Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Aghaidh a thabhairt ar ghanntanais oibrithe trí thallann dhomhanda a mhealladh

  • Alt nuachta
  • 15 Meitheamh 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 3 nóiméad
woman and man sit around a computer in an office

 

San Eoraip, tá ganntanas oibrithe ag bagairt ar an lucht saothair mar gheall ar an athrú déimeagrafach. Chun aghaidh a thabhairt air sin, tá geilleagar an Aontais ag brath níos mó agus níos mó ar oibrithe nach den Aontas iad. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach an imirce dhleathach a éascú chun borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais. 

Rinneadh dhá fhorbairt le déanaí ar leibhéal an Aontais a chuideoidh chun an tallann atá ag teastáil a mhealladh ó thíortha thar lear

  • na rialacha sa Treoir nuashonraithe maidir le Cead Aonair a bheith i bhfeidhm go hiomlán ar fud an Aontais
  • Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a bheith i bhfeidhm, is é sin an chéad ardán digiteach uile-Aontais a nascann oibrithe nach den Aontas iad le fostóirí an Aontais

Iarratais ar obair agus ar chónaí san Aontas a shimpliú

Leis an Treoir um Chead Aonair, is fusa do dhaoine as tíortha lasmuigh den Aontas iarratas a dhéanamh ar phoist, trí chead aonair amháin a chur ar fáil don cheart chun obair agus cónaí a dhéanamh san Aontas. Moladh an treoir sin a thabhairt cothrom le dáta chun iarratais a shimpliú agus chun dlús a chur leis an nós imeachta um iarratas ar chead aonair. Seo a leanas a dhéanfar leis an nuashonrú:

  • a cheadú dóibh siúd a bhfuil cead cónaithe bhailí acu iarratas a dhéanamh go díreach ón Aontas gan iallach a bheith orthu filleadh ar a dtír thionscnaimh
  • é a chur d’oibleagáid ar na tíortha den Aontas cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas ar chead aonair laistigh de 90 lá, agus d’fhéadfadh tástáil ar mhargadh an tsaothair a bheith san áireamh leis

Leis na rialacha nua, cosnaítear oibrithe nach den Aontas iad ar bhealach níos fearr freisin, ina measc sin ar dhúshaothrú saothair. Ní mór do thíortha an Aontais iad a chur ar an eolas faoina gcearta, a cheadú dóibh a bhfostóir a athrú faoi choinníollacha áirithe, agus a cheadú dóibh a bheith dífhostaithe agus fanacht sa tír le linn bhailíocht an cheada aonair.

Bhí go dtí mí na Bealtaine 2026 ag na tíortha den Aontas chun a gcreataí dlíthiúla náisiúnta a choigeartú. Níl feidhm ag na rialacha sa Danmhairg ná in Éirinn. 

Earcaíocht idirnáisiúnta isteach san Aontas a éascú

Beidh Linn Tallainne an Aontais ar an gcéad ardán uile-Aontais chun earcú idirnáisiúnta cuardaitheoirí poist ó thíortha lasmuigh den Eoraip a éascú, go háirithe i gcás gairmeacha a bhfuil ganntanas lucht saothair ag bagairt orthu. Cé gur tháinig an tionscnamh nua seo i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2026, tá an t-ardán fós á fhorbairt ag an gCoimisiún faoi láthair. Meastar go mbeidh sé i bhfeidhm ina iomláine faoi dheireadh 2027. 

Leis an ardán, féadfaidh cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha próifíl a chlárú ar an ardán lena gcuirfidh siad a gcuid scileanna, cáilíochtaí, taithí oibre agus na teangacha atá ar a dtoil acu. Beidh fostóirí an Aontais ó thíortha rannpháirteacha den Aontas in ann folúntais a phostáil freisin.

Is cuid lárnach de chur chuige cothrom an Aontais maidir le himirce agus tearmann iad na hiarrachtaí chun imirce dhleathach agus athlonnú a éascú. Comhlánaíonn siad an méid atá an tAontas a dhéanamh chun dul i ngleic leis an imirce neamhrialta, go háirithe trí Chomhshocrú an Aontais maidir le hImirce agus Tearmann, lena leagtar amach sraith chuimsitheach rialacha a fhorfheidhmítear go docht chun feabhas a chur ar bhainistiú tearmainn agus imirce.

Tuilleadh eolais

Cead aonair chun cónaí agus obair a dhéanamh

Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh

Imirce dhleathach agus athlonnú

Dáta foilsithe
15 Meitheamh 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide