Cód Cleachtais an Aontais maidir leis an mBréagaisnéis | An Coimisiún Eorpach
Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais EorpaighSuíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais

Cód Cleachtais neartaithe an Aontais maidir leis an mBréagaisnéis

A growing threat to European democracies

Disinformation is a concern for our citizens.

83%
of people
think disinformation threatens democracy
63%
of younger Europeans
come across fake news more than once a week
51%
of Europeans
think they have been exposed to disinformation online
  • online_disinformation.jpg

    Déanann an bhréagaisnéis dochar dár sochaí ar na bealaí seo a leanas:

    • ídíonn sí muinín in institiúidí agus sna meáin
    • cuireann sí toghcháin i mbaol
    • cuireann sí bac ar chumas na saoránach cinntí eolacha a dhéanamh
    • cuireann sí isteach ar an tsaoirse atá acu chun tuairimí a nochtadh

    Le linn ghéarchéim COVID-19, le faisnéis bhréagach faoi vacsaíní, faisnéis mhíthreorach faoi chúram sláinte, foláirimh bhréige chontúirteacha agus maímh bhréagacha ag gabháil leo agus teoiricí comhcheilge, cuireadh an tsláinte phoiblí i mbaol. Le tamall anuas, tá bréagaisnéis ionsaitheach agus bolscaireacht chogaidh ar son na Creimile ag gabháil le fogha míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Tá an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit ag daingniú a ngníomhaíochtaí chun cur i gcoinne iarrachtaí na ngníomhaithe sin a scaipeann an bhréagaisnéis chun ár sochaithe agus ár ndaonlathais a dhíchobhsú, a fhéachann le tairbhe a bhaint as géarchéim, agus a chuireann beatha na saoránach i mbaol.

  • detextion

    an bhréagaisnéis a bhrath, a nochtadh agus anailís a dhéanamh uirthi

  • cooperation

     

    athléimneacht na sochaí a fheabhsú agus an earnáil phríobháideach a shlógadh

Cód Cleachtais neartaithe maidir leis an mBréagaisnéis

  • computer

    Bunaíodh Cód Cleachtais den chéad uair in 2018 d’ardáin ar líne, do chomhlachais trádála agus do phríomhghníomhaithe na hearnála fógraíochta. Leis an gcód, cuireadh ceangal orthu srian a chur leis an mbréagaisnéis agus feabhas a chur ar a mbeartas ar líne.

    Is léir cheana féin gur uirlis nuálach é chun trédhearcacht agus cuntasaíocht níos fearr na n-ardán ar líne a chinntiú, chomh maith le creat struchtúrtha a chur ar fáil chun monatóireacht a dhéanamh ar bheartas na n-ardán maidir leis an mbréagaisnéis agus chun iad a fheabhsú.

Malartuithe le sínitheoirí, tarlaíonn siad níos tráthrialta agus níos éifeachtúla anois. Le linn ghéarchéim an choróinvíris thuairiscigh ardáin don Choimisiún gach mí agus thug siad forléargas dó ar a ngníomhaíochtaí chun ábhar údarásach a chur chun cinn, chun feasacht na n-úsáideoirí a fheabhsú, chun ábhar díobhálach a bhaint de nó chun gníomhú ina aghaidh, agus chun fógraíocht a bhaineann le bréagaisnéis maidir leis an gcoróinvíreas a shainaithint.

Mar a fógraíodh sa Phlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach, d’fhoilsigh an Coimisiún Treoir i mí na Bealtaine 2021 inar iarradh ar shínitheoirí an Cód a threisiú ina réimsí uile ionas go mbeidh sé ina uirlis láidir, éifeachtúil agus solúbtha chun an Bhréagaisnéis a chomhrac.

Cód Cleachtais 2018

  • Féinrialúchán
  • 16 Shínitheoir – 21 ghealltanas maidir le:
    • Grinnscrúdú a dhéanamh ar na fógraí a fhoilsítear
    • Trédhearcacht na fógraíochta polaitiúla agus na fógraíochta atá bunaithe ar shaincheisteanna
    • Ionracas seirbhísí
    • Tomhaltóirí a chumasú
    • Seiceálaithe fíoras agus taighdeoirí a chumasú
    • Éifeachtúlacht an Chóid a thomhas

Cód Cleachtais Neartaithe 2022

  • Comhrialáil d’Ardáin An-Mhór ar Líne faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha
  • 34 Shínitheoir – 44 ghealltanas agus 127 mbeart shonracha:
    • Bearta níos láidre chun an bhréagaisnéis a mhaolú 
    • Méadú a dhéanamh ar thrédhearcacht na fógraíochta polaitiúla agus na fógraíochta atá bunaithe ar shaincheisteanna
    • Clúdach cuimsitheach a chinntiú ar iompraíocht ionramhálach atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn
    • Uirlisí a leathnú amach agus a neartú lena gcumasaítear úsáideoirí, e.g. chun ábhar bréagach nó míthreorach a bhrath agus a mharcáil
    • Clúdach seiceála fíoras a mhéadú ar fud na mBallstát agus i ngach teanga
    • Rochtain níos fearr a thabhairt do thaighdeoirí ar shonraí
    • Creat láidir monatóireachta agus tuairiscithe a bhunú, ina mbeidh faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát 
    • Ionad Trédhearcachta a bhunú
    • Tascfhórsa buan a bhunú chun an Cód a fhorbairt agus a oiriúnú

Amchlár ghníomhaíochtaí an Aontais i gcoinne na bréagaisnéise

  1. Márta 2015

    Seoladh Tascfhórsa StratCom an Oirthir sa tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

  2. Aibreán 2016

    Creat comhpháirteach maidir le cur i gcoinne bagairtí hibrideacha

    Cur chuige cuimsitheach chun feabhas a chur ar an bhfreagairt choiteann ar na dúshláin a bhaineann le bagairtí hibrideacha ar na Ballstáit, ar shaoránaigh agus ar shlándáil chomhchoiteann na hEorpa.

  3. Márta 2018

    Tuarascáil ón Sainghrúpa Ardleibhéil neamhspleách maidir le bréagnuacht agus bréagaisnéis ar líne, inar moladh dul i ngleic le fadhbanna práinneacha agus freagairtí fadtéarmacha ar athléimneacht na sochaí i gcoinne na bréagaisnéise

  4. Aibreán 2018

    Teachtaireacht maidir le dul i ngleic leis an mbréagaisnéis, inter alia, ina bhfógraítear an Cód Cleachtais maidir leis an mBréagaisnéis

  5. Deireadh Fómhair 2018

    Cód Cleachtais maidir leis an mBréagaisnéis

    Uirlis nuálach féinrialála chun trédhearcacht agus cuntasacht níos fearr a chinntiú maidir le hardáin ar líne, agus creat chun monatóireacht a dhéanamh ar bheartais na n-ardán ar líne maidir leis an mbréagaisnéis agus feabhas a chur orthu.

  6. Nollaig 2018

    Plean gníomhaíochta in aghaidh na bréagaisnéise

    Leagtar síos ann creat ghníomhaíochtaí an Aontais trí fheabhas a chur ar chumais bhraite agus anailíse, feasacht a mhúscailt, athléimneacht na sochaí a neartú, freagairtí comhordaithe a mhéadú, agus úsáid a bhaint as na hardáin ar líne agus as an earnáil fógraíochta.

  7. Márta 2019

    Seoladh an Chórais Mear-Rabhaidh in aghaidh na bréagaisnéise

  8. Meitheamh 2020
    • Teachtaireacht: Dul i ngleic leis an mbréagaisnéis faoi COVID-19 agus seoladh an chláir um monatóireacht ar bhréagaisnéis faoi COVID-19

    Beart trédhearcachta chun cuntasacht a chinntiú don phobal i leith iarrachtaí shínitheoirí an Chóid chun an bhréagaisnéis a bhaineann le COVID-19 a theorannú.

    • Seoladh na Faireachlainne Eorpaí um na Meáin Dhigiteacha

    Cruthaíonn sí agus tacaíonn sí le comhphobal ildisciplíneach, lena n-áirítear seiceálaithe fíricí, taighdeoirí acadúla agus geallsealbhóirí ábhartha eile a chuidíonn chun aghaidh a thabhairt ar an mbréagaisnéis.

  9. Nollaig 2020
    • Togra le haghaidh Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha

    Sainíonn sé freagrachtaí agus cuntasacht níos soiléire d’ardáin ar líne atá curtha in oiriúint dá ról, dá méid agus dá dtionchar faoi seach san éiceachóras ar líne.

    • An Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach

    Áirítear ann bearta chun feabhas a chur ar an tacar uirlisí an de chuid an Aontais atá ann cheana ar mhaithe le cur i gcoinne cur isteach eachtrach, cuir i gcás fíneálacha a fhorchur, agus treoir i dtaca le neartú a dhéanamh ar an gCód Cleachtais maidir leis an mBréagaisnéis.

  10. Bealtaine 2021
    • Treoir i dtaca le neartú a dhéanamh ar an gCód Cleachtais maidir leis an mBréagaisnéis

    Tuairimí an Choimisiúin maidir leis an gcaoi ar cheart d’ardáin aghaidh a thabhairt ar bhearnaí agus ar easnaimh sa Chód agus timpeallacht ar líne atá níos trédhearcaí, níos sábháilte agus níos iontaofa a chruthú.

    • Seoladh na Faireachlainne Eorpaí um na Meáin Dhigiteacha

    Chun cur leis an gcumas feachtais bhréagaisnéise a bhrath, a anailísiú agus a nochtadh.

  11. Meitheamh 2021

    Seoladh an phróisis athbhreithnithe ag sínitheoirí Chód 2018 agus ag sínitheoirí ionchasacha breise nua.

  12. Meitheamh 2022
    • Cód Cleachtais Neartaithe

Doiciméid

 

  • 16 MEITHEAMH 2022
Press release: Disinformation - Commission welcomes the new stronger and more comprehensive Code of Practice on disinformation

 

  • 16 MEITHEAMH 2022
Questions and Answers: Strengthened Code of Practice on disinformation

 

  • 16 MEITHEAMH 2022
2022 Strengthened Code of Practice on Disinformation

 

  • 26 BEALTAINE 2021
European Commission Guidance on Strengthening the Code of Practice on Disinformation

 

  • 26 BEALTAINE 2021
Questions and answers on the the Code of Practice on Disinformation