Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Dlíthe a mheas

Is é is cuspóir do mheastóireachtaí an chaoi ar éirigh le beart ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a mheas; d'fhéadfadh dlí, beartas nó clár de chuid an Aontais a bheith i gceist. Is éard is seiceáil oiriúnachta ann meastóireacht a dhéantar ar roinnt gníomhaíochtaí gaolmhara.

Cad chuige meastóireacht an Choimisiúin ar an reachtaíocht?

Déanann an Coimisiún meastóireacht ar dhlíthe, beartais agus cláir chaiteachais ar leith lena fháil amach an bhfuil siad oiriúnach don chuspóir atá leo agus ar éirigh leo na hathruithe atá ag teastáil ó ghnólachtaí agus saoránaigh na hEorpa a chur i bhfeidhm ar an gcostas is ísle.

Cuirtear torthaí na meastóireachta seo san áireamh nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh ag an gCoimisiún leanúint de ghníomhaíochtaí ar leith nó gníomhaíochtaí eile a dhéanamh ina n-ionad.

Better regulation: why and how
REFIT - Dlí an Aontais a dhéanamh níos simplí agus níos neamhchostasaí

Meastóireachtaí nó seiceálacha oiriúnachta

Is ar na cáilíochtaí seo a leanas a dhírítear sa mheastóireacht nuair a bhíonn dlí, beartas nó clár maoinithe de chuid an Aontais á mheas:

  • éifeachtacht (ar baineadh amach cuspóirí an bhirt?)
  • éifeachtúlacht (cad iad na costais agus na sochair a ghabhann leis?)
  • ábharthacht (an bhfreastalaíonn sé ar riachtanais na bpáirtithe leasmhara?)
  • comhleanúnachas (cén chaoi a bhfeidhmíonn sé i leith bearta eile?)
  • breisluach ar leibhéal an Aontais (cad is fiú gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais?)

Is éard is seiceáil oiriúnachta ann meastóireacht a dhéantar ar roinnt gníomhaíochtaí gaolmhara. Díríonn an tseiceáil oiriúnachta ar an gcaoi a dtéann dlíthe éagsúla, beartais éagsúla agus cláir éagsúla i bhfeidhm ar a chéile, aithníonn sí míréireachtaí agus sineirgí iontu, agus déanann sí an tionchar iomlán a bhíonn acu a mheas.

Meastóireachtaí atá ar na bacáin

Cuirtear an pobal ar an eolas mar gheall orthu sin trí threochláir agus déantar iad a reachtáil ar bhonn ilbhliantúil.

Pleanáil na meastóireachta

An chaoi ar féidir páirt a ghlacadh iontu

Is féidir le duine ar bith aiseolas a thabhairt ar na pleananna atá ann le haghaidh meastóireachtaí agus seiceálacha oiriúnachta agus páirt a ghlacadh sna comhairliúcháin phoiblí maidir le meastóireachtaí atá ar siúl faoi láthair.

Have your say on Commission initiatives

Cáilíocht a dhearbhú

Leagtar síos sna Treoirlínte maidir le Rialáil níos Fearr agus sa bhosca uirlisí a ghabhann leo na caighdeáin cháilíochta chomhchoiteanna is cóir don Choimisiún a leanúint nuair a bhíonn na bearta atá déanta aige á meas.

Na Treoirlínte maidir le Rialáil níos Fearr – Treoirlínte maidir le meastóireacht: Caibidil 6
Bosca Uirlisí le haghaidh Rialáil níos Fearr – Meastóireachtaí agus seiceálacha oiriúnachta: caibidil 6

Tá sé de chúram ar an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairimí faoi cháilíocht meastóireachtaí móra agus seiceálacha oiriúnachta a scrúdú agus a eisiúint.

An Bord um Ghrinnscrúdú Rialála

Torthaí na meastóireachta

Tugtar achoimre ar phríomhthorthaí na meastóireachtaí i ndoiciméid inmheánacha oibre a fhoilsítear ar EUR-Lex. Go mion minic bíonn siad bunaithe ar thuarascálacha meastóireachta a réitigh conraitheoirí seachtracha thar ceann an Choimisiúin. Tá siad seo ar fáil ar shuíomh EU bookshop.