
Tá dréachtbhuiséad bliantúil an Aontais curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún Eorpach le haghaidh 2026. Cuireann sé leis an athbhreithniú meántéarma ar bhuiséad fadtéarmach an Aontais (2021-27) lenar tugadh aghaidh ar shraith forbairtí gan choinne a tharla le déanaí, paindéim dhomhanda, géarchéim fuinnimh agus teannas geopholaitiúil atá ag dul i méid ar fud an domhain ina measc. I gcomhréir leis sin, tacóidh buiséad bliantúil 2026 le tosaíochtaí an Aontais amhail tacaíocht don Úcráin, iomaíochas, bainistiú imirce, slándáil agus cosaint, agus infheistíochtaí straitéiseacha, chomh maith le tacaíocht leanúnach don aistriú glas agus don aistriú digiteach.
Tá dréachtbhuiséad 2026 socraithe ag €193.26 billiún, arna chomhlánú le thart ar €105.32 billiún faoi NextGenerationEU, ionstraim an Aontais chun tacú le téarnamh eacnamaíoch na hEorpa ó phaindéim an choróinvíris.
Chomh maith le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a mhaoiniú, foráiltear sa dréachtbhuiséad do mhaoiniú breise faoin togra maidir le hathbhreithniú meántéarma ar an gcomhtháthú lena spreagtar tíortha an Aontais chun maoiniú comhtháthaithe a athchlárú i dtreo tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn, cuir i gcás iomaíochas, cosaint, tithíocht inacmhainne, athléimneacht uisce agus aistriú fuinnimh.
I measc beartas eile, díreoidh buiséad bliantúil 2026 ar na nithe seo a leanas:
- an margadh aonair, nuálaíocht agus cúrsaí digiteacha - €22,054.4 milliún
- comhtháthú, athléimneacht agus luachanna - €71,726.1 milliún
- acmhainní nádúrtha agus an comhshaol - €56,971.9 milliún
- imirce agus bainistiú teorainneacha - €5,010.0 milliún
- slándáil agus cosaint - €2,803.5 milliún
- an chomharsanacht agus an domhan - €15,505.0 milliún
Ní mór do Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an buiséad bliantúil le haghaidh 2026 a ghlacadh go foirmiúil roimh dheireadh na bliana.
Tuilleadh eolais
Ceisteanna agus Freagraí maidir le Dréachtbhuiséad Bliantúil 2026
Gach doiciméad buiséid bhliantúil de chuid an Aontais
- Dáta foilsithe
- 4 Meitheamh 2025
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide