Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Cibearshlándáil ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte

Earnáil cúraim sláinte atá athléimneach i gcoinne cibearbhagairtí

Príomhfhigiúirí

309 dteagmhas a tuairiscíodh in 2023 a chuir isteach ar an gcibearshlándáil in earnáil na sláinte
54% de chibirionsaithe san earnáil sláinte, tá bogearraí éirice i gceist leo

Chun aghaidh a thabhairt air sin, tá beart á dhéanamh ag an Aontas chun an cúram sláinte a chosaint mar a bheadh bonneagar criticiúil ann. Is é is aidhm don phlean gníomhaíochta Eorpach nua a chinntiú gur athléimneach i gcoinne cibearbhagairtí a bheidh córais cúraim sláinte, institiúidí agus feistí leighis nasctha, agus sábháilteacht othar agus muinín as an saol digiteach a chosaint.

Bhí an plean gníomhaíochta i measc na chéad tionscnamh a chuir an Coimisiún i láthair le linn na chéad 100 lá den sainordú nua, mar a d’fhógair an tUachtarán von der Leyen ina treoirlínte polaitiúla.

Céard atá beartaithe sa phlean gníomhaíochta?

Cuireann an plean gníomhaíochta Eorpach leis an reachtaíocht atá ann cheana agus is é is aidhm dó lárionad tacaíochta cibearshlándála uile-Eorpach a bhunú do na hospidéil agus do na soláthraithe cúraim sláinte, lena gcuirfear treoir, uirlisí, seirbhísí agus oiliúint shaincheaptha ar fáil. 

Cén tairbhe a bhainfidh tusa as?

Cruthóidh an plean gníomhaíochta timpeallacht níos sábháilte agus níos sláine d’othair, rud a chinnteoidh an méid seo a leanas:

  • go ndéanfar sonraí pearsanta agus taifid leighis a chosaint

  • nach gcuirfidh cibirionsaithe isteach ar sheirbhísí cúraim sláinte

  • go neartófar muinín sna soláthraithe cúraim sláinte, a bhfuil bearta á ndéanamh acu chun cibearbhagairtí a chosc agus chun freagairt orthu

Cén dóigh a n-oibreoidh sé?

Cuirfear an plean gníomhaíochta i bhfeidhm i ndlúthchomhar le soláthraithe cúraim sláinte, leis an earnáil cúraim sláinte, leis na Ballstáit agus leis an bpobal cibearshlándála, agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) ina lár.

Reáchtáil an Coimisiún comhairliúchán spriocdhírithe le haghaidh an phlean gníomhaíochta in 2025 inar bailíodh tuairimí ó pháirtithe ábhartha agus ó shaoránaigh ábhartha. Foilsíodh torthaí an chomhairliúcháin sin i dtuarascáil achomair.

Na chéad chéimeanna eile

  1. 2025 Ráithe 1

    Bord comhairleach comhpháirteach um chibearshlándáil sláinte a bhunú

  2. 2025 Ráithe 2

    Tús a chur leis an obair chun lárionad Eorpach tacaíochta cibearshlándála a bhunú le haghaidh ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte

    Comhairliúchán le páirtithe leasmhara a sheoladh – achoimre ar thorthaí

  3. 2025 Ráithe 4

    An chéad teacht le chéile den bhord comhairleach comhpháirteach um chibearshlándáil sláinte

    Moltaí a chur i láthair chun an plean gníomhaíochta a bheachtú tuilleadh

  4. 2025-2026

    Bearta sonracha a chur i bhfeidhm atá leagtha amach sa Phlean

    Measúnú aibíochta cibearshlándála sláinte a dhéanamh

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 12 Márta 2026