An raibh tú ag cur isteach ar phoist agus ar tháinig frustrachas ort toisc nach raibh an pá ar eolas agat? An ndeachaigh tú trí roinnt babhtaí agallamh, an ndearna tú trialacha, ar ullmhaigh tú doiciméid, agus ar chuir tú am agus fuinneamh suntasach isteach lena fháil amach sa deireadh go raibh an tuarastal i bhfad faoi bhun an mhéid a raibh tú ag súil leis? Nó tar éis na blianta a chaitheamh ag obair i do ról, an bhfuair tú amach go bhfuil tuarastal níos airde á fháil ag do chomhghleacaí as an obair chéanna a dhéanamh? Tá athrú á dhéanamh ag an Aontas ar an méid sin!Tá rialacha nua an Aontais maidir le trédhearcacht pá ag teacht i bhfeidhm ar fud an Aontais anois. Leis na rialacha sin, méadófar trédhearcacht pá, neartófar forfheidhmiú phrionsabal an phá chomhionainn idir mná agus fir, agus feabhsófar rochtain ar cheartas d’íospartaigh an idirdhealaithe pá. Go praiticiúil, ciallaíonn sé sin go mbeidh ar fhostóirí an méid seo a leanas a dhéanamh:cuardaitheoirí poist a chur ar an eolas faoin tuarastal tosaigh nó faoin raon pá san fhógra folúntais nó roimh an agallamh, agus gan chead a bheith acu a thuilleadh ceist a chur orthu faoin bpá a bhí acu roimhemá iarrann fostaithe é, eolas a chur ar fáil dóibh faoina leibhéal pá aonair agus faoi na meánleibhéil phá, é briste síos de réir inscne, le haghaidh catagóirí oibrithe a dhéanann an obair chéanna nó obair ar comhionann a luacheolas a fhoilsiú faoin mbearna phá idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna (fostóirí a bhfuil 100 fostaí ar a laghad acu)measúnú pá a dhéanamh má léirítear i dtuarascálacha pá go bhfuil bearna phá 5% ar a laghad idir na hinscní, bearna nach féidir údar a thabhairt léi Leis na rialacha nua, cuirtear feabhas freisin ar rochtain ar cheartas d’íospartaigh an idirdhealaithe páis féidir le hoibrithe a d’fhulaing idirdhealú pá ar bhonn inscne cúiteamh a fháilbeidh ar fhostóirí nach gcomhlíonann oibleagáidí trédhearcachta a chruthú nach ndearnadh aon idirdhealú páBa cheart do Bhallstáit an Aontais pionóis a shocrú as riail an phá chomhionainn a shárúis féidir le comhlachtaí comhionannais agus ionadaithe oibrithe ionadaíocht a dhéanamh d’oibrithe in imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin Ó síníodh Conradh na Róimhe in 1957, is bunphrionsabal de chuid an Aontais Eorpaigh é an ceart chun pá comhionann idir mná agus fir as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach. Faoi láthair, is é 11.1% an bhearna phá idir na hinscní san Aontas. Chun cuidiú leis an mbearna sin a dhúnadh agus comhionannas inscne a chur chun cinn, mhol an Coimisiún an Treoir maidir le trédhearcacht pá, agus glacadh í in 2023.Tuilleadh eolaisIs díol sásaimh don Choimisiún an comhaontú polaitiúil maidir le rialacha nua de chuid an Aontais i ndáil le trédhearcacht páGníomhaíocht an Aontais maidir le pá comhionann Sonraí Dáta foilsithe5 Meitheamh 2026ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide