Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

An comhionannas agus an cuimsiú: príomhghníomhaíochtaí

1 of 1

Aontas an chomhionannais a thógáil

Baineann neamhspleáchas na hEorpa le cosaint saoirsí. An tsaoirse chun cinneadh a dhéanamh. Labhairt amach. Bogadh timpeall na mór-roinne ar fad. An tsaoirse chun vóta a chaitheamh. Grá a thabhairt. Guí. Maireachtáil in Aontas a bhfuil comhionannas ann.

Ursula von der Leyen, aitheasc 2025 ar Staid an Aontais

An ceart a bheith dílis duit féin

San Aontas Eorpach, tá toirmeasc dlí ar idirdhealú ar aon fhoras (inscne, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh, cuir i gcás). Go fóill féin, tá lear mór daoine ann a bhíonn thíos leis an idirdhealú gach lá.

Chun a chinntiú go gcloítear le cearta bunúsacha an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe, bíonn an Coimisiún ag síormholadh beartais agus tionscnaimh nua, lena ndírítear ar an gcomhionannas agus an cuimsiú a chur chun cinn.

Féach leat an méid atá á dhéanamh ag an gCoimisiún chun dul i ngleic leis an idirdhealú

Mór-roinn inar féidir leat dréim leis an gcraobh is airde

Tá an tAontas ag déanamh a chroídhíchill chun gur mór-roinn a bheidh san Eoraip ina mbeidh an saol ar a mhian féin ag gach duine, agus é slán ó fhoréigean agus steiréitíopaí inscnebhunaithe.

An Comhionannas Inscne

 

  • a father helping his son do his homework
    71 phointe
    (as 100) a bhain an tAontas amach san Innéacs Comhionannais Inscne in 2024
  • a woman working, looking at papers and a laptop
    33.4%
    d’fheisirí i bparlaimintí náisiúnta san Aontas atá ina mná
  • woman researcher looking into a microscope
    10 bpointe céatadáin
    atá de bhearna fostaíochta fhoriomlán idir mná agus fir

Foinsí: An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, Eurostat

Mór-roinn inar féidir leat grá a thabhairt don té is ansa leat

Tá an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta maidir le cosaint níos fearr a thabhairt do chearta daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha, idirghnéasacha agus aiteacha (LGBTIQ+).

  • LGBTIQ flag on a circular blue background
    23 Bhallstát
    atá ann ag a bhfuil reachtaíocht chomhionannais maidir le gnéaschlaonadh, ar reachtaíocht í lena gcumhdaítear réimsí eile chomh maith leis an bhfostaíocht
  • woman with the LGBTIQ flag on her back
    100+ tionscnamh
    atá á maoiniú ag an Aontas chun tacú le daoine LGBTIQ+

Foinsí: Léarscáil tuair ceatha, tuarascáil ar dhul chun cinn Straitéis Comhionannais LGBTIQ 2020-2025

Mór-roinn inar féidir leat a bheith dílis duit féin

Dul i ngleic leis an gciníochas 

Chun dul i ngleic leis sin, ghlac an Coimisiún plean gníomhaíochta maidir le frithchiníochas in 2020. Is plean é ina ndéantar na rudaí seo a leanas, chomh maith le cuspóirí eile a shaothrú –

  • bearta agus cláir mhaoinithe a thabhairt isteach chun an ciníochas agus an t-idirdhealú a chomhrac i dtaobh rochtain ar an margadh saothair, an oideachais agus na hoiliúna, an chúraim sláinte, na cosanta sóisialta agus na tithíochta
  • sraith gníomhaíochtaí a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar steiréitíopaí ciníocha agus eitneacha, i gcomhar leis na meáin, an tsochaí shibhialta, agus ionadaithe daoine ar de mhionlach cine nó mionlach eitneach iad
  • na Ballstáit a spreagadh chun bearta a ghlacadh lena seachnófaí nó lena gcúiteofaí míbhuntáistí a bhaineann le hidirdhealú de réir cine nó tionscnamh eitneach

Léigh faoi phlean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le frithchiníochas 2020–2025

Daoine faoi mhíchumas a chuimsiú a thuilleadh

  • a man carrying a white cane
    101 mhilliún
    duine san Aontas atá faoi mhíchumas
  • five people in wheelchairs looking up
    50 %+
    acu sin, braitheann siad go bhfuil siad thíos le hidirdhealú
  • man in a wheelchair in front of a desk, working on his computer
    51 %
    acu atá fosaithe

Foinse: Straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2021-2030 (suirbhé a cuireadh ar dhaoine faoi mhíchumas)

Comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach

  • an sciar den phobal Romach a ndearnadh idirdhealú orthu a laghdú ionas gurb é leath an sciar reatha a bheidh i gceist, ar a mhéad
  • an bhearna bhochtaineachta idir na Romaigh agus an pobal i gcoitinne a laghdú, ionas gurb é leath na bearna reatha a bheidh i gceist, ar a mhéad
  • an sciar de pháistí Romacha a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna leithscartha a laghdú, ionas gurb é leath an sciar reatha a bheidh i gceist, sna Ballstáit ina bhfuil líon suntasach Romach
  • an bhearna ó thaobh ionchas saoil a laghdú ionas gurb é leath na bearna reatha a bheidh i gceist, ar a mhéad

Féach an méid atá ar siúl ag an gCoimisiún chun comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach san Aontas a chur chun cinn

An Tascfhórsa Comhionannais

I ngach ceann de na cúig straitéis atá ag gabháil le haontas an chomhionannais, comhcheanglaítear bearta spriocdhírithe (reachtaíocht chomhionannais nó gníomhaíochtaí tiomnaithe múscailte feasachta, cuir i gcás) agus iarrachtaí an comhionannas a phríomhshruthú i réimsí beartais eile.

Chun cabhrú ó thaobh an comhionannas a phríomhshruthú i ngach réimse beartais, chruthaigh an Coimisiún tascfhórsa tiomnaithe.

Faigh eolas faoi Thascfhórsa an Choimisiúin um Chomhionannas