Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Ón lá inniu ar aghaidh, oibríonn mná san Aontas saor in aisce go siombalach

  • Alt nuachta
  • 17 Samhain 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 4 nóiméad
Female entrepreneur standing with male colleague and discussing in office corridor

 

‘Tá poist níos fusa ag na mná, sin an fáth a dtuilleann siad níos lú airgid.’

‘Ní gairmréim atá na mná a iarraidh; is éard is mian leo a dhéanamh aire a thabhairt do na páistí.’

‘Ceannairí níos fearr atá sna fir.’

Chuala muid go léir frásaí den sórt sin. Agus cé go bhfuil sé fíor go dtugann roinnt ban tús áite don teaghlach thar a ngairmréim, tá bacainní fós roimh an gcuid eile acu maidir le poist a bhfuil pá ard ag gabháil leo.

Ó aois óg, moltar na cailíní as an gcuma atá orthu, agus moltar na buachaillí as an méid is féidir leo a dhéanamh. Faigheann na cailíní bábóga agus éidí banphrionsa, faigheann na buachaillí fearas eolaíochta agus t-léinte a bhfuil sárlaochra orthu. Stiúrann an tsochaí cailíní faoi choim i dtreo gairmeacha sa chúram, sa tsláinte agus san oideachas – earnálacha a mheastar faoina luach agus a bhfuil pá níos ísle ag gabháil leo. Sin thart ar 24% den bhearna phá idir na hinscní.

Mar sin féin, saothraíonn go leor ban na hábhair a bhfuil a gcroí istigh iontu, fiú sna réimsí sin ina bhfuil na fir i réim go traidisiúnta. Abair Maria, mar shampla. Rinne sí féin agus cara léi, Alex, staidéar ar an innealtóireacht shibhialta agus bhain siad céim amach ag barr a ranga. Fuair siad intéirneachtaí an-iomaíoch agus d’oibrigh siad chomh crua céanna chun tagairtí láidre a fhorbairt. Ar aghaidh leo ansin go dtí an margadh fostaíochta:

  • claonadh/riochtú sochaíoch: chuir an bheirt acu isteach ar ról comhchosúil, ach d’iarr Alex tuarastal tosaigh níos airde, ós rud é gur spreagadh i gcónaí é a bheith ceannasach agus muiníneach. Níor theastaigh ó Maria an iomarca idirbheartaíochta a dhéanamh, agus eagla uirthi go mbreathnófaí uirthi mar dhuine ‘achrannach’. Tuigeadh di go bhféadfadh imní a bheith ar an bhfostóir go mbeadh sí ag iarraidh teaghlach a thosú, agus gurbh fhearr leis fear eile a fhostú i bhfoireann ar fir iad den chuid is mó, agus ghlac sí le níos lú airgid.
  • idirdhealú pá/bearna gan mhíniú: ar feadh trí bliana d’oibrigh an bheirt acu gan stad gan staonadh. Tugadh ardú céime do Alex agus rinneadh bainisteoir de, agus fuair Maria ardú measartha pá.
  • saoire mháithreachais: cúpla bliain ina dhiaidh sin ghlac Maria saoire mháithreachais, agus ansin thosaigh sí ag obair go páirtaimseartha agus ghlac sí níos mó oibre gan phá sa bhaile. Níor ghá do Alex sos gairme a ghlacadh nuair a bhí clann aige.
  • síleáil ghloine: i dtionscal ina bhfuil na fir i réim, is annamh a chonaic Maria mná i róil cheannaireachta agus stop sí de bheith ag creidiúint go bhféadfadh sí ról mar sin a bheith aici, cé gur aimsigh Alex meantóir a spreag é agus a thug inspioráid dó.
  • obair tí agus cúram gan íocaíocht: nuair a d’éirigh tuismitheoirí Maria ní ba shine, ghlac sí obair chúraim gan phá tar éis a poist lánaimseartha. Í traochta, chuir sí a gairmréim i leataobh go sealadach agus stop sí de bheith ag cur isteach ar arduithe céime.

Is scéal bréagach é scéal Maria agus Alex, ach tarlaíonn a leithéid do go leor ban ar fud an Aontais le fírinne. Cé go bhfuil roinnt cúiseanna ann go dtuilleann na mná níos lú airgid ná na fir fós, ina measc sin tá meascán casta de thosca struchtúracha, sochaíocha agus idirdhealaitheacha.

Samhlaigh a bheith ag obair gan íocaíocht ón lá inniu go deireadh na bliana. Tá bearna phá 12% idir na hinscní ann san Aontas faoi láthair, agus stopann na mná de bheith ag tuilleamh airgid, go siombalach, an 17 Samhain. Má leantar den dul chun cinn ar an luas atá ann faoi láthair, d’fhéadfadh sé nach ndúnfaí an bhearna go ceann na mblianta fada. An mbreathnóidh na glúnta atá le teacht siar agus a rá leo féin, ‘Conas a d’fhéadfaidís ligean dó sin leanúint ar aghaidh?’, díreach ar an gcaoi chéanna a mbreathnaímidne siar anois ar an tráth nach raibh vóta ag na mná?

Ní cothroime amháin atá i gceist leis an mbearna phá a dhúnadh idir na hinscní agus le comhionannas inscne a bhaint amach; is leis an mbochtaineacht a laghdú, an leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht, agus an geilleagar a neartú a bhaineann sé freisin. Ar an ócáid seo, d’athdhearbhaigh an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Mînzatu agus an Coimisinéir Lahbib tiomantas an Aontais d’aontas an chomhionannais. Leanann an Coimisiún de bheith ag obair chun an bhearna sin a dhúnadh trí reachtaíocht nua amhail treoracha maidir le pá comhionann, cothromaíocht oibre is saoil, cothromaíocht inscne ar bhoird chorparáideacha, agus trédhearcacht pá, i measc nithe eile.

 

Tuilleadh eolais

Ráiteas maidir le Lá Pá Chomhionainn na hEorpa

Lá Pá Chomhionainn

Treochlár um Chearta na mBan

Staidéar Eurostat ar bhearnaí pá idir na hinscní san Aontas 

Cothroime shóisialta na hEorpa

An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne – Innéacs Comhionannais Inscne

Sonraí

Dáta foilsithe
17 Samhain 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide