Tá na milliúin Eorpach ag streachailt chun teach a aimsiú a bhfuil sé d’acmhainn acu íoc as. Bíonn orthu aghaidh a thabhairt ar chíosanna costasacha agus ar phraghsanna tithe a bhíonn ag ardú leo, agus d’fhéadfadh sé go mbeidís ag fanacht go ceann na mblianta le teach a fhreastalaíonn ar a gcuid riachtanas. Uaireanta bíonn orthu roghanna deacra a dhéanamh faoin áit agus faoin gcaoi a maireann siad.
Bíonn tionchar ag na dúshláin sin ar gach uile duine: an t-aos óg, teaghlaigh, oibrithe atá ag bogadh le haghaidh oibre, daoine scothaosta, agus iad siúd a bhfuil an baol ann go bhfágfaí ar leataobh iad.
Ba cheart go mbeadh an deis ag gach aon duine cónaí in áit ina mbíonn sé ar a chompord. Sin é an fáth a bhfuil an Gníomh um Thithíocht Inacmhainne curtha chun cinn ag an gCoimisiún Eorpach, rud a chuideoidh le tíortha agus cathracha an Aontais tithíocht a choinneáil inacmhainne agus ar fáil, go háirithe i gceantair ina bhfuil an brú is mó ar dhaoine.
Ina theannta sin, d’iarr údaráis náisiúnta agus áitiúla arís agus arís eile go ngníomhódh an tAontas agus go mbeadh deimhneacht dhlíthiúil níos fearr ann.

Cur chuige comhchoiteann Eorpach i leith na tithíochta
- os cionn 50%de chónaitheoirí na gcathracha, measann siad gur fadhb phráinneach í an tithíocht ar gá déileáil léi láithreach san áit a bhfuil cónaí orthu
Ní hionann brú tithíochta i ngach áit. Tá roinnt cathracha agus réigiún ann a ndéantar difear níos mó dóibh ná áiteanna eile. Dá bhrí sin, ní mór cúinsí áitiúla a bheith san áireamh sna réitigh. Cé go bhfuil bearta tugtha isteach ag tíortha den Aontas cheana féin chun brúnna den sórt sin a mhaolú, d’iarr siad freisin go mbeadh rialacha níos soiléire ann maidir leis an méid is féidir leo a dhéanamh faoi dhlí an Aontais.
Inniúlacht náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil is ea iad na cinntí maidir le tithíocht
Leis an nGníomh um Thithíocht Inacmhainne, tugtar deimhneacht dhlíthiúil níos fearr d’údaráis phoiblí chun inacmhainneacht agus infhaighteacht tithíochta a chosaint i gceantair ar a bhfuil an brú is mó. Fágann sé faoi na húdaráis ábhartha an cinneadh maidir le gníomhú agus cé na bearta atá le glacadh. Má chinneann siad gníomhú, ní mór dóibh an méid seo a leanas a dhéanamh in aon chás ar bith:
Freagairt ar bhrúnna ó chíosanna gearrthéarmacha agus ó áiteanna cónaithe tánaisteacha
I roinnt ceantar, go háirithe áiteanna móra turasóireachta, d’fhéadfadh brú a bheith i gceist ó thaobh inacmhainneachta agus infhaighteachta agus na tithe á n-úsáid níos mó agus níos mó le haghaidh cíosanna gearrthéarmacha. Ciallaíonn sé sin go bhfuil níos lú árasán ar fáil do dhaoine áitiúla, rud a ardaíonn praghsanna agus a fhágann go mbíonn sé níos deacra do chónaitheoirí teach inacmhainne a aimsiú.
Sula dtabharfar srianta isteach, ní mór do na húdaráis an méid seo a leanas a léiriú:
Ní mór d’údaráis inniúla rialacha an Aontais atá ann cheana maidir le cíosanna gearrthéarmacha a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú. Orthu sin tá an méid seo a leanas:
Féadfaidh áiteanna cónaithe tánaisteacha nó tithe a bhíonn folamh go ceann i bhfad cur leis an mbrú tithíochta freisin. Leis an nGníomh um Thithíocht Inacmhainne, cuirtear creat níos soiléire ar fáil le haghaidh bearta lena dtugtar aghaidh ar na saincheisteanna sin trí dheimhneacht dhlíthiúil agus ionchais dhlisteanacha a chosaint. Ceanglaítear an méid a leanas leis:
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 10 Meán Fómhair 2026