Tá tionscal carranna na hEorpa ina earnáil ríthábhachtach dár ngeilleagar a chuireann 13 mhilliún post ar fáil agus ina bhfuil 7% de OTI an Aontais. Ós rud é go bhfuil dúshláin roimh an earnáil amhail teicneolaíochtaí nua, iomaíocht mhéadaitheach agus comhthéacs geopholaitiúil atá ag athrú, sheol an tUachtarán von der Leyen an tIdirphlé Straitéiseach ar Thodhchaí an Tionscail Mótarfheithiclí i mí Eanáir 2025. Tugtar le chéile san idirphlé ionadaithe ón tionscal, comhpháirtithe sóisialta, ionadaithe bonneagair agus na sochaí sibhialta chun teacht ar réitigh choiteanna.Ag cur le hobair an Idirphlé Straitéisigh, tá an Coimisiún tar éis Plean Gníomhaíochta don Tionscal Mótarfheithiclí a chur i láthair. Tá an Plean Gníomhaíochta deartha ag an gCoimisiún le go mbeidh tionscal rathúil carranna ann a chruthóidh poist, a spreagfaidh fás agus a chosnóidh an comhshaol do na glúnta atá le teacht. Príomhghnéithe an Phlean Gníomhaíochta Is é is aidhm don Phlean Gníomhaíochta an tionscal carranna a dhéanamh láidir, inbhuanaithe agus iomaíoch, agus na gníomhaíochtaí nithiúla seo a leanas ann: Nuálaíocht agus digitiúLe Comhghuaillíocht nua Eorpach le haghaidh feithiclí nasctha agus uathrialaitheacha, tabharfar le chéile príomhpháirtithe leasmhara mótarfheithiclí Eorpacha chun an chéad ghlúin eile de charranna a fhorbairt. Le hachair mhóra tástála agus ‘boscaí gainimh’ rialála, beidh an tsaoirse ag nuálaithe a dteicneolaíochtaí feithiclí uathrialaitheacha a thástáil agus a fheabhsú.Déanfaidh an Coimisiún tuilleadh forbartha ar na rialacha maidir le feithiclí uathrialaitheacha, agus in éineacht le comhpháirtithe príobháideacha, infheistiú in infheistíocht chomhpháirteach phoiblí-phríobháideach dar luach thart ar €1 bhilliún faoi 2027, le tacaíocht ón gclár Fís Eorpach, chun an Plean Gníomhaíochta a chur chun cinn.D’fhoilsigh an Coimisiún Teachtaireacht maidir le flíteanna corparáideacha glana ina gcuirtear béim ar shamplaí rathúla agus ina spreagtar tíortha an Aontais chun tuilleadh gníomhaíochtaí a dhéanamh chun flíteanna feithiclí cuideachtaí a dhéanamh níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol. Aistriú chuig feithiclí astaíochtaí nialasacha Chun an tsolúbthacht a mhéadú, molfaidh an Coimisiún leasú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Caighdeáin CO2 le haghaidh carranna agus veaineanna. Leis sin, chuirfí ar a gcumas do mhonaróirí na spriocanna a bhaint amach trína bhfeidhmíocht a mheánú thar thréimhse 3 bliana (2025-2027) agus aon easnamh thar thréimhse bliana nó 2 bhliain a fhritháireamh le gnóthachtálacha iomarcacha sa bhliain nó sna blianta eile, agus an uaillmhian fhoriomlán maidir le spriocanna 2025 á coinneáil ag an am céanna.Ag an am céanna, tá céimeanna á nglacadh ag an gCoimisiún chun borradh a chur faoin éileamh ar fheithiclí astaíochtaí nialasacha na hEorpa tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:dreasachtaí a chur ar fáil chun daoine a spreagadh aistriú chuig feithiclí astaíochtaí nialasachadlús a chur le leathadh amach na stáisiún luchtúcháin tríd an Tionscnamh maidir le Conair um Iompar Glanmuinín na dtomhaltóirí a threisiú le bearta amhail roghanna níos fearr maidir le deisiú ceallraíscéimeanna léasaithe shóisialta a spreagadh le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha nua agus athláimhe, chun go mbeidh iompar inbhuanaithe ar fáil do chách Athléimneacht an tslabhra soláthair a chinntiúTá slabhra soláthair neamhthuilleamaíoch agus táirgeadh ceallraí atá iomaíoch ó thaobh costais de ag teastáil ón Aontas. Chun é sin a bhaint amach, leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do thionscal ceallraí an Aontais agus de tháirgeadh na hEorpa a neartú. Féadfaidh sé tacaíocht dhíreach a chur ar fáil do tháirgeoirí ceallraí freisin.Chun spleáchais straitéiseacha a sheachaint, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún €1.8 billiún a leithdháileadh chun slabhra soláthair slán iomaíoch a chruthú le haghaidh amhábhair ceallraí. Scileanna a fheabhsú agus aghaidh a thabhairt ar an ngné shóisialtaChun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna, neamhréireanna scileanna agus lucht saothair atá ag dul in aois san earnáil mótarfheithiclí, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:tacaíocht an Chiste Eorpaigh don Domhandú a leathnú chun cabhrú le cuideachtaí agus le hoibrithe nuair is gámaoiniú ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) a mhéadú chun tacú le hoibrithe ar mian leo athsciliú agus deiseanna nua fostaíochta a lorgleas a bhaint as an athbhreithniú meántéarma ar CSE+ chun tíortha an Aontais a spreagadh tuilleadh maoiniúcháin a athchlárú don earnáil carrannatacaíocht a neartú d’oibrithe in earnálacha straitéiseacha, amhail an tionscal carranna, agus béim ar uas-sciliú agus ar athsciliú Ina theannta sin, déanfaidh an Fhaireachlann Eorpach um Aistriú Cóir sonraí a fhorbairt agus a bhailiú, chun rioscaí poist agus bearnaí scileanna amach anseo a shainaithint. Borradh a chur faoi athléimneacht an tionscail chun dul san iomaíocht ar an leibhéal domhandaChun tionscal gluaisteán an Aontais a dhéanamh níos iomaíche, cinnteoidh an Coimisiún cothrom iomaíochta trí ionstraimí cosanta trádála a úsáid, cuir i gcás bearta frith-fhóirdheontais. Leanfaidh an Coimisiún den chaibidlíocht le tíortha comhpháirtíochta freisin, chun feabhas a chur ar rochtain ar an margadh agus ar dheiseanna foinsithe.Molfaidh an Coimisiún bearta chun a chinntiú go neartóidh infheistíochtaí coigríche in earnáil mótarfheithiclí an Aontais iomaíochas fadtéarmach an tionscail. Ar deireadh, tá sé beartaithe aige freisin rialacháin a shimpliú chun an t-ualach riaracháin ar dhéantóirí gluaisteán na hEorpa a laghdú. Doiciméid Foilseacháin Ghinearálta5 Márta 2025Decarbonising corporate fleets - Factsheet Naisc ghaolmhara An tIdirphlé Straitéiseach ar Thodhchaí an Tionscail MótarfheithiclíCeisteanna agus Freagraí
Tá tionscal carranna na hEorpa ina earnáil ríthábhachtach dár ngeilleagar a chuireann 13 mhilliún post ar fáil agus ina bhfuil 7% de OTI an Aontais. Ós rud é go bhfuil dúshláin roimh an earnáil amhail teicneolaíochtaí nua, iomaíocht mhéadaitheach agus comhthéacs geopholaitiúil atá ag athrú, sheol an tUachtarán von der Leyen an tIdirphlé Straitéiseach ar Thodhchaí an Tionscail Mótarfheithiclí i mí Eanáir 2025. Tugtar le chéile san idirphlé ionadaithe ón tionscal, comhpháirtithe sóisialta, ionadaithe bonneagair agus na sochaí sibhialta chun teacht ar réitigh choiteanna.Ag cur le hobair an Idirphlé Straitéisigh, tá an Coimisiún tar éis Plean Gníomhaíochta don Tionscal Mótarfheithiclí a chur i láthair. Tá an Plean Gníomhaíochta deartha ag an gCoimisiún le go mbeidh tionscal rathúil carranna ann a chruthóidh poist, a spreagfaidh fás agus a chosnóidh an comhshaol do na glúnta atá le teacht.
Chun an tsolúbthacht a mhéadú, molfaidh an Coimisiún leasú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Caighdeáin CO2 le haghaidh carranna agus veaineanna. Leis sin, chuirfí ar a gcumas do mhonaróirí na spriocanna a bhaint amach trína bhfeidhmíocht a mheánú thar thréimhse 3 bliana (2025-2027) agus aon easnamh thar thréimhse bliana nó 2 bhliain a fhritháireamh le gnóthachtálacha iomarcacha sa bhliain nó sna blianta eile, agus an uaillmhian fhoriomlán maidir le spriocanna 2025 á coinneáil ag an am céanna.Ag an am céanna, tá céimeanna á nglacadh ag an gCoimisiún chun borradh a chur faoin éileamh ar fheithiclí astaíochtaí nialasacha na hEorpa tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:dreasachtaí a chur ar fáil chun daoine a spreagadh aistriú chuig feithiclí astaíochtaí nialasachadlús a chur le leathadh amach na stáisiún luchtúcháin tríd an Tionscnamh maidir le Conair um Iompar Glanmuinín na dtomhaltóirí a threisiú le bearta amhail roghanna níos fearr maidir le deisiú ceallraíscéimeanna léasaithe shóisialta a spreagadh le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha nua agus athláimhe, chun go mbeidh iompar inbhuanaithe ar fáil do chách