Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Bearta nua molta ag an gCoimisiún chun feabhas a chur ar an tsláinte agus ar an earnáil cúraim sláinte

  • Alt nuachta
  • 16 Nollaig 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad
Woman looking at microscope in laboratory


Tá lear mór beart nua curtha chun cinn ag an gCoimisiún Eorpach lena gcuirfear feabhas ar shláinte mhuintir na hEorpa agus lena gcuirfear le hearnáil cúraim sláinte níos nua-aimseartha, níos éifeachtúla agus níos athléimní san Aontas. 

Leis na tograí dírítear ar thrí phríomhréimse. 

Tionscal bith-theicneolaíochta sláinte ceannródaíoch a fhorbairt 
Mhol an Coimisiún gníomh um an mbith-theicneolaíocht chun tacú leis an nuálaíocht agus chun poitéinseal bith-theicneolaíochta na hEorpa a mhéadú. Ar na bearta sin tá an méid seo a leanas:

  • saoráid infheistíochta nua de chuid an Aontais chun é a dhéanamh níos éasca do chuideachtaí bith-theicneolaíochta rochtain a fháil ar mhaoiniú
  • tacaíocht spriocdhírithe do thionscadail ardtionchair chun borradh a