Faoi láthair is ag 20% nó mar sin atá rátaí fillte ar fud an Aontais. Daoine a n-ordaítear dóibh tír de chuid an Aontais a fhágáil, is minic a éalaíonn siad ó na húdaráis. Tá sé molta ag an gCoimisiún Eorpach anois cuidiú le tíortha an Aontais na rátaí fillte a fheabhsú agus cearta bunúsacha á n-urramú go hiomlán ag an am céanna, trí chomhchóras Eorpach um fhilleadh a bhunú. Leis sin, comhlánófar Comhshocrú an Aontais maidir le hImirce agus Tearmann a thiocfaidh i bhfeidhm i lár 2026 agus beifear in ann iarratais ar thearmann a phróiseáil ar bhealach níos tapúla agus níos éifeachtúla. Ar na rialacha comhchoiteanna nua tá: Nósanna imeachta coiteanna chun cinntí um fhilleadh a eisiúint agus Ordú Eorpach um Fhilleadh a eiseofar in éineacht le cinneadh náisiúnta um fhilleadh. Aitheantas frithpháirteach do chinntí um fhilleadh chun ligean do thíortha an Aontais cinntí um fhilleadh arna n-eisiúint ag tíortha eile san Aontas a fhorfheidhmiú gan aon ghá tús a chur le próiseas nua. Rialacha soiléire maidir le filleadh éigeantach, agus filleadh deonach á dhreasú ag an am céanna.Oibleagáidí níos láidre ar fhillithe comhoibriú leis na húdaráis náisiúnta le linn an nós imeachta um fhilleadh ar fad, cuir i gcás fíorú céannachta agus fanacht sa tír. Cosaintí láidre feadh an phróisis iomláin um fhilleadh chun a ráthú go gcuirfear an próiseas um fhilleadh i gcrích agus lánurraim á tabhairt do chaighdeáin bhunúsacha agus idirnáisiúnta maidir le cearta an duine. Rialacha treisithe chun gluaiseachtaí neamhúdaraithe a chosc agus chun ligean do thíortha an Aontais fillithe a aimsiú ar bhealach níos fearr, agus an deis acu tuairisciú rialta a iarraidh nó cónaí in áit arna hainmniú ag na húdaráis náisiúnta. Rialacha sonracha maidir le daoine a bhfuil rioscaí slándála ag baint leo: Seiceálfaidh tíortha an Aontais go luath an bhfuil riosca slándála ag baint le duine. Más amhlaidh go bhfuil, beidh feidhm ag rialacha dochta, filleadh éigeantach sainordaithe ina measc. A chinntiú go gcuirfear iarraidh ar athligean isteach chuig an tír thionscnaimh go córasach tar éis gach cinneadh um fhilleadh. Moil um fhilleadh: leis na rialacha nua, is féidir le tír de chuid an Aontais go dlíthiúil comhaontú nó socrú um fhilleadh a dhéanamh le tríú tír a urramaíonn caighdeáin agus prionsabail idirnáisiúnta maidir le cearta an duine i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta. D’fhógair an tUachtarán von der Leyen an togra seo le haghaidh nósanna imeachta nua chun fillteacha a bhainistiú sna treoirlínte polaitiúla agus d’iarr an Chomhairle Eorpach é i mí Dheireadh Fómhair 2024. Tuilleadh eolais Tosaíocht 2024-2029: an tslándáil agus an chosaint Bileog Eolais – Cur chuige Cuimsitheach maidir le hImirce Bileog Eolais – Comhchóras Eorpach Nua um FhilleadhCeisteanna agus Freagraí maidir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Comhchóras Eorpach nua um fhilleadh Preaseisiúint: Comhchóras Eorpach nua um Fhilleadh á mholadh ag an gCoimisiún Sonraí Dáta foilsithe11 Márta 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide