartam.
⚠️ Ábhar neamhdhleathach ar líne a thuairisciú
Tá sé de cheart agat ábhar neamhdhleathach agus díobhálach ar na hardáin a úsáideann tú a thuairisciú.
∞ Aghaidh a thabhairt ar dhearadh andúile
Is féidir leat fothaí neamhphearsanta a roghnú ar ardáin mhóra chun ábhar a d’fhéadfadh a bheith ‘andúileach’ a laghdú.
👁️ An chibearbhulaíocht a chomhrac
Tá leanaí á gcosaint san Aontas le rolladh amach an aip uile-Aontais, lenar féidir le híospartaigh na bulaíochta ar líne cuidiú a aimsiú go héasca. Tá Ionaid um Idirlíon Níos Sábháilte curtha ar bun ag an Aontas freisin ar fud na hEorpa, agus cabhraíonn siad le leanaí a choinneáil sábháilte ar líne.
📲 Do scileanna digiteacha a fheabhsú
Tacú le d’fholláine trí do scileanna digiteacha a fhorbairt, ionas go mbeidh tú in ann:
- eolas míthreorach nó bréageolas a aithint
- rioscaí ar líne a bhainistiú
- agus teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid go críonna
👧 Leanaí agus daoine óga a chosaint
Ní mór d’ardáin leanaí agus daoine óga a úsáideann a gcuid seirbhísí a chosaint, agus é sin a dhéanamh tríd an riosca go nochtfaí iad d’ábhar mar shampla cearrbhachas nó pornagrafaíocht a laghdú.
🛑 Cosc a chur ar fhógraí atá spriocdhírithe ar leanaí
Cinntíonn dlíthe an Aontais go gcuirtear cosc iomlán ar fhógraí atá spriocdhírithe ar leanaí.
🪪 Smacht a thabhairt duit ar do shonraí pearsanta
A bhuí le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí, tá smacht agat ar an gcaoi a n-úsáidtear do shonraí pearsanta. Is féidir leat rochtain a iarraidh ar na sonraí pearsanta atá ag cuideachta nó eagraíocht fút; a iarraidh orthu iad a cheartú, agus más gá, a iarraidh orthu iad a scriosadh (‘an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad’).
🚫 Cosaint ar fhoréigean ar líne
Cuidíonn rialacha an Aontais linn muid féin a chosaint ar gach cineál foréigin ar líne, ó chiapadh ar líne agus stalcaireacht go comhroinnt grianghraf gan chead. Ó thaobh an dlí de, ní mór do thíortha an Aontais pionós a ghearradh ar chionta mar shampla an chibearsplancáil agus mí-úsáid ghnéasach íomhábhunaithe agus ní mór d’ardáin dhigiteacha mhóra íomhánna neamhdhleathacha neamhthoiliúla nó ábhar cúbláilte a bhaint go tapa.
Topaicí gaolmhara
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 16 Iúil 2026
