Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

An Straitéis maidir le Comhionannas Inscne

An méid a baineadh amach agus na príomhréimsí gníomhaíochta.

An méid a baineadh amach i dtaca le comhionannas inscne

Tá éagothromaíocht fós ann ach tá dul chun cinn suntasach déanta ag an Aontas Eorpach maidir le comhionannas inscne le roinnt mhaith blianta anuas. Rinneadh an dul chun cinn sin a bhuí le

  • reachtaíocht
  • príomhshruthú inscne - gné na hinscne a chur san áireamh i ngach beartas eile
  • bearta sonracha ar mhaithe le cumhachtú na mban

Tá treochtaí dearfacha ann, cuir i gcás líon na mban i margadh an tsaothair a bheith ag méadú, agus an dul chun cinn atá déanta acu maidir le hoideachais agus oiliúint níos fearr a fháil.

Mar sin féin, tá bearnaí inscne go fóill i margadh an tsaothair.  Leanann mná de bheith faoi ró-ionadaíocht go fóill in earnálacha ar phá níos ísle agus faoi ghannionadaíocht i bpoist chinnteoireachta.

Treochlár um Chearta na mBan 

Ghlac an Coimisiún Eorpach an Treochlár um Chearta na mBan an 7 Márta 2025. Leagtar amach sa Treochlár fís fhadtéarmach chun comhionannas inscne a bhaint amach, í bunaithe ar chroíphrionsabail agus ar chuspóirí beartais a leagtar amach i nDearbhú prionsabal le haghaidh sochaí atá comhionann ó thaobh inscne de (san iarscríbhinn). Is é is aidhm dó cearta na mban a chaomhnú agus a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua maidir le comhionannas inscne, cuir i gcás claontacht, idirdhealú agus foréigean a éascaítear leis an teicneolaíocht. Leagtar amach sa Treochlár creat polaitiúil de chuid an Aontais do chearta na mban a bheidh mar threoir dár ngníomhaíochtaí sna blianta amach romhainn. Cuireann sé bunús ar fáil chun bearta spriocdhírithe dlíthiúla agus beartais a fhorbairt sa Straitéis maidir le Comhionannas Inscne tar éis 2025 agus ina dhiaidh sin agus chun beartais atá íogair ó thaobh inscne de a spreagadh i dtionscnaimh eile de chuid an Choimisiúin. 

Iarrann an Coimisiún ar na hInstitiúidí Eorpacha eile, go háirithe Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, an Dearbhú prionsabal maidir le sochaí atá comhionann ó thaobh inscne de a fhormhuiniú le linn 2025 agus cloí leis an ngealltanas sin. Iarrann an Coimisiún freisin ar institiúidí eile, ar na Ballstáit, ar na comhpháirtithe sóisialta, ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ar pháirtithe leasmhara ábhartha eile ról gníomhach a ghlacadh maidir le prionsabail agus cuspóirí an Treochláir a bhaint amach, agus bearta a chur ar aghaidh ar an leibhéal iomchuí.

  • 7 MÁRTA 2025
A Roadmap for women’s rights – Commission Communication
  • 7 MÁRTA 2025
Annex to the Roadmap on Women’s Rights - Declaration of principles for a gender-equal society

An Straitéis maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025

Is éard a fhíoraítear le Straitéis an Aontais maidir le Comhionannas Inscne gealltanas Choimisiún von der Leyen chun Aontas an Chomhionannais a bhaint amach. Mar chuid den Straitéis, cuirtear i láthair cuspóirí agus gníomhaíochtaí beartais chun dul chun cinn suntasach a dhéanamh i dtreo Eoraip ina bhfuil comhionannas ann idir fir agus mná faoi 2025. Aontas ina bhfuil mná agus fir, cailíní agus buachaillí, agus a gcuid éagsúlachtaí ar fad, saor lena mbealach féin a dhéanamh sa saol, Aontas ina bhfuil comhionannas deiseanna ann le go bhféadfaidh siad a bheith rathúil sa saol, Aontas inar féidir leo a bheith rannpháirteach sa tsochaí Eorpach agus a bheith i gceannas uirthi, is é sin an sprioc atá leagtha síos.

Is iad na príomhchuspóirí atá ann deireadh a chur leis an bhforéigean inscne-bhunaithe; cur in aghaidh steiréitíopaí inscne; na bearnaí inscne i margadh an tsaothair a líonadh; rannpháirtíocht chothrom a bhaint amach thar na hearnálacha éagsúla den gheilleagar; aghaidh a thabhairt ar an mbearna idir fir agus mná ó thaobh pá agus pinsin de; an bhearna idir fir agus mná ó thaobh cúraim de a dhúnadh agus cothromaíocht inscne a bhaint amach sa chinnteoireacht agus sa pholaitíocht. Leanann an Straitéis cur chuige déach i leith príomhshruthú inscne, in éineacht le gníomhaíochtaí spriocdhírithe. Is prionsabal cothrománach freisin é an trasnachas chun an Straitéis a chur i bhfeidhm. Cé go ndírítear sa Straitéis ar ghníomhaíochtaí laistigh den Aontas, tá sé ar aon dul le beartas seachtrach an Aontais maidir le comhionannas inscne agus cumhachtú na mban.

Ar cheann de na chéad nithe a mbeidh toradh praiticiúil air mar chuid den Straitéis, mhol an Coimisiún bearta ceangailteacha trédhearcachta pá an 4 Márta 2021. Glacadh an Treoir um Trédhearcacht Pá i mí na Bealtaine 2023. Leis na rialacha nua, cuideofar i dtaobh a chinntiú go mbainfear prionsabal an phá chomhionainn ar obair chomhionann nó ar obair ar comhionann a luach, prionsabal atá cumhdaithe sa Chonradh ó 1957 i leith, amach ó thaobh na praitice de faoi dheireadh.

An 8 Márta 2022 ghlac an Coimisiún Eorpach togra nua uile-Aontais le haghaidh treoir chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac.  Tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú polaitiúil an 6 Feabhra 2024 maidir leis an togra sin. Tá an Treoir sin ar an gcéad ionstraim dlí chuimsitheach ar leibhéal an Aontais chun dul i ngleic leis an bhforéigean in aghaidh na mban, rud atá fós ró-fhorleathan. Déanann sé cineálacha áirithe foréigin fhisiciúil, as líne agus ar líne araon, a choiriúlú. Leis an Treoir freisin déantar foráil maidir le bearta cuimsitheacha le haghaidh chosaint na n-íospartach, agus le rochtain ar an gceartas agus ar thacaíocht, tearmainn, ionaid éigeandála um éigniú agus línte cabhrach cuir i gcás.

Is cloch mhíle eile é an Treoir maidir le cothromaíocht inscne ar bhoird chorparáideacha, lena bhféachtar leis an gcothromaíocht inscne a fheabhsú i bpoist chinnteoireachta chorparáideacha sna cuideachtaí liostaithe is mó san Aontas. Tar éis 10 mbliana de chaibidlíocht, glacadh an Treoir ar deireadh an 22 Samhain 2022. Cuideoidh an dlí nua seo de chuid an Aontais leis an tsíleáil ghloine ar bhoird na gcuideachtaí liostaithe a bhriseadh agus tabharfaidh sé fíordheis do líon mór ban atá cáilithe do phoist shinsearacha iad a fháil.

Ó mhí Lúnasa 2022 ar aghaidh, tá feidhm ag cearta nua cothromaíochta oibre is saoil ar fud an Aontais do thuismitheoirí agus do chúramóirí. I mí Mheán Fómhair 2022 chuir an Coimisiún an Straitéis Eorpach um Chúram i láthair, straitéis atá nasctha le spriocanna nua maidir le hoideachas agus cúram na luath-óige chun cur le rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair. 

An 8 Márta 2023 sheol an Coimisiún Eorpach feachtas chun cur in aghaidh steiréitíopaí inscne. Leis an bhfeachtas #EndGenderStereotypes, a reáchtáladh le linn 2023, chuathas i ngleic le steiréitíopaí inscne a mbíonn tionchar acu ar na fir agus ar na mná araon i réimsí éagsúla den saol, roghanna gairme, comhroinnt na bhfreagrachtaí cúraim agus cinnteoireacht ina measc.

I mí Dheireadh Fómhair 2023 rinneadh páirtí den Choimisiún i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, is é sin Coinbhinsiún Iostanbúl. Tá an tAontas faoi cheangal anois ag caighdeáin chuimsitheacha uaillmhianacha maidir le foréigean in aghaidh na mban a chosc agus a chomhrac i réimse an chomhair bhreithiúnaigh, i dtaca le hábhair choiriúla, leis an tearmann agus leis an non-refoulement agus i ndáil leis an riarachán poiblí a ghabhann leis an réimse sin. Tá bearta cistiúcháin, beartais agus reachtacha san áireamh sna caighdeáin sin.

I bhfómhar na bliana 2023, bhunaigh an Coimisiún líonra de chuid an Aontais maidir le foréigean inscnebhunaithe agus foréigean teaghlaigh a chosc.  Cuireann an líonra spás ar fáil do na Ballstáit agus do pháirtithe leasmhara chun saincheisteanna nua agus saincheisteanna atá ag teacht chun cinn a phlé maidir le foréigean a chosc, agus eolas agus dea-chleachtas a mhalartú.

I mí na Nollag 2024, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorabharaiméadar maidir le Steiréitíopaí Inscne. Léiríonn na torthaí go measann saoránaigh an Aontais go dtéann comhionannas inscne chun tairbhe do mhná agus d’fhir araon. Mar sin féin, tá steiréitíopaí inscne fós ann i réimsí éagsúla, le héagsúlachtaí i measc na mBallstát agus na n-aoisghrúpaí.  

  • 5 MÁRTA 2020
Gender Equality Strategy 2020-2025
IWD
  • Foilseacháin Ghinearálta
  • 7 Márta 2024
Factsheet - Championing Gender Equality
Striving for a Union of Equality
  • Foilseacháin Ghinearálta
  • 5 Márta 2020
Ag dréim le hAontas an Chomhionannais a bheith i réim: An Straitéis maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025

Ag dréim le hAontas an Chomhionannais a bheith i réim: An Straitéis maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025

  • Амбиция за Съюз на равенство: Стратегията за равенство между половете за 2020—2025 г.
    (323.12 KB - PDF)
  • Trabajar por una Unión de la Igualdad: La Estrategia para la Igualdad de Género 2020-2025
    (263.59 KB - PDF)
  • Na cestě k Unii rovnosti: Strategie pro rovnost žen a mužů na období 2020–2025
    (268.48 KB - PDF)
  • På vej mod en Union med ligestilling: Strategien for ligestilling mellem kønnene 2020-2025
    (347.77 KB - PDF)
  • Hin zu einer Union der Gleichheit: Strategie für die Gleichstellung der Geschlechter 2020-2025
    (274.19 KB - PDF)
  • Eesmärgiks on võrdõiguslik liit: Soolise võrdõiguslikkuse strateegia 2020–2025
    (242.72 KB - PDF)
  • Με στόχο μια Ένωση ισότητας: Η στρατηγική για την ισότητα των φύλων 2020-2025
    (266.74 KB - PDF)
  • Gender Equality Strategy Factsheet - Striving for a Union of Equality: The Gender Equality Strategy 2020-2025
    (243.93 KB - PDF)
  • Vers une Union de l’égalité: La stratégie en faveur de l’égalité entre les hommes et les femmes 2020-2025
    (270.69 KB - PDF)
  • Težnja za Unijom ravnopravnosti: Strategija za rodnu ravnopravnost 2020. – 2025.
    (247.67 KB - PDF)
  • Verso un'Unione dell'uguaglianza: La strategia per la parità di genere 2020-2025
    (283.14 KB - PDF)
  • Centieni izveidot Līdztiesības savienību: Dzimumu līdztiesības stratēģija 2020.–2025. gadam
    (256.93 KB - PDF)
  • Lygybės Sąjungos siekimas: 2020–2025 m. lyčių lygybės strategija
    (259.86 KB - PDF)
  • Az egyenlőségközpontú Unió megteremtése: A 2020-2025 közötti időszakra szóló nemi esélyegyenlőségi stratégia
    (275.39 KB - PDF)
  • Ħidma għal Unjoni ta’ Ugwaljanza: L-istrateġija għall-Ugwaljanza bejn il-Ġeneri 2020–2025
    (489.35 KB - PDF)
  • Streven naar een Unie van gelijkheid: De strategie voor gendergelijkheid 2020-2025
    (284.23 KB - PDF)
  • Dążenie do Unii równości: Strategia na rzecz równouprawnienia płci na lata 2020–2025
    (266.13 KB - PDF)
  • Rumo a uma União da Igualdade: Estratégia Europeia para a Igualdade de Género 2020-2025
    (289.64 KB - PDF)
  • Către o Uniune a egalității: Strategia privind egalitatea de gen (2020-2025)
    (271.56 KB - PDF)
  • Snaha o vybudovanie Únie rovnosti: Stratégia pre rodovú rovnosť na roky 2020 – 2025
    (276.63 KB - PDF)
  • Prizadevanja za Unijo enakosti: Strategija za enakost spolov 2020-2025
    (262.69 KB - PDF)
  • Tavoitteena tasa-arvon unioni: Sukupuolten tasa-arvostrategia 2020–2025
    (249.21 KB - PDF)
  • Ett jämställt EU i sikte: Jämställdhetsstrategi 2020-2025
    (268.77 KB - PDF)

An tuarascáil bhliantúil maidir le comhionannas inscne

Tuarascáil 2025 maidir le comhionannas inscne san Aontas, is í sin an cúigiú tuarascáil agus an tuarascáil dheireanach faoi Straitéis maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025. Déantar breithniú sa tuarascáil ar sheasamh an Aontais agus na mBallstát i dtaca le comhionannas inscne. Is éard a chuirtear i dtábhacht inti an méid a bhain an tAontas amach sna cúig phríomhréimse a chumhdaítear sa straitéis, sin agus tugtar samplaí eiseamláireacha ó na Ballstáit agus ó thionscadail atá maoinithe ag an Aontas sna réimsí sin.

  • 7 MÁRTA 2025
2025 report on gender equality in the EU

Féach na tuarascálacha uile a bhí ann roimhe maidir le Comhionannas Inscne (Níor foilsíodh aon tuarascáil in 2016 ná 2020)

Rannpháirtíocht straitéiseach maidir le comhionannas inscne

Leis an rannpháirtíocht straitéiseach maidir le comhionannas inscne 2016-2019 sainíodh an creat d’obair an Choimisiúin Eorpaigh amach anseo i dtreo comhionannas inscne le linn na tréimhse dá dtagraítear.

Dírítear sa rannpháirtíocht straitéiseach ar na 5 réimse tosaíochta seo a leanas:

  • líon na mban i margadh an tsaothair agus neamhspleáchas eacnamaíoch ban agus fear a mhéadú
  • an bhearna idir mná agus fir ó thaobh pá, tuarastail agus pinsin a chúngú, agus ar an dóigh sin bochtaineacht i measc na mban a chomhrac;
  • comhionannas a chur chun cinn idir mná agus fir sa chinnteoireacht
  • an foréigean inscne-bhunaithe a chomhrac agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine a n-imrítear an foréigean sin orthu agus iad a chosaint
  • an comhionannas inscne agus cearta na mban a chur chun cinn

Sa rannpháirtíocht straitéiseach leagtar amach cuspóirí i ngach ceann de na réimsí tosaíochta sin agus sainaithnítear breis agus 30 gníomhaíocht nithiúil freisin. Athdheimhnítear ann an gealltanas i dtaca le príomhshruthú inscne: déanfar an comhionannas inscne a chur san áireamh i mbeartais uile an Aontais agus i ngach clár a mhaoiníonn sé.

  • 2 MEITHEAMH 2017
Strategic engagement for gender equality 2016-2019
  • 10 FEABHRA 2020
Evaluation of the strengths and weaknesses of the Strategic Engagement for Gender Equality 2016–2019