Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Dlíthe atá ann cheana a mheas agus a fheabhsú

Bíonn meastóireacht á déanamh i gcónaí ag an gCoimisiún ar dhlíthe an Aontais Eorpaigh mar chuid dá Chlár Oibre maidir le Rialáil níos Fearr lena fháil amach ar freastalaíodh ar riachtanais saoránach agus gnólachtaí mar ba cheart agus ar an gcostas is ísle. A bhuí le clár REFIT go háirithe agus le huirlisí eile, mar shampla meastóireachtaí agus seiceálacha oiriúnachta, is féidir dlíthe an Aontais a shimpliú agus an costas a bhaineann lena gcur i bhfeidhm a laghdú.