Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

REFIT – dlí an Aontais Eorpaigh a dhéanamh níos simplí, níos neamhchostasaí agus slán i bhfad na haimsire

Tá d’aidhm ag clár an Choimisiúin Eorpaigh um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) a chinntiú go mbaineann dlíthe an Aontais a gcuid cuspóirí amach ar an gcostas is ísle is féidir, ar mhaithe le saoránaigh agus gnólachtaí. Gach bliain cuireann an Coimisiún forbhreathnú i láthair ar a bhfuil déanta aige maidir le simpliú agus maidir leis an ualach a laghdú sa Suirbhé Bliantúil Ualaigh agus déanann sé monatóireacht ar dhul chun cinn an chláir le scórchlár REFIT. Cuireann grúpa ardleibhéil – an tArdán ‘Réidh don Todhchaí’ – comhairle ar an gCoimisiún maidir leis gcaoi a mbainfear cuspóirí REFIT amach agus a ndéanfar dlíthe an Aontais a nuachóiriú.

Eolas faoi REFIT

Cuid de Chlár Oibre an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr is ea REFIT. Faoin gclár sin, cinntíonn an Coimisiún go mbíonn ar dhlíthe an Aontais an toradh a bhí ceaptha a bheith orthu, do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, agus san am céanna dlíthe an Aontais atá ann cheana a shimpliú agus maorlathas a laghdú, aon uair is féidir. Tá d’aidhm ag an gclár dlíthe an Aontais a dhéanamh níos simplí, níos spriocdhírithe agus níos éasca a chomhlíonadh.

Is iad na fiontair bheaga agus mheánmhéide, a chuimsíonn 99% de ghnólachtaí uile an Aontais, go háirithe a bhaineann leas as REFIT, ós rud é go bhféadfadh ualaí agus castacht na rialacha tionchar a imirt orthusan go háirithe.

Déanann an Coimisiún monatóireacht rialta ar an dul chun cinn faoi REFIT trí scórchlár REFIT, lena gcoinnítear taifead ar thionscnaimh REFIT ó thús deireadh a saolré. Gach bliain cuireann an Suirbhé Bliantúil Ualaigh forbhreathnú i láthair ar a bhfuil déanta ag an Aontas Eorpach maidir le simpliú agus maidir leis an ualach a laghdú, agus príomhphointí phríomhthionscnaimh REFIT san áireamh.

Rialáil níos fearr: cén fáth agus cén chaoi?

Scórchlár REFIT

Iarrachtaí an Aontais an reachtaíocht a shimpliú – Suirbhé Bliantúil Ualaigh 2018

A ndéanann an tAontas ar son fiontair bheaga agus mheánmhéide

An chaoi a n-oibríonn REFIT

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na tograí uile ón gCoimisiún costais rialála neamhriachtanacha a shimpliú agus a laghdú, agus na cuspóirí beartais foluiteacha a bhaint amach ag an am céanna. Leis an gcur chuige nua ‘ceann isteach, ceann amach’, neartófar clár REFIT trína leathnú chun ualaí reachtaíochta nua a chuimsiú chomh maith leis na hualaí ó phíosaí aonair reachtaíochta atá ann cheana, agus an t-ualach carntha i ngach réimse beartais a bhainistiú freisin.

Go praiticiúil:

  • Leis na measúnuithe tionchair féachtar ar na roghanna atá ar fáil chun cuspóirí beartais a chur i gcrích ar an mbealach is éifeachtúla, measúnuithe lena ndéantar anailís ar an ngné REFIT dá bhrí sin.
  • Déanann na meastóireachtaí agus na seiceálacha oiriúnachta uile imscrúdú ar an acmhainneacht i dtaobh dhlíthe an Aontais Eorpaigh atá ann cheana a shimpliú agus costais rialála neamhriachtanacha a dhíothú.
  • Cainníochtaítear an acmhainneacht i dtaobh simpliú a dhéanamh agus an t-ualach a laghdú, nuair is féidir.
  • Cuireann an Coimisiún an ghné REFIT i láthair i meabhrán míniúcháin a thograí.
  • Áirítear i gclár oibre an Choimisiúin tograí le haghaidh athbhreithnithe agus tionscnaimh chun meastóireacht a dhéanamh ar reachtaíocht an Aontais Eorpaigh atá ann cheana in iarscríbhinn REFIT.
  • Tugtar léargas ar ghníomhaíochtaí REFIT in aon bhliain ar leith sa Suirbhé Bliantúil Ualaigh.

Freagracht chomhroinnte is ea dlíthe an Aontais a shimpliú agus an t-ualach rialála a laghdú, freagracht nach féidir a bhaint amach ach trí dhlúthchomhar an Choimisiúin leis na hinstitiúidí Eorpacha eile, na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara.

Do thuairim a thabhairt

Mar dhlúthchuid den rialáil níos fearr, tá clár REFIT bunaithe ar an ionchur a fhaightear ó shaoránaigh agus ó na páirtithe leasmhara.

An tArdán ‘Réidh don Todhchaí’

Tá an tArdán ‘Réidh don Todhchaí’ á bhunú chun fianaise a bhailiú agus chun cur ar chumas na n-údarás náisiúnta, na saoránach agus na bpáirtithe leasmhara ionchur spriocdhírithe a sholáthar d’fhonn dlíthe an Aontais a dhéanamh níos éifeachtúla.

Nuair a bheidh an tArdán ‘Réidh don Todhchaí’ ag feidhmiú, féachfaidh sé le hionchur a fháil ó shaoránaigh agus ó pháirtithe leasmhara tríd an tairseach nua ‘Cloisimis uait: Simpligh!’. Féadfaidh tú moltaí a dhéanamh ar an tairseach seo faoin dóigh le dlíthe an Aontais Eorpaigh a shimpliú, an t-ualach a laghdú agus na dlíthe sin a nuachóiriú.

Féadfaidh tú do chuid tuairimí a chur in iúl, freisin, faoi dhlíthe atá ann cheana chomh maith le beartais nua de chuid an Aontais Eorpaigh de réir mar a bheidh siad á bhforbairt tríd an tairseach ‘Cloisimis uait’.

Na príomhnithe atá bainte amach

  • Thuairiscigh an Coimisiún, sa tuarascáil Ghinearálta ar ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain 2019, 162 tionscnamh REFIT chun simpliú a dhéanamh agus na hualaí rialála a laghdú don tréimhse 2015-2019.
  • I gclár oibre an Choimisiúin do 2020 tá 44 phríomhthionscnamh a bhaineann le REFIT.

Tairbhí féideartha: Samplaí de thograí ón gCoimisiún

  • Cáin bhreisluacha agus fiontair bheaga agus mheánmhéide: Meastar go dtiocfaidh laghdú i mbliana de bharr an togra seo ar na costais chomhlíontachta a sheasann fiontair bheaga agus mheánmhéide, ó €68 mbilliún (figiúir an lae inniu) go €56.1 billiún in aghaidh na bliana.
  • Réamhtheachtaithe pléascán: táthar ag súil go dtiocfaidh laghdú tuairim agus 10% (is é sin idir €25 mhilliún agus €75 mhilliún in aghaidh na bliana), ar na costais reatha a sheasann gnólachtaí de thoradh an Rialachán a chomhlíonadh.
  • An Rialachán maidir le rialú ar iascach: Meastar go sábhálfaidh sin €157 milliún ar údaráis na mBallstát thar thréimhse cúig bliana nuair a ghlacfar an togra;
  • An cuntar aonair muirí: Meastar go sábhálfar idir 22-25 mhilliún uair foirne le linn na tréimhse idir 2020 agus 2030. Is ionann é sin agus €625-720 milliún do na hoibreoirí loingseoireachta;
  • Seirbheáil doiciméad: Seirbheáil trasteorann doiciméad a dhéanamh níos gaiste agus laghdú 10% a dhéanamh ar an líon breithiúnas mainneachtana a thugtar san Aontas Eorpach. D'fhágfadh sin go nginfí sábháil suas le €480 milliún sa bhliain, de bhrí nach gcosnódh faoiseamh breithiúnach a oiread sin ar na saoránaigh.

Cúlra

2020 – bhunaigh an Coimisiún an tArdán ‘Réidh don Todhchaí’ ag tógáil ar an taithí a fuarthas le hardán REFIT.

2017 – d’fhoilsigh an Coimisiún an chéad Suirbhé Bliantúil Ualaigh

2017 – chuir an Coimisiún feabhas ar REFIT trína chinntiú go ndéantar simpliú agus laghdú ualaigh a chur san áireamh gach uair a bhíonn reachtaíocht á meas agus á hathbhreithniú. Cuimsítear faoi REFIT na hathbhreithnithe uile a dhéantar ar reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, athbhreithnithe a bhfuil d’aidhm leo, i gcásanna inar féidir, an t-ualach a laghdú agus simpliú a bhaint amach.

2015 – bhunaigh an Coimisiún Ardán REFIT; chuaigh a shainordú in éag an 31 Nollaig 2019.

2015 – d'fhoilsigh an Coimisiún staidéar ('ABRplus') ina ndearnadh anailís ar an gcaoi ar cuireadh i bhfeidhm sna Ballstáit 12 bheart a bhí sa chlár gníomhaíochta agus ar a mhéid a baineadh amach na torthaí a raibh coinne leo.

2012 – faoi dheireadh an chláir gníomhaíochta, an sprioc a bhí ag an gCoimisiún laghdú 25% a dhéanamh ar an ualach riaracháin a bhí ar ghnólachtaí de dheasca reachtaíocht an Aontais, bhí sin bainte amach agus tuairim agus €30.8 billiún de choigilt sa bhliain gnóthaithe dá bharr.

2007 – sheol an Coimisiún clár gníomhaíochta chun an t-ualach riaracháin a bhaineann le rialáil san Aontas Eorpach a laghdú. Bunaíodh grúpa ardleibhéil chun comhairle a thabhairt faoi chur chun feidhme an chláir. Ar na moltaí a rinne an grúpa bhí sonrascú leictreonach a dhéanamh níos éasca agus díolúine a thabhairt do mhicrifhiontair ó rialacha cuntasaíochta an Aontais.

2005 – chuimsigh an clár rollach maidir le Simpliú 164 beart le linn na tréimhse 2005-2009 agus ionchorpraíodh é sa chlár oibre bliantúil.

2002 – ba chéadchéim é an clár 'Rialáil Níos Fearr' ionsar reachtaíocht an Aontais a shimpliú agus a fheabhsú. Tugadh isteach leis an gclár an oibleagáid measúnuithe tionchair a dhéanamh agus comhairliúcháin a dhéanamh le geallsealbhóirí i leith gach togra ón gCoimisiún.

Doiciméid

Iarrachtaí an Aontais an reachtaíocht a shimpliú – Suirbhé Bliantúil Ualaigh 2018

Scórchlár REFIT

Achoimre ar scórchlár REFIT (2017)

Achoimre ar scórchlár REFIT (2016)

Scórchlár REFIT (2016)

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hoiriúnacht rialála (2012)

Clár Gníomhaíochta chun ualaí riaracháin a laghdú san AE – an tuarascáil deiridh

ABRplus – an tuarascáil deiridh

Tuarascáil deiridh an ghrúpa ardleibhéil um laghdú maorlathais san Eoraip – ar baineadh amach agus réamhaisnéis