Page contents Page contents An méid a dhéanann an Bord Comhlacht neamhspleách de chuid an Choimisiúin is ea an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála agus cuireann sé Comhairle ar Choláiste na gCoimisinéirí. Cuireann sé rialú cáilíochta lárnach agus tacaíocht ar fáil do mheasúnuithe tionchair agus do mheastóireachtaí an Choimisiúin ag luathchéimeanna an phróisis reachtaigh (Figiúr 1). Le hobair an Bhoird ar mheasúnuithe tionchair neartaítear na meastóireachtaí a bhíonn ann ina dhiaidh sin, agus vice versa (Figiúr 2). Déanann an Bord athbhreithniú ar na dréachtmheasúnuithe tionchair ar fad a dhéanann an Coimisiún agus seiceálacha oiriúnachta agus na mórmheastóireachtaí ar an reachtaíocht atá i bhfeidhm cheana, agus eisíonn sé tuairimí agus moltaí ina leith. Soláthraíonn an Bord comhairle thras-earnálach d'Ard-Rúnaíocht an Choimisiúin i ndáil leis an rialáil níos fearr. Plean Gnó an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála Figiúr 1 Figiúr 2 An ról maidir le dearbhú cáilíochta Is é ról an Bhoird an dearbhú cáilíochta a sholáthar do mheasúnuithe tionchair an Choimisiúin, sin agus seiceálacha oiriúnachta agus mórmheastóireachtaí a chur ar fáil do leibhéal polaitiúil an Choimisiúin, rud a chuirfidh ar a chumas cinntí a dhéanamh ar bhonn na faisnéise is fearr atá ar fáil agus ar bhonn thuairimí na bpáirtithe leasmhara. Scrúdaíonn an Bord caighdeáin na ndréacht-tuarascálacha agus eisíonn sé tuairimí maidir le: measúnuithe tionchair, a fhorbraítear le linn ullmhú na dtionscnamh nua mórmheastóireachtaí cúlghabhálacha ar aon bheartas amháin nó ar aon dlí amháin, agus seiceálacha oiriúnachta ar an iliomad beartas agus dlíthe Sna tuairimí ón mBord, tugtar moltaí faoi sheirbhísí an Choimisiúin i dtaca leis an gcaoi ar féidir dréacht-tuarascálacha a fheabhsú. Ní dhéanann an Bord cinneadh maidir le tionscnaimh ná cuspóirí beartais: is ag Coláiste na gCoimisinéirí atá an ról sin. Conas a oibríonn sé Measúnuithe tionchair Féadfaidh na tuairimí a eisíonn an Bord ar mheasúnuithe tionchair a bheith ‘dearfach’, ‘dearfach maille le hagúis’, nó ‘diúltach’. Caithfear tuairim dhearfach, nó tuairim dhearfach maille le hagúis, a fháil ón mBord chun tionscnamh a bhfuil measúnú tionchair ag gabháil leis a mholadh don Choimisiún lena ghlacadh. I gcás tuairim dhiúltach, ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar an dréacht-tuarascáil agus í a chur faoi bhráid an Bhoird an dara huair sular féidir leis dul níos faide ar aghaidh. Nuair a thugann an Bord tuairim dhiúltach faoi dhó, ní fhéadfaidh ach an Leas-Uachtarán um Chaidreamh Idirinstitiúideach agus um Fhadbhreathnaitheacht an tionscnamh a chur faoi bhráid Choláiste na gCoimisinéirí le cinneadh a dhéanamh ar cheart nó nár cheart dó dul níos faide ar aghaidh. Bíonn tuairim an Bhoird, maille leis an measúnú tionchair, ag gabháil leis an dréacht-tionscnamh ó thús deireadh phróiseas cinnteoireachta polaitiúla an Choimisiúin. Meastóireachtaí Féadfaidh na tuairimí a eisíonn an Bord ar mheastóireachtaí a bheith ‘dearfach’ nó ‘diúltach’. Ní chuireann tuairim dhiúltach cosc ar an roinn fhreagrach de chuid an Choimisiúin an measúnú oiriúnachta ná an tuarascáil meastóireachta a chur i gcrích agus a fhoilsiú. Ach, féadfaidh an roinn an tuarascáil a chur faoi bhráid an Bhoird ar bhonn deonach chun an dara tuairim a fháil. I gceachtar den dá chás, bítear ag súil i gcónaí go gcuirfidh an phríomhroinn feabhas ar a cuid tuarascálacha agus go gcuirfidh sí comhairle an Bhoird san áireamh. Ní dhéanann an Bord athbhreithniú ar na meastóireachtaí ar fad a dhéanann an Coimisiún: ní roghnaítear ach roinnt mórmheastóireachtaí gach bliain bunaithe ar a n-ábharthacht agus ar thosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin. Déantar grinnscrúdú ar ‘Mheastóireachtaí oiriúnachta’ i gcónaí. Déantar na measúnuithe tionchair ar fad, mar aon leis na tuairimí ón mBord a bhaineann leo, a fhoilsiú ar líne nuair atá an togra i dtrácht glactha ag an gCoimisiún. Na tuarascálacha ar mheastóireachtaí agus ar sheiceálacha oiriúnachta agus na tuairimí a thug an Bord ina dtaobh, déantar iad sin a fhoilsiú ar líne freisin. Foilsíodh liosta na gcásanna a rinne an Bord anailís orthu ar líne. Comhdhéanamh Tá 9 mball ar an mBord: Ard-Stiúrthóir ón gCoimisiún atá mar chathaoirleach ar an mbord; 4 oifigeach ardleibhéil ón gCoimisiún; 4 shaineolaí a ceapadh ón taobh amuigh den Choimisiún Oibríonn gach comhalta go lánaimseartha don Bhord ar feadh tréimhse neamh-inathnuaite 3 bliana, agus ní bhíonn aon fhreagracht eile orthu ó thaobh beartais de. Is féidir síneadh bliana a chur leis an tréimhse ach cúinsí eisceachtúla a bheith ann. Gníomhaíonn an Bord go neamhspleách ar na ranna ceaptha beartais eile agus ar aon institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht eile de chuid na hEorpa. Comhaltaí an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála Tuarascálacha Bliantúla Oibríonn gach comhalta go lánaimseartha don Bhord ar feadh tréimhse neamh-inathnuaite 3 bliana, agus ní bhíonn aon fhreagracht eile orthu ó thaobh beartais de. Is féidir síneadh bliana a chur leis an tréimhse ach cúinsí eisceachtúla a bheith ann. Gníomhaíonn an Bord go neamhspleách ar na ranna ceaptha beartais eile agus ar aon institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht eile de chuid na hEorpa. An Bord um Ghrinnscrúdú Rialála – Tuarascáil Bhliantúil 2021 An Bord um Ghrinnscrúdú Rialála – Tuarascáil Bhliantúil 2020 An Bord um Ghrinnscrúdú Rialála – Tuarascáil Bhliantúil 2019 An Bord um Ghrinnscrúdú Rialála – Tuarascáil Bhliantúil 2018 An Bord um Ghrinnscrúdú Rialála – Tuarascáil Bhliantúil 2017 An Bord um Ghrinnscrúdú Rialála – Tuarascáil Bhliantúil 2016 Tuarascálacha roimhe seo Imeachtaí 2023 – An Cúigiú Comhdháil Bhliantúil maidir le Grinnscrúdú Rialála san Aontas Eorpach 2022 – Cruinnithe Chomhaltaí an Bhoird 2021 – Cruinnithe Chomhaltaí an Bhoird 2021 – An Ceathrú Comhdháil Bhliantúil maidir le Grinnscrúdú Rialála san Aontas Eorpach 2020 – Imeacht Líonraithe maidir le Ról an Ghrinnscrúdaithe i Líonrú Fíorúil na Rialála Níos Fearr 2019 – An Tríú Comhdháil Bhliantúil maidir le Grinnscrúdú Rialála san Aontas Eorpach 2018 – An Dara Comhdháil Bhliantúil maidir le Grinnscrúdú Rialála san Aontas Eorpach 2017 – An Chéad Chomhdháil Bhliantúil maidir le Grinnscrúdú Rialála san Aontas Eorpach Doiciméid 2 FEABHRA 2023Rules of Procedure of the Regulatory Scrutiny Board 30 EANÁIR 2023Decision on an Independent Regulatory Scrutiny Board 11 December 2022 31 EANÁIR 2020Decision on an independent Regulatory Scrutiny Board 31 BEALTAINE 2016Communication on the Regulatory Scrutiny Board – mission, tasks and staff