Déantar monatóireacht ghrinn ar gach cógas, na vacsaíní san áireamh, san Aontas Eorpach, tar éis a n-údaraithe agus a gcur ar an margadh.
Ó thaobh staitistice de, is annamh nó fíorannamh a bhíonn fo-iarmhairtí ann. Déanfar monatóireacht ghrinn ar shábháilteacht agus éifeachtacht vacsaíní COVID-19 údaraithe, faoi mar a dhéantar i gcás gach cógais, le córas monatóireachta cógas an Aontais Eorpaigh atá seanbhunaithe.




