Do theach a dhéanamh inacmhainne, inbhuanaithe agus ar chaighdeán níos fearr
Ó 2013 i leith, tá ardú os cionn 60% tagtha ar phraghsanna tithe san Aontas, agus tá ardú thart ar 20% tagtha ar mheánchíosanna, agus tá cíosanna i gceantair uirbeacha ag ardú níos airde fós.
Tá an easpa tithíochta inacmhainne agus costais atá ag dul i méid ag éirí ina n-ábhar mór imní sóisialta do shaoránaigh i bhformhór na mBallstát den Aontas.
Níl ach 6-7% de stoc tithíochta an Aontais ina thithíocht shóisialta, agus tá 20% de thithe fós gan áitiú. Tháinig méadú beagnach 93% ar chíosanna gearrthéarmacha idir 2018 agus 2024.
Tá plean forbartha ag an gCoimisiún chun soláthar tithíochta inacmhainne, inbhuanaithe agus ar ardchaighdeán a mhéadú, le gníomhaíocht chomhordaithe ar fud na mBallstát den Aontas.

Céard atá beartaithe sa phlean?
borradh a chur faoin soláthar tithíochta trí thithe nua a thógáil agus trí athchóiriú
tacú le nuálaíocht san earnáil tógála
oibrithe a mhealladh agus a athsciliú
aghaidh a thabhairt ar chíosanna gearrthéarmacha i limistéir atá faoi strus tithíochta
costais agus ualaí riaracháin a laghdú
tacú le héifeachtúlacht fuinnimh agus le billí níos ísle
infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a shlógadh
na daoine is mó atá thíos leis a chosaint, daoine óga agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste ina measc
An soláthar tithíochta a mhéadú agus an nuálaíocht a spreagadh
Measann an Coimisiún go mbeidh ar an Eoraip níos mó ná dhá mhilliún teach a thógáil gach bliain chun freastal ar an éileamh atá ann faoi láthair, is é sin thart ar 650,000 teach breise in aghaidh na bliana anuas ar an 1.6 milliún teach a tógtar sa lá atá inniu ann. Chun na tithe breise sin a sholáthar, bheadh gá le hinfheistíocht thart ar €153 bhilliún in aghaidh na bliana.
Chun aghaidh a thabhairt air sin, d’fhorbair an Coimisiún an straitéis Eorpach nua maidir le tógáil tithíochta, chun iomaíochas, táirgiúlacht agus nuálaíocht na hearnála a neartú. Is é is aidhm don straitéis an méid seo a leanas a dhéanamh:
- nósanna imeachta ceadúcháin a shimpliú agus a dhigitiú
- an pas táirge digiteach (ó 2028 ar aghaidh) agus na logleabhair dhigiteacha foirgneamh a chur i bhfeidhm
- dlús a chur le forbairt caighdeán comhchuibhithe le haghaidh táirgí, ábhair agus modhanna tógála nuálacha
Ina theannta sin, faoin Bauhaus Eorpach Nua, cuirfidh an Coimisiún borradh faoin taighde, agus déanfaidh sé réitigh tógála nuálacha a fhorbairt agus a mhéadú.
Tacú le limistéir atá thíos le ganntanas tithíochta
Is minic a bhíonn lóistín i gcathracha agus i gceantair thurasóireachta costasach, rud a fhágann go mbíonn sé níos deacra do mhuintir na háite áiteanna maithe a aimsiú chun cónaí iontu. Mar chuid den Ghníomh um Thithíocht Inacmhainne, atá le glacadh in 2026, tacóidh an Coimisiún le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna, go háirithe saincheisteanna a bhaineann le cíosanna gearrthéarmacha. Tabharfaidh sé aghaidh freisin ar ábhair imní maidir le cleachtais amhantracha agus cuideoidh sé le Ballstáit den Aontas athchóirithe struchtúracha a chur chun cinn.
Tacú leo siúd is mó atá thíos leis an ngéarchéim
Bíonn tionchar ar leith ag an easpa tithíochta inacmhainne ar ghrúpaí ar ioncam íseal agus ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste inár sochaí. Daoine óga, mic léinn agus oiliúnaithe, agus oibrithe riachtanacha nach féidir leo cónaí sna pobail a bhfreastalaíonn siad orthu, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tacú leo trí scéim ráthaíochta a reáchtáil ar bhonn píolótach chun an gá atá le taisce ráthaíochta a laghdú nó a deireadh a chur leis. Tá sé beartaithe aige freisin tacú le tuilleadh gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna leanúnacha casta na heaspa dídine.
Próisis cheadúcháin agus athchóirithe níos tapúla
Is é is aidhm don phlean costais a laghdú trí ualaí riaracháin a bhaineann le rialacha tithíochta an Aontais a laghdú. Cuirfidh sé dea-chleachtais chun cinn freisin, cuir i gcás pleanáil dhigiteach agus ceadú digiteach, ar gach leibhéal rialtais.
Tacaíocht infheistíochta agus rialacha níos simplí maidir le státchabhair
Cuirfidh an plean borradh faoin infheistíocht i dtithíocht shóisialta agus inacmhainne, trí ardán nua infheistíochta tithíochta uile-Eorpach san áireamh. Déanfaidh sé na rialacha maidir le státchabhair a shimpliú freisin, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca do Bhallstáit den Aontas tacú le tithíocht inacmhainne.
Príomhfhigiúirí
Tacú le héifeachtúlacht fuinnimh
I mí an Mhárta 2026 chuir an Coimisiún Pacáiste Fuinnimh na Saoránach i láthair. Is é an sprioc atá aige billí fuinnimh a laghdú agus cabhrú le tomhaltóirí leochaileacha trí dhaoine a chumhachtú chun a bhfuinneamh glan féin a tháirgeadh agus bochtaineacht fuinnimh a chomhrac. Cuideoidh sé ar na bealaí seo a leanas:
- aistriú chuig soláthróir fuinnimh níos saoire. D’fhéadfadh tomhaltóirí suas le €150 a shábháil in aghaidh na bliana.
- cánacha agus tobhaigh níos ísle ar a mbillí leictreachais. D’fhéadfadh sin €200 in aghaidh na bliana a shábháil ar theaghlaigh.
- eolas níos trédhearcaí a sholáthar maidir le billí agus conarthaí fuinnimh. Cuidíonn sin le tomhaltóirí cinntí eolasacha a dhéanamh.
Ina theannta sin, ghlac an Coimisiún pacáiste tacaíochta um maoiniú éifeachtúlachta fuinnimh chun an bhearna a dhúnadh idir an caipiteal príobháideach atá ar fáil agus na hinfheistíochtaí is gá chun ár gcóras fuinnimh agus ár mbonneagar fuinnimh a athrú. Cuirfidh an Coimisiún an straitéis sin i gcrích le Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, a bhfuil sé beartaithe aige maoiniú os cionn €75 bhilliún a chur ar fáil sna 3 bliana amach romhainn.
An bhochtaineacht agus an t-eisiamh tithíochta a chomhrac
Mar obair leantach ar an bplean Eorpach um thithíocht inacmhainne, chuir an Coimisiún togra i láthair i mí na Bealtaine 2026 le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le heisiamh tithíochta a chomhrac. Is é is aidhm dó a chinntiú go mbeidh áit shábháilte ag gach duine chun cónaí, agus gníomhú go luath chun easpa dídine a chosc sula dtarlóidh sí.
Cuireadh an togra i láthair in éineacht leis an gcéad straitéis frithbhochtaineachta riamh de chuid an Aontais. Chun laghdú 15 mhilliún ar a laghad a dhéanamh faoi 2030 ar líon na ndaoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta agus chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht faoi 2050, dírítear sa straitéis ar phoist ardcháilíochta, ar rochtain ar sheirbhísí agus ar thacaíocht ioncaim, sin agus ar ghníomhaíocht níos comhordaithe.
Na chéad chéimeanna eile
Cuimsítear sa phlean an chéad chruinniú mullaigh riamh de chinn stáit nó rialtais an Aontais maidir le tithíocht, a thionólfar in 2026. Ag an gcruinniú mullaigh, seolfar Comhghuaillíocht Tithíochta Eorpach nua, lena dtabharfar le chéile cathracha, réigiúin, institiúidí náisiúnta agus institiúidí an Aontais, chomh maith le príomhpháirtithe leasmhara tithíochta.
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 26 Meitheamh 2026