Page contents Page contents Gach bliain foilsíonn an Coimisiún tuarascáil maidir le monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais Eorpaigh le linn na bliana roimhe sin. Déantar athbhreithniú sa tuarascáil ar na príomhghnéithe den bhealach ar chuir na Ballstáit dlí an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm agus ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin chun é a fhorfheidhmiú in 2023. Sa phríomhthuarascáil leagtar amach na himscrúduithe is tábhachtaí de chuid an Choimisiúin agus nósanna imeachta maidir le sárú faoi thosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin. Cuirtear i láthair ar an leathanach gréasáin seo cásanna maidir le sárú, idirphléití EU Pilot agus gearáin de réir réimse beartais agus de réir Ballstáit, thar thréimhse cúig bliana. Ar leathanaigh thiomnaithe faoi réimsí beartais, tugtar eolas ar an gcaoi ar chuir an Coimisiún an chomhlíontacht chun cinn sna réimsí sin agus déantar tagairt do bhreithiúnais thábhachtacha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ar leathanaigh na mBallstát foilsítear eolas níos sonraí faoin tír aonair lena mbaineann. SáruitheTugann clár poiblí an Choimisiúin maidir le cásanna maidir le sárú rochtain ar liostaí de chásanna leanúnacha de réir réimse beartais agus Ballstáit. Déantar é a nuashonrú i bhfíor-am. Leis an gclár is féidir cuardach a dhéanamh freisin ar chásanna maidir le sárú a osclaíodh nó a dúnadh in 2023, nó ar chineálacha cinntí (e.g. litreacha fógra fhoirmiúil, tuairimí réasúnaithe nó tarchuir chuig an gCúirt Bhreithiúnais).Forbairt na gcásanna maidir le sárú Taispeántar sa chairt thuas líon na gcásanna nua agus na gcásanna dúnta, chomh maith leis na cásanna a bhí oscailte fós ag deireadh na bliana le haghaidh na tréimhse 2019-2023. Trí chliceáil ar an roghchlár anuas, is féidir leat réimse beartais a roghnú.Cásanna nua maidir le sárú[notranslate]new_infringement_cases_2019_2023[/notranslate]Trí chliceáil ar an gcairt idirghníomhach il-leibhéil seo, is féidir leat féachaint ar dháileadh na gcásanna nua maidir le sárú sa bhliain roghnaithe de réir an réimse beartais agus de réir an chineáil sáraithe.Cásanna maidir le sárú a bhí oscailte ag deireadh na bliana[notranslate]infringement_cases_open_at_year_end_2019_2023[/notranslate]Trí chliceáil ar an gcairt il-leibhéil thuas is féidir féachaint ar líon na gcásanna maidir le sárú a bhí oscailte ag deireadh na bliana roghnaithe de réir an réimse beartais.Cineál cásanna nua maidir le sárú in aghaidh an Bhallstáit Cineál cásanna maidir le sárú oscailte ag deireadh na bliana in aghaidh an Bhallstáit agus sa Ríocht Aontaithe Cásanna dúnta maidir le sárú ag brath ar an gcéim sa nós imeachtaIn 2023 dhún an Coimisiún 1,038 gcás maidir le sárú. I 94% de na cásanna, dúnadh an nós imeachta gan gá cinneadh a dhéanamh maidir le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Go sonrach, dhún an Coimisiún cásanna maidir le sárú ag na céimeanna seo a leanas:680 cás tar éis litir fógra fhoirmiúil a sheoladh faoi Airteagal 258 CFAE;300 cás tar éis tuairim réasúnaithe a bheith seolta;20 cás tar éis cinneadh a dhéanamh an cás a tharchur chuig an gCúirt ach roimh an t-iarratas a chur isteach;25 chás tar éis breithiúnas ón gCúirt faoi Airteagal 258 CFAE;tarraingíodh siar 13 chás ón gCúirt sular tugadh rialú. Tharraing an Coimisiún na cásanna sin siar toisc go ndearna na Ballstáit lena mbaineann na bearta ba ghá chun dlí an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh. Cásanna a tharchur chuig an gCúirt agus rialuithe na CúirteIn 2023, rinne an Coimisiún an cinneadh 82 chás ar an iomlán a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Tarchuireadh 77 de na cásanna sin chuig an gCúirt den chéad uair (faoi Airteagal 258 agus/nó 260(3) CFAE) agus tarchuireadh 5 chás chuig an gCúirt den dara huair (faoi Airteagal 260). Tar éis don Choimisiún cinneadh a dhéanamh cás a tharchur, ullmhaíonn sé an t-iarratas agus cuireann sé isteach do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh é. In 2023 chuir an Coimisiún 49 gcás faoi bhráid na Cúirte (cásanna ina measc a ndearnadh cinneadh tarchuir ina leith roimh 2023). Faoi Airteagal 260(3) CFAE, i gcás nár thug Ballstát fógra don Choimisiún faoina bhearta lena dtrasuitear treoir reachtach, féadfaidh an Coimisiún pionóis airgeadais a mholadh fiú nuair a tharchuireann sé cás chuig an gCúirt den chéad uair. Chinn an Coimisiún iarraidh ar an gCúirt pionóis airgeadais a fhorchur i 40 cás (is féidir tuilleadh eolais a fháil ar na céimeanna éagsúla de nós imeachta maidir le sárú anseo).In 2023 tnug an Chúirt 19 mbreithiúnas faoi Airteagal 258 CFAE, breithiúnas amháin faoi Airteagail 258 agus 260(3) CFAE agus trí bhreithiúnas faoi Airteagal 260(2) CFAE. D’fhorchuir an Chúirt smachtbhannaí airgeadais i gcoinne dhá Bhallstát (an Rómáin agus an tSualainn). D'íoc an Ríocht Aontaithe pionós airgeadais freisin.Is i bhfabhar an Choimisiúin a bhí 21 bhreithiúnas agus i 2 chás a bhain leis an mBulgáir agus leis an Danmhairg dhiúltaigh an Chúirt do ghníomhaíocht an Choimisiúin. Tá sé de cheangal ar na Ballstáit na bearta uile a dhéanamh is gá chun breithiúnas ón gCúirt a chomhlíonadh go pras. Ní tharlaíonn sé sin i gcónaí, áfach. Ag deireadh 2023, bhí 80 nós imeachta maidir le sárú faoi Airteagal 258 CFAE agus 17 nós imeachta maidir le sárú faoi Airteagal 260(2) CFAE fós oscailte tar éis breithiúnais ón gCúirt toisc gur mheas an Coimisiún nár chomhlíon na Ballstáit na breithiúnais go fóill. I gcásanna ina raibh smachtbhannaí airgeadais forchurtha ag an gCúirt cheana féin, tá íocaíochtaí pionósacha á n-íoc ag na Ballstáit lena mbaineann ón uair a thug an Chúirt a rialú, agus leanfaidh an Coimisiún de na híocaíochtaí sin a iarraidh go dtí go mbeidh an rialú comhlíonta go hiomlán acu. Smachtbhannaí airgeadais In 2023 tá smachtbhannaí airgeadais a d’fhorchuir Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh á n-íoc ag cúig Bhallstát – agus tá smachtbhannaí airgeadais a bhaineann le cásanna éagsúla maidir le sárú á n-íoc ag cuid acu ag an am céanna. Bhain siad leis na réimsí beartais seo a leanas: ceartas, an comhshaol, iomaíocht agus cánachas/custaim. D'íoc an Ríocht Aontaithe pionós airgeadais freisin. Léirítear sa ghraf thuas dáileadh na bpionós a íocadh in 2023 in aghaidh an Bhallstáit. Is méideanna cinntitheacha iad na méideanna a luaitear, tar éis gach leigheas dlíthiúil a bheith ídithe. Cásanna maidir le sárú a bhí oscailte tar éis breithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais in aghaidh an Bhallstáit Trí chliceáil ar an gcairt il-leibhéil thuas is féidir leat féachaint ar réimsí beartais na gcásanna maidir le sárú a bhí oscailte tar éis breithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais a bhaineann leis an mBallstát roghnaithe. Ní dhúnann an Coimisiún cásanna maidir le sárú go dtí go measann sé go bhfuil an rialú ón gCúirt comhlíonta go hiomlán ag an mBallstát lena mbaineann. Trasuí treorachaTá 34 threoir ann a raibh spriocdháta trasuí ag gabháil leo in 2023. Is lú sin ná an líon a bhí ann in 2022 (42). Leagann na reachtóirí síos na spriocdhátaí trasuí nuair a ghlacann siad treoir agus d’fhéadfaidís a bheith éagsúil ag brath ar an gcineál treorach atá i gceist, ar a fhad agus ar a chastacht. Mar shampla, d’fhéadfadh sprioc-amanna trasuí níos giorra a bheith ag gabháil le treoracha tarmligthe agus treoracha cur chun feidhme ná treoracha a ghlactar faoin ngnáthnós imeachta reachtach. In 2023 ba é 19 mí an meánfhad a bhí i gceist le treoir a raibh spriocdháta ag gabháil léi a thrasuí. Cásanna nua a bhain le trasuí déanach 2019-2023[notranslate]new_late_transposition_cases_2019_2023[/notranslate]Trí chliceáil ar an gcairt idirghníomhach il-leibhéil seo, is féidir leat féachaint ar dháileadh na gcásanna nua a bhain le trasuí déanach in 2023 de réir an réimse beartais agus de réir na hearnála laistigh den réimse beartais sin.Cásanna a bhain le trasuí déanach in 2023 in aghaidh an Bhallstáit agus sa Ríocht Aontaithe EU PilotIs uirlis é an t-idirphlé ‘EU Pilot’ a úsáideann an Coimisiún i gcás inar dócha go dtiocfaidh comhlíonadh aisti níos tapa ná nós imeachta foirmiúil maidir le sárú. Cuireann sí ar chumas an Choimisiúin roinnt cásanna a réiteach gan dul i muinín nós imeachta maidir le sárú. Féadfaidh an uirlis a bheith úsáideach freisin i gcásanna inar mian leis an gCoimisiún faisnéis fhíorasach nó dhlíthiúil a bhailiú a bhfuil gá léi chun a mheasúnú a dhéanamh.Cásanna nua maidir le EU Pilot 2019-2023[notranslate]new_eu_pilot_cases_2019_2023[/notranslate]Trí chliceáil ar an gcairt il-leibhéil idirghníomhach seo, is féidir leat féachaint ar dháileadh na gcásanna nua maidir le EU Pilot in 2023 de réir an réimse beartais agus de réir na hearnála beartais.Forbairt na gcásanna maidir le EU Pilot Léirítear sa chairt thuas líon na gcásanna maidir le EU Pilot a bhí nua nó a dúnadh nó a bhí oscailte fós ag deireadh na bliana le haghaidh na tréimhse 2019-2023. Trí chliceáil ar an roghchlár anuas, is féidir leat réimse beartais a roghnú.D’oscail an Coimisiún 253 chás maidir le EU Pilot in 2023. As na cásanna sin, ba ghearáin ba shiocair le 54 cheann díobh agus d’oscail an Coimisiún 199 gcinn díobh tar éis imscrúduithe féintionscnaimh.Dhún an Coimisiún 259 gcás maidir le EU Pilot in 2023, agus ba tar éis freagraí sásúla a fháil ó na Ballstáit lena mbaineann a dhún sé 209 gcinn díobh sin. Fágann sin go raibh ráta réitigh 81% ann, ráta is airde ná leibhéal 2022 (74%). Ina ionad sin, maidir le 29 gcás, dúnadh an t-idirphlé EU Pilot agus rinneadh moladh leanúint den tsaincheist a thuilleadh trí nós imeachta maidir le sárú. Bhí 5 cinn de na cásanna sin bunaithe ar ghearáin.Is iad seirbhísí airgeadais (7 gcás), gníomhú ar son na haeráide (6 chás) agus fuinneamh (4 chás) na réimsí beartais ina bhfuil an líon is mó cásanna EU Pilot a bhfuil sé beartaithe nósanna imeachta foirmiúla maidir le sárú a leanúint ina leith. Cásanna maidir le EU Pilot a bhí oscailte ag deireadh 2023 in aghaidh an Bhallstáit GearáinGearáin nua 2019-2023[notranslate]new_complaints_2019_2023[/notranslate]Trí chliceáil ar an gcairt il-leibhéil idirghníomhach seo, is féidir leat féachaint ar dháileadh na ngearán nua in 2023 de réir an réimse beartais agus de réir topaice.Forbairt gearán Taispeántar sa chairt thuas líon na ngearán nua agus líon na ngearán a láimhseáladh nó a bhí oscailte fós ag deireadh na bliana le haghaidh na tréimhse 2019-2023. Trí chliceáil ar an roghchlár anuas, is féidir leat réimse beartais a roghnú.Gearáin a láimhseáladh in 2023 Trí chliceáil ar an gcairt il-leibhéil idirghníomhach seo, is féidir leat féachaint ar dháileadh na ngearán a láimhseáladh in 2023 de réir an réimse beartais.Láimhseáil an Coimisiún 2,452 ghearán in 2023. Ní áirítear san fhigiúr sin comhfhreagras isteach, comhfhreagras a bhí cáilithe ag daoine agus ag cuideachtaí mar ghearáin, nár chomhlíon na critéir fhoirmiúla a ghabhann le gearán, agus ar tugadh freagra air faoi Chód an Choimisiúin Eorpaigh um Dhea-Iompar Riaracháin (1,071). I gcás 2,074 ghearán, níor shainaithin an Coimisiún aon sárú ar dhlí an Aontais Eorpaigh maidir le cuid díobh agus maidir leis an gcuid eile shainaithin sé sárú féideartha nach ndéanann an Coimisiún imscrúdú air, i bprionsabal, de réir cur chuige straitéiseach maidir le forfheidhmiú mar a leagtar síos sa teachtaireacht EU law: Better results through better application [Dlí an Aontais Eorpaigh: Torthaí níos fearr trí chur i bhfeidhm níos fearr].Tá feidhm aige sin, mar shampla, maidir le gearán faoi chás aonair a bhaineann le cur i bhfeidhm mícheart dhlí an Aontais i gcás nach bhfuil tásca leordhóthanacha ann go bhfuil cleachtas ginearálta ann nó teip chórasach ann i gcomhlíonadh dhlí an Aontais. Is féidir leis an ngearánaí rochtain a fháil ar mhodhanna chun sásamh a fháil maidir leis an tsaincheist trí shásraí náisiúnta sásaimh. Dá bhrí sin níl gá le himscrúduithe sonracha ón gCoimisiún.Rinne an Coimisiún beart leantach i leith 110 ngearán trí imscrúdú a dhéanamh orthu le hidirphlé ‘EU Pilot’ nó trí nós imeachta maidir le sárú. Sin laghdú le hais 2022 (170). Fágann sin go ndearna an Coimisiún beart leantach eile i leith 4.5% de ghearáin trí himscrúduithe in 2023.Dúnadh 238 ngearán toisc gur dhúblaigh iad ar ghearáin a bhí ann cheana, agus tarraingíodh 24 ghearán siar (ba iad na gearánaithe a tharraing siar iad nó tarraingíodh siar iad toisc nach bhfuarthas an fhoirm ghearáin). Ina theannta sin d’aistrigh an Coimisiún 6 ghearán chuig SOLVIT. In 2023 d’fhoilsigh an Coimisiún na hadmhálacha fála le haghaidh dhá ilghearán. Is éard is ilghearán ann an chaoi ar féidir leis an gCoimisiún roinnt gearán aonair ar an ábhar céanna nó ar ábhar comhchosúil in aghaidh na mBallstát céanna a láimhseáil. Cláraíonn an Coimisiún gach gearán faoi uimhir chláraithe amháin agus in ionad comhfhreagras aonair le gearánaithe cuireann sé fógraí poiblí ar leathanach gréasáin Europa. Déantar ilghearán a áireamh mar aon ghearán amháin sa staidreamh thuas. Bhain na hilghearáin sin leis na nithe seo a leanas:sárú a líomhnaítear a rinne an Ostair ar rialacha an Aontais maidir le saorghluaiseacht earraí (135 ghearán aonair);dréachtdlí orgánach na Spáinne maidir le pardún chun an staid institiúideach, pholaitiúil agus shóisialta sa Chatalóin a normalú, dréachtdlí a cuireadh síos i bParlaimint na Spáinne an 13 Samhain 2023 (6,773 ghearán aonair). Gearáin as ar eascair imscrúduithe ar EU Pilot nó ar sháruithe de réir topaice Is iad seo a leanas na Ballstáit is mó lena mbaineann na 110 ngearán a ndearnadh próiseas EU Pilot nó nós imeachta maidir le sárú ina ndiaidh:an Iodáil (20),an Ghearmáin (17),an Spáinn (15), agusan Fhrainc (15).I gcás nach réitíonn nósanna imeachta maidir le sárú, atá bunaithe ar ghearáin (nó a bhfuil gearáin mar bhunús leo), an sárú ar dhlí an Aontais ag an gcéim réamhdhlíthíochta, ní bhíonn drogall ar an gCoimisiún Ballstát a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.In 2023, rinne an Coimisiún 11 chinneadh Ballstát a tharchur chuig an gCúirt i gcás a d’eascair as gearán (10 mBallstát a bhí i gceist san iomlán). Is iad na réimsí beartais is mó lena mbaineann an margadh aonair (5 chás), go háirithe droch-chur i bhfeidhm na Treorach maidir le hÍocaíochtaí Déanacha (2 chás), agus an comhshaol (3 chás), go háirithe droch-chur i bhfeidhm na Treorach Réime Dramhaíola (2 chás). Meán-am chun gearáin a láimhseáil Léirítear sa chairt thuas an meán-am i seachtainí a theastaíonn sula ndéantar cinneadh gearáin a dhúnadh nó chun cinneadh a dhéanamh maidir lena n-imscrúdú a thuilleadh faoi idirphlé EU Pilot nó faoi nósanna imeachta maidir le sárú. In 2023 ba é 68 seachtaine an meán-am chun gearáin a dúnadh a láimhseáil, ar gearáin iad nach ndearnadh imscrúdú breise orthu trí idirphlé EU Pilot nó trí nósanna imeachta maidir le sárú.Ba é 84 seachtaine an meán-am chun gearáin a láimhseáil a ndearnadh imscrúdú breise orthu faoi nósanna imeachta EU Pilot nó faoi nósanna imeachta maidir le sárú agus a dúnadh in 2023. Breis eolais faoi chásanna maidir le sárú de réir an réimse beartaisTalmhaíocht agus Forbairt TuaitheCobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí CaipitilSoghluaisteacht agus IomparLíonraí Cumarsáide, Ábhar Digiteach agus TeicneolaíochtAn Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus MheánmhéideSláinte agus Sábháilteacht BiaFostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú SóisialtaImirce agus Gnóthaí BaileCánachas agus CustamFuinneamhCeartas agus Tomhaltóirí An ComhshaolIascach agus Gnóthaí Muirí Na BallstáitAn BheilgAn EastóinAn ChróitLucsamburgAn PholainnAn FhionlainnAn BhulgáirÉireAn IodáilAn UngáirAn PhortaingéilAn tSualainnAn tSeiciaAn GhréigAn ChipirMáltaAn Rómáin An DanmhairgAn SpáinnAn LaitviaAn ÍsiltírAn tSlóivéin An GhearmáinAn FhraincAn LiotuáinAn OstairAn tSlóvaicAn Ríocht Aontaithe ModheolaíochtLeagtar amach sa tuarascáil seo gníomhaíochtaí an Choimisiúin chun monatóireacht a dhéanamh ar dhlí an Aontais agus é a fhorfheidhmiú le linn 2023. D’fhéadfadh sé gur tháinig forbairt ó shin ar staid imeartha na gcásanna maidir le sárú a luadh.Freagraíonn réimsí beartais na tuarascála bliantúla do réimsí beartais Ard-Stiúrthóireachtaí (ASanna) an Choimisiúin. D’fhéadfadh ASanna éagsúla roinnt topaicí níos leithne a chumhdach, mar shampla d’fhéadfadh sáruithe ar an margadh aonair a bheith bunaithe ar reachtaíocht lena gcumhdaítear saorghluaiseacht daoine, earraí, seirbhísí agus caipitil thar theorainneacha laistigh den Aontas Eorpach, ach ina theannta sin cánachas, fostaíocht, cultúr, beartas sóisialta, oideachas, sláinte phoiblí, fuinneamh, cosaint tomhaltóirí, iompar, comhshaol (seachas cosaint an dúlra), agus an tsochaí faisnéise agus na meáin. Dá bhrí sin déantar sáruithe ar an margadh aonair a áireamh sa tuarascáil bhliantúil faoi na réimsí beartais sin atá níos sonraí.D’fhéadfadh athruithe teacht ar na figiúirí le himeacht ama le haghaidh réimse beartais faoi leith toisc go bhféadfaí cásanna a aistriú lena láimhseáil ó réimse beartais amháin go réimse beartais eile. Níor cheart neamhréireachtaí den chineál sin a bheith ann maidir le figiúirí foriomlána ar fud na