Gníomhaíocht dhaonlathach uathúil uile-Eorpach
Ba shraith díospóireachtaí agus pléite a bhí faoi stiúir na saoránach í an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a reáchtáladh ó mhí Aibreáin 2021 go dtí mí na Bealtaine 2022, lenar cuireadh ar chumas daoine as gach cearn den Eoraip a gcuid smaointe a chomhroinnt agus cabhrú chun ár dtodhchaí choiteann a mhúnlú. Ag deireadh an phróisis, cuireadh 49 dtogra faoi bhráid institiúidí an Aontais.
Ba é an chéad tionscnamh dá leithéid é, agus ba mhórghníomhaíocht dhaonlathach uile-Eorpach í an Chomhdháil. Mar chuid den chomhdháil, ceanglaíodh díospóireachtaí faoi stiúir na saoránach le huirlisí nuálacha, ardán digiteach ilteangach ina measc ar a bhféadfadh aon Eorpach smaointe a chomhroinnt, chomh maith le painéil saoránach náisiúnta agus Eorpacha.
Spreagadh daoine óga go háirithe chun bheith páirteach ann agus chun a gcuid smaointe a roinnt. Údaráis Eorpacha, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, chomh maith leis an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí eile, d’eagraigh siadsan imeachtaí freisin ina raibh an líon is mó daoine is féidir páirteach iontu.
Agus níos mó ná 5 mhilliún cuairt uathúil tugtha ar an ardán agus breis agus 700,000 duine rannpháirteach in imeachtaí, d’éirigh leis an gComhdháil fóram poiblí a chruthú le haghaidh díospóireacht oscailte chuimsitheach thrédhearcach leis na saoránaigh maidir le roinnt príomhthosaíochtaí agus príomhdhúshlán.

Tuarascálacha agus tograí deiridh
Tar éis próiseas eisceachtúil a mhair ar feadh bliana agus a bhí líon lán de phléití, de phlé agus de chomhoibriú idir saoránaigh as gach cearn den Eoraip i dtaca leis an gcineál Eoraip ar mhaith leo cónaí inti, tháinig deireadh oifigiúil leis an gComhdháil an 9 Bealtaine 2022 – Lá na hEorpa – in Strasbourg.
Ag an ócáid sin, chuir Comhchathaoirligh Bhord Feidhmiúcháin na Comhdhála tuarascáil deiridh i láthair ina raibh 49 dtogra chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán an Choimisiúin.
Chlúdaigh na tograí sin 9 n-ábhar:
Cuimsíodh mar chuid díobh cuspóirí ginearálta agus níos mó ná 300 beart nithiúil.
Féach leat samplaí de thograí agus de ghníomhaíochtaí atá curtha chun cinn cheana féin
Obair leantach ón gCoimisiún maidir le toradh na Comhdhála
An 17 Meitheamh 2022 d’fhoilsigh an Coimisiún measúnú mionsonraithe ar conas obair leantach a dhéanamh i dtaca le tograí na Comhdhála. Mar chuid den mheasúnú, cuimsíodh forléargas ar na chéad chéimeanna eile agus leagtar amach inti conas is fearr foghlaim ón gComhdháil agus an daonlathas rannpháirteach a leabú i gceapadh beartais agus dlíthe an Aontais.
Mar shampla, chun cur leis an rath a bhí orthu, tá ré nua de Phainéil Saoránach Eorpach tugtha isteach ag an gCoimisiún. Tugann na painéil sin saoránaigh le chéile chun plé agus moltaí a dhéanamh roimh phríomhthionscnaimh bheartais.
Faigh tuilleadh eolais faoi Phainéil na Saoránach Eorpach
Bunaithe ar thuarascáil chríochnaitheach na Comhdhála, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, roinnt tograí nua ina haitheasc ar Staid an Aontais 2022, agus sa Litir Intinne a ghabh leis. Cuireadh na tograí sin san áireamh freisin i gclár oibre 2023 an Choimisiúin.
Chun rannpháirtíocht a choinneáil ar bun agus chun rannpháirtithe na Comhdhála a choinneáil ar an eolas, eagraíodh imeacht aiseolais i mí na Nollag 2022. Deis a bhí san imeacht sin míniú a thabhairt do na saoránaigh faoin obair leantach atá á déanamh ag na trí institiúid de chuid an Aontais maidir leis na tograí ón gComhdháil.
Doiciméid
- български
- español
- čeština
- dansk
- Deutsch
- eesti
- ελληνικά
- English
- français
- hrvatski
- italiano
- latviešu
- lietuvių
- magyar
- Malti
- Nederlands
- polski
- português
- română
- slovenčina
- slovenščina
- suomi
- svenska
Bileoga eolais
- български
- español
- čeština
- dansk
- Deutsch
- eesti
- ελληνικά
- English
- français
- hrvatski
- italiano
- latviešu
- lietuvių
- magyar
- Malti
- Nederlands
- polski
- português
- română
- slovenčina
- slovenščina
- suomi
- svenska
- български
- español
- čeština
- dansk
- Deutsch
- eesti
- ελληνικά
- English
- français
- hrvatski
- italiano
- latviešu
- lietuvių
- magyar
- Malti
- Nederlands
- polski
- português
- română
- slovenčina
- slovenščina
- suomi
- svenska