Infheistiú i ndaoine ar mhaithe le hAontas Eorpach iomaíoch Teastaíonn daoine oilte ón Aontas Eorpach chun freagairt ar dhúshláin nua agus chun leanúint de bheith iomaíoch. Ach de réir mar a athraíonn riachtanais fostaíochta, bíonn sé deacair ar go leor oibrithe coinneáil suas agus ní féidir le gnólachtaí an tallann cheart a fháil. Tá na bearnaí scileanna agus saothair sin ag cur bac ar iomaíochas na hEorpa. Sin é an fáth a bhfuil aontas na scileanna á thabhairt isteach ag an gCoimisiún Eorpach, ar plean é chun oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil ar ardchaighdeán a fheabhsú. Is é is aidhm dó an méid seo a leanas a dhéanamh:leibhéil níos airde de bhunscileanna agus ardscileanna a chur ar fáil deiseanna a chur ar fáil do dhaoine chun scileanna a thabhairt cothrom le dáta agus scileanna nua a fhoghlaim ar bhonn rialtaéascú a dhéanamh ar an earcaíocht do ghnólachtaí ar fud an Aontaisdaoine tréitheacha a mhealladh, a fhorbairt agus a choinneáil san Eoraip Príomhfhigiúirí Leagan téacsBíonn duine fásta amháin as gach cúigear ag streachailt leis an léamh agus an scríobhBíonn duine amháin as gach ceathrar atá 15 bliana d’aois ar gcúl maidir leis an léamh, an mata agus an eolaíochtNí féidir le beagnach ceithre FBM as gach cúig cinn san Aontas teacht ar an tallann a theastaíonn uathu Déanfaidh aontas na scileanna daoine ar fud an Aontais a chumhachtú leis na scileanna a theastaíonn uathu chun go n-éireoidh leo ina saol oideachais agus gairmiúil. Fágfaidh sé freisin go mbeidh sé níos éasca na scileanna sin a úsáid i dtíortha éagsúla san Aontas. Trí aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí inscne agus trí chabhrú le gnólachtaí Eorpacha na hoibrithe atá de dhíth orthu a aimsiú, tá sé d’aidhm aige an tAontas a dhéanamh níos iomaíche agus níos cuimsithí. Trí fheabhas a chur ar an oideachas agus ar scileanna, cinnteofar freisin go mbeidh samhail shóisialta na hEorpa inacmhainne i gcónaí, a bhuí lena geilleagar iomaíoch. Príomh-chomhpháirteanna aontas na scileanna Scileanna a fhorbairt ar mhaithe le saolta agus poist ar ardchaighdeánTá sé ríthábhachtach scileanna, oideachas agus oiliúint a fhorbairt chun poist mhaithe a chruthú agus chun saol daoine a fheabhsú. Is é is aidhm d’aontas na scileanna an méid seo a leanas a dhéanamh:scéim tacaíochta bunscileanna a reáchtáil ar bhonn píolótach, ionas go mbeidh scileanna láidre léitheoireachta, matamaitice, eolaíochta agus digiteacha ag gach duine ógscileanna san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic (ETIM) a fheabhsú, gairmeacha ETIM a chur chun cinn, níos mó ban a mhealladh, agus daoine a ullmhú le haghaidh aistrithe digiteacha agus aistrithe teicneolaíochta glaine, le plean straitéiseach oideachais ETIMstraitéis nua Eorpach um ghairmoideachas agus gairmoiliúint a thabhairt isteach chun gairmoideachas agus gairmoiliúint a dhéanamh níos tarraingtí, níos nuálaí agus níos cuimsithíUas-sciliú agus athsciliú ar bhonn rialtaBa cheart scileanna nua a fhoghlaim mar chuid rialta den saol gairmiúil chun coinneáil suas le geilleagair atá ag teacht chun cinn agus chun an fhoghlaim ar feadh an tsaoil a chinntiú. Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:a mholadh go leathnófaí an úsáid a bhaintear as micridhintiúir mar réitigh sholúbtha foghlamaan Comhshocrú um Scileanna a threisiú chun cuidiú le níos mó oibrithe scileanna nua a fháil in earnálacha straitéiseacharáthaíocht scileanna a phíolótú chun deis a thabhairt d’oibrithe atá i mbaol dífhostaíochta scileanna nua a fháil; foilsíodh an chéad ghlao ar thograí i mí na Samhna 2025 agus is féidir iarratas a dhéanamh air go dtí an 29 Eanáir 2026Tacóidh an tAontas le hacadaimh scileanna an Aontais a chur i bhfeidhm chun na scileanna is gá a chur ar fáil do ghnólachtaí le haghaidh an aistrithe ghlais agus an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan. Cuidiú le saorghluaiseacht oibrithe Trí scileanna a scaipeadh ar fud an Aontais, bainfear leas iomlán as acmhainneacht an Mhargaidh Aonair. Is ar an méid seo a leanas a dhíríonn aontas na scileanna: tionscnamh iniomparthachta scileanna chun inaistritheacht scileanna agus cáilíochtaí a fheabhsú ar fud an Aontais, gan beann ar an áit a bhfuarthas iadoibriú i dtreo céim Eorpach chun forbairt comhchlár staidéir nuálach a éascú ar fud an Aontaisdioplóma nua Eorpach gairmoideachais agus gairmoiliúnacomhghuaillíochtaí Ollscoileanna Eorpacha agus ionaid barr feabhais gairme a neartúcomhghuaillíochtaí scoileanna Eorpacha chun soghluaisteacht múinteoirí agus mac léinn a fheabhsúTallann a mhealladh, a fhorbairt agus a choinneáilNí mór don Eoraip an tallann is fearr a mhealladh, a fhorbairt agus a choinneáil, rud atá ríthábhachtach don nuálaíocht, don fhás agus don iomaíochas. Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:linn tallainne an Aontais a bhunú chun cuardaitheoirí poist a earcú ó lasmuigh den Aontas ar gach leibhéal scileanna, go háirithe i gcás poist atá i mbaol ganntanais scileannastraitéis víosaí a thabhairt isteach chun é a dhéanamh níos éasca do mhic léinn, d’oibrithe oilte agus do thaighdeoirí den scoth teacht chuig an Aontastionscnamh ‘Roghnaigh an Eoraip’ a sheoladh faoi Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie chun tallann a mhealladh agus a choinneáil Rialachas nua ceannródaíoch Beidh rialachas láidir ag teastáil chun aontas na scileanna a bhaint amach. Chuige sin, déanfaidh aontas na scileanna an méid seo a leanas: a bheith bunaithe ar Fhaireachlann Eorpach um Fhaisnéis Scileannasoláthraithe oideachais agus oiliúna, ceannairí gnó agus comhpháirtithe sóisialta a thabhairt le chéile, trí Bhord Ardleibhéil Scileanna don Eoraip, chun léargas cuimsitheach ar scileanna a chur ar fáil do lucht ceaptha beartas an AontaisTabharfaidh an Coimisiún moladh nua maidir le hoideachas agus scileanna isteach sa Seimeastar Eorpach, an cleachtadh bliantúil lena gcomhordaítear beartais eacnamaíocha agus shóisialta an Aontais, chun tíortha an Aontais agus gníomhaithe ábhartha a threorú. Cúlra Sna treoirlínte polaitiúla, leag Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen béim ar thábhacht an oideachais agus na scileanna le haghaidh iomaíochas an Aontais. I mí an Mhárta 2025, mhol an Coimisiún aontas na scileanna, straitéis uileghabhálach lena dtreiseofar go frithpháirteach an compás iomaíochais, an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, agus an straitéis um Aontas na hullmhachta. Bunaithe ar thuarascálacha Draghi agus Letta, cuireann sé leis an Limistéar Eorpach Oideachais agus leis an Limistéar Eorpach Taighde.Leanfaidh an Coimisiún lena idirphlé leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis na geallsealbhóirí eile go léir maidir le todhchaí na hoibre san Eoraip, ag tosú ag Fóram Eorpach 2025 um Fhostaíocht agus um Chearta Sóisialta, ócáid shuaitheanta an Aontais chun na príomhdhúshláin atá os comhair lucht saothair na hEorpa a phlé. Doiciméid 5 MÁRTA 2025Teachtaireacht - Aontas na ScileannaTeangacha eile (23)български(493.52 KB - PDF)Íoslódáilespañol(479.82 KB - PDF)Íoslódáilčeština(565.02 KB - PDF)Íoslódáildansk(482.62 KB - PDF)ÍoslódáilDeutsch(509.34 KB - PDF)Íoslódáileesti(463.07 KB - PDF)Íoslódáilελληνικά(614.28 KB - PDF)ÍoslódáilEnglish(493.52 KB - PDF)Íoslódáilfrançais(544.3 KB - PDF)Íoslódáilhrvatski(586.3 KB - PDF)Íoslódáilitaliano(479.4 KB - PDF)Íoslódáillatviešu(563.69 KB - PDF)Íoslódáillietuvių(564.55 KB - PDF)Íoslódáilmagyar(564.87 KB - PDF)ÍoslódáilMalti(629.96 KB - PDF)ÍoslódáilNederlands(498.66 KB - PDF)Íoslódáilpolski(633.42 KB - PDF)Íoslódáilportuguês(495.55 KB - PDF)Íoslódáilromână(605.45 KB - PDF)Íoslódáilslovenčina(597.77 KB - PDF)Íoslódáilslovenščina(538.88 KB - PDF)Íoslódáilsuomi(432.2 KB - PDF)Íoslódáilsvenska(498.92 KB - PDF)Íoslódáil An scéala is déanaí A Union of Skills to equip people for a competitive Europe - Press releaseQuestions and answers on the Union of SkillsFactsheet: Union of Skills Naisc ghaolmhara Union of SkillsPlean gníomhaíochta um bunscileannaPlean straitéiseach don oideachas STEMIomaíochasPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart SóisialtaBliain Eorpach na ScileannaAn Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach
Teastaíonn daoine oilte ón Aontas Eorpach chun freagairt ar dhúshláin nua agus chun leanúint de bheith iomaíoch. Ach de réir mar a athraíonn riachtanais fostaíochta, bíonn sé deacair ar go leor oibrithe coinneáil suas agus ní féidir le gnólachtaí an tallann cheart a fháil. Tá na bearnaí scileanna agus saothair sin ag cur bac ar iomaíochas na hEorpa. Sin é an fáth a bhfuil aontas na scileanna á thabhairt isteach ag an gCoimisiún Eorpach, ar plean é chun oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil ar ardchaighdeán a fheabhsú. Is é is aidhm dó an méid seo a leanas a dhéanamh:leibhéil níos airde de bhunscileanna agus ardscileanna a chur ar fáil deiseanna a chur ar fáil do dhaoine chun scileanna a thabhairt cothrom le dáta agus scileanna nua a fhoghlaim ar bhonn rialtaéascú a dhéanamh ar an earcaíocht do ghnólachtaí ar fud an Aontaisdaoine tréitheacha a mhealladh, a fhorbairt agus a choinneáil san Eoraip