Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
Leanaí a chosaint ar líne.

Ag fás aníos i ndomhan digiteach

☝️🤓 Bunghnéithe sábháilteachta ar líne

  • Leideanna do leanaí agus do dhéagóirí
    • ná roinn do chuid eolais phearsanta le strainséirí riamh
    • coinnigh do phróifílí faoi ghlas agus smaoinigh sula bpostálann tú
    • bain úsáid as pasfhocail uathúla láidre
    • aon duine a dhéanann bulaíocht ort, a chuireann brú ort, nó a chuireann fionnachrith ort, déan iad a bhlocáil agus a thuairisciú láithreach
  • Leideanna do thuismitheoirí agus do chúramóirí
    • cuidigh le do leanbh teorainn ama a chur le ham scáileáin
    • seiceáil go bhfuil aipeanna agus cluichí oiriúnach ó thaobh aoise de do do leanbh
    • cinntigh go n-úsáideann do leanbh cuntais leanaí nó cuntais do dhéagórí ar aipeanna agus ar ardáin cluichíochta
    • seachain tuismitheoireacht chraobhscaoilteach: déan machnamh sula roinnfidh tú grianghraif nó físeáin de do leanaí ar líne

Conas do chearta a éileamh agus cabhair a iarraidh 

Conas is féidir liom mo leanbh a chosaint ar ábhar foréigneach nó gáirsiúil ar líne?

Is féidir le céimeanna praiticiúla cuidiú le nochtadh do linbh d’ábhar díobhálach a laghdú, mar atá socruithe láidre príobháideachais a úsáid, ardáin atá oiriúnach ó thaobh aoise de a roghnú, agus eispéiris níos sábháilte ar líne a spreagadh. Tá moltaí níos mionsonraithe le fáil i dtreoirlínte an Choimisiúin maidir le mionaoisigh a chosaint.

Cén chaoi ar féidir liom iompar contúirteach ar líne a thuairisciú?

Is féidir le foirne saineolaithe i líonra na nIonad um Idirlíon Níos Sábháilte ar fud na hEorpa labhairt faoi rud ar bith atá ag déanamh imní díot, mar atá comhéigean gnéis, cibearbhulaíocht agus ábhar foréigneach. Faigh amach conas is féidir leat teagmháil a dhéanamh leo ar shuíomh gréasáin Idirlíon Níos Fearr do Leanaí

Cén chaoi ar féidir liom mionaoisigh a mhúineadh chun a bpríobháideachas, a bpasfhocail agus a sonraí pearsanta a chosaint?

Is féidir leat teacht ar acmhainní agus físeáin oideachasúla éagsúla a chuidíonn leatsa agus le do leanbh bhur mbealach a dhéanamh go sábháilte ar an domhan ar líne ar shuíomh gréasáin Idirlíon Níos Fearr do Leanaí.

Cén chaoi ar féidir liom ábhar neamhdhleathach ar líne a thuairisciú?

Ceanglaíonn an tAontas ar ardáin bearta a chur i bhfeidhm chun cur i gcoinne scaipeadh earraí, seirbhísí nó ábhair neamhdhleathacha ar líne. Is féidir leat ábhar neamhdhleathach a thuairisciú go díreach ar na hardáin trí shásra atá éasca le húsáid. 

An chaoi a gcosnaíonn an tAontas do leanaí ar líne

Faoi rialacha an Aontais, ceanglaítear ar ardáin ar líne bearta breise a dhéanamh chun leanaí a choinneáil slán sábháilte. Ciallaíonn sé sin níos lú moltaí díobhálacha, uirlisí níos fearr chun mí-úsáid nó ábhar baolach a thuairisciú, agus roghanna níos soiléire chun smacht a fháil ar an méid a fheiceann do leanbh ar líne. 

In 2026 chuir Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, painéal speisialta saineolaithe ar bun le cuidiú chun cur chuige Eorpach láidir praiticiúil a fhorbairt i leith leanaí a choinneáil sábháilteacht ar líne. 

Féach leat obair an phainéil →

Uirlisí agus cosaintí praiticiúla

Tacaíonn an tAontas leat freisin le huirlisí agus cosaintí praiticiúla le cuidiú chun do leanbh a choinneáil sábháilte ar líne, chun a bpríobháideachas a chosaint, agus chun a chinntiú go mbeidh eispéiris dhigiteacha atá oiriúnach ó thaobh aoise de acu. 

📱Cuidiú le do leanbh nósanna sláintiúla scáileáin a fhorbairt

Tacaíonn an feachtas maidir le ham scáileáin sláintiúil leat gnáthaimh a leagan síos, an iomarca am scáileáin a laghdú, agus meabhairshláinte agus folláine do linbh ar líne a fheabhsú. 

🪪 Cinntiú go n-úsáideann do leanbh aipeanna agus suíomhanna atá oiriúnach ó thaobh aoise de

Cuirfidh tíortha an Aontais aip nua fíorúcháin aoise i bhfeidhm go luath chun aois ar líne a dheimhniú gan sonraí pearsanta nach bhfuil gá leo a chomhroinnt. Fágfaidh sé sin go mbeidh sé níos éasca rochtain a fháil ar ábhar atá oiriúnach ó thaobh aoise de agus cuideoidh sí le cosc a chur ar leanaí rochtain a fháil ar sheirbhísí nach bhfuil oiriúnach dóibh.  

Réiteach fíorúcháin aoise an Aontais

👧 Sonraí pearsanta do linbh a choinneáil sábháilte ar líne

Is féidir leat teorainn a chur leis an gcaoi a mbailíonn agus a n-úsáideann aipeanna sonraí do linbh. Ní mór do sheirbhísí ar líne a mhíniú go soiléir cad iad na sonraí a bhailíonn siad agus is féidir leat a iarraidh go mbainfí iad. Ní mór do leanaí a bheith 16 bliana d’aois ar a laghad (nó 13 bliana d’aois i roinnt tíortha) chun toiliú lena gcuid sonraí pearsanta a chomhroinnt.

Faigh tuilleadh eolais faoi RGCS

⚠️ Mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chosc

Chuir an tAontas córais níos láidre i bhfeidhm chun ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a bhrath, a bhaint agus a thuairisciú níos tapúla. Cuidíonn sé sin le nochtadh d’ábhar díobhálach a laghdú agus feabhsaíonn sé comhar idir ardáin agus údaráis chun leanaí a choinneáil níos sábháilte. 

Leanaí a chosaint ar mhí-úsáid ghnéasach

🛡️ Deireadh a chur leis an gcibearbhulaíocht

Is féidir leis an gcibearbhulaíocht tarlú trí theachtaireachtaí bagracha, glaonna, ríomhphoist, comhráite, nó trí ghrianghraif nó físeáin náireacha a chomhroinnt ar na meáin shóisialta, ar fhóraim nó áit ar bith ar líne. Tugann tionscnamh an Aontais chun deireadh a chur leis an gcibearbhulaíocht na huirlisí is gá duit chun í a chosc, a thuairisciú agus deireadh a chur léi. 

▶️ Físeáin agus seirbhísí sruthaithe níos sábháilte do leanaí

Tá cosaint níos fearr ag do leanbh ar fhoréigean, ar fhuathchaint agus ar ábhar míchuí nuair a úsáideann siad ardáin sruthaithe.

Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc

📢 Fógraíocht chothrom do leanaí

Tá leanaí an-leochaileach i leith cleachtais mhargaíochta fhadhbacha. Cuidíonn rialacha cosanta tomhaltóirí le fógraíocht fholaithe, patrúin dhorcha agus spriocdhíriú éagórach ar leanaí a laghdú. Cosnaítear do leanbh ar fhógraí míthreoracha agus ar dhearaí ionramhála a d’fhéadfadh brú a chur orthu ábhar a cheannach nó idirghníomhú leo, agus cuireann bearta breise cosc ar fhógraíocht spriocdhírithe atá dírithe ar mhionaoisigh.

🧠 Rialacha maidir le IS a shocrú

Le rialacha an Aontais, cuirtear cosc ar chórais lena ndéantar ionramháil ar dhaoine leochaileacha nó lena gcuirtear dallamullóg orthu, leanaí san áireamh, agus rialaítear domhainbhrionnuithe a lipéadú chun meabhlaireacht a chosc. 

An Gníomh um an Intleacht Shaorga

💡 Litearthacht dhigiteach a chothú agus dul i ngleic leis an mbréagaisnéis

D’fhoilsigh an tAontas leideanna praiticiúla is féidir leat a úsáid chun tacú le litearthacht dhigiteach agus smaointeoireacht chriticiúil leanaí. Cuidíonn siad leat leanaí a mhúineadh faoin gcibearbhulaíocht, faoin mbréagaisnéis, faoin intleacht shaorga, faoi ábhar meabhlach, agus faoi rioscaí digiteacha eile. 

An litearthacht dhigiteach agus treoirlínte maidir le dul i ngleic leis an mbréagaisnéis 

Idirlíon níos sábháilte a fhorbairt dár leanaí

Leanann an Coimisiún de bheith ag obair ar thionscnaimh nua chun sábháilteacht spásanna ar líne a neartú.  

🧑🧒🧒 Leanaí a chosaint ar dhearadh andúile ar líne

Leis an tionscnamh seo atá ar na bacáin, rachfar i ngleic le patrúin dhorcha, le margaíocht mhíthreorach ó thionchairí na meán sóisialta, le dearadh andúile táirgí digiteacha agus le cleachtais phearsantaithe éagóracha.

🫆 Coireacht in aghaidh leanaí ar líne a chosc

Leis an bplean seo atá ar na bacáin, díreofar ar rioscaí, cuir i gcás mealltóireacht agus dúshaothrú a laghdú agus ar fheabhas a chur ar cé chomh tapa agus a fhreagraíonn údaráis agus ardáin do bhagairtí in aghaidh leanaí ar líne.

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 17 Meitheamh 2026