réimsí beartais uile.San áireamh le tagairt do ‘ghearáin’ sa tuarascáil seo tá comhfhreagras isteach atá cáilithe ag seoltóirí mar ghearán cé nach gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar amach i bpointe 3 den Iarscríbhinn maidir le nósanna imeachta riaracháin i dtaca le caidreamh a láimhseáil leis an ngearánaí faoi chur i bhfeidhm dhlí an Aontais Eorpaigh a ghabhann leis an Teachtaireacht ‘EU law: Better results through better application [Dlí an Aontais Eorpaigh: Torthaí níos fearr trí chur i bhfeidhm níos fearr]. Thairis sin, san áireamh le tagairt do ‘ghearáin’ tá na ‘hilghearáin’, mar a thugtar orthu, ina láimhseálann an Coimisiún líon mór gearáin aonair faoi chomhad gearáin amháin (iontráil chlárúcháin). A mhéid a bhaineann leis an líon gearán, i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh difríocht a bheith ann le hais na bhfigiúirí ón tuarascáil bhliantúil roimhe mar gheall ar chlárúchán moillithe, clárúchán dúbailte nó clárúchán mícheart tráth aisghabhála na sonraí staidrimh. Eolas faoin Ríocht Aontaithe agus faoin gComhaontú um Tharraingt SiarAn Comhaontú um Tharraingt Siar lena leagtar amach socruithe maidir le tarraingt siar ordúil na Ríochta Aontaithe as an Aontas, tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020 agus rinneadh tríú tír den Ríocht Aontaithe go foirmiúil. Tháinig deireadh leis an idirthréimhse a socraíodh leis an gComhaontú um Tharraingt Siar an 31 Nollaig 2020. I gcomhréir leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, féadfaidh an Coimisiún leanúint de chásanna reatha maidir le sárú a shaothrú agus cásanna nua a oscailt i gcoinne na Ríochta Aontaithe mar gheall ar sháruithe ar dhlí an Aontais a tharla roimh dheireadh na hidirthréimhse, nó mar gheall ar shárú ar fhorálacha áirithe den Chomhaontú um Tharraingt Siar, a phrótacail ina measc. Dá bhrí sin, tá cásanna a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe san áireamh i staitisticí foriomlána na tuarascála seo.Ní mór do Bhallstáit an Aontais an Comhaontú um Tharraingt Siar a chur i bhfeidhm freisin. Ós rud é gur cuid de dhlí an Aontais é, is é an Coimisiún atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus as an gcur i bhfeidhm sin a fhorfheidhmiú. Tá eolas mionsonraithe faoin gcaoi a ndearnadh an chuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar a bhaineann le cearta na saoránach a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin anseo. Doiciméid 25 IÚIL 2024Faireachán ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais Eorpaigh Tuarascáil bhliantúil 2023Teangacha eile (23)български(1.91 MB - PDF)Íoslódáilespañol(1.73 MB - PDF)Íoslódáilčeština(1.79 MB - PDF)Íoslódáildansk(1.7 MB - PDF)ÍoslódáilDeutsch(1.74 MB - PDF)Íoslódáileesti(1.68 MB - PDF)Íoslódáilελληνικά(1.9 MB - PDF)ÍoslódáilEnglish(1.71 MB - PDF)Íoslódáilfrançais(1.8 MB - PDF)Íoslódáilhrvatski(1.75 MB - PDF)Íoslódáilitaliano(1.72 MB - PDF)Íoslódáillatviešu(1.79 MB - PDF)Íoslódáillietuvių(1.8 MB - PDF)Íoslódáilmagyar(1.79 MB - PDF)ÍoslódáilMalti(1.8 MB - PDF)ÍoslódáilNederlands(1.72 MB - PDF)Íoslódáilpolski(1.84 MB - PDF)Íoslódáilportuguês(1.77 MB - PDF)Íoslódáilromână(1.9 MB - PDF)Íoslódáilslovenčina(1.84 MB - PDF)Íoslódáilslovenščina(1.83 MB - PDF)Íoslódáilsuomi(1.76 MB - PDF)Íoslódáilsvenska(1.7 MB - PDF)Íoslódáil PreaseisiúintTuarascálacha bliantúla roimhe seo maidir le faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais Eorpaigh