Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

A bhuí le straitéisí nua maidir le himirce agus víosaí an Aontais, is sláine a bheidh teorannacha agus spreagfar soghluaisteacht daoine tréitheacha

  • Alt nuachta
  • 29 Eanáir 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 4 nóiméad

 

straitéis nua cúig bliana maidir leis an imirce curtha i láthair ag an gCoimisiún Eorpach. Cuideoidh sé leis an obair a dhéanfaidh an tAontas amach anseo i dtaca le tearmann agus imirce a threorú le tosaíochtaí nithiúla, go háirithe an laghdú ar líon na n-imirceach neamhdhleathach a chothú, agus ag an am céanna conairí dlíthiúla chuig an Aontas a spreagadh. Tá gá leis an dá cheann chun go n-oibreoidh an córas imirce agus tearmainn agus chun go mbeidh rath ar ár sochaithe agus ar ár ngeilleagair. 

I gcomhréir leis na luachanna Eorpacha a bhaineann le córas a chruthú atá cothrom agus daingean agus atá fréamhaithe san urraim do chearta bunúsacha, leagtar amach sa straitéis an bealach chun cinn i dtaca le trí chuspóir, mar atá: 

  • imirce neamhdhleathach a chosc agus gnó líonraí smuigleála coiriúla a bhriseadh
  • daoine atá ag teitheadh ó chogaíocht agus ó ghéarleanúint a chosaint agus mí-úsáid an chórais a chosc ag an am céanna
  • daoine tréitheacha a mhealladh isteach san Aontas chun borradh a chur faoi iomaíochas ár ngeilleagar 

Chun é sin a bhaint amach, sainaithnítear sa straitéis cúig thosaíocht, mar atá: 

  • Comhar níos láidre maidir leis an imirce: Oibreoidh an tAontas níos dlúithe le tíortha eile chun a chinntiú go mbainisteofar an imirce go héifeachtach agus go gcosnófar cearta daoine. Cuimsítear leis sin dlús a chur leis an gcomhrac domhanda i gcoinne smuigleáil imirceach.
  • Teorainneacha láidre an Aontais chun rialú agus slándáil a fheabhsú: Tá sé d’aidhm ag an Aontas rialú níos fearr a dhéanamh ar na daoine a thagann isteach ina chríoch trí bhainistiú teorainneacha a neartú. Cumhdaítear leis sin feidhmiú céimneach an Chórais Dul Isteach/Imeachta (EES) agus an Chórais Eorpaigh nua um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), chun an córas digiteach bainistithe teorainneacha is forbartha ar domhan a chruthú.
  • Córas tearmainn agus imirce atá daingean, cothrom agus inoiriúnaithe: Cuideoidh an Coimisiún le tíortha den Aontas na rialacha nua a chur i bhfeidhme le foirne tíre tiomnaithe agus cuideoidh sé le tíortha atá faoi bhrú imirce, i gcomhréir le prionsabal dlúthpháirtíochta an Chomhshocraithe.
  • Filleadh agus athligean isteach níos éifeachtaí: Cuirfidh an tAontas feabhas ar an gcaoi a gcuirtear daoine nach bhfuil an ceart fanachta acu ar ais, rud a chinnteoidh go mbeidh an próiseas tapa, éifeachtach agus díniteach. Cuimsítear leis sin córas coiteann um fhilleadh a fhorbairt agus athligean isteach ag tríú tíortha a fheabhsú.
  • Daoine tréitheacha agus scileanna a mhealladh: Chun leanúint de bheith iomaíoch, tá daoine tréitheacha á mealladh ag an Aontas ó gach cearn den domhan. Leathnóidh sé na Comhpháirtíochtaí Tallainne atá ann cheana agus seolfaidh sé Comhpháirtíochtaí Tallainne nua, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca agus níos tapa aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí agus scileanna ó thíortha eile. 

Cuirtear chun cinn sa straitéis freisin úsáid iomlán an digitithe agus na hintleachta saorga i mbainistiú tearmainn agus imirce. Cuideoidh sé sin le feabhas a chur ar cháilíocht agus ar thráthúlacht na cinnteoireachta, chomh maith le feabhas a chur ar an tslándáil, agus seirbhísí níos fearr á gcur ar fáil do dhaoine ag an am céanna. 

Ag an am céanna, tá an chéad straitéis víosaí riamh de chuid an Aontais curtha chun cinn ag an gCoimisiún. Oibríonn an straitéis víosaí i dtaca le trí phríomhréimse, mar atá: 

  • Slándáil níos láidre: Déanfaidh an tAontas nuachóiriú ar an gcaoi a ndeonaítear taisteal gan víosa agus ar an gcaoi a ndéantar monatóireacht air, neartóidh sé an mhonatóireacht ar na córais taistil gan víosa atá ann cheana, tabharfaidh sé isteach bearta sriantacha spriocdhírithe víosaí a d’fhéadfadh a bheith ann nuair is gá, agus neartóidh sé slándáil na ndoiciméad taistil.
  • Borradh a chur faoin rathúnas agus faoin iomaíochas: Le bearta nua, is tarraingtí a bheidh an tAontas d’oibrithe oilte, agus is éasca agus is intuartha a bheidh taisteal dlisteanach. Cuimsítear leis sin nósanna imeachta digiteacha nua do thaistealaithe gan víosa agus do thaistealaithe a bhfuil ceanglas víosa orthu agus víosaí dul isteach iolrach a bhfuil bailíocht níos faide acu do thaistealaithe iontaofa.
  • Uirlisí víosaí nua-aimseartha: Déanfaidh an tAontas a chórais TF víosaí agus teorann idir-inoibritheach faoi 2028. Cuirfidh sé sin ar chumas na n-údarás iliomad bunachar sonraí a chuardach ag an am céanna trí chuardach lárnach aonair, rud a chuirfidh feabhas ar chomhroinnt eolais agus a chuirfidh cosc ar mhí-úsáid víosaí. 

Tuilleadh eolais 

Straitéis Eorpach um Bainistiú Tearmainn agus Imirce 

Bileog eolais  

An Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann 

Imirce agus Tearmann 

Straitéis an Aontais um Beartas Víosaí 

An moladh maidir le daoine tréitheacha a mhealladh le haghaidh na nuálaíochta  

Beartas Víosaí   

Imirce lucht oibre  

Preaseisiúint: Straitéis 5 bliana um imirce curtha i láthair ag an gCoimisiún 

Preaseisiúint:  An chéad Straitéis riamh de chuid an Aontais um Beartas Víosaí glactha ag an gCoimisiún 

Sonraí

Dáta foilsithe
29 Eanáir 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide