Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

An comhaontú trádála idir an tAontas agus Mercosur

Faoi 2040, meastar gurb é seo a leanas an toradh a bheidh ar an gcomhaontú trádála idir an tAontas agus Mercosur:

  • méadú breis agus €77.6 billiún
    ar OTI an Aontais
  • méadú suas le €50 billiún,
    is é sin +39%, ar easpórtálacha bliantúla an Aontais
  • suas le 600,000
    post a dtacófar leo san Eoraip

Deiseanna do ghnólachtaí an Aontais

Earraí tionsclaíocha

Leis an gcomhaontú trádála idir an tAontas agus Mercosur, laghdaítear taraifí ar na hearraí seo a leanas:
- gluaisteáin (suas le 35% roimhe seo)
- innealra (idir 14% agus 20% roimhe seo)
- táirgí cógaisíochta (suas le 14% roimhe seo)
agus ar go leor táirgí eile. Leis sin, sábhálfaidh gnólachtaí an Aontais níos mó ná €4 bhilliún in aghaidh na bliana.

Amhábhair chriticiúla

Is príomhsholáthróir é Mercosur d’ábhair atá ríthábhachtach don aistriú glas agus don aistriú digiteach. Mar shampla, iompórtálann an tAontas 82% dá Niaibiam chun maighnéid fhorsheoltacha a tháirgeadh le haghaidh scanóirí MRI agus cóireáil ailse ó Mercosur. Cuidíonn an comhaontú idir an tAontas agus Mercosur chun rochtain inbhuanaithe a chinntiú ar amhábhair chriticiúla.

Soláthar poiblí

Is féidir le gnólachtaí an Aontais tairiscint a dhéanamh ar chonarthaí rialtais Mercosur.
Is mó ná €8 mbilliún in aghaidh na bliana margadh soláthair cónaidhme na Brasaíle amháin.

Buntáistí d’fheirmeoirí agus do thomhaltóirí an Aontais

Leis an gcomhaontú trádála idir an tAontas agus Mercosur, laghdaítear na taraifí arda a bhí ann roimhe ar phríomhtháirgí agraibhia an Aontais, cuir i gcás fíon agus biotáillí (suas le 35%), seacláid (20%), agus ola olóige (suas le 31.5%). Meastar go dtiocfaidh méadú beagnach 50% ar easpórtálacha táirgí talmhaíochta an Aontais.

An méid a mheastar a ghnóthófar ó tharaifí laghdaithe

Téann an comhaontú chun tairbhe d’fheirmeoirí agus do tháirgeoirí bia an Aontais freisin tríd an méid seo a leanas:

  • tacú le fás i dtaca le heaspórtálacha táirgí agraibhia traidisiúnta ar ardchaighdeán de chuid an Aontais
  • táirgí barántúla de chuid an Aontais (Tásca Geografacha) a chosaint ar aithris a dhéanamh orthu in Mercosur, trí bhrandáil agus eisiachas margaidh a dhaingniú, agus ar an gcaoi sin deireadh a chur leis an iomaíocht éagórach sin
  • iompórtálacha fabhracha agraibhia a theorannú – níl uasteorainn ach 1.5% agus 1.3% de tháirgeadh bliantúil iomlán an Aontais ar iompórtálacha mairteola agus éineola. Tá iompórtálacha eile ann a bhfuil cosaint bhreise orthu freisin, is iad sin rís, mil, agus eatánól.

De réir mar a chuirfear an comhaontú i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún Eorpach dlúthmhonatóireacht ar fhorbairtí sa mhargadh, go háirithe sa talmhaíocht. Cuirfear coimircí i bhfeidhm lena gcosnófar táirgí íogaire Eorpacha ar aon bhorradh más gá chun feirmeoirí na hEorpa a chosaint agus chun comhpháirtíocht chóir chothrom le Mercosur a chinntiú. Ina theannta sin, cosnóidh líontán sábhála €6.3 billiún feirmeoirí an Aontais i gcás suaitheadh sa mhargadh. 

Ardchaighdeáin an Aontais maidir le sláinte agus sábháilteacht bia a choinneáil

Tá bia sábháilte sláintiúil ag muintir na hEorpa a bhuí leis na caighdeáin sláinte agus bhia is airde ar domhan, agus cosnaítear na caighdeáin sin leis an gcomhaontú nua seo. Tá an méid seo a leanas á dhéanamh chun a chinntiú go gcoinnítear na caighdeáin sin:

  • ní cheadaítear ach iompórtálacha a chomhlíonann rialacha dochta an Aontais maidir le sábháilteacht bia
  • is ag an Aontas atá an smacht iomlán i gcónaí maidir le sláinte agus sábháilteacht mhuintir na hEorpa a chosaint, agus iad a neartú a thuilleadh
  • táthar ag treisiú na gcigireachtaí agus na n-iniúchtaí i dtíortha easpórtála agus ag teorainneacha an Aontais

Seiceálann an tAontas agus a Bhallstáit iompórtálacha trí mheascán rialuithe i dtíortha eachtracha agus ag teorainneacha an Aontais araon. Tá feidhm ag na rialuithe sin maidir le gach tír, is cuma cé acu atá comhaontú trádála leis an Aontas i bhfeidhm acu nó nach bhfuil. Tiocfaidh méadú ar na rialuithe sin le linn an dá bhliain amach romhainn. 

Cinntítear leis na bearta sin go leanann bia iompórtáilte de bheith sábháilte agus sláintiúil, agus tacaítear leis an tslándáil bia ag an am céanna.

Luachanna comhroinnte agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn

Tá níos mó i gceist leis an gcomhaontú ná comhaontú trádála amháin. Cuireann sé creat ar fáil le haghaidh comhar maidir le saincheisteanna práinneacha domhanda, cuir i gcás cearta an duine agus an t-athrú aeráide, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • gealltanas a thabhairt Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide a chur i bhfeidhm go héifeachtach
  • gealltanais nithiúla intomhaiste a sholáthar chun bithéagsúlacht na n-éiceachóras a chaomhnú agus chun dul i ngleic leis an dífhoraoisiú
  • cearta oibrithe a neartú
  • iompar freagrach gnó a spreagadh
  • cosaint agus forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla (CMI) a neartú toisc gur níos mó ná 47% de OTI an Aontais, agus níos mó ná 80% d’easpórtálacha an Aontais, atá sna tionscail atá dian ar CMI

Ceisteanna coitianta

Cén fáth a bhfuil comhaontú comhpháirtíochta caibidlithe ag an Aontas le Mercosur?

Is margadh mór é Mercosur d’easpórtálacha an Aontais. Go dtí seo, d’easpórtáil gnólachtaí de chuid an Aontais chuig ceithre thír bhunaidh Mercosur

  • €55 bhilliún in earraí (in 2024)
  • €29 mbilliún i seirbhísí (in 2023)

Bíonn go leor bacainní trádála roimh ghnólachtaí Eorpacha agus iad ag easpórtáil chuige, rud a fhágann go mbíonn sé deacair orthu dul san iomaíocht faoi dhálaí cothroma. 

Fiú agus na bacainní trádála sin ann, is leis an Aontas a bhain 16.9% de thrádáil Mercosur in 2023, agus d’fhéadfadh an comhaontú trádála borradh a chur faoi easpórtálacha chuig an margadh sin ina bhfuil 295 mhilliún duine.

 

An bhfuil comhaontuithe trádála tugtha i gcrích ag an Aontas le tíortha eile i Meiriceá Laidineach?

Tá comhaontuithe trádála i bhfeidhm cheana féin ag an Aontas le beagnach gach tír eile i Meiriceá Laidineach. Ach comhaontú a dhaingniú le tíortha Mercosur, is féidir rochtain fhabhrach a leathnú tuilleadh d’easpórtálaithe an Aontais agus naisc pholaitiúla le tíortha Mheiriceá Laidinigh a neartú.

Cén toradh a bheidh ar an gcomhaontú idir an tAontas agus Mercosur?

Le comhaontú comhpháirtíochta an Aontais le Mercosur, bainfear an méid seo a leanas amach:

  • is éasca a bheidh sé do ghnólachtaí an Aontais earraí a dhíol i dtíortha Mercosur agus infheistíocht a dhéanamh iontu
  • rochtain inbhuanaithe ar amhábhair a dhaingniú, rud a neartóidh slándáil eacnamaíoch an Aontais
  • cuidiú leis an Aontas agus le Mercosur rialacha trádála domhanda a mhúnlú i gcomhréir leis na caighdeáin is airde de chuid an Aontais
  • comhartha cumhachtach a chur amach chuig an domhan ar son na trádála riailbhunaithe agus in aghaidh na caomhnaitheachta
  • slabhraí luacha a chomhtháthú tuilleadh idir an dá réigiún, rud a chuideoidh le tionscail ar an dá thaobh fanacht iomaíoch ar an margadh domhanda
  • luachanna Eorpacha a chur chun cinn trí ghealltanais maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe, leis an athrú aeráide agus le cearta oibrithe
Cén tionchar a bheidh ag na hiompórtálacha ó thíortha Mercosur ar mhargadh an Aontais?

Tionchar cothrom a bheidh ag an gcomhaontú le Mercosur ar mhargadh an Aontais. Cruthaíonn sé dálaí níos fearr chun táirgí áirithe a thrádáil. Ach leagtar síos leis freisin teorainneacha (i.e. cuótaí) ar chainníocht tháirgí Mercosur ar féidir leo tairbhe a bhaint as coinníollacha trádála níos fearr. Dá bhrí sin, níl feidhm ag taraifí laghdaithe maidir le gach rud, agus níl feidhm acu ar bhealach neamhtheoranta. Is amhlaidh atá i gcás táirgí talmhaíochta, go háirithe, mar nach n-osclaíonn an tAontas a mhargadh ach ar bhealach teoranta ina leith, agus sin faoi réir go leor coinníollacha amhail urraim do rialacha sábháilteachta an Aontais, agus méadú réasúnta ar iompórtálacha. 

An mbaineann an comhaontú i ndáiríre le carranna an Aontais a mhalartú ar tháirgí talmhaíochta amhail mairteoil?

Ní bhaineann. Is comhaontú cothrom é a théann chun tairbhe do gach earnáil de gheilleagar an Aontais. 

Easpórtálacha tionsclaíocha an Aontais, sin é 91% dár n-easpórtálacha iomlána chuig an domhan, agus sin an fáth a ndearnadh cur síos uaireanta ar an gcomhaontú mar chomhaontú atá ‘go maith chun carranna a easpórtáil’. Ach cuireann an comhaontú go leor deiseanna ar fáil freisin d’easpórtálacha na hearnála agraibhia. Leis an gcomhaontú, meastar go dtiocfaidh méadú 50% ar easpórtálacha agraibhia an Aontais chuig tíortha Mercosur, is é sin €1.2 billiún de bhreisluach easpórtála do tháirgí cáiliúla bia agus dí de chuid an Aontais.  

Tá sé sin amhlaidh a bhuí leis an laghdú ar tharaifí an-ard Mercosur ar easpórtálacha an Aontais agus an comhaontú i bhfeidhm. Roimhe seo, ní raibh in easpórtálacha agraibhia an Aontais chuig tíortha Mercosur ach 6% dár n-easpórtálacha chuig an réigiún, go príomha mar gheall ar tharaifí an-ard Mercosur. Ach leis an socrú atá i bhfeidhm, cuirfear deireadh de réir a chéile le taraifí ar tháirgí amhail fíon, atá faoi réir taraif suas le 35% faoi láthair, ola olóige, atá faoi réir taraifí suas le 31.5%, agus cáis, atá faoi réir taraifí 28%. 

An raibh rialú daonlathach ann ar an gcaoi ar tugadh an comhaontú i gcrích?

Tá an comhaontú idir an tAontas agus Mercosur faoi réir rialú daonlathach ag gach céim. 

Bhí rialtais na mBallstát agus Feisirí de Pharlaimint na hEorpa rannpháirteach go gníomhach sa phróiseas caibidlíochta 25 bliana. Rinne an Coimisiún Eorpach an comhaontú trádála a chaibidliú thar ceann an Aontais, tar éis sainordú a bheith tugtha ag tíortha uile an Aontais. Próiseas trédhearcach cuntasach a bhí ann. Bhunaigh Parlaimint na hEorpa Grúpa Monatóireachta speisialta freisin chun an chaibidlíocht a leanúint go grinn. 

I ndeireadh na dála, is iad na 27 rialtas sa Chomhairle a dhéanann an cinneadh an comhaontú a shíniú agus a thabhairt i gcrích, rud a bhfuil tromlach cáilithe de dhíth ina leith. Thug rialtais na mBallstát de chumhacht don Choimisiún an comhaontú idir an tAontas agus Mercosur a chur i bhfeidhm go sealadach a luaithe a bheadh an comhaontú daingnithe ag tíortha Mercosur ar a dtaobh féin de. Fágann sé sin gur féidir le cuideachtaí an Aontais tairbhe a bhaint as an gcomhaontú chomh luath leis an 1 Bealtaine 2026. Tiocfaidh an comhaontú i bhfeidhm go foirmiúil nuair a bheidh a toiliú tugtha ag Parlaimint na hEorpa.  

Cé na táirgí talmhaíochta is íogaire agus conas a chosnaítear iad?

Ar na hearnálacha is íogaire tá mairteoil, éanlaith chlóis, agus siúcra. Chun iad a chosaint ar iomaíocht eachtrach, déantar an méid seo a leanas leis an gcomhaontú: 

  • teorainneacha, nó ‘cuótaí’, a leagan síos maidir leis an méid is féidir a iompórtáil
  • na taraifí iompórtála a laghdú de réir a chéile   

Is féidir leis an Aontas na hiompórtálacha sin a stopadh nó a theorannú go tapa má bhíonn méadú ina chúis le mórdhíobháil d’earnálacha ábhartha an Aontais, nó fiú má bhíonn baol mórdhíobhála ann dóibh. Déantar dlúthmhonatóireacht freisin ar leibhéal na n-iompórtálacha ionas go mbeifear in ann imscrúdú a dhéanamh ar aon ábhar imní. 

Mar shampla: 

Mairteoil: Bainfidh 99,000 tonna de mhairteoil a iompórtáiltear ó Mercosur tairbhe as taraif laghdaithe 7.5%. Is é sin 1.5% de tháirgeadh mairteola an Aontais faoi láthair. Dá bhrí sin, ní thiocfaidh ach méid an-bheag de mhairteoil Mercosur (coibhéiseach le 1.5% de tháirgeacht an Aontais) isteach i margadh an Aontais ar dhleachtanna laghdaithe, agus ní bheidh aon chuóta saor ó dhleacht ann maidir le mairteoil. 

Éanlaith chlóis: Bainfidh 180,000 tona d’éanlaith chlóis a iompórtáiltear ó Mercosur tairbhe as díothú dleachtanna, rud a thabharfar isteach de réir a chéile thar thréimhse 5 bliana. Ciallaíonn sé sin nach mbainfidh ach coibhéis 1.3% de tháirgeacht reatha éanlaithe clóis an Aontais tairbhe as díothú taraifí, rud a dhéanfar de réir a chéile agus ar bhealach a ndéanfar monatóireacht air. 

Eatánól: Bainfidh 450,000 tonna d’eatánól a iompórtáiltear ó Mercosur tairbhe as díothú dleachtanna. Beidh sé sin teoranta go docht d’úsáid thionscal na gceimiceán. 

Rís: Bainfidh 60,000 tona de rís a iompórtáiltear ó Mercosur tairbhe as díothú dleachtanna, rud a thabharfar isteach de réir a chéile thar thréimhse 5 bliana. Níl an tAontas neamhthuilleamaíoch i dtáirgeadh ríse, toisc go dtáirgeann sé níos lú ná 50% dá riachtanais ríse. 

Mil: Bainfidh 45,000 tona de mhil a iompórtáiltear ó Mercosur tairbhe as díothú dleachtanna, rud a thabharfar isteach de réir a chéile thar thréimhse 5 bliana. Déanfar é de réir a chéile agus déanfar monatóireacht air. 

Cad é a iompórtálann an tAontas ó thíortha Mercosur faoi láthair?

Is ó thíortha Mercosur a tháinig thart ar 13% d’iompórtálacha uile an Aontais in 2025. Ní féidir an chuid is mó de na táirgí sin a tháirgeadh ná a fháil go héasca sna margaí seo againne.  

Ba iad seo a leanas na príomhiompórtálacha ó thíortha Mercosur in 2025:  

- Olashíolta agus barra próitéine (34%, ar fiú €8.55 billiún iad) 

- Caife, tae, cócó agus spíosraí (26.4%, ar fiú €6.66 billiún iad) 

- Mairteoil agus laofheoil (7.7%, ar fiú €1.94 billiún iad) 

- Torthaí agus cnónna (7.6%, ar fiú €1.91 billiún iad) 

Cén tacaíocht atá ar fáil d’fheirmeoirí an Aontais a bhféadfadh an comhaontú difear a dhéanamh dóibh?

Déanfar feirmeoirí an Aontais a chosaint ar aon suaitheadh a d’fhéadfadh a bheith ann sa mhargadh, go háirithe trí líontán sábhála €6.3 billiún atá á chur ar bun ag an Aontas faoin gcéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais. 

An gceadóidh an comhaontú feoil a tháirgtear le substaintí a bhfuil toirmeasc orthu san Aontas, amhail hormóin nó antaibheathaigh áirithe?

Ní cheadóidh. Ní mór do gach bia a iompórtáiltear ó thríú tíortha na ceanglais sláintíochta chéanna a chomhlíonadh agus a chomhlíonann bia a tháirgtear san Aontas. Murab amhlaidh an cás, diúltaítear dó ag teorainn an Aontais. 

Cúlra

Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht maidir leis an gcomhaontú idir an tAontas agus Mercosur in 2000 agus chuathas trí chéimeanna éagsúla i gcaitheamh na mblianta. Tháinig deireadh leis an gcaibidlíocht an 6 Nollaig 2024, nuair a tháinig an tAontas Eorpach agus na ceithre thír bhunaidh Mercosur ar chomhaontú polaitiúil maidir le Comhaontú Comhpháirtíochta uaillmhianach cothrom cuimsitheach. An 9 Eanáir 2026 d’fhormhuinigh tíortha an Aontais an comhaontú trádála go foirmiúil. 

Tar éis an comhaontú a chur chun feidhme go sealadach, leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair freisin chun a chinntiú go dtabharfar i gcrích go hiomlán é i gcomhréir le Conarthaí an Aontais.

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 30 Aibreán 2026