Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Na príomhphointí is déanaí

Consult the highlights from September to December 2020

man holding a leaflet

21 Nollaig 2020 – an chéad vacsaín shábháilte éifeachtach in aghaidh COVID-19 údaraithe ag an gCoimisiún Eorpach

Tá údarú margaíochta coinníollach tugtha ag an gCoimisiún don vacsaín shábháilte éifeachtach in aghaidh COVID-19 atá forbartha ag BioNTech agus Pfizer. Tugadh an t-údarú ar bhonn moladh eolaíoch dearfach atá bunaithe ar mheasúnú cuimsitheach cáilíochta agus sábháilteachta a rinne an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach. Seo mar a labhair an tUachtarán Ursula von der Leyen: “Inniu táimid ag cur caibidil thábhachtach nua le scéal ratha na hEorpa. Tá an chéad vacsaín shábháilte éifeachtach in aghaidh COVID-19 údaraithe againn. Tá tuilleadh vacsaíní le teacht go luath. Na dáileoga den vacsaín a údaraíodh inniu, cuirfear ar fáil iad do gach tír den Aontas Eorpach, ag an am céanna agus ar na coinníollacha céanna. Tráth suaithinseach aontachta a bheidh i laethanta Eorpacha an vacsaínithe, atá le teacht gan mhoill. Is bealach maith é seo le deireadh a chur leis an mbliain dheacair atá curtha isteach againn, agus bogadh ar aghaidh ón bpaindéim seo. Táimid go léir san aon bhád amháin.”

vaccine

17 Nollaig 2020 – An 27, 28 agus 29 Nollaig fógartha mar laethanta Eorpacha an vacsaínithe ag an Uachtarán von der Leyen

Má thugann an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus an Coimisiún Eorpach údarú do vacsaín rathúil éifeachtach, d’fhógair an tUachtarán von der Leyen go gcuirfear tús leis an vacsaíniú i gcoinne an choróinvíris ar fud an Aontais an 27, 28 agus 29 Nollaig. “Chun deireadh a chur leis an bpaindéim, is gá dúinn an vacsaín a thabhairt do suas le 70% den daonra. Is mór an dúshlán é sin. Mar sin cuirimis tús tapa leis an vacsaíniú le chéile ón 27 Nollaig ar aghaidh”, ar sise.

woman in front of EU commission building looking at her smartphone

14 Nollaig 2020 – Aip mhóibíleach Re-open EU a thugann nuashonruithe rialta ar bhearta sláinte, sábháilteachta agus taistil ar fud na hEorpa seolta ag an gCoimisiún

Sheol an Coimisiún aip mhóibíleach saor in aisce den ardán Re-open EU a thugann eolas cuimsitheach cothrom le dáta maidir leis na bearta sláinte, sábháilteachta agus taistil i mBallstáit uile an Aontais Eorpaigh agus san Eilvéis, san Iorua, san Íoslainn agus i Lichtinstéin. Tá an t-eolas le fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais agus baineann an aip úsáid as sonraí ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus ó na Ballstáit. Is féidir an aip a íoslódáil ar Android agus iOS.

European democracy action plan

3 Nollaig 2020 – An Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach: daonlathais an Aontais a dhéanamh níos láidre

Is éard a chuir paindéim an choróinvíris i dtábhacht na dúshláin atá roimh dhaonlathais an Aontais. Tá an Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach á chur i láthair ag an gCoimisiún Eorpach chun saoránaigh a chumhachtú agus daonlathais atá níos athléimní a fhorbairt ar fud an Aontais. Leis an bPlean Gníomhaíochta sin, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún toghcháin shaora chóra a chosaint, saoirse na meán agus an t-iolrachas sna meáin a neartú agus an bhréagaisnéis agus an cur isteach eachtrach a chomhrac.

Masc agus bratach an Aontais

2 Nollaig 2020 – Chuir an Coimisiún an straitéis maidir le “Sábháilteacht i dtaca le COVID-19 le linn an gheimhridh” i láthair

Ghlac an Coimisiún straitéis chun bainistíocht inbhuanaithe a dhéanamh ar an bpaindéim le linn mhíonna an gheimhridh, tráth a d’fhéadfadh méadú teacht ar an riosca tarchuir i ngeall ar dhaoine a bheith ag bailiú le chéile taobh istigh.

Leis an straitéis, moltar airdeall agus aire leanúnach le linn thréimhse an gheimhridh ar fad agus in 2021 nuair a chuirfear tús le vacsaíní sábháilte éifeachtúla a sholáthar.

Tá cur chuige comhordaithe ar fud an Aontais ríthábhachtach chun ráig eile den víreas a sheachaint, agus ní mór forbairt na staide eipidéimeolaíche a chur san áireamh mar chuid de mhaolú ar bith ar bhearta srianta.

SURE

1 Nollaig 2020 – €8.5 billiún eisíoctha ag an gCoimisiún Eorpach le naoi mBallstát faoi SURE le cuidiú chun poist a choinneáil

Tá €8.5 billiún eisíoctha ag an gCoimisiún Eorpach le 5 Bhallstát sa tríú tráthchuid de thacaíocht airgeadais do na Ballstáit faoin ionstraim SURE. Ionas go mbeidh siad in ann tacú le scéimeanna oibre gearrthéarmacha, fuair an Bheilg €2 bhilliún, an Ungáir €200 milliún, an Phortaingéil €3 bhilliún, an Rómáin €3 bhilliún agus an tSlováic €300 milliún. Leis an méid a eisíocadh inniu, fuair 15 Bhallstát tuairim agus €40 billiún faoin ionstraim SURE idir deireadh mhí Dheireadh Fómhair agus deireadh mhí na Samhna.

Pharma strategy

25 Samhain 2020 – Straitéis Chógaisíochta don Eoraip: cógais inacmhainne inrochtana sábháilte do chách

Ghlac an Coimisiún Straitéis Chógaisíochta don Eoraip chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag gach duine ar chógais nuálacha inacmhainne agus, san am céanna, tacú le hiomaíochas, nuálaíocht agus inbhuanaitheacht thionscal cógaisíochta an Aontais. A bhuí leis an Straitéis, beidh an Eoraip in ann na riachtanais chógaisíochta atá aici a chlúdach trí shlabhraí soláthair láidre agus cuideoidh sí freisin chun córas cógaisíochta an Aontais a bhunú, córas a bheidh slán i bhfad na haimsire agus seasmhach in aghaidh géarchéimeanna. Cé go bhfuil i bhfad níos mó i gceist leis an Straitéis ná ionstraim mar fhreagairt ar ghéarchéim, úsáidfear an fhreagairt tosaigh ar phaindéim COVID-19 mar bhonn eolais ionas go mbeidh earnáil chógaisíochta na hEorpa níos ullmhaithe agus níos athléimní. Is cloch choirnéil de chuid an Aontais Eorpaigh um an tSláinte í an Straitéis.

Rapid tests

18 Samhain 2020 – Chuir an Coimisiún Eorpach dlús lena ghníomhaíochtaí tástála le moladh maidir le tástálacha meara antaiginí agus tacaíocht chun an acmhainneacht tástála a mhéadú

Ghlac an Coimisiún moladh maidir le húsáid tástálacha meara antaiginí chun COVID-19 a dhiagnóisiú, agus é mar aidhm leis saorghluaiseacht daoine agus feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a chinntiú. Mar chuid den mholadh tá treoir maidir leis an mbealach le tástálacha meara antaiginí a roghnú, na cásanna ina mbíonn siad oiriúnach agus na daoine ba cheart iad a dhéanamh, agus iarrtar ann freisin fíorú agus aitheantas frithpháirteach i dtaca le tástálacha agus a dtorthaí. Tagann an moladh sin sna sála ar an moladh ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair maidir le cur chuige comhchoiteann a chinntiú, chomh maith le straitéisí tástála níos éifeachtúla ar fud an Aontais.

workers at a pc

17 Samhain 2020 – €14 bhilliún eisíoctha ag an gCoimisiún Eorpach le naoi mBallstát faoi SURE le cuidiú chun poist a choinneáil

Tá €14 bhilliún eisíoctha ag an gCoimisiún le naoi mBallstát den Aontas sa dara tráthchuid de thacaíocht airgeadais do na Ballstáit faoin ionstraim SURE. Chun tacú le scéimeanna oibre gearr-ama náisiúnta, tá an Chipir tar éis €250 milliún a fháil, an Chróit - €510 milliún, an Ghréig - €2 bhilliún, an Iodáil - €6.5 billiún breise, an Laitvia - €120 milliún, an Liotuáin - €300 milliún, Málta - €120 milliún, an tSlóivéin - €200 milliún agus an Spáinn - €4 bhilliún breise. Ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair, fuair an Iodáil, an Spáinn agus an Pholainn €17 mbilliún san iomlán faoi ionstraim SURE an Aontais le cuidiú chun scéimeanna oibre gearr-ama a choinneáil.

European Health Union

11 Samhain 2020 – Na chéad chéimeanna tugtha ag an gCoimisiún Eorpach i dtreo Aontas Eorpach um an tSláinte a thógáil

Tá sraith moltaí á moladh ag an gCoimisiún chun creat slándála sláinte an Aontais a threisiú agus neartú a dhéanamh ar an ról atá ag príomhghníomhaireachtaí an Aontais maidir le hullmhacht agus freagairt ar ghéarchéimeanna. Chun dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne phaindéim an choróinvíris agus éigeandálaí sláinte a bheidh ann amach anseo, tá gá le níos mó comhordaithe ar leibhéal an Aontais. Na moltaí a cuireadh i láthair, bunaíodh iad ar an méid atá foghlamtha ón ngéarchéim reatha agus cinnteoidh siad ullmhacht agus freagairt níos láidre le linn na géarchéime sláinte reatha agus géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo. Seo mar a labhair an tUachtarán von der Leyen: “Inniu, cuirimid bunchloch faoi Aontas Eorpach um an tSláinte chun saoránaigh a chosaint le cúram ardcháilíochta in aimsir géarchéime agus chun an tAontas agus na Ballstáit a chumasú le héigeandálaí sláinte a chosc agus a bhainistiú, ar éigeandálaí iad a mbíonn tionchar acu ar an Eoraip go léir.”

NextGenerationEU

10 Samhain 2020 - Fáilte curtha ag an gCoimisiún Eorpach roimh chomhaontú ar bhuiséad fadtéarmach an Aontais agus NextGenerationEU dar luach €1.8 trilliún le cuidiú chun Eoraip atá níos glaise, níos digití agus níos athléimní a fhorbairt

Parlaimint na hEoraip agus na Ballstáit sa Chomhairle, chomhaontaigh siad ar buiséad fadtéarmach an Aontais agus NextGenerationEU. Nuair a bheidh an pacáiste dar luach €1.8 trilliún san iomlán glactha, cabhróidh sé leis an Eoraip téarnamh agus todhchaí níos inbhuanaithe a thógáil. Seo mar a labhair an tUachtarán von der Leyen: “Cuideoidh an plean téarnaimh linn deis téarnaimh a dhéanamh de dhúshlán na paindéime, ar téarnamh é a bheidh faoi stiúir an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh”.

European Economic Forecast figures

5 Samhain 2020 – Réamhaisnéis Eacnamaíoch Fhómhar 2020

Bhí tionchar eacnamaíoch na paindéime éagsúil ar fud an Aontais. Le Réamhaisnéis Eacnamaíoch Fhómhar 2020, tuartar go gcrapfaidh geilleagar an limistéir euro 7.8% in 2020 sula dtiocfaidh fás 4.2% air in 2021 agus fás 3% in 2022. Tuartar leis an réamhaisnéis freisin go gcrapfaidh geilleagar an Aontais 7.4% in 2020 sula dtéarnóidh sé le fás 4.1% in 2021 agus fás 3% in 2022. Meastar go méadóidh an ráta dífhostaíochta sa limistéar euro ó 7.5 % in 2019 go 8.3 % in 2020 agus 9.4 % in 2021, sula laghdóidh sé go 8.9 % in 2022.

 

woman holding a phone

28 Deireadh Fómhair – Dul i ngleic le ráig nua an choróinvíris: Leag an Coimisiún Eorpach amach gníomhaíochtaí nua chun bearta ullmhachta agus freagartha a threisiú ar fud an Aontais

Leag an Coimisiún amach gníomhaíochtaí coincréiteacha i dTeachtaireacht maidir le bearta breise mar fhreagairt ar COVID-19 arb é is aidhm dóibh cuidiú chun srian a chur le leathadh an choróinvíris, beatha a shábháil agus athléimneacht mhéadaithe a fhorbairt i réimsí éagsúla sna Ballstáit uile. Áirítear na rudaí seo a leanas mar chuid de na bearta, gan a bheith teoranta dóibh: aipeanna rianaithe teagmhálaithe náisiúnta a nascadh le chéile, srianta taistil a leathnú, tástáil níos fairsinge a dhéanamh agus soláthairtí le haghaidh vacsaíní a áirithiú. Tagann an méid sin roimh na cainteanna a bheidh ann idir Ceannairí na hEorpa an 29 Deireadh Fómhair maidir le comhordú COVID-19, de réir mar an d’éiligh Comhairle na hEorpa, an 15 Deireadh Fómhair.

 

First disbursements under SURE financial support

27 Deireadh Fómhair 2020 – D’eisíoc an Coimisiún na chéad tráthchodanna, dar luach €17 mbilliún, de chuid SURE leis an Iodáil, an Spáinn agus an Pholainn

D’eisíoc an Coimisiún €17 mbilliún san iomlán leis an Iodáil (€10 mbilliún), leis an Spáinn (€6 bhilliún) agus leis an bPolainn (€1 bhilliún) sa chéad tráthchuid de thacaíocht airgeadais SURE leis na Ballstáit. Bhí an tacaíocht curtha i leataobh chun cabhrú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an méadú ar an gcaiteachas poiblí chun poist a choimeád, agus go háirithe i gcás oibrithe gearr-ama agus daoine féinfhostaithe. Meastar go bhfaighidh an Iodáil €27.4 mbilliún, an Spáinn €21.3 billiún agus an Pholainn €11.2 billiún san iomlán.

 

man looking at smartphone in EU

19 Deireadh Fómhair 2020 – Cuireadh tairseach idir-inoibritheachta an Aontais chun feidhme agus seoladh na chéad aipeanna rianaithe teagmhálaithe agus rabhaidh atá nasctha le córas an Aontais

Ar chuireadh ó na Ballstáit, bhunaigh an Coimisiún córas ar fud an Aontais chun a chinntiú gur féidir le haipeanna rianaithe agus teagmhálaithe don choróinvíreas ‘cumarsáid a dhéanamh le chéile’. Cuirfear an córas chun feidhme inniu agus tá an chéad bhaisc de na haipeanna náisiúnta nasctha le chéile tríd an tseirbhís sin: Corona-Warn-App na Gearmáine, COVID tracker na hÉireann, agus immuni na hIodáile. D'íoslódáil tuairim agus 30 milliún duine na haipeanna sin, méid arb ionann agus dhá thrian de líon iomlán na n-aipeanna a íoslódáladh san Aontas. Nascfar an dara baisc d’aipeanna leis an gcóras an tseachtain seo chugainn. An tráth sin, táthar ag siúl leis go nascfar eRouška na Seicia, smitte stop na Danmhairge, Apturi COVID na Laitvia agus Radar Covid na Spáinne leis an gcóras agus nascfar níos mó aipeanna i mí na Samhna.

A scientist working at a screen

15 Deireadh Fómhair 2020 – Straitéis an Aontais um Vacsaíní: ullmhacht le haghaidh straitéisí um vacsaíniú COVID-19 agus cur in úsáid vacsaíní

D’fhoilsigh an Coimisiún Teachtaireacht maidir le hullmhacht le haghaidh straitéisí um vacsaíniú COVID-19 agus cur in úsáid vacsaíní. Chun go mbeidh na daoine a bhfuil gá acu le vacsaín shábháilte éifeachtach in ann í a fháil, ní mór do na Ballstáit tús a chur le hullmhúchán a dhéanamh chun í a chur in úsáid, dlús a chur lena n-iarrachtaí cumarsáide agus tosaíocht a thabhairt do na grúpaí sin a gheobhaidh an vacsaín ar dtús, a luaithe a bheidh sí ar fáil. Ní fios cén vacsaín, más ann di, a chuirfidh i gcrích an próiseas forbartha agus údaraithe agus a chomhlíonfaidh critéir na héifeachtúlachta agus na sábháilteachta is gá lena gcur ar mhargadh an Aontais Eorpaigh. Ní mór don Eoraip punann leathan vacsaíní féideartha a fháil, ar punann é a bhainfidh úsáid as cineálacha éagsúla cur chuige teicneolaíochta ar bhealach a dtabharfaidh an seans is fearr chun vacsaíní a fhorbairt, a tháirgeadh agus a sholáthar do gach Eorpach.

two people with luggage at the train station

13 Deireadh Fómhair 2020 – Comhaontú maidir le cur chuige comhordaithe i leith shrianadh na saorghluaiseachta san Aontas i bhfianaise COVID-19

Chomhaontaigh na Ballstáit cur chuige comhordaithe i leith srianta taistil a bhaineann le paindéim COVID-19. Ina measc tá aicmiú na réigiún (glas, oráiste, dearg agus liath) bunaithe ar an staid eipidéimeolaíoch áitiúil. Leis an Moladh a glacadh, cuirtear fáilte roimh na Ballstáit eolas tráthúil a chur ar fáil do thaistealaithe. Tá sé comhaontaithe ag na Ballstáit nach gcuirfear aon srianta, coraintín ná tástálacha cuir i gcás, ar thaistealaithe atá ag teacht ó réigiúin ‘ghlasa’. Ba cheart an t-eolas a chur ar fáil freisin ar Re-open EU.
Tuilleadh eolais

13 Billion figure icon for CRII

12 Deireadh Fómhair 2020 – Na chéad torthaí maidir le cur chun feidhme na dTionscnamh Infheistíochta um an bhFreagairt ar an gCoróinvíreas

D’eisigh an Coimisiún na chéad torthaí sealadacha de chuid na dTionscnamh Infheistíochta um an bhFreagairt ar an gCoróinvíreas: shlóg an tAontas níos mó ná €13 bhilliún chun dul i ngleic le paindéim an choróinvíris. Le €4.1 billiún de chistí an Aontais, tacaíodh le córais sláinte agus le €8.4 billiún eile, tacaíodh le gnólachtaí beaga agus meánmhéide. Cuireadh €1.4 billiún ar fáil trí Chiste Sóisialta na hEorpa chun poist a shábháil. Chun an trédhearcacht agus an chuntasacht is mó a chinntiú, sheol an Coimisiún leathanach gréasáin tiomanta don Ardán Sonraí Oscailte maidir le Comhtháthú le léargas a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil Beartas Comhtháthaithe an Aontais ag tacú leis na Ballstáit chun géarchéim an choróinvíris a shárú.

COVID-19

8 Deireadh Fómhair 2020 – An tríú conradh maidir le vacsaíní féideartha COVID-19 formheasta ag an gCoimisiún Eorpach agus an margadh faoi Remdesivir sínithe aige freisin

An 7 Deireadh Fómhair d’fhormheas an Coimisiún Eorpach an tríú conradh le comhlacht cógaisíochta, Janssen Pharmaceutica NV, maidir le dáileoga vacsaíní le haghaidh 200 milliún duine. Beidh deis ag na Ballstáit freisin dáileoga a cheannach le haghaidh 200 milliún duine breise. Tá vacsaín fhéideartha ag céim III de na trialacha cliniciúla cheana féin. Ina theannta sin shínigh an Coimisiún margadh le Gilead chun suas le 500,000 cúrsa cóireála de Remdesivir a sholáthar – is é Remdesivir an t-aon chógas faoi láthair ag a bhfuil údarú margaíochta coinníollach san Aontas i dtaca le cóireáil a chur ar othair COVID-19 a bhfuil soláthar ocsaigine de dhíth orthu. Thart ar 36 cinn de shínitheoirí an Chomhaontaithe um Sholáthar Comhpháirteach, tá siad páirteach ann, gach tír san Aontas mar shampla, tíortha LEE, an Ríocht Aontaithe agus sé thír is iarrthóirí.

stock numbers

7 Deireadh Fómhair 2020 – Eiseoidh an Coimisiún Eorpach bannaí SURE dar luach suas le €100 billiún mar bhannaí sóisialta

 

D’fhógair an Coimisiún go n-eiseoidh sé bannaí sóisialta SURE AE dar luach suas le €100 billiún agus gur ghlac sé Creat Bannaí Sóisialta a bhfuil meastóireacht neamhspleách déanta air. Is féidir le hinfheisteoirí a bheith cinnte de go gcaithfear na cistí a shlógfar ar chuspóir iomlán sóisialta agus go gcabhróidh siad leis na Ballstáit íoc as na costais a bhaineann le scéimeanna oibre gearra náisiúnta agus bearta comhchosúla a rinneadh mar fhreagairt ar an bpaindéim. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún togra i láthair chun €504 mhilliún a bhronnadh ar an Ungáir faoi ionstraim SURE. Seo mar a labhair Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen: “Ní hamháin go bhfuilimid ag infheistiú na mbilliún euro chun poist a shábháil san Eoraip agus chun tionchar sóisialta phaindéim an choróinvíris a mhaolú, ach tá sin á dhéanamh againn trí bhannaí sóisialta a eisiúint chomh maith. Tabharfaidh sin deis d’infheisteoirí cur lenár n-iarrachtaí agus cabhróidh suas le €100 billiún chun daoine a choinneáil i bhfostaíocht inár mBallstáit.”

Rule of law report

30 Meán Fómhair 2020 – An chéad tuarascáil riamh maidir leis an smacht reachta curtha in iúl ag an gCoimisiún: ní mór do bhearta éigeandála i leith an choróinvíris bunphrionsabail agus bunluachanna an Aontais a urramú

 

Chuir an Coimisiún a chéad Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta ar fud an Aontais i láthair, ar uirlis choisctheach nua í atá i gcroílár an tSásra Eorpaigh nua um an Smacht Reachta. Cuireadh an Tuarascáil le chéile i ndlúth-idirphlé le gach ceann de na 27 mBallstát agus leis na geallsealbhóirí uile, agus cumhdaítear inti ceithre phríomhcholún an smachta reachta san Aontas: an ceartas náisiúnta, an frith-éilliú, saoirse na meán agus srianta agus ceartúcháin riachtanacha. Leagtar béim inti ar fhorbairtí dearfacha agus diúltacha ar fud na mBallstát uile. Breathnaítear sa Tuarascáil freisin ar na saincheisteanna a eascraíonn as na córais agus bearta éigeandála i leith an choróinvíris atá curtha i bhfeidhm ag roinnt Ballstát, agus a leanfaidh an Coimisiún de mhonatóireacht a dhéanamh orthu. Cuirtear i dtreis go bhféadfadh sé go gcuirfí an smacht reachta i mbaol dá ndéanfaí gnáthshrianta agus gnáthcheartúcháin náisiúnta a athrú nó a chur ar fionraí, agus gur gá do na freagairtí ar an ngéarchéim na bunluachanna agus na bunphrionsabail a leagtar amach i gConarthaí an Aontais a urramú. Ar an mbonn sin rachaidh an Coimisiún i mbun idirphlé maidir leis an smacht reachta anois le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, agus leis na Parlaimintí náisiúnta, leis na húdaráis náisiúnta agus leis na geallsealbhóirí, chun tacaíocht a lorg óna chéile agus chun deiseanna a fhiosrú maidir le hathchóirithe a dhéanamh.

Stella Kyriakides ECDC meeting

24 Meán Fómhair 2020 – Bearta níos déine iarrtha ag ECDC ina mheasúnú riosca nua de thoradh an mhéadaithe ar rátaí ionfhabhtaithe

Tá nuashonrú déanta ag ECDC ar a mheasúnú riosca tapa ar fhorbairt na staide eipidéimeolaíche agus tá sé tuairiscithe aige go bhfuil méadú tagtha ar rátaí ionfhabhtaithe ar fud an Aontais agus sa Ríochta Aontaithe. Fágann sin go bhfuil an baol atá ann do ghrúpaí áirithe agus d’oibrithe cúraim sláinte ag dul i méid. D’fhoilsigh an ECDC treoirlínte nua freisin le haghaidh idirghabhálacha neamhchógaisíochta. Tá ceisteanna agus freagraí maidir le straitéis an Aontais um Vacsaíní foilsithe ag an gCoimisiún freisin.

An employee is controlling a machine in a factory

22 Meán Fómhair 2020 – Díol sásaimh don Choimisiún é an córas ráthaíochta le haghaidh ionstraim SURE, dar luach €100 billiún, a bheith tugtha i gcrích

Is díol sásaimh don Choimisiún é ionstraim SURE a bheith gníomhachtaithe, ar ionstraim shealadach í le haghaidh tacaíocht chun rioscaí dífhostaíochta le linn éigeandálaí a mhaolú, agus lena gcuirfear tacaíocht airgeadais suas le €100 billiún ar fáil mar chabhair chun oibrithe agus poist a chosaint a ndearna paindéim an choróinvíris difear dóibh. Tá an gníomhachtú sin á dhéanamh tar éis do na Ballstáit a nósanna imeachta náisiúnta formheasa a bheith tugtha i gcrích acu agus sínithe tugtha acu chun foráil a dhéanamh do na comhaontuithe ráthaíochta leis an gCoimisiún, comhaontuithe dar luach €25 bhilliún san iomlán. Tá moltaí curtha i láthair na Comhairle ag an gCoimisiún cheana maidir le cinntí i leith tacaíocht airgeadais dar luach tuairim agus €87.3 billiún a bhronnadh ar 16 Bhallstát faoi ionstraim SURE. Nuair a bheidh glactha ag an gComhairle leis na moltaí sin, cuirfear an tacaíocht airgeadais ar fáil i bhfoirm iasachtaí a bhronnfaidh an tAontas ar na Ballstáit ar théarmaí fabhracha.

Next Generation EU

17 Meán Fómhair 2020 – Chuir an Coimisiún na chéad chéimeanna eile i láthair le haghaidh na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta dar luach €672.5 billiún sa Straitéis Bhliantúil 2021 maidir le Fás Inbhuanaithe

I Straitéis Bhliantúil 2021 maidir le Fás Inbhuanaithe, tá treoir leagtha amach ag an gCoimisiún Eorpach maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chur chun feidhme. Cuideoidh an clár oibre nua fáis chun téarnamh glas, digiteach agus inbhuanaithe a fhorbairt. Is í an tSaoráid, atá á bainistiú ag Tascfhórsa, an phríomhionstraim atá i gcroílár NextGenerationEU agus cuideoidh sí leis an Aontas a bheith níos láidre agus níos athléimní. An inbhuanaitheacht chomhshaoil, an táirgiúlacht, an chothroime agus an chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch, is ceithre ghné iad sin atá ina dtreoirphrionsabail a thacaíonn le pleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát agus lena n-athchóirithe agus lena n-infheistíochtaí náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit a ndréachtphleananna a chur isteach ón 15 Deireadh Fómhair 2020 ar aghaidh, ar pleananna iad ina leagfar amach cláir oibre náisiúnta don infheistíocht agus don athchóiriú chun tairbhe a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

Two scientists working in a lab

10 Meán Fómhair 2020 – An Coimisiún Eorpach agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte chun obair i gcomhar le chéile ar an leibhéal domhanda chun cóireálacha leighis a bhaineann leis an gcoróinvíreas a neartú

Inniu, sheol agus chomhóstaigh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, agus Ard-Stiúrthóir an EDS, Tedros Adhanom Ghebreyesus, an chéad chruinniú den Chomhairle um Éascú Ardleibhéil chun dlús a chur le forbairt vacsaíní, tástálacha agus coiréalacha i gcoinne COVID-19 agus iad a chur ar fáil. Cuireann an Chomhairle um Éascú leis an méid atá bainte amach ag an Luasaire um Rochtain go dtí seo: táthar ag coinneáil súil ar níos mó ná 200 vacsaín fhéideartha, 1,700 triail chliniciúil agus 80 diagnóisic. Seo mar a labhair an tUachtarán von der Leyen: “Le seoladh na Comhairle um Éascú inniu, tá céim eile glactha againn i dtreo ár sprice domhanda: rochtain ar vacsaíní, tástálacha agus cóireálacha i leith an choróinvíris le haghaidh gach duine ar a bhfuil siad de dhíth, cibé áit a bhfuil siad. “Bainfidh an tAontas Eorpach leas as a chumhacht chun tionóil agus é ag cuidiú chun an domhan a choinneáil aontaithe i gcoinne an choróinvíris.”

vaccines

An 9 Meán Fómhair 2020 – Cuireann an Coimisiún le punann na vacsaíní tar éis cainteanna le BioNTech-Pfizer

Tugadh chun críche cainteanna tosaigh idir an Coimisiún agus an séú monaróir chun vacsaín fhéideartha in aghaidh COVID-19 a cheannach. Nuair atá sé cruthaithe go bhfuil sé sábháilte agus éifeachtach in aghaidh COVID-19, measfar go gceannóidh an Coimisiún 200 milliún dáileog den vacsaín thar ceann Bhallstáit uile an Aontais, agus go gceannóidh sé 100 milliún dáileog eile ina dhiaidh sin. Seo mar a labhair an tUachtarán von der Leyen: “Is cúis áthais dom a fhógairt go bhfuil na cainteanna le BioNTech-Pfizer tugtha i gcrích maidir le 200 milliún dáileog de vacsaíní in aghaidh an choróinvíris a cheannach amach anseo. Seo an 6ú cuideachta cógaisíochta lena bhfuil cainteanna tugtha i gcrích againn nó comhaontú sínithe againn le haghaidh vacsaíní féideartha, agus é sin déanta níos tapúla ná riamh. Is airde ná riamh na deiseanna atá againn vacsaín shábháilte éifeachtach a fhorbairt agus a chur ar fáil do mhuintir na hEorpa anseo sa bhaile agus don chuid eile den domhan. Chun an lámh in uachtar a fháil ar an gcoróinvíreas in aon áit amháin, ní mór dúinn an ceann is fearr a fháil air i ngach áit.”

traveler at the train station

An 4 Meán Fómhair 2020 – Mhol an Coimisiún comhchuibhiú ar bhearta náisiúnta a dhéanann difear don tsaorghluaiseacht laistigh den Aontas

Ghlac an Coimisiún togra le haghaidh moladh ón gComhairle i dtaca le feabhas a chur ar chomhordú agus ar chumarsáid i leith bearta maidir le srianta taistil a chuireann srian ar an tsaorghluaiseacht i ngeall ar phaindéim an choróinvíris. Seo a leanas na trí phríomhphointe a leagtar amach sa mholadh ón gCoimisiún: critéir chomhchoiteanna maidir le cinneadh a dhéanamh ar cheart srianta taistil a thabhairt isteach; critéir mhapála ag baint úsáid as dathscéim chomhaontaithe; cur chuige comhchoiteann maidir le bearta i leith taistealaithe as limistéir ardriosca. Seo mar a labhair an tUachtarán von der Leyen: “An tsaoirse chun taisteal thar theorainneacha san Eoraip, sin ceann de na tairbhí is nithiúla atá ag daoine san Aontas Eorpach. Leis na bearta seo, is é a chuirfear ar fáil do mhuintir na hEorpa tuilleadh cobhsaíochta, tuilleadh tuarthachta agus soiléireacht.”

 

Tuilleadh Príomhphointí