Fís na Cairte a fhíorú do chách
An 2 Nollaig 2020 chuir an Coimisiún i láthair Straitéis nua chun neartú a dhéanamh ar chur chun feidhme na Cairte um Chearta Bunúsacha san Aontas.
Chun a chinntiú go ndéantar fís na Cairte a fhíorú do chách, leagtar amach sa straitéis treo chur chun feidhme na Cairte sna 10 mbliana amach romhainn.
Dírítear sa straitéis ar cheithre cholún:
1. Cur i bhfeidhm éifeachtach ag na Ballstáit
2. Eagraíochtaí na sochaí sibhialta, cosantóirí cearta agus cleachtóirí ceartais a chumhachtú
3. An Chairt agus í mar shlat tomhais d’institiúidí an Aontais
4. Feasacht daoine a neartú