Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  • Alt nuachta
  • 10 Márta 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad

Tomhaltóirí an Aontais a chosaint: Teipeann ar níos mó ná leath na dtrádálaithe athláimhe ar líne dlíthe tomhaltóirí an Aontais a chomhlíonadh

A woman organised clothes to sell online

Gach bliain, úsáideann na milliúin tomhaltóirí Eorpacha trádálaithe ar líne chun earraí athláimhe a cheannach, cuir i gcás éadaí, trealamh leictreonach, bréagáin agus go leor eile. 

Agus earraí athláimhe á gceannach acu, luaitear i ndlí na hEorpa go bhfuil tomhaltóirí i dteideal na ráthaíochta céanna agus an eolais chéanna i dtaca le táirge, a gcearta agus an trádálaí óna bhfuil siad ag ceannach, agus a bhíonn acu agus iad ag ceannach aon earraí eile. 

Tá an tAontas tiomanta a chinntiú nach gcuirfidh cleachtais tráchtála trádálaithe tomhaltóirí amú agus go ndéanfar dlíthe an Aontais i dtaca le cosaint tomhaltóirí a fhorfheidhmiú. 

Chuige sin, rinne an Coimisiún Eorpach agus na húdaráis náisiúnta cosanta tomhaltóirí i 25 thír de chuid an Aontais, san Íoslainn agus san Iorua, scagadh (‘scuab-imscrúdú’) le déanaí ar 356 thrádálaí ar líne, ar shuíomhanna gréasáin nó ardáin oibriúcháin a dhíolann earraí athláimhe, chun a sheiceáil an raibh a gcleachtais i gcomhréir le dlí tomhaltóirí an Aontais. 

D’aithin siad go bhféadfadh 52% de na trádálaithe ar líne a athbhreithníodh dlí tomhaltóirí an Aontais a shárú. 

  • Níor chuir 40% acu tomhaltóirí ar an eolas faoina gceart chun tarraingt siar ar bhealach soiléir, cuir i gcás an ceart chun an táirge a thabhairt ar ais laistigh de 14 lá gan údar ná costas; 
  • Níor chuir 45% acu tomhaltóirí ar an eolas i gceart faoina gceart chun earraí lochtacha a thabhairt ar ais nó earraí nach n-oibríonn mar a fógraíodh nó nach bhfuil an chuma chéanna orthu agus a fógraíodh a thabhairt ar ais; 
  • Níor chloígh 57% acu leis an íostréimhse ráthaíochta dlíthiúla, is é sin bliain amháin, i gcás earraí athláimhe; 
  • Chuir 34% de na trádálaithe maímh chomhshaoil i láthair ar a suíomh gréasáin, agus as measc iad sin ní raibh bunús leordhóthanach le 20% acu agus bhí 28% acu bréagach nó meabhlach, nó cinneadh gur cleachtais éagóracha tráchtála iad

Tá an tAontas tiomanta a chinntiú go gcuirfear eolas níos fearr ar fáil do thomhaltóirí i dtaca le marthanacht agus indeisitheacht earraí agus i dtaca le cearta ráthaíochta dlíthiúla an tomhaltóra ag an díolphointe. 

Tá 185 thrádálaí curtha i leataobh ag údaráis tomhaltóirí le haghaidh tuilleadh imscrúdaithe agus cinnfidh siad an ndéanfaidh siad gníomhaíocht bhreise agus an n-iarrfaidh siad comhlíonadh de réir a nósanna imeachta náisiúnta. 

Tuilleadh eolais

Preaseisiúint 

Scuab-imscrúduithe a rinne an tAontas Eorpach roimhe seo 

Do chearta siopadóireachta – uirlis idirghníomhach chun cabhrú leat do chearta a thuiscint agus tú ag siopadóireacht san Aontas Eorpach 

An Gréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí 

Sonraí

Dáta foilsithe
10 Márta 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide