Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Pacáiste maidir le Cosaint an Daonlathais

Leis an bpacáiste um Chosaint an Daonlathais, rud a cuireadh chun cinn an 12 Nollaig 2023, tugtar isteach an méid seo a leanas:

  • Teachtaireacht ina ndéantar athbhreithniú ar an obair a rinneadh faoin bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach
  • togra reachtach chun comhchaighdeáin trédhearcachta agus chuntasachta a chur ar bun le haghaidh gníomhaíochtaí ionadaíochta leasa a fhéachann le tionchar a imirt ar an bpróiseas cinnteoireachta san Aontas agus a dhéantar thar ceann tríú tíortha.
  • moladh chun toghcháin shaora chothroma athléimneacha a chur chun cinn
  • moladh chun rannpháirteachas na saoránach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta i gceapadh beartas a chur chun cinn

Is é is aidhm do na comhchaighdeáin trédhearcachta an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • réimse daonlathach an Aontais a chosaint
  • muinín institiúidí a chur chun cinn
  • díospóireacht phoiblí oscailte a chosaint ar chur isteach faoi cheilt

Is é an aidhm atá ann gach ceann de na nithe thuas a bhaint amach agus urraim iomlán do chearta bunúsacha agus do luachanna daonlathacha a chinntiú ag an am céanna trí idirghabháil bheartais chomhréireach. Chun tacú leis an bpacáiste, d’fhoilsigh an Coimisiún torthaí shuirbhé comhlántach Eorabharaiméadair maidir leis an Daonlathas freisin

Céard é an Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach?

In 2020, ghlac an Coimisiún an Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach chun daonlathais níos athléimní a thógáil ar fud an Aontais tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • toghcháin shaora chóra a chur chun cinn
  • saoirse na meán cumarsáide a neartú
  • an bréageolas a chomhrac

Bhí rannpháirtíocht fhóinteach ghníomhach na saoránach, agus sochaí shibhialta ghníomhach, ina dtosaíochtaí trasearnálacha ar fud an phlean freisin. In 2023, roimh na chéad thoghcháin eile do Pharlaimint na hEorpa, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta agus shainaithin sé roinnt réimsí inar féidir leis an Aontas a bheith réamhghníomhach maidir le dúshláin atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn.

Faigh eolas faoin gcaoi ar athnuadh an Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas san Iarscríbhinn

Toghcháin shaora chóra a chosaint

Is gá gníomhaíochtaí cinnte a dhéanamh chun próisis toghcháin, agus an daonlathas Eorpach dá réir, a chosaint. Is éard a chiallaíonn sé sin toghcháin a choimeád saor agus cothrom, plé oscailte daonlathach a chaomhnú agus cosaintí digiteacha a nuashonrú.

Is iad seo a leanas na príomhghníomhaíochtaí sa réimse sin:

Saoirse na meán agus iolrachas

Tá saoirse na meán agus iolrachas na meán ríthábhachtach dár ndaonlathais agus tá siad cumhdaithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha. Is rudaí riachtanacha iad saoirse na meán agus an t-iolrachas sna meáin chun an chumhacht a thabhairt chun cuntais agus chun cuidiú le saoránaigh cinntí feasacha a dhéanamh. Trí eolas iontaofa a chur ar fáil don phobal, tá ról tábhachtach ag na meáin neamhspleácha sa chomhrac i gcoinne an bhréageolais agus i gcoinne na mí-ionramhála sa phlé daonlathach. Príomhthosaíochtaí is ea feabhas a chur ar shábháilteacht iriseoirí, iad a chosaint ar dhlíthíocht mhí-úsáideach, agus feabhas a chur ar thimpeallacht fhoriomlán iolrachas na meán, lena dtreoraítear gníomhaíocht an Aontais sa réimse sin:

  • Tháinig an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán, sraith nua rialacha chun iolrachas agus neamhspleáchas na meán a chosaint san Aontas, i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2024. Cinnteoidh an Gníomh gur féidir leis na meáin – idir na meáin phoiblí agus na meáin phríobháideacha – oibriú ar bhealach níos éasca thar theorainneacha i margadh inmheánach an Aontais, gan brú míchuí agus claochlú digiteach spás na meán á chur san áireamh. Bunaítear leis an nGníomh freisin comhar níos fearr idir údaráis na meán trí Bhord Eorpach nua um Sheirbhísí Meán. Tá feidhm ag an tacar nua rialacha ón 8 Lúnasa 2025.
  • In 2022 mhol an Coimisiún tionscnaimh nua chun feabhas a chur ar an gcosaint a thugtar d’iriseoirí agus do chosantóirí chearta an duine ar imeachtaí cúirte ionsaitheacha (SLAPPanna). Leis an Treoir, a tháinig i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2024, cumhdaítear SLAPPanna in ábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu. Cuireann sé ar chumas na mbreithiúna cásanna dlí a dhíbhe más léir nach bhfuil aon bhunús leo, is é sin cásanna i gcoinne iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine. Bunaítear léi freisin roinnt coimircí agus leigheasanna nós imeachta, amhail cúiteamh i leith damáistí, agus pionóis athchomhairleacha maidir le cásanna mí-úsáideacha a thabhairt. Ag an am céanna, ghlac an Coimisiún Moladh comhlántach chun na Ballstáit a spreagadh a gcuid rialacha a ailíniú le dlí an Aontais atá beartaithe le haghaidh cásanna intíre agus i ngach imeacht, ní i gcúrsaí sibhialta amháin. Iarrtar sa Mholadh freisin ar na Ballstáit raon beart eile a ghlacadh, oiliúint agus ardú feasachta, mar shampla, chun SLAPPanna a chomhrac.
  • In 2021, chuir an Coimisiún i láthair Moladh chun sábháilteacht iriseoirí agus gairmithe eile sna meáin a neartú. I measc nithe eile, iarrtar sa Mholadh go gcuirfear ar bun seirbhísí neamhspleácha náisiúnta tacaíochta, línte cabhrach, comhairle dlí, tacaíocht shíceolaíoch agus ionaid dídine d’iriseoirí agus do ghairmithe sna meáin atá ag dul i ngleic le bagairtí. Iarrtar ann freisin go dtreiseofaí an chosaint d’iriseoirí le linn léirsithe, a sábháilteacht ar líne agus tacaíocht le hiriseoirí ban go háirithe. 

An bréageolas, an chúbláil eachtrach ar eolas agus an trasnaíocht eachtrach a chomhrac

Is tosaíocht straitéiseach de chuid an Aontais le blianta beaga anuas é daonlathais na hEorpa a chosaint ar bhagairtí agus ar éifeachtaí díobhálacha an bhréageolais, na cúblála eolais agus na trasnaíochta eachtraí, go háirithe ó ghníomhaithe eachtracha. Tá an daonlathas ar fud an domhain ag dul i ngleic le hiomadú bréageolais agus oibríochtaí trasnaíochta eachtraí a d’fhéadfadh institiúidí daonlathacha a dhíchobhsú agus deighiltí sa tsochaí a dhéanamh níos measa, agus dochar a dhéanamh don mhuinín atá ag saoránaigh as córais an daonlathais. Is measa fós é sin mar gheall ar an digitiú, rud a fhágann gur féidir bréageolas a scaipeadh ar luas agus ar éifeachtúlacht nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo.

Faoin bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach, tá dlús curtha ag an Aontas lena iarrachtaí chun freagairt don timpeallacht bhagartha seo atá ag teacht chun cinn, ar bhonn intíre agus idirnáisiúnta araon. Cuireann sé sin leis an obair atá ar siúl ag an Aontas cheana féin, agus tá sé fréamhaithe i luachanna agus i bprionsabail na hEorpa. Déantar saoirse cainte na ndaoine a chosaint mar aon leis an gceart atá acu rochtain a fháil ar ábhar dlíthiúil.

Is iad seo a leanas na príomhghníomhaíochtaí sa réimse sin:

  • comhar neartaithe, ag tógáil ar na líonraí atá ann cheana chun comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíocht an Aontais mar fhreagairt ar rabharta méadaitheach d’fheachtais bhréagaisnéise
  • bosca uirlisí atreisithe chun an chúbláil eachtrach ar eolas agus trasnaíocht eachtrach eolais a chomhrac
  • cuntasacht bhreise na n-ardán ar líne a chinntiú chun scaipeadh an bhréageolais a chosc trí Chód Cleachtais neartaithe maidir leis an mBréagaisnéis, lena leagtar síos creat comhrialála, i gcomhréir leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha

Cuntasacht na n-ardán ar líne a chinntiú

Tar éis na treoraíochta a ghlac an Coimisiún in 2021 maidir le conas Cód Cleachtais an Aontais maidir le Bréagaisnéis atá ann cheana a neartú, síníodh Cód nua i mí an Mheithimh 2022, lenar tugadh le chéile ardáin mhóra speisialaithe ar líne, an tionscal fógraíochta ar líne, taighde agus an tsochaí shibhialta, chomh maith le seiceálaithe fíricí. Leagtar amach sa Chód raon leathan gealltanas, ó luach airgid a bhaint go trédhearcacht go rochtain ar shonraí. Tá creat láidir monatóireachta agus Lárionad Trédhearcachta ag gabháil leis an gCód chun trédhearcacht agus cuntasacht mhéadaithe a chinntiú, rud atá tábhachtach.

Leagtar síos leis freisin creat comhrialála i gcomhréir leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA), lena gcuirtear d’oibleagáid ar ardáin an-mhór ar líne agus ar innill chuardaigh measúnú rialta a dhéanamh ar na rioscaí córasacha a d’fhéadfadh a bheith ag baint lena seirbhísí don tsochaí, agus an baol go mbainfí mí-úsáid as a gcuid seirbhísí mar uirlis le haghaidh feachtais bhréageolais san áireamh.

Rannpháirtíocht agus rannpháirteachas cuimsitheach saoránach ar mhaithe le hathléimneacht dhaonlathach na hEorpa

Bunchloch na hathléimneachta daonlathaí is ea na naisc idir na daoine agus na hinstitiúidí daonlathacha a dhéanann ionadaíocht orthu a neartú. Spás sibhialta a chruthú le haghaidh rannpháirtíocht agus rannpháirteachas na saoránach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta i bpróisis ceaptha beartas, is ráthaíocht ríthábhachtach é d’athléimneacht ár gcóras daonlathach tráth toghcháin nó níos faide anonn.

Ba thosaíocht thrasearnálach é sin faoin bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach. Chuir an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa taithí luachmhar ar fáil maidir le conas rannpháirtíocht saoránach a neartú, rud a d’fhág go raibh céim nua de rannpháirteachas na saoránach ann leis na Painéil Saoránach Eorpach atá leabaithe anois i bpróiseas ceaptha beartas an Choimisiúin Eorpaigh.

Maoiniú don daonlathas

Leanann an Coimisiún de mhaoiniú tiomnaithe a shlógadh ó raon leathan Clár de chuid an Aontais atá ar fáil chun tacú le bearta agus spriocanna an Phlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach.

I measc na samplaí de na sruthanna maoinithe sin tá an méid seo a leanas: 

  • sláine toghcháin a chur chun cinn, borradh a chur faoi rannpháirteachas na saoránach, faoi rannpháirtíocht saoránach agus faoi mhuinín sa daonlathas, trí mhaoiniú ón gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna; Eoraip na Cruthaitheachta; Erasmus+; agus Fís Eorpach, Cistí comhtháthaithe
  • maoiniú a neartú d’eagraíochtaí meán nuachta laistigh den Aontas agus níos faide i gcéin, trí mhaoiniú ó Eoraip na Cruthaitheachta; An Eoraip Dhigiteach; Clár na hEorpa Domhanda um Chearta an Duine agus um Dhaonlathas
  • an bréageolas a chomhrac d’fhonn litearthacht sna meáin a chur chun cinn agus cuidiú le saoránaigh bréageolas a shainaithint trí mhaoiniú ó Erasmus+ agus ón gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach

Chun go mbeidh sé éasca bealach a dhéanamh trí chláir éagsúla, tá tairseach atá so-rochtana curtha ar bun ag an gCoimisiún, ar tairseach aonair í le haghaidh chistí an Aontais agus trínar féidir deiseanna maoinithe a bhaineann leis an daonlathas a aimsiú, i measc deiseanna eile.

Tionscnaimh ghaolmhara

An scéala is déanaí

Doiciméid