Ugach nua do dhaonlathas na hEorpaÁr ndaonlathas a chothú, a chosaint agus a neartú Ár ngealltanais a chomhlíonadh Is é an smacht reachta bunchloch ár ndaonlathas. Tá sé ríthábhachtach freisin do thodhchaí ár ngeilleagar agus do shlándáil na hEorpa. Sin é an fáth ar gheallamar tosaíocht a thabhairt don smacht reachta agus ugach nua a thabhairt do dhaonlathas na hEorpa. De réir mar a bhíonn réimis fhorlámhacha ag iarraidh an bonn a bhaint dár luachanna, agus dár sochaithe saora oscailte, ní féidir linn talamh slán a dhéanamh den daonlathas. Ní mór dúinn troid ar a shon gach lá as an nua. Le linn an tsainordaithe seo, d’fhorbraíomar dlíthe chun an daonlathas a chosaint agus a neartú, chun cur i gcoinne trasnaíocht eachtrach, chun an bhréagaisnéis a chomhrac agus chun saoirse agus iolrachas na meán a chosaint, chomh maith le sábháilteacht iriseoirí. Agus rinneamar bearta gan fhasach chun seasamh leis an smacht reachta sna Ballstáit uile. Chuireamar Tuarascáil bhliantúil maidir leis an Smacht Reachta ar bun, ina gcuirtear moltaí saincheaptha do gach Ballstát chun sárú an smachta reachta a chosc agus chun é a neartú a thuilleadh. Nuair nár leor an t-idirphlé, bhaineamar úsáid as na huirlisí a bhí ar fáil dúinn, cuir i gcás an sásra coinníollachta a bunaíodh le déanaí agus nósanna imeachta um shárú. Thugamar aghaidh go daingean ar dhúshláin roimh an smacht reachta, chun ár ndaonlathas Eorpach agus ár sochaithe saora oscailte a chosaint. Na gealltanais a comhlíonadh Daonlathas na hEorpa a neartú agus a chosaint Leis an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach, leagtar amach bearta chun saorthoghcháin chóra a chur chun cinn, saoirse na meán a neartú agus an bhréagaisnéis a chomhrac.Glacadh dlíthe nua maidir le fógraíocht pholaitiúil, cearta toghchánacha agus cistiú páirtithe i mí an Mhárta 2024.Chun cuidiú leis an mbréagaisnéis a chomhrac, neartaíomar an Cód Cleachtais in aghaidh na bréagaisnéise in 2022.Leis an tionscnamh Frith-SLAPP, a comhaontaíodh i mí na Samhna 2023, tá an chosaint dhlíthiúil is fearr is féidir á cur ar fáil d’iriseoirí an Aontais agus do chosantóirí chearta an duine.Is sraith rialacha nua é an pacáiste maidir le Cosaint an Daonlathais, a glacadh i mí na Nollag 2023, chun trédhearcacht agus cuntasacht dhaonlathach a fheabhsú.D’fhoilsíomar treoir shonrach in 2024 maidir le hArdáin an-Mhór ar Líne agus Innill Chuardaigh chun dea-chleachtais a chur chun cinn lena neartaítear athléimneacht ár bpróiseas toghchánach.Chomhaontaíomar Comhlacht Eitice a chruthú a chumhdódh institiúidí uile an Aontais, agus a leagann síos caighdeáin maidir le heitic do gach institiúid agus a chinntíonn comhordú rialta eatarthu.Saoirse na meán a chosaintLeis an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán, leag an Coimisiún amach den chéad uair sraith coimircí comhchoiteanna chun saoirse agus iolrachas na meán san Eoraip a chosaint.Ghlacamar Moladh maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí agus gairmithe eile sna meáin san Aontas Eorpach a chinntiú. Uirlisí a neartú chun seasamh leis an smacht reachta Chuir an Coimisiún an Tuarascáil bhliantúil maidir leis an Smacht Reachta i dtoll a chéile, ina dtugtar moltaí nithiúla do na Ballstáit maidir le conas an smacht reachta a neartú go náisiúnta.Leis an Rialachán maidir le Coinníollacht an Bhuiséid, ceadaítear íocaíochtaí nó ceartuithe airgeadais a chur ar fionraí i gcásanna nach bhfuiltear ag seasamh leis an smacht reachta i mBallstát.Sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta faoi NextGenerationEU, féadfar garspriocanna a áireamh maidir le neamhspleáchas breithiúnach agus gnéithe eile a bhaineann leis an smacht reachta a neartú. Beidh ar an mBallstát lena mbaineann na garspriocanna sin a chur i bhfeidhm chun íocaíocht iomlán a fháil.Chuir an Coimisiún Eorpach tús le nósanna imeachta um shárú chun an smacht reachta agus luachanna an Aontais a chosaint i roinnt Ballstát. Deis a thabhairt do mhuintir na hEorpa a dtuairimí a chur in iúl faoi thodhchaí na hEorpa Reáchtáladh an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa idir mí Aibreáin 2021 go mí na Bealtaine 2022 agus chuir sí ar chumas daoine ó gach Ballstát, aois agus cúlra a gcuid smaointe maidir le todhchaí a hEorpa a roinnt i ndíospóireacht oscailte chuimsitheach.Agus é ag cur le hoidhreacht na Comhdhála, bhí an Coimisiún ar thús cadhnaíochta agus thug sé isteach glúin nua de Phainéil Saoránach chun rannpháirtíocht an phobail i gceapadh beartas an Aontais a fheabhsú.Rinneamar uasghrádú ar an tairseach ‘Cloisimis uait’, agus anois is pointe iontrála aonair é d’uirlisí rannpháirtíochta uile ár saoránach.Faigh tuilleadh eolais faoi na héachtaí sin Réimsí beartaisDéimeagrafaíochtFéachaint ar phríomhchúiseanna an athraithe dhéimeagrafaigh agus ar an tionchar a bhíonn acu ar fud na hEorpaAn t-idirdhealú a chomhracDul i ngleic leis an gciníochas, leis an tseineafóibe agus leis an idirdhealú ar bhonn aoise, gnéaschlaonta agus féiniúlacht inscneAn bhréagaisnéis a chomhracAn bhréagaisnéis a bhrath, a nochtadh agus anailís a dhéanamh uirthiAn fhuathchaint agus an choireacht fuatha a chomhrac Eoraip níos uilechuimsithí agus níos cosantaí a thógáilCloisimis uait faoi thionscnaimh an ChoimisiúinCuir do thuairimí in iúl, mar shaoránach agus mar ghnólacht, faoi bheartais nua an Aontais agus faoi na dlíthe atá ann cheanaAn ceartas agus cearta bunúsachaCearta a chosaint, ceartas a chinntiú, agus luachanna daonlathacha an Aontais a chaomhnúAn daonlathas a chosaintSaorthoghcháin chóra a chur chun cinn, saoirse na meán a neartú agus an bhréagaisnéis a chomhracFís an Aontais i leith ceantair thuaitheCeantair thuaithe agus pobail thuaithe níos láidre, nasctha, athléimneacha agus rathúla a chothú
DéimeagrafaíochtFéachaint ar phríomhchúiseanna an athraithe dhéimeagrafaigh agus ar an tionchar a bhíonn acu ar fud na hEorpa
An t-idirdhealú a chomhracDul i ngleic leis an gciníochas, leis an tseineafóibe agus leis an idirdhealú ar bhonn aoise, gnéaschlaonta agus féiniúlacht inscne
An fhuathchaint agus an choireacht fuatha a chomhrac Eoraip níos uilechuimsithí agus níos cosantaí a thógáil
Cloisimis uait faoi thionscnaimh an ChoimisiúinCuir do thuairimí in iúl, mar shaoránach agus mar ghnólacht, faoi bheartais nua an Aontais agus faoi na dlíthe atá ann cheana
An ceartas agus cearta bunúsachaCearta a chosaint, ceartas a chinntiú, agus luachanna daonlathacha an Aontais a chaomhnú
An daonlathas a chosaintSaorthoghcháin chóra a chur chun cinn, saoirse na meán a neartú agus an bhréagaisnéis a chomhrac
Fís an Aontais i leith ceantair thuaitheCeantair thuaithe agus pobail thuaithe níos láidre, nasctha, athléimneacha agus rathúla a chothú