31 Lúnasa 2020 – An Fhreagairt Dhomhanda ar an gCoróinvíreas: An Coimisiún páirteach sa tSaoráid Rochtana Domhanda ar Vacsaíní in aghaidh COVID-19Chun dlús a chur le forbairt agus monarú vacsaíní in aghaidh COVID-19 le haghaidh gach duine a bhfuil siad de dhíth orthu, tá an Coimisiún ag glacadh páirt sa ‘tSaoráid Rochtana Domhanda ar Vacsaíní in aghaidh COVID-19’. Tá Saoráid COVAX á comhstiúradh ag Gavi, an Comhaontas Vacsaíne, ag an gComhghuaillíocht um Nuálaíochtaí maidir le hUllmhacht d'Eipidéimí (CEPI) agus ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Seo mar a labhair an tUachtarán von der Leyen: "Tá ráthaíochtaí dar luach beagnach €16 bhilliún geallta go dtí seo agus tá na taighdeoirí agus na heagraíochtaí is tréithí ag obair as lámha a chéile chun vacsaíní, tástálacha agus córacha a chur ar fáil, rud a rachaidh chun leasa an uile dhuine againn. Inniu, tá ranníocaíocht €400 milliún do COVAX á fógairt ag an gCoimisiún le haghaidh na hoibre atá le déanamh againn i gcomhar le chéile chun vacsaíní a cheannach amach anseo.” |
|
27 Lúnasa 2020 – Shínigh an Coimisiún Eorpach an chéad chonradh go foirmiúil le AstraZenecaAn chéad chonradh a thug an Coimisiún i gcrích thar ceann na mBallstát le cuideachta cógaisíochta, tháinig sé i bhfeidhm tar éis é a bheith sínithe go foirmiúil ag AstraZeneca agus ag an gCoimisiún. Seo mar a labhair an tUachtarán von der Leyen: "Tá an Coimisiún ag obair gan stad gan staonadh chun vacsaín atá sábháilte agus éifeachtach in aghaidh COVID-19 a chur ar fáil do shaoránaigh an Aontais chomh tapa agus is féidir. Céim thábhachtach chun cinn ina thaobh sin é teacht i bhfeidhm an chonartha le AstraZeneca. Tá mé ag dúil go mór lenár bpunann vacsaíní féideartha a leathnú a bhuí le conarthaí le comhlachtaí cógaisíochta eile agus tá mé ag súil freisin le dul i gcomhar lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta chun rochtain uilíoch chothrom ar vacsaíniú a chur ar fáil." |
|
25 Lúnasa 2020 – Mhol an Coimisiún Eorpach tacaíocht airgeadais dar luach €87.3 billiún a chur ar fáil do 16 Bhallstát faoi SUREAn 24 agus an 25 Lúnasa, chuir an Coimisiún moltaí i láthair na Comhairle i dtaca le tacaíocht airgeadais €87.3 billiún a bhronnadh ar 16 Bhallstát faoi SURE chun tacú le scéimeanna oibre gearr-ama agus chun slite beatha a chosaint. Ar na Ballstáit sin tá an Bheilg, an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Ghréig, an Spáinn, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin agus an Phortaingéil. Nuair atá an tacaíocht sin formheasta, tabharfaidh SURE cosaint d’oibrithe agus tacaíocht do ghnólachtaí trí thacaíocht airgeadais a chur ar fáil dóibh i bhfoirm iasachtaí a bhronnfar ar théarmaí fabhracha chun cabhrú le scéimeanna oibre gearr-ama náisiúnta, agus go háirithe le daoine féinfhostaithe. Seo mar a labhair an tUachtarán von der Leyen: “Ní mór dúinn gach is féidir linn a dhéanamh chun poist agus slite beatha a chaomhnú. Is céim thábhachtach chuige sin atá á glacadh againn inniu.” |
|
20 Lúnasa 2020 – An Coimisiún Eorpach ag cur le punann na vacsaíní a bheidh ann amach anseo le cainteanna nua le CureVacTá cainteanna tosaigh tugtha chun críche ag an gCoimisiún le CureVac maidir leis an bhféidearthacht vacsaín in aghaidh COVID-19 a cheannach. Nuair a bheidh sé cruthaithe go bhfuil an vacsaín sábháilte agus éifeachtach, d’fhéadfadh Ballstáit uile an Aontais í a cheannach, agus beartaítear go gceannódh an Coimisiún 225 mhilliún dáileog ar dtús, thar ceann na mBallstát go léir. Seo mar a labhair an tUachtarán von der Leyen: “Déanann an Coimisiún beart de réir a bhriathair i dtaca le rochtain thapa a chur ar fáil ar vacsaín shábháilte éifeachtach. Gan mhoill, beidh comhaontú againn le CureVac, an gnólacht nuálach Eorpach a fuair maoiniú ón Aontas roimhe seo chun vacsaín a tháirgeadh san Eoraip.” |
|
14 Lúnasa 2020 – An chéad chomhaontú faoi vacsaín fhéideartha tugtha i gcrích ag an gCoimisiún Eorpach le AstraZenecaThug an Coimisiún Eorpach an chéad chomhaontú leis an gcomhlacht cógaisíochta AstraZeneca i gcrích chun vacsaín fhéideartha in aghaidh COVID-19 a cheannach. Nuair a dhéanfar deimhin de go bhfuil an vacsaín sábháilte agus éifeachtach in aghaidh COVID-19, tá bunús creata chonarthaigh aontaithe ag an gCoimisiún chun 300 milliún dáileog de vacsaín AstraZeneca a cheannach thar ceann na mBallstát, agus féidearthacht ann 100 milliún eile a cheannach. Seo mar a labhair an tUachtarán von der Leyen: “Tá ag éirí go maith le dianchaibidlíocht an Choimisiún Eorpaigh i rith an ama. Le comhaontú an lae inniu leagadh an chéad bhunchloch i dtaca le Straitéis an Choimisiúin Eorpaigh um Vacsaíní a chur i bhfeidhm.” |
|
13 Lúnasa 2020 – Cainteanna tugtha chun críche ag an gCoimisiún Eorpach maidir le vacsaín in aghaidh an choróinvíris a fháil amach anseoTá cainteanna tosaigh tugtha chun críche ag an gCoimisiúin le Johnson & Johnson chun vacsaín fhéideartha in aghaidh an choróinvíris a cheannach. An conradh atá beartaithe, bheadh féidearthacht ann 200 milliún dáileog a cheannach ar dtús thar ceann na mBallstát uile, más rud é go gcruthófar go bhfuil an vacsaín sábháilte agus éifeachtach i gcoinne COVID-19. Seo mar a labhair an tUachtarán von der Leyen: “Tá vacsaín shábháilte éifeachtach in aghaidh an choróinvíris de dhíth orainn, ar mhaithe le beatha ár saoránach agus lenár ngeilleagar. Táimid níos gaire don sprioc sin anois, a bhuí le cainteanna an lae inniu. Tá gach iarracht á déanamh ag an gCoimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus le cuideachtaí cógaisíochta, chun cur go gníomhach leis an obair sin.” |
|
11 Lúnasa 2020 – maoiniú €128 milliún ón Aontas á leithdháileadh ar 23 thionscadal taighde nuaTabharfaidh an Coimisiún tacaíocht do 23 thionscadal taighde nua le €128 milliún mar fhreagairt ar ghéarchéim an choróinvíris. A bhuí leis an maoiniú sin, beidh tuairim agus 347 foireann taighde ó 40 tír, 34 rannpháirtí ó 16 thír lasmuigh den Aontas ina measc, in ann acmhainneachtaí monaraíochta tionsclaíche a neartú, teicneolaíochtaí leighis agus uirlisí digiteacha a chur ar fáil agus a úsáid, agus tuiscint níos fearr a chur ar thionchair shocheacnamaíocha na paindéime. Tá an maoiniú atá á chur ar fáil faoi Fhís 2020, clár taighde agus nuálaíochta an Aontais, mar chuid den €1.4 billiún a gheall an Coimisiún don tionscnamh um Fhreagairt Dhomhanda ar an gCoróinvíreas. Na gníomhaíochtaí taighde sin, is comhlánú iad ar iarrachtaí a rinneadh roimhe seo chun diagnóisic, cóireálacha agus vacsaíní a fhorbairt. |
|
31 Iúil 2020 – Cainteanna tugtha chun críche ag an gCoimisiún Eorpach maidir le vacsaín in aghaidh an choróinvíris a fháil amach anseoThug an Coimisiún Eorpach i gcrích na cainteanna tosaigh leis an gcuideachta chógaisíochta Sanofi maidir le vacsaín féideartha in aghaidh COVID-19 a cheannach. A luaithe is a dhéantar deimhin de go bhfuil vacsaín sábháilte agus éifeachtach, bheadh sé i gceist go gceannódh an Coimisiún 300 milliún dáileog ar son Bhallstáit uile an Aontais. Seo mar a labhair an tUachtarán von der Leyen: “Déanann an Coimisiún Eorpach a sheacht ndícheall lena chinntiú go bhfuil teacht tapa ag muintir na hEorpa ar vacsaín shábháilte. An chéim seo a glacadh le Sanofi inniu, is í an chéad chloch mhíle í i Straitéis níos leithne na hEorpa i dtaca le Vacsaíní. Tá muid i mbun plé le roinnt cuideachtaí eile freisin. Cé nach fios dúinn inniu cén vacsaín is fearr a oibreoidh sa deireadh thiar thall, tá infheistíocht á déanamh ag an Eoraip i bpunann éagsúlaithe vacsaíní fabhracha.” |
|
29 Iúil 2020 – Rochtain an Aontais ar Remdesivir chun COVID-19 a chóireáil faighte ag an gCoimisiún EorpachTá conradh €63 mhilliún sínithe ag an gCoimisiún leis an gcuideachta chógaisíochta Gilead chun dáileoga cóireála Veklury, ainm branda Remdesivir, a fháil. Is é Veklury an chéad chógas a údaraíodh ar leibhéal an Aontais chun COVID-19 a chóireáil. Ó thús mhí Lúnasa ar aghaidh, cuirfear baisceanna de Veklury ar fáil do na Ballstáit agus don Ríocht Aontaithe, le comhordú agus tacaíocht ón gCoimisiún, chun a chinntiú go gcuirfear cóireáil ar tuairim agus 30,000 othar a bhfuil siomptóim throma COVID-19 orthu. Ina theannta sin, tá an Coimisiún anois ag ullmhú soláthar comhpháirteach le haghaidh tuilleadh soláthairtí den chógas, a mheastar a chlúdóidh riachtanais bhreise. |
|
27 Iúil 2020 – Glao seolta ag an gCoimisiún Eorpach ar chomhpháirtíochtaí nuálacha freagartha agus téarnaimh idir réigiúin an AontaisChun tacú leis an bhfreagairt ar an gcoróinvíreas agus an téarnamh uaidh, agus chun cuidiú le réigiúin deiseanna a thapú, tá glao ar léirithe spéise seolta ag an gCoimisiún le haghaidh tionscadail nuálacha idir réigiúin, tionscadail a dhíreoidh ar an méid seo a leanas: forbairt an luachshlabhra leighis; sábháilteacht agus bainistiú dramhaíola leighis; turasóireacht inbhuanaithe agus turasóireacht dhigiteach; agus forbairt teicneolaíochtaí hidrigine i réigiúin atá dian ar charbóin. Tá €400,000 (suas le €100,000 in aghaidh na comhpháirtíochta) sa bhuiséad iomlán chun ceithre chomhpháirtíocht théamacha a fhorbairt, buiséad atá á chur ar fáil ó Chiste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa agus beidh an glao ar oscailt go dtí an 7 Meán Fómhair 2020. |
|
23 Iúil 2020 – Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen agus í ag labhairt i bParlaimint na hEorpa: “Tá sé de dheis againn anois, i gcomhar le chéile, cor cinniúna a bhaint amach i stair na hEorpa.”Tar éis don Chomhairle Eorpach teacht ar chomhaontú maidir le Plean Téarnaimh an Aontais Eorpaigh, seo mar a labhair Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, i bParlaimint na hEorpa: “Faoi láthair, tá cumas airgeadais ollmhór againn nach bhfacthas riamh roimhe - €1.8 trilliún. Féadfaidh muid deimhin a dhéanamh de go gcuirfidh Next Generation EU dlús leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach. Caithfear 30% de Next Generation EU agus de bhuiséad an Aontais ar thionscadail a bhaineann leis an aeráid. D’fhéadfadh Next Generation EU a bheith ar cheann de na pacáistí spreagtha infheistíochta agus athchóirithe is mó ar domhan – déanfar infheistíocht i soláthar 5G, san intleacht shaorga agus i ndigitiú tionsclaíoch, i bhfoinsí inathnuaite fuinnimh, in iompar inbhuanaithe agus i bhfoirgnimh atá tíosach ar fhuinneamh. Tá gealltanas soiléir tugtha againn an smacht reachta a urramú agus ós rud é gur infheistíocht Eorpach é seo inár nAontas Eorpach, tá sé ríthábhachtach go mbeidh ról lárnach ag Parlaimint na hEorpa.” |
|
21 Iúil 2020 – Comhaontú bainte amach ag ceannairí na hEorpa maidir leis an bplean téarnaimh agus maidir le buiséad fadtéarmach 2021-2027 na hEorpaTar éis 4 lá fhada caibidlíochta, d’éirigh le ceannairí an Aontais Eorpaigh teacht ar chomhaontú maidir leis an bplean téarnaimh don Eoraip. Úsáidfear níos mó ná 50% de bhuiséad fadtéarmach an Aontais agus Next Generation EU - tuairim agus €1.8 trilliún san iomlán - chun tacú le beartais nua-aimseartha agus chun an Eoraip a stiúradh i dtreo téarnamh inbhuanaithe athléimneach, lena gcruthófar poist agus lena ndeiseofar an damáiste atá déanta ag an gcoróinvíreas, agus todhchaí níos glaise agus níos digití á tógáil san am céanna. Seo mar a labhair an tUachtarán von der Leyen: “Tá deis mhaith ag an Eoraip ina hiomláine anois teacht slán ón ngéarchéim seo agus í níos láidre ná mar a bhí roimhe. Tá céim stairiúil glactha againn inniu, ceann ar féidir linn a bheith bródúil as. Anois ní mór dúinn dul ag obair i gcomhar le Parlaimint na hEorpa chun teacht ar chomhaontú.” |
|
15 Iúil 2020 – Ullmhacht an Choimisiúin neartaithe i leith ráigeanna an choróinvíris a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseoAgus é mar aidhm ag an gCoimisiún beatha daoine a shábháil agus dianghlasáil a sheachaint, tá bearta láithreacha gearrthéarmacha á leagan amach aige chun ullmhacht sláinte an Aontais Eorpaigh a neartú i leith ráigeanna féideartha an choróinvíris amach anseo. Tástáil agus rianú teagmhálaithe, faireachán feabhsaithe ar an tsláinte phoiblí agus rochtain níos fairsinge ar threalamh cosanta pearsanta, ar chógais leighis agus ar fheistis leighis, tá siad ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt go tapa ar ráigeanna amach anseo. Ar na gníomhartha a leagtar amach sa Teachtaireacht tá ualach an fhliú shéasúraigh ar chórais sláinte a laghdú, cosaint bhreise do na daoine is leochailí agus bearta neamhchógaisíochta eile freisin. |
|
8 Iúil 2020 – an tUachtarán Ursula von der Leyen: féadfaidh muid teacht slán as an ngéarchéim seo agus muid níos láidre ná mar a bhí roimheAgus í ag labhairt le Parlaimint na hEorpa ag tús Uachtaránacht na Gearmáine de Chomhairle an Aontais Eorpaigh, seo mar a labhair an tUachtarán von der Leyen: “Is é is brí leis an dlúthpháirtíocht go dtugtar tacaíocht bhreise dóibh siúd a bhfuil sí de dhíth orthu. Faoi Next Generation EU, tá infheistíochtaí ceangailte le hathchóiriúcháin atá bunaithe ar mholtaí tírshonracha. Tá obair le déanamh ag gach uile Bhallstát. Más mian linn a bheith níos láidre tar éis na géarchéime seo, ní mór dúinn go léir athruithe chun feabhais a dhéanamh. Tá muintir na hEorpa ag dréim leis an méid sin uainn. Tá an Comhaontú Glas don Eoraip, an digitiú agus an athléimneacht fite fuaite sa téarnamh eacnamaíoch. Ná déanaimis dearmad dár mbuiséad seacht mbliana agus muid ag plé le Next Generation EU. Is le haghaidh na géarchéime déine atá Next Generation EU ann, ach tá an buiséad fadtéarmach ann agus beidh feasta, agus is é sin an uirlis is tábhachtaí atá againn. Tá fíor-bhreisluach Eorpach de dhíth ar na beartais seo agus is gá maoiniú láidir seacht mbliana leis an mbreisluach sin a chur ar fáil.” |
|
7 Iúil 2020 – Réamhaisnéis Eacnamaíoch Shamhradh 2020 Téarnamh aimhréidh tuartha le haghaidh an dara leath de 2020Cé gur tugadh freagairt ghasta chuimsitheach ar ghéarchéim an choróinvíris ó thaobh bearta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, táthar ag tuar i Réamhaisnéis Eacnamaíoch Shamhradh 2020 go mbeidh cúlú mór i ngeilleagar an Aontais i mbliana. An deireadh atá á chur de réir a chéile leis na bearta dianghlasála, tá sé ag tarlú ar luas níos moille ná a tuaradh i Réamhaisnéis an Earraigh agus, dá bhrí sin, is mó i bhfad an tionchar a bheidh ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch in 2020 ná mar a ceapadh. Táthar ag tuar go dtiocfaidh crapadh 8.3% ar gheilleagar an Aontais in 2020 agus méadú 5.8% air in 2021, agus go dtiocfaidh crapadh 8.7% ar gheilleagar an limistéir euro in 2020 agus méadú 6.1% air in 2021. Mar sin féin, tugann na sonraí le haghaidh mhí na Bealtaine agus mhí an Mheithimh le fios go bhféadfadh sé go bhfuil an chuid is measa thart. Táthar ag meas go dtiocfaidh an téarnamh chun cinn sa dara leath den bhliain ach go mbeidh sé easnamhach aimhréidh ar fud na mBallstát. |
|
1 Iúil 2020 – Tacaíocht Fostaíochta don Aos Óg: nasc idir an chéad ghlúin eile de mhuintir na hEorpa agus poistTá béim curtha ag paindéim an choróinvíris ar an tús deacair a bhíonn ag neart daoine óga go minic, ach tá sé de cheart ag Eorpaigh óga na deiseanna is fearr san Eoraip a fháil. Tá beart á dhéanamh ag an gCoimisiún chun a chinntiú go n-éireoidh go geal leis an gcéad ghlúin eile de mhuintir na hEorpa agus, san am céanna, chun an Eoraip a dhéanamh níos glaise agus níos digití trína mholadh go dtreiseofar an Ráthaíocht don Aos Óg, trí ghairmoideachas agus gairmoiliúint an Aontais a dhéanamh seasmhach i leith na todhchaí, trí spreagadh nua a thabhairt i leith printíseachtaí agus trí thacú le bearta eile um fhostaíocht don aos óg. Tá an Coimisiún ag súil leis go ndéanfaidh na rialtais náisiúnta ar a laghad €22 bhilliún a infheistiú chun tacú leis an bhfostaíocht don aos óg. |
|
27 Meitheamh 2020 – €6.15 billiún eile slógtha le comhdháil gealltanas na Freagartha Domhanda ar an gCoróinvíreas:Leis an gcomhdháil gealltanas “An Sprioc Dhomhanda: Aontú ar mhaithe leis an Todhchaí”, a d’eagraigh an tUachtarán von der Leyen agus Global Citizen an 27 Meitheamh, slógadh €6.15 billiún de mhaoiniú breise chun cabhrú le forbairt vacsaíní, tástálacha agus córacha leighis a bhaineann leis an gcoróinvíreas, agus rochtain chothrom orthu a chinntiú. Mar chuid den mhéid sin tá €4.9 billiún atá geallta ag an mBanc Eorpach Infheistíochta, i gcomhpháirtíocht leis an gCoimisiún Eorpach, agus €485 mhilliún atá geallta ag Ballstáit an Aontais. Mar ócáid mhór dlúthpháirtíochta ar an leibhéal domhanda, fuarthas gealltanais le linn na comhdhála chun cabhrú le hacmhainneacht táirgeachta níos mó ná 250 milliún dáileog vacsaíne le haghaidh tíortha meánioncaim agus ísealioncaim. Thug an chomhdháil gealltanas dhomhanda agus an cheolchoirm ealaíontóirí, eolaithe agus ceannairí domhanda le chéile agus labhair siad d’aon ghuth lena chinntiú go mbeadh rochtain uilíoch ar leighis a bhaineann leis an gcoróinvíreas. Mar thoradh ar an imeacht sin, is €15.9 billiún suim iomlán na ngealltanas a tugadh mar chuid de mharatón gealltanas na Freagartha Domhanda ar an gCoróinvíreas. |
|
26 Meitheamh 2020 – An Fhreagairt Dhomhanda ar an gCoróinvíreas: comhdháil agus ceolchoirm Dé Sathairn, an 27 Meitheamh ar 15:00 Am Lár na hEorpa.Rinneadh comhdháil gealltanas dhomhanda agus ceolchoirm dhomhanda a d’eagraigh an Coimisiún agus Global Citizen a reáchtáil Dé Sathairn (27 Meitheamh). Labhair ealaíontóirí, eolaithe agus ceannairí domhanda d’aon ghuth chun maoiniú breise a shlógadh le haghaidh córacha leighis agus vacsaíní in aghaidh an choróinvíris. Beidh an chomhdháil gealltanas á craoladh ar 3pm Am Lár na hEorpa, agus is í an tUachtarán Ursula von der Leyen a bheidh ag comhóstáil na comhdhála in éineacht leis an aisteoir Dwayne Johnson. Mar chuid den chomhdháil beidh taibhithe le Shakira, Justin Bieber, Miley Cyrus, Chris Rock, David Beckham, Kerry Washington, Hugh Jackman agus go leor eile. Tá liosta iomlán na n-aíonna le fáil anseo. Bí ag féachaint ar an gceolchoirm ar: Facebook, Twitter, YouTube agus Spotify Dé Sathairn. Bhí an chomhdháil á sruthú ar shuíomh gréasáin agus meáin shóisialta Global Citizen. |
|
22 Meitheamh 2020 – An Fhreagairt Dhomhanda ar an gCoróinvíreas: Comhdháil ceannairí domhanda fógartha ag an gCoimisiún chomh maith le clár na ceolchoirme a bheidh mar chuid den imeacht gealltanas an 27 MeitheamhTá sé de chumhacht ag ealaíontóirí claochlú a spreagadh. Agus é mar aidhm acu maoiniú breise a shlógadh le haghaidh na Freagartha Domhanda ar an gCoróinvíreas chun vacsaíní in aghaidh an choróinvíris a fhorbairt agus a úsáid ar fud an domhain, beidh ealaíontóirí, eolaithe agus ceannairí domhanda ag labhairt d’aon ghuth ag an gComhdháil agus Ceolchoirm ‘An Sprioc Dhomhanda: Aontú ar mhaithe leis an Todhchaí’. Beidh an chomhdháil gealltanas á craoladh ar 3pm Am Lár na hEorpa, agus is í an tUachtarán Ursula von der Leyen a bheidh ag comhóstáil na comhdhála in éineacht leis an aisteoir Dwayne Johnson. Mar chuid den chomhdháil beidh taibhithe le Shakira, Justin Bieber, Miley Cyrus, Chris Rock, David Beckham, Kerry Washington, Hugh Jackman agus go leor eile. Tá liosta iomlán na n-aíonna le fáil anseo. Bí ag féachaint ar an gceolchoirm ar: Facebook, Twitter agus YouTube. Beidh an chomhdháil á sruthú ar shuíomh gréasáin agus meáin shóisialta Global Goal Unite. |
|
17 Meitheamh 2020 – Straitéis an Aontais um vacsaíní in aghaidh COVID-19 curtha i láthairTá straitéis Eorpach curtha i láthair ag an gCoimisiún Eorpach chun luas a chur le forbairt, monarú agus úsáid vacsaíní in aghaidh an choróinvíris, ós rud é gurb é sin an seans is fearr atá againn an lámh in uachtar a fháil ar an bpaindéim go buan laistigh de thréimhse 12 mhí go 18 mí, nó níos luaithe. Dá luaithe a thiocfar ar vacsaín, is amhlaidh is mó beathaí agus slite beatha daoine a shábhálfar, sin agus na billiúin euro freisin. Leis an obair chasta sin a chur i gcrích, ní mór trialacha cliniciúla a dhéanamh chomh maith le hinfheistíocht san acmhainneacht táirgeachta chun go mbeifear in ann na milliúin, nó fiú na billiúin, dáileog de vacsaín rathúil a tháirgeadh. Cuideachtaí a bhfuil vacsaín fhabhrach fhéideartha acu nó cuideachtaí atá i mbun trialacha cliniciúla cheana féin nó a chuirfidh tús leo go gairid, iarrtar orthu teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún ag EC-VACCINESec [dot] europa [dot] eu (EC-VACCINES[at]ec[dot]europa[dot]eu). |
|
15 Meitheamh 2020 – ‘Re-open EU’ – ardán gréasáin nua seolta chun an tsaorghluaiseacht agus an turasóireacht a chur ar obair arís go sábháilte san Aontas EorpachTá ardán gréasáin nua ar a dtugtar ‘Re-open EU’ seolta ag an gCoimisiún Eorpach, ar a bhfuil faisnéis ríthábhachtach chun an tsaorghluaiseacht agus an turasóireacht a chur ar obair arís go sábháilte ar fud na hEorpa, ionas gur féidir leat sult a bhaint go muiníneach as do laethanta saoire. Cuirfear faisnéis fhíor-ama ar fáil ar an ardán i dtaca le teorainneacha, srianta taistil, bearta sláinte poiblí agus sábháilteachta, cuir i gcás bearta maidir le scaradh fisiciúil nó maisc aghaidhe, chomh maith le comhairle phraiticiúil eile le haghaidh taistealaithe. Tá Re-open EU ar fáil in 24 theanga oifigiúla an Aontais. Úsáid agus leabharmharcáil Re-open EU ar ríomhaire deisce agus ar threalamh móibíleach. |
|
10 Meitheamh 2020 – Dlús á chur ag an Aontas Eorpach leis na bearta chun dul i ngleic le bréagaisnéis faoin gcoróinvíreasTá dlús á chur ag an gCoimisiún Eorpach agus an tArdionadaí leis an gcomhrac in aghaidh bréagaisnéis faoin gcoróinvíreas trí bhealach chun cinn a mholadh i dTeachtaireacht Chomhpháirteach. Leagtar amach ann an fhreagairt láithreach agus na gníomhartha nithiúla a d’fhéadfaí a chur ar bun chun cur i gcoinne an rabharta ollmhór de bhréagaisnéis nó d’fhaisnéis mhíthreorach, iarrachtaí a dhéanann gníomhaithe eachtracha chun tionchar a imirt ar shaoránaigh agus ar dhíospóireachtaí an Aontais ina measc. San am céanna, leanfaidh an tAontas den tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a chinntiú agus de bheith ag tacú leis na meáin, a bhfuil ríthábhacht lena dtuairisciú neamhspleách le linn phaindéim an choróinvíris. Na gníomhartha atá molta, cuirfidh siad leis an obair a dhéanfaidh an tAontas amach anseo ar bhréagaisnéis, go háirithe an Plean Gníomhaíochta Eorpach maidir le Daonlathas, agus an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha. |
|
8 Meitheamh 2020 – Tá €314 mhilliún deonaithe ag an Aontas Eorpach do chuideachtaí nuálacha chun an coróinvíreas a chomhrac agus chun tacú leis an téarnamhTá sé fógartha ag an gCoimisiún Eorpach go bhfuil beagnach €166 mhilliún bronnta aige ar 36 chuideachta trí chlár píolótach luasaire na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí chun cabhrú leis na tionscadail nuálacha seo a leanas: ciarsúir bhithdhí-éilliúcháin, córais monatóireachta aerála ar chostas íseal a fhorbairt le haghaidh teagmhais le líon mór taismeach, agus ardán antasubstaintí chun cóireáil a chur ar chásanna tromchúiseacha ionfhabhtaithe. Déanfar níos mó ná €148 milliún a dheonú do 36 chuideachta eile a chuirfidh le plean téarnaimh na hEorpa, cuir i gcás trí thúir tuirbíní gaoithe a fhorbairt atá níos airde agus níos láidre agus déanta as modúil adhmaid. |
|
4 Meitheamh 2020 – €300 milliún geallta ag an gCoimisiún Eorpach don Chomhaontas VacsaíneAn 4 Meitheamh, d’fhógair an Coimisiún Eorpach go raibh €300 milliún á ghealladh aige do Gavi, an Comhaontas Vacsaíne, le haghaidh na tréimhse 2021-2025. Cuideoidh an maoiniú chun 300 milliún páiste ar fud an domhain a imdhíonadh agus stoc-charn vacsaíní a mhaoiniú mar chosaint ar ráigeanna galar ionfhabhtaíoch. Cinnteoidh sé go mbeidh tíortha áirithe in ann aistriú go rathúil go féinmhaoiniú agus níos mó ná 3.2 billiún dáileog den vacsaín a sheachadadh go 55 thír. Bailíodh os cionn €1.5 billiún le haghaidh an Chomhaontais Vacsaíne le linn imeacht gealltanas na Freagartha Domhanda ar an gCoróinvíreas, a chomhóstáil an Coimisiún Eorpach mar iarracht an lámh in uachtar a fháil ar an bpaindéim seo agus ceann eile a sheachaint. |
|
3 Meitheamh 2020 – Na chéad bearta déanta ag an gCoimisiún i dtreo Straitéis Chógaisíochta don Eoraip a ghlacadhTá treochlár maidir le Straitéis Chógaisíochta na hEorpa foilsithe ag an gCoimisiún Eorpach. Féadfaidh aon duine aiseolas a thabhairt agus cuidiú chun an togra a mhúnlú. Leis an Straitéis Chógaisíochta don Eoraip, tabharfar aghaidh ar rioscaí, cinnteofar acmhainneacht táirgeachta cógaisíochta na hEorpa, tabharfar tacaíocht do thionscal cógaisíochta na hEorpa mar nuálaí agus mar cheannaire domhanda, agus cinnteofar soláthar cógas atá slán agus inacmhainne san Eoraip. Téann an Coimisiún i gcomhairle go rialta le saoránaigh, gnólachtaí agus páirtithe leasmhara maidir lena thionscnaimh, ar nós na Straitéise Cógaisíochta don Eoraip. Beidh comhairliúchán poiblí ann a thiocfaidh sna sála ar an treochlár. |
|
28 Bealtaine 2020 – An Fhreagairt Dhomhanda ar an gCoróinvíreas: “An Sprioc Dhomhanda: Aontú ar mhaithe leis an Todhchaí” seolta le tacaíocht ó Global CitizenCuireadh tús leis an bhFreagairt Dhomhanda ar an gCoróinvíreas an 4 Bealtaine agus go dtí seo tá €9.8 billiún tiomsaithe le haghaidh rochtain uilíoch ar vacsaíní, córacha leighis agus tástáil i leith an choróinvíris. Maidir le seoladh na chéad chéime eile,seo mar a labhair an tUachtarán von der Leyen: “Caithfidh an domhan go léir teacht le chéile agus an lámh in uachtar a fháil ar an víreas seo faoi dheireadh is faoi dheoidh. Is é an dea-scéala atá ann go bhfuil sé sin ar siúl cheana féin. Tá feachtas nua á sheoladh againn ar a dtugtar “An Sprioc Dhomhanda: Aontú ar mhaithe leis an Todhchaí”. Is ó Global Citizen a tháinig an smaoineamh. Le linn na míosa seo chugainn, cuirfidh daoine a dtuairimí in iúl agus cuirfidh siad leis an gcomhrac atá ar bun againn le chéile i gcoinne an choróinvíris. Beidh an chomhdháil gealltanas dheiridh á hóstáil agam an 27 Meitheamh le go mbeidh gnólachtaí, fondúireachtaí agus saoránaigh in ann dul i gcomhar le deontóirí poiblí.” |
|
27 Bealtaine 2020 – Seo uain na hEorpa: Plean Téarnaimh ollmhór ar fiú €2.4 trilliún é curtha i láthair chun deisiú agus ullmhú a dhéanamh le haghaidh na chéad ghlúine eileD’fhonn tús a chur le téarnamh na hEorpa agus beatha daoine, slite beatha agus poist a chosaint, tá plean téarnaimh ollmhór ar fiú €2.4 trilliún é á bheartú ag an gCoimisiún Eorpach. Tá an plean bunaithe ar leas iomlán a bhaint as buiséad cumhachtach, nua-aimseartha, athchóirithe de chuid an Aontais chun an Eoraip a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos digití, níos cuimsithí agus níos cothroime. Seo mar a labhair Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen: “Bainfidh an chéad ghlúin eile de mhuintir na hEorpa tairbhe as an bplean seo amach anseo. Ní hamháin go gcaomhnófar leis na hinfheistíochtaí seo an méid iontach a baineadh amach le 70 bliain anuas, ach cinnteofar leo freisin gur Aontas aeráidneodrach, digiteach, sóisialta atá againn agus gur gníomhaí láidir domhanda é sa todhchaí. Baineann sé seo linn go léir. Is tábhachtaí é ná aon duine againn. Seo uain na hEorpa.” |
|
26 Bealtaine 2020 – Dlúthpháirtíocht i gcomhthéacs an choróinvíris: Lucht tionsclaíochta an Aontais ag teacht le chéile chun cuidiú le saoránaigh an AontaisTá dlúthpháirtíocht den scoth léirithe ag cuideachtaí na hEorpa le linn na géarchéime. Tá roinnt cuideachtaí i ngach cearn den Eoraip a bhíodh ag táirgeadh teicstílí, éadaí agus táirgí cosmaideacha roimh an ngéarchéim ach a thosaigh ar threalamh cosanta pearsanta ar nós maisc aghaidhe, aerálaithe agus glóthach dhíghalraithe a tháirgeadh. Tá cuideachtaí Eorpacha ann a bhfuil sé geallta acu go mbronnfaidh siad táirgí saor in aisce ar shaoránaigh mar chomhartha dlúthpháirtíochta. Cuidíonn an Coimisiún Eorpach le cuideachtaí athfheistiú agus méadú a dhéanamh ar tháirgeadh trealamh cosanta pearsanta trí threoirlínte maidir le caighdeáin a chur ar fáil gan srian, trí dhlús a chur le formheas an trealaimh agus trí mholtaí a dhéanamh i dtaca le comhréireacht. |
|
20 Bealtaine 2020 – Pacáiste an Earraigh, an Seimeastar Eorpach: Moltaí maidir le freagairt chomhordaithe ar phaindéim an choróinvírisAn 20 Bealtaine, chuir an Coimisiún Eorpach moltaí tírshonracha i láthair le haghaidh Bhallstáit uile an Aontais agus le haghaidh na Ríochta Aontaithe, moltaí atá bunaithe ar straitéis fáis an Choimisiúin, lena gcuirtear inbhuanaitheacht iomaíoch chun cinn le geilleagar a thógáil a fhóireann do dhaoine agus don phláinéad araon. Clúdaíonn na moltaí sin réimsí éagsúla, cuir i gcás infheistíochtaí sa tsláinte phoiblí agus in athléimneacht na hearnála sláinte, fostaíocht a chaomhnú trí thacaíocht ioncaim a chur ar fáil d’oibrithe agus infheistíochtaí a dhéanamh i ndaoine agus i scileanna. Tá freagairt eacnamaíoch chomhordaithe Eorpach ríthábhachtach má táthar chun an ghníomhaíocht eacnamaíoch a chur ar a boinn arís, an dochar don saol eacnamaíoch agus sóisialta a mhaolú, agus chun neamhréireachtaí agus éagothroime a laghdú. Mar sin de, is cuid fhíorthábhachtach den straitéis téarnaimh é an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch agus an bheartais fostaíochta. |
|
19 Bealtaine 2020 – borradh curtha faoi thaighde ar an gcoróinvíreas le €122 mhilliún de mhaoiniú breiseTá €122 mhilliún eile slógtha ag an gCoimisiún óna chlár taighde agus nuálaíochta, Fís 2020, le haghaidh taighde a bhfuil géarghá leis ar an gcoróinvíreas. Leis an nglao nua ar léirithe spéise, táthar ag cur leis an €1.4 billiún a gheall an Coimisiún don tionscnamh um Fhreagairt Dhomhanda ar an gCoróinvíreas, a sheol an tUachtarán Ursula von der Leyen an 4 Bealtaine 2020. Le linn an taighde nua, beifear ag foghlaim ó ghrúpaí móra othar ar fud na hEorpa. D’fhéadfadh tuiscint níos fearr ar iarmhairtí iompraíochta agus soch-eacnamaíocha phaindéim an choróinvíris cabhrú chun straitéisí cóireála agus coisctheacha a fheabhsú. Ba cheart do na tionscadail a mhaoineofar faoin nglao seo a modhanna monaraíochta a atreorú chun díriú ar tháirgeadh tapa trealamh agus soláthairtí leighis ríthábhachtacha atá de dhíth le haghaidh tástála, cóireála agus coisc, agus teicneolaíochtaí leighis agus uirlisí digiteacha a fhorbairt chun feabhas a chur ar bhrathadóireacht, ar fhaireachas agus ar chúram leighis. |
|
13 Bealtaine 2020 – Tús a chur arís, go sábháilte leis an taisteal agus turasóireacht na hEorpa a chur ar a boinn arís: Gníomhartha á nglacadh ag an gCoimisiúnChun go mbeidh cead ag daoine dul ar saoire agus am a chaitheamh le clann agus cairde, chun go mbeidh gnólachtaí turasóireachta in ann a ndoirse a oscailt arís tar éis na míonna faoi dhianghlasáil, agus chun cabhrú leis na Ballstáit deireadh a chur de réir a chéile leis na srianta taistil agus na réamhchúraimí sláinte a bhfuil gá leo a urramú san am céanna, chuir an Coimisiún Eorpach sraith treoirlínte agus moltaí i láthair le haghaidh turasóirí, taistealaithe agus gnólachtaí. Mar chuid den phacáiste tá straitéis fhoriomlán, cur chuige comhchoiteann maidir leis an tsaorghluaiseacht a chur i bhfeidhm arís, creat chun tacú leis an iompar, moladh i dtaca le dearbháin taistil agus critéir chun an turasóireacht a chur ar a boinn arís. An cur chuige solúbtha sin, lena ligtear don earnáil turasóireachta leanúint dá gníomhaíochtaí, tá sé bunaithe ar an méid seo a leanas: critéir eipidéimeolaíochta, cur i bhfeidhm na mbeart imshrianta, agus cúrsaí eacnamaíocha agus scartha sóisialta. |
|
12 Bealtaine 2020 – €117 milliún deonaithe le haghaidh córacha leighis agus diagnóisic a bhaineann leis an gcoróinvíreasTá 8 dtionscadal ar scála mór roghnaithe ag an gCoimisiún, tionscadail arb é is aidhm dóibh córacha leighis agus diagnóisic a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar an gcoróinvíreas, mar chuid de ghlao luasaire ar thograí a seoladh i mí an Mhárta faoin Tionscnamh um Míochaine Nuálaíoch, ar comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí é. Mhéadaigh an Coimisiún an maoiniú a sannadh sa chéad dul síos do Fís 2020 ó €45 mhilliún go €72 mhilliún, agus cuirfidh an tionscal cógaisíochta, comhpháirtithe comhlachaithe an Tionscnaimh um Míochaine Nuálaíoch agus eagraíochtaí eile €45 mhilliún ar fáil, rud a fhágfaidh infheistíocht iomlán €117 milliún ann. Tá na tionscadail roghnaithe mar chuid den fhreagairt Eorpach chomhchoiteann ar an ráig den choróinvíreas atá á comhordú ag an gCoimisiún ó thús na géarchéime. Trí mhaoiniú a dháileadh ó Fís 2020 agus trí dhul i gcomhpháirtíocht leis an tionscal cógaisíochta, tá an Coimisiún in ann líon níos mó tograí ardchaighdeáin a mhaoiniú agus dlús a chur le forbairt diagnóisice agus córacha leighis a bhaineann leis an gcoróinvíreas, ar uirlisí ríthábhachtacha iad chun dul i ngleic leis an éigeandáil dhomhanda. |
|
11 Bealtaine 2020 – An Dlúthpháirtíocht Eorpach ar obair – Maisc rescEU seachadta go dtí an Mhacadóin Thuaidh agus go MontainéagróSeachadadh maisc go dtí an Iodáil, an Spáinn agus an Chróit cheana féin agus anois tá baisceanna breise á seachadadh go dtí an Mhacadóin Thuaidh agus go Montainéagró trí rescEU – an taisce choiteann Eorpach de threalamh leighis atá ann chun cabhrú le tíortha atá thíos leis an ráig den choróinvíreas. An 8 Bealtaine seachadadh an chéad bhaisc de 1.5 milliún masc leighis chuig 17 mBallstát agus chuig an Ríocht Aontaithe chun oibrithe cúraim sláinte a chosaint ar an gcoróinvíreas. Chomh maith leis sin déanfar bearta seachtainiúla breise de 1.5 milliún masc a sheachadadh sna sé seachtaine amach romhainn tríd an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála. Tá taisce rescEU á hóstáil ag an Rómáin agus ag an nGearmáin agus, mar sin de, is iadsan atá freagrach as an trealamh a sholáthar, cé gurb é an Coimisiún a chuireann 100% den mhaoiniú ar fáil chun na maisc agus trealamh eile a cheannach. Tá tuilleadh eolais le fáil anseo. |
|
8 Bealtaine 2020 – An Dlúthpháirtíocht Eorpach ar obair – an chéad bhaisc de 1.5 milliún masc seachadta ag an gCoimisiún chun tacú le hoibrithe sláinte an AontaisTá an chéad bhaisc de 1.5 milliún masc leighis á seachadadh chuig 17 mBallstát agus chuig an Ríocht Aontaithe chun oibrithe cúraim sláinte a chosaint ar an gcoróinvíreas. Chomh maith leis sin déanfar bearta seachtainiúla breise de 1.5 milliún masc a sheachadadh sna sé seachtaine amach romhainn. Na maisc is déanaí atá seachadta ag an Aontas, tá siad mar chuid de na 10 milliún masc a ceannaíodh le maoiniú ón gCoimisiún tríd an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála chun tacaíocht dhíreach a chur ar fáil do na Ballstáit chun iarmhairtí láithreacha na paindéime a mhaolú agus chun tacú leis an téarnamh. |
|
7 Bealtaine 2020 – Cabhair tugtha ag an gCoimisiún do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas oibrithe sláinte atá ann trí dhlús a chur leis an aitheantas a thugtar ar cháilíochtaí gairmiúla oibrithe sláinteChun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas oibrithe sláinte atá ann, d’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht ina bhfuil treoir le haghaidh na mBallstát. Leis an treoir cuirtear dlús le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla oibrithe leighis, déantar na rialacha a shoiléiriú ionas gur féidir le dochtúirí agus le haltraí atá faoi oiliúint a ngairmeacha a chleachtadh, agus éascaítear saorghluaiseacht gairmithe ionas go mbeidh siad in ann cabhair a thabhairt sna háiteanna is mó a bhfuil sí de dhíth. Chomh maith leis sin, dearbhaíonn an Teachtaireacht go bhfuil an Coimisiún ar fáil chun tacú leis na Ballstáit agus le gairmithe teacht tríd an ngéarchéim, a gcearta saorghluaiseachta a choinneáil agus sábháilteacht othar a chinntiú. |
|
6 Bealtaine 2020 – Réamhaisnéis Eacnamaíoch Earrach 2020 – cúlú eacnamaíoch agus téarnamhIn ainneoin na bhfreagairtí tapa cinntitheacha ón Aontas agus ó na Ballstáit, beidh cúlú eacnamaíoch san Aontas i mbliana ós rud é gur suaitheadh eacnamaíoch an-mhór é paindéim an choróinvíris. De réir Réamhaisnéis Eacnamaíoch Earrach 2020, measfar go dtiocfaidh crapadh 7.5% ar gheilleagar an Aontais in 2020 agus go bhfásfaidh sé tuairim agus 6% in 2021. Tá geilleagair an Aontais idirspleách ar a chéile agus, dá bharr sin, déanfaidh dinimic an téarnaimh i ngach Ballstát difear do neart an téarnaimh i mBallstáit eile. Beidh gá le freagairtí marthanacha nach bhfacthas a leithéid riamh ón Aontas agus ó na Ballstáit má táthar chun srian a chur leis an dochar don gheilleagar agus téarnamh tapa láidir a éascú chun na geilleagair a chur ag fás arís ar bhealach inbhuanaithe cuimsitheach. |
|
4 Bealtaine 2020 – An Fhreagairt Dhomhanda ar an gCoróinvíreas Tiomsaíodh €7.4 billiún ó dheontóirí ar fud an domhain le haghaidh rochtain uilíoch ar vacsaíníChláraigh an Coimisiún Eorpach €7.4 billiún i ngealltanais ó dheontóirí ar fud an domhain le linn imeacht gealltanas na Freagartha Domhanda ar an gCoróinvíreas a thosaigh inniu agus arb é is aidhm dó maoiniú a thiomsú chun diagnóisic, córacha agus vacsaíní in aghaidh an choróinvíris a fhorbairt agus a chur ar fáil go huilíoch. Seo mar a labhair an tUachtarán von der Leyen: “Inniu, léirigh an domhan aontacht iontach ar mhaithe leis an leas coiteann. Leis an leibhéal ard gealltanas seo beimid in ann vacsaín a fhorbairt, a tháirgeadh agus a chur ar fáil do chách. Níl ansin ach an tús áfach. Ní mór dúinn leanúint leis an iarracht agus a bheith ullamh le tuilleadh a chur leis. Leanfar ar aghaidh leis an imeacht gealltanas. I ndiaidh do na rialtais a gcion a dhéanamh, ní mór don tsochaí shibhialta agus do dhaoine ar fud an domhain páirt a ghlacadh san iarracht freisin, chun dóchas a shlógadh agus rún a dhéanamh ar leibhéal domhanda.” Tá tuilleadh eolais le fáil anseo. |
|
2 Bealtaine 2020 – Ag druidim linn: Imeacht gealltanas na Freagartha Domhanda ar an gCoróinvíreas le tosú Dé Luain, an 4 BealtaineMar chuid den Fhreagairt Dhomhanda ar an gCoróinvíreas, tá an tAontas Eorpach ag obair i gcomhar le comhpháirtithe domhanda chun tús a chur le hiarracht gealltanas chun córacha, vacsaíní agus diagnóisic a fhorbairt. Dé Luain, an 4 Bealtaine, beidh imeacht domhanda ar líne á óstáil ag an Uachtarán von der Leyen ar 3pm (Am Lár na hEorpa), agus beifear in ann é a leanúint ar EbS. Is é an sprioc thosaigh luach €7.5 billiún de ghealltanais a fháil. |
|
30 Aibreán 2020 – Méadú ar iarrachtaí an Choimisiúin Eorpaigh camscéimeanna a chosc agus tomhaltóirí a chosaintTá an Coimisiún Eorpach tiomanta tomhaltóirí a chosaint ar líne – go háirithe le linn phaindéim an choróinvíris agus maíomh bréagach á dhéanamh nó táirgí bréige á gcur chun cinn ag roinnt gníomhaithe bradacha. Le déanaí, sheol an Coimisiún Eorpach scagadh ar roinnt ardáin ar líne agus ar fhógraí lena chinntiú nach bhfuil ábhar míthreorach á chur i láthair tomhaltóirí san Aontas. Tá freagairt dhearfach tugtha ag ardáin ar líne (Allegro, Amazon, AliExpress, Microsoft/Bing, CDiscount, Ebay, Facebook, Google, Rakuten, Wish agus Yahoo/Verizon media) tar éis do Choimisinéir an Aontais Eorpaigh um Cheartas, an Coimisinéir Reynders, teagmháil a dhéanamh leo agus tá tiomantas láidir léirithe acu i leith fógraí míthreoracha agus mídhleathacha a bhaint anuas, agus ar an dóigh sin tomhaltóirí a chosaint. Is é Gréasán na n-údarás áitiúil um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí a dhéanfaidh na seiceálacha sin. |
|
29 Aibreán 2020 – Dul i ngleic le géarchéim an choróinvíris: Dlús á chur ag an gCoimisiún Eorpach lena thacaíocht do na Balcáin ThiarTá sé fógartha ag an gCoimisiún Eorpach go bhfuil níos mó ná €3.3 billiún de thacaíocht airgeadais á tabhairt ag an Aontas do na Balcáin Thiar chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha sláinte agus shóisialta i ngeall ar phaindéim an choróinvíris agus chun cabhrú leis an téarnamh eacnamaíoch. De bhreis ar an méid atá á dhéanamh ag an gCoimisiún roimh chruinniú cheannairí an Aontais agus na mBalcán Thiar an 6 Bealtaine 2020, tá tacaíocht níos fadtéarmaí leagtha amach i dtéarmaí ginearálta aige freisin – Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta a chuirfear i láthair san fhómhar. Seo mar a labhair an tUachtarán von der Leyen: “Tá freagracht ar leith orainn cabhrú lenár gcomhpháirtithe sna Balcáin Thiar le linn na paindéime seo, ós rud é gur léir gur san Aontas Eorpach a bheidh siad amach anseo. Tá pacáiste airgeadais suntasach á shlógadh ag an Aontas, mar léiriú ar an dlúthpháirtíocht láidir sin. Is i dteannta a chéile a thiocfaimid tríd an ngéarchéim seo agus a thiocfaimid chugainn féin arís”. |
|
28 Aibreán 2020 – Pacáiste baincéireachta: ag tacú le teaghlaigh agus gnólachtaí san Aontas EorpachGhlac an Coimisiún Eorpach pacáiste baincéireachta le cinntiú go leanfadh na bainc ar aghaidh ag tabhairt iasachtaí airgid, ag tacú leis an ngeilleagar agus ag cuidiú le tionchair eacnamaíocha an choróinvíris a mhaolú. Leis an bpacáiste, beidh bainc in ann leanúint ar aghaidh ag tabhairt iasachtaí airgid do theaghlaigh agus do ghnólachtaí ar fud an Aontais Eorpaigh. Mar chuid den phacáiste freisin tá Teachtaireacht Léirmhínitheach maidir le creataí cuntasaíochta agus stuamachta an Aontais chomh maith le leasuithe “réiteach tapa” spriocdhírithe ar rialacha baincéireachta an Aontais. Rachaidh an Coimisiún i dteagmháil le hearnáil airgeadais na hEorpa le féachaint ar bhealaí chun dea-chleachtais a fhorbairt, dea-chleachtais a thabharfadh tacaíocht bhreise do shaoránaigh agus do ghnólachtaí. |
|
27 Aibreán 2020 – Iarracht gealltanas dhomhanda seolta ag an Aontas Eorpach i gcomhar le comhpháirtitheIonas gur féidir leis diagnóisic, teiripic agus vacsaíní atá sábháilte, éifeachtach agus inacmhainne in aghaidh an choróinvíris a fhorbairt agus a chur ar fáil, tá an tAontas ag obair i gcomhar le comhpháirtithe domhanda chun tús a chur le hiarracht gealltanas – an Fhreagairt Dhomhanda ar an gCoróinvíreas – iarracht a thosófar an 4 Bealtaine 2020. Iarrfar ar thíortha agus ar eagraíochtaí ar fud an domhain gealltanas a thabhairt le cabhrú chun an sprioc €7.5 billiún a bhaint amach. Seo mar a labhair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen: “Ní mór dúinn an domhan mór, idir cheannairí agus saoránaigh, a thabhairt le chéile in aghaidh an choróinvíris. Seolfaimid iarracht gealltanas dhomhanda. Maratón ceart a bheidh ann. Teastaíonn freagairt dhomhanda agus gníomhaíochtaí leanúnacha ar go leor ábhar chun an ceann is fearr a fháil ar an gcoróinvíreas. Ní mór dúinn vacsaín a fhorbairt, a tháirgeadh agus a chur ar fáil i ngach cearn den domhan.” |
|
An 24 Aibreán 2020 – An Coimisiún Eorpach chun plean téarnaimh coiteann a mhúnlú a bhfuil buiséad fadtéarmach athchóirithe de chuid an Aontais lárnach annChuir ceannairí na hEorpa de chúram ar an gCoimisiún Eorpach freagairt chomhpháirteach ar an ngéarchéim a mhúnlú tar éis físchomhdhála an 23 Aibreán. Cuirfear tús le measúnú eacnamaíoch cuimsitheach go luath agus is é atá i mbuiséad an Aontais, agus é nasctha go soiléir leis an gCiste Téarnaimh, ionstraim fhadbhunaithe iontaofa atá in ann an líon mór cúraimí a bhaineann leis an téarnamh a dhéanamh. Úsáidfear formhór na hinfheistíochta chun comhtháthú infheistíochta agus eacnamaíoch a chruthú agus chun athléimneacht agus neamhspleáchas an Aontais a fheabhsú, agus san am céanna chun beartais nua-aimseartha, ar nós an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an aistrithe dhigitigh, a chur chun cinn. Comhpháirtíochtaí láidre i ngarchomharsanacht an Aontais, ní mór iad sin a neartú chomh maith. “An chéad bhuiséad fadtéarmach eile, is é sin an chéad bhuiséad seacht mbliana eile a bheidh againn, caithfear sin a chur in oiriúint do na dálaí nua a bheidh ann tar éis ghéarchéim an choróinvíris. Ní mór dúinn neart an bhuiséad sin a mhéadú ionas go mbeifear in ann an infheistíocht riachtanach a ghiniúint ar fud an Aontais Eorpaigh,” arsa an tUachtarán von der Leyen. Baineann na hiarrachtaí sin ar fad leis an Margadh Aonair a chosaint. Ba cheart tús áite a thabhairt d’infheistíochtaí sna chéad bhlianta agus beidh siad riachtanach an cothromas ceart a aimsiú idir deontais agus iasachtaí. |
