Cinntíonn an ionstraim Eorpach um inrochtaineacht (EAA) go bhfuil príomhtháirgí agus príomhsheirbhísí inrochtana ag daoine faoi mhíchumas, cuir i gcás gutháin, ríomhairí, teilifíseáin, seirbhísí baincéireachta agus íocaíochta, iompar poiblí, ardáin ríomhthráchtála agus cumarsáid leictreonach.Tá thart ar 100 milliún duine san Aontas Eorpach atá faoi mhíchumas. Is é is aidhm don EAA laghdú a dhéanamh ar na bacainní a bhíonn roimh na daoine sin ó lá go lá agus é a chur ar a gcumas rannpháirt iomlán a bheith acu sa tsochaí. Ní mór táirgí agus seirbhísí áirithe a dhíoltar san Aontas ceanglais choiteanna inrochtaineachta a chomhlíonadh anois. Ina measc, mar shampla, tá clómhéideanna leordhóthanacha agus gnéithe téacs go teanga a bheith san áireamh i dteirminéil íocaíochta féinseirbhíse, ríomhléitheoirí, agus gutháin chliste. Go praiticiúil, ciallaíonn sé an méid seo a leanas:Iompar poiblí: ní mór d’oibreoirí córais tuairisciú ar inrochtaineacht stáisiún agus a gcuid seirbhísí. Ní mór eolas maidir le seirbhísí iompair, cuir i gcás amchláir nó ceannachán ticéad, agus scáileáin eolais, a bheith inrochtana sna stáisiúin.Uimhir éigeandála an Aontais (112): daoine a bhfuil deacrachtaí cumarsáide acu, féadfaidh siad seirbhísí éigeandála a rochtain trí úsáid a bhaint as guth, téacs nó físeán i bhfíor-am agus ó áit ar bith san Aontas Eorpach.Uathmheaisíní bainc: daoine a bhfuil lagú radhairc orthu, féadfaidh siad rochtain níos fearr a fháil ar sheirbhísí baincéireachta a bhuí le comhéadain inrochtana ilchéadfacha. Cuidíonn riachtanais shonracha airde le húsáideoirí cathaoireacha rothaí agus le daoine a bhfuil seasamh beag acu.Trealamh TF: ní mór dó a bheith inrochtana agus comhoiriúnach le teicneolaíochtaí cúnta, rud a chuirfidh ar chumas daoine faoi mhíchumas páirt iomlán a ghlacadh san fhostaíocht. Ceanglaítear leis an ngníomh freisin oiliúint éigeantach maidir le míchumas agus inrochtaineacht do sholáthraithe seirbhíse.Tháinig EAA i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2025. Cuireann sé cothroime agus ceartas chun cinn agus fás, nuálaíocht agus soghluaisteacht fheabhsaithe á gcothú ag an am céanna trí leibhéal comhsheasmhach inrochtaineachta a chinntiú ar fud an Aontais. Tá an Coimisiún tiomanta i gcónaí comhdheiseanna a bheith ar fáil do chách agus a chinntiú nach bhfágfar aon duine ar lár.Tuilleadh eolaisAn ionstraim Eorpach um inrochtaineacht Cuir eolas ar an reachtaíocht Eorpach maidir le hinrochtaineachtCothroime shóisialta na hEorpa Sonraí Dáta foilsithe31 Iúil 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide