Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Conas a dhéantar vacsaíní a fhorbairt, a údarú agus a chur ar an margadh?

Conas a forbraíodh vacsaíní COVID-19 chomh tapa sin?

  • Rinneadh infheistíochtaí ollmhóra chun vacsaíní COVID-19 a fhorbairt go tapa.

  • Bhí eolaithe in ann dlús a chur le codanna áirithe den phróiseas, trí chéimeanna éagsúla de thrialacha cliniciúla a chur le chéile nó trí staidéir áirithe a dhéanamh ag an am céanna.

    Thosaigh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach ag breathnú ar na sonraí a tháinig as na staidéir fiú sular iarr cuideachtaí uirthi vacsaín a údarú.

  • Forbraíodh roinnt vacsaíní COVID-19 trí úsáid a bhaint as na modhanna céanna is a úsáideadh le haghaidh vacsaíní eile. Ciallaíonn sé sin go mbeidh sé níos éasca úsáid a bhaint as na saoráidí atá ann cheana chun méideanna ollmhóra de vacsaíní COVID-19 a dhéanamh.

  • Forbraíodh cuid de na vacsaíní i gcoinne COVID-19 trí mhodhanna nua a úsáid lenar féidir méid agus luas an táirgthe a mhéadú i gcomparáid le cineálacha vacsaíní eile.

  • Tá cuideachtaí ag cur lena n-acmhainneacht chun na milliúin dáileog de vacsaíní formheasta i gcoinne COVID-19 a tháirgeadh go tapa.

Vacsaíní a fhormheas san Aontas Eorpach

  • One

    Ar dtús, déantar na vacsaíní a thástáil sa tsaotharlann, faoi mar a dhéantar le gach táirge íocshláinte.

  • Two

    Déantar iad a thástáil ansin ar dhaoine deonacha i mbabhtaí staidéir éagsúla ar a dtugtar ‘trialacha cliniciúla’.

  • Three

    Cuidíonn na trialacha lena dhearbhú cén chaoi a n-oibríonn na vacsaíní agus lena chinntiú gur mó na buntáistí a bhaineann leo ná aon fho-iarsma nó rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann.

  • Four

    A luaithe a bheidh a ndóthain sonraí ann ón taighde agus ó thrialacha cliniciúla, féadfaidh cuideachtaí iarratas ar údarú a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí chun an vacsaín a chur ar mhargadh an Aontais.

  • Five

    Déanann an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach meastóireacht ar na sonraí go léir agus déanann sí measúnú eolaíoch críochnúil agus neamhspleách ar an vacsaín.

  • Six

    Bunaithe ar mheasúnú eolaíoch na Gníomhaireachta, tugann an Coimisiún Eorpach údarú margaíochta san Aontas. Ansin, is féidir an vacsaín a úsáid.

Údarú margaíochta coinníollach

Le linn éigeandáil sláinte poiblí, féadfar údarú margaíochta coinníollach a bhronnadh le haghaidh táirge íocshláinte nó vacsaíne.

D'fhéadfadh sé sin tarlú nuair is mó an buntáiste a bhaineann lena sholáthar láithreach ná an riosca go mbeadh sonraí ann nach bhfuil chomh cuimsitheach céanna leis na sonraí a bhíonn ag teastáil de ghnáth. Sna cásanna sin, geallann an táirgeoir faisnéis bhreise a chur ar fáil de réir amchlár sainithe.

In aon chás, ní thabharfaidh an Coimisiún Eorpach údarú margaíochta ach a luaithe a léireoidh an measúnú ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach go bhfuil an vacsaín idir shábháilte agus éifeachtach.

Sábháilteacht agus éifeachtacht vacsaíní

Déantar monatóireacht ghrinn ar shábháilteacht agus ar éifeachtacht vacsaíní a bhfuil údaruithe margaíochta coinníollacha faighte acu, faoi mar a dhéantar i gcás gach táirge íocshláinte, agus is trí chóras seanbhunaithe monatóireachta cógas an Aontais a dhéantar sin.

Mar aon leis sin, tá bearta speisialta i bhfeidhm chun eolas a bhailiú agus a mheas go tapa. Mar shampla, ní mór do na monaróirí tuarascáil sábháilteachta a sheoladh chuig an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach uair sa leathbhliain. I gcás vacsaíní i gcoinne COVID-19, ní mór tuarascálacha sábháilteachta a sheoladh uair sa mhí.

Cuirfidh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach monatóireacht bhreise sábháilteachta ar mhórscála ar bun i bhfianaise chomh hard agus atá an líon daoine a mheastar a gheobhaidh na vacsaíní.

Feachtais vacsaínithe

Déanann cuideachtaí na vacsaíní formheasta a tháirgeadh ansin ar mhórscála. De ghnáth, déantar líon na vacsaíní a gheobhaidh gach tír a ríomh ar bhonn a daonra.

Féadfar daoine a vacsaíniú de réir cláir vacsaíne náisiúnta. Tugann na cláir náisiúnta sin tús áite do ghrúpaí ar leith de ghnáth, mar shampla, gairmithe cúraim sláinte agus pobail leochaileacha (daoine aosta agus daoine a bhfuil bunghalar orthu cheana féin).

Tacaíonn an Coimisiún le tíortha an Aontais chun a bhfeachtais vacsaíní a ullmhú agus a chur chun feidhme.

Doiciméid

 

  • 30 SAMHAIN 2020
Factsheet: How are vaccines developed, authorised and put on the market?