|
An 23 Aibreán 2020 – Bearta eisceachtúla chun tacú le hearnáil an bhia agus na talmhaíochtaAr mhaithe le tacú go pras le hearnáil na talmhaíochta agus leis na margaí bia i gcomhthéacs na ráige den choróinvíreas, tá bearta eisceachtúla molta ag an gCoimisiún Eorpach. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún cabhair le haghaidh stóráil phríobháideach a dheonú i gcomhair táirgí déiríochta agus feola, sin agus solúbthacht a dheonú i dtaca le cur i bhfeidhm clár tacaíochta margaidh chun tosaíochtaí maoinithe a athdhíriú, agus maolú eisceachtúil ó rialacha iomaíochta an Aontais a dheonú chun earnálacha éagsúla de na margaí a chobhsú. Mar shampla, ceadófar d’earnáil an bhainne táirgeadh bainne a phleanáil ar bhonn comhchoiteann agus ceadófar d’earnálacha na mbláthanna agus na bprátaí táirgí a tharraingt siar ó na margaí. Ní bheidh na comhaontuithe agus cinntí sin bailí ach amháin go ceann sé mhí ar a mhéad. Déanfar dlúthfhaireachán ar ghluaiseachtaí praghais chun éifeachtaí díobhálacha a sheachaint. Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún go nglacfar na bearta sin faoi dheireadh mhí Aibreáin. |
|
An 22 Aibreán 2020 – Pacáiste cúnaimh airgeadais dar luach €3 bhilliún le haghaidh deich dtír chomharsanachtaMhol an Coimisiún pacáiste cúnaimh macrairgeadais dar luach €3 bhilliún a thabhairt do dheich gcinn de chomhpháirtithe an mhéadaithe agus de chomhpháirtithe comharsanachta, agus é mar aidhm dó teorainn a chur le hiarmhairtí eacnamaíocha ghéarchéim an choróinvíris sna tíortha comhpháirtíochta. Seo rud sa bhreis ar an straitéis €15.6 billiún ‘Team Europe’, freagairt spriocdhírithe an Aontais chun tacú le hiarrachtaí thíortha comhpháirtíochta dul i ngleic le paindéim an choróinvíris. Is iad na tairbhithe Poblacht na hAlbáine, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv, Ríocht Haisimíteach na hIordáine, Poblacht na Macadóine Thuaidh, Poblacht na Moldóive, Montainéagró, Poblacht na Macadóine Thuaidh, an tSeoirsia, Poblacht na Túinéise agus an Úcráin. |
|
An 21 Aibreán 2020 – Tacaíocht slógtha ag an Aontas don Iodáil, don Chróit agus do thíortha comharsanachtaTar éis don Aontas iarratais ar chúnamh a fháil trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta i gcomhthéacs an chomhraic i gcoinne phaindéim an choróinvíris, tá seachadadh lastas cúnaimh á chomhordú agus á chómhaoiniú aige san Aontas Eorpach féin agus sna tíortha comharsanachta. Tá maisc agus díghalrán á seoladh ag an tSlóvaic chun na hIodáile, agus tá lámhainní agus díghalrán á seoladh ag an Ostair chun na Cróite. Mar chuid de thacaíocht fhoriomlán an Aontais do na Balcáin Thiar, tá lámhainní, díghalrán agus nithe eile á seoladh ag an Ostair go dtí an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró agus an Mholdóiv. Gheobhaidh an tSeirbia pluideanna, tochtanna agus pubaill ón Ostair freisin le haghaidh na n-imirceach. |
|
An 20 Aibreán 2020 – An coróinvíreas: Ardán nua malartaithe sonraí le haghaidh taighdeoiríTá ardán nua sonraí de chuid an Aontais maidir le COVID-19 curtha ar bun ag an gCoimisiún Eorpach agus a chomhpháirtithe chun sonraí taighde cuimsitheacha a bhaineann leis an gcoróinvíreas a bhailiú agus a mhalartú go tapa, cuir i gcás sonraí maidir le seichimh DNA, struchtúir próitéine, sonraí ó thaighde réamhchliniciúil agus ó thrialacha cliniciúla agus sonraí eipidéimeolaíocha, chun na hiarrachtaí taighde a bhrú chun cinn. Tacaíonn an Coimisiún leis an taighde agus an nuálaíocht atá ar bun chun vacsaíní, cóireálacha nua, tástálacha diagnóiseacha agus córais leighis a fhorbairt chun leathadh an choróinvíris a chosc. Is cuid thábhachtach é an t-ardán i bhforbairt an Néil Eorpaigh maidir leis an Eolaíocht Oscailte, agus beidh taighdeoirí in ann éagsúlacht tátal a bhaineann leis an gcoróinvíreas a stóráil, a mhalartú agus a anailísiú, idir shonraí géanómaíocha, mhicreascópacht agus shonraí cliniciúla. |
|
An 17 Aibreán 2020 – Os cionn 500,000 saoránach den Aontas tugtha abhaileD’éirigh leis an Aontas Eorpach níos mó ná leathmhilliún saoránach, a ndearna srianta taistil an choróinvíris difear dóibh, a thabhairt abhaile trí eitiltí aisdúichithe a mhaoiniú agus trí thabhairt faoi dhianchomhar consalach. Ag tús na ráige den choróinvíreas, chuir timpeall 600,000 saoránach den Aontas in iúl go raibh siad sáinnithe lasmuigh den Aontas. Ba thaistealaithe gearrthéarmacha an mhórchuid díobh. Tá thart ar 98,900 saoránach den Aontas sáinnithe thar lear go fóill (an chuid is mó acu i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise agus san Afraic) agus tá iarrachtaí á ndéanamh lena dtabhairt abhaile go tapa sna laethanta amach romhainn. Tá na hiarrachtaí uathúla sin tar éis dul chun tairbhe freisin do shaoránaigh ó thíortha comhpháirtíochta, ina measc an Iorua, an tSeirbia, an Eilvéis, an Tuirc agus an Ríocht Aontaithe. Tugadh 5,000 dá saoránaigh abhaile ar eitiltí de chuid an Aontais. |
|
An 16 Aibreán 2020 – An tUachtarán von der Leyen: “Beidh an buiséad Eorpach ina chrann taca ag an téarnamh”Cé gur fiú cuid mhaith os cionn €3 thrilliún freagairt na hEorpa le chéile – tá sé sin ar an bhfreagairt is láidre aon áit ar domhan – tá a fhios againn go mbeidh níos mó ag teastáil, arsa an tUachtarán von der Leyen i bParlaimint na hEorpa. Beidh an buiséad Eorpach ina chrann taca ag an téarnamh, agus fágfaidh sé go mbeidh an geilleagar níos glaise agus níos digití. Beidh sé níos tábhachtaí ná riamh infheistíocht a dhéanamh san athchóiriú ar mhórscála, i bhfoinsí in-athnuaite, san iompar glan, sa bhia inbhuanaithe agus in athchóiriú an dúlra. A bhuí le leas a bhaint as gach uile euro atá ar fáil dúinn, bhíothas in ann infheistíocht a dhéanamh i soláthar trealaimh leighis, forbairt vacsaíní, soláthar post agus tacaíocht do ghnólachtaí chun an geilleagar a chur ag fás. Chuir an tUachtarán von der Leyen críoch lena cuid cainte le héileamh cumhachtach ar son an Aontais Eorpaigh: “Tá a fhios agam, má sheasaimid go léir le chéile ar son na hEorpa inniu – le misneach, muinín agus dlúthpháirtíocht – tá a fhios agam gurb uaisle ná riamh a bheidh anam na hEorpa amach anseo.” |
|
An 16 Aibreán 2020 – Cur chuige Eorpach i leith aipeanna rianaithe – go hiomlán deonach agus an príobháideachas á urramúChun córais rianaithe teagmhálaithe agus rabhaidh a chur ar bun atá deonach agus lena n-urramaítear an príobháideachas go hiomlán, tá uirlisí agus treoirlínte curtha i láthair ag an gCoimisiún Eorpach. Níor cheart aipeanna gaireachta atá bunaithe ar Bluetooth a úsáid ach amháin ar bhonn deonach. Ní mór dóibh a bheith ar ardchaighdeán slándála, inrochtana go héasca, agus éifeachtach agus ba cheart dóibh an príobháideachas a urramú go hiomlán, agus iad ag soláthar sonraí comhiomlánaithe neamhphearsanta do chomhlachtaí eipidéimeolaíocha sláinte poiblí chun beatha daoine a chosaint agus a shábháil. |
|
An 15 Aibreán 2020 – Treochlár Eorpach i dtaca le deireadh a chur leis na bearta imshrianta Chuir an Coimisiún Eorpach, i gcomhar le hUachtarán na Comhairle Eorpaí, treochlár, moltaí agus príomhphrionsabail i láthair i dtaca le deireadh a chur leis na bearta imshrianta. Chun cur chuige Eorpach atá comhordaithe rathúil a chur i bhfeidhm i leith deireadh a chur de réir a chéile leis na bearta imshrianta, beidh gá an tráth ceart a roghnú agus critéir choiteanna áirithe a chomhlíonadh: ní mór leathadh an víris a laghdú agus a chobhsú, acmhainn a bheith sna córais cúraim sláinte agus acmhainneachtaí tástála ar scála mór a chur ar fáil. Ba cheart líon áirithe beart a bheith ag gabháil leis an tréimhse ina mbeidh deireadh céimnithe a chur leis na bearta imshrianta – ní mór córas rianaithe teagmhála a chur ar bun, acmhainneachtaí tástála a leathnú, cóireálacha éifeachtacha a fhorbairt agus acmhainneacht a bheith sna córais cúraim sláinte. |
|
An 14 Aibreán 2020 – €2.7 billiún ó bhuiséad an Aontais chun tacú leis an earnáil cúraim sláinteChun tacaíocht dhíreach a thabhairt do na córais cúraim sláinte i mBallstáit an Aontais, mhol an Coimisiún Eorpach Ionstraim Tacaíochta Éigeandála an Aontais a ghníomhachtú, agus d’fhormheas an Chomhairle an beart sin go tapa an 14 Aibreán. Tacóidh an ionstraim €2.7 billiún le trealamh cosanta a dháileadh, othair a aistriú go hospidéil ina bhfuil acmhainn dóibh, agus cógais leighis agus modhanna tástála a fhorbairt. Úsáidfear an ionstraim in éineacht le huirlisí eile de chuid an Aontais, mar shampla stoc-charn leighis rescEU, atá ag fáil €300 milliún anuas ar an dáileadh tosaigh €80 milliún a bhí beartaithe, chun tacú le dáileadh trealaimh leighis ar fud an Aontais. Ina theannta sin, beidh daoine, fondúireachtaí agus Ballstáit in ann airgead a dheonú agus sluachistiú a dhéanamh. |
|
An 8 Aibreán 2020 – €15.6 billiún le haghaidh fhreagairt an Aontais ar an gcoróinvíreas; D’iarr an tAontas ar na Ballstáit a chinntiú go mbeidh cógais leighis ar fáilD’fhonn an coróinvíreas a chomhrac ar fud an domhain, tacóidh an tAontas leis an tsláinte phoiblí agus tabharfaidh sé aghaidh ar riachtanais dhaonnúla agus sláintíochta na dtíortha comhpháirtíochta ar fud an domhain trí chúnamh airgeadais ar fiú níos mó ná €15.6 billiún a chur ar fáil. San am céanna, an 8 Aibreán, d’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit cinnte a dhéanamh de go bhfuil teacht ag muintir na hEorpa ar chógais leighis, agus an tsláinte phoiblí a chosaint agus an Margadh Aonair a chaomhnú freisin. D’eisigh an Coimisiún treoirlínte maidir le soláthar leordhóthanach, iompar tapa agus dáileadh leigheasra ríthábhachtacha a chinntiú, agus aon ghanntanas a chosc. |
|
An 7 Aibreán 2020 – Cór Liachta an Aontais imlonnaithe go dtí an IodáilInniu, chuir Cór Liachta an Aontais, a bhí á chomhordú ag Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha an Aontais, foireann dochtúirí agus altraí de chuid na hEorpa ón Rómáin agus ón Iorua go Bergamo. Bhain an Ostair leas as an sásra chun 3,360 lítear de dhíghalrán leighis a thairiscint don Iodáil. Ina theannta sin, tá córas satailíte Copernicus an Aontais gníomhachtaithe ag an Iodáil chun saoráidí sláinte a mhapáil agus chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí. |
|
An 6 Aibreán 2020 – €8 mbilliún chun tacú le tuairim agus 100,000 gnólacht EorpachMaoiniú chun tacú le faoiseamh agus é a chur ar fáil do tuairim agus 100,000 gnólacht atá thíos le hiarmhairtí eacnamaíocha an choróinvíris, beidh sé ar fáil in Aibreán de réir mar a chuirfidh an Coimisiún Eorpach agus an Ciste Eorpach Infheistíochta €8 mbilliún ar fáil a bhuí leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha. Beidh gnólachtaí in ann iarratas ar thacaíocht a dhéanamh go díreach trína mbainc áitiúla agus/nó trí iasachtóirí atá páirteach sa scéim. Tá liosta de na rannpháirtithe le fáil ar an suíomh gréasáin Rochtain ar airgeadas. |
|
03 Aibreán 2020 – Rialacháin maidir le feistí leighis á gcur siar, dleachtanna custaim ar threalamh cosanta á mbaintMhol an Coimisiún rialacháin maidir le feistí leighis a chur siar bliain amháin le go mbeadh monaróirí in ann díriú ar fheistí leighis ríthábhachtacha a tháirgeadh agus ganntanais nó moilleanna a sheachaint a d’fhéadfadh comhlachtaí rialála a chruthú, agus ar an mbealach sin beatha daoine a shábháil. Rinne an Coimisiún cinneadh freisin dleachtanna custaim agus CBL ar iompórtáil feistí leighis agus trealaimh cosanta phearsanta ó thríú tíortha a bhaint ar bhonn sealadach. Trí iompórtáil masc, lámhainní, forchótaí agus trealaimh cosanta eile a dhéanamh níos saoire, i gcásanna áirithe suas le haon trian níos saoire, cuirfidh an cinneadh sin le hinfhaighteacht na n-earraí ríthábhachtacha sin agus cabhrófar leo siúd atá i ngátar. Seo mar a labhair Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen: “Táimid ag déanamh ár ndícheall i ngach réimse na bacainní a bhaint lena chinntiú go bhfaighidh ár ngairmithe sláinte na nithe a theastaíonn uathu chun beatha daoine a shábháil.” |
|
An 2 Aibreán – An fhreagairt ar an gcoróinvíreas: Gach uile euro á shlógadh ag an gCoimisiún chun beatha daoine agus slite beatha a chosaintChun tacaíocht a thabhairt go tapa d’oibrithe agus na rioscaí dífhostaíochta atá ann mar gheall ar an ráig den choróinvíreas a mhaolú, sheol an Coimisiún tionscnamh nua ar a dtugtar SURE – Tacaíocht chun rioscaí dífhostaíochta in éigeandálaí a mhaolú. D’fhonn cabhrú chun poist a chaomhnú agus tacú le teaghlaigh, le SURE cuirfear cúnamh airgeadais suas le €100 billiún ar fáil do na Ballstáit i bhfoirm iasachtaí a cheadófar ar théarmaí fabhracha. Mhol sé freisin na cistí struchtúracha uile atá ar fáil a atreorú chuig an bhfreagairt ar an gcoróinvíreas. Tabharfar tacaíocht freisin d’fheirmeoirí, d’iascairí agus do na daoine is mó a bhfuil cabhair de dhíth orthu. Le Tionscnamh an Aontais um Dhlúthpháirtíocht sa tSláinte, tionscnamh dar luach €3 bhilliún, riarfar ar riachtanais chórais sláinte na mBallstát. Tá freagairt gan fasach ó thaobh scála, luais agus dlúthpháirtíochta de dhíth chun dul i ngleic le tionchar ollmhór ghéarchéim an choróinvíris. Sin go díreach atá á chur ar fáil ag an gCoimisiún le pacáiste an lae inniu. |
|
An 1 Aibreán 2020 – Ábhar rialaithe nua forbartha ag eolaithe an Choimisiúin le haghaidh tástáil iontaofa ar an gcoróinvíreas ar fud an AontaisTá ábhar rialaithe nua deartha ag eolaithe sa Choimisiún Eorpach, ábhar is féidir a úsáid chun measúnú beacht a dhéanamh ar fheidhmiú a dtástálacha ar an gcoróinvíreas agus chun torthaí bréagdhiúltacha a sheachaint. Tá na samplaí den ábhar rialaithe an-tiubhaithe agus ní gá ach méid an-bheag a úsáid chun tástáil amháin a sheiceáil. |
|
An 31 Márta 2020 – rabhadh ón Uachtarán von der Leyen: Ní mór do bhearta éigeandála i leith an choróinvíris bunphrionsabail agus bunluachanna an Aontais a urramúLe seachtainí beaga anuas, tá bearta éigeandála glactha ag roinnt Ballstát chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte atá cruthaithe ag an ráig den choróinvíreas. Tá sé fíorthábhachtach nach ndéanfaidh bearta éigeandála dochar dár mbunphrionsabail ná dár mbunluachanna mar atá leagtha amach sna Conarthaí. |
|
An 30 Márta 2020 – seoladh rannóg thiomnaithe ‘An bhréagaisnéis a chomhrac’ a bhaineann leis an ráig den choróinvíreasTá borradh faoin mífhaisnéis agus faoin mbréagaisnéis i réimse na sláinte, scéalta faoi COVID-19 san áireamh. Tá sé tábhachtach gur ar fhoinsí údarásacha, agus orthu sin amháin, a bhíonn tú ag brath chun teacht ar an eolas is déanaí |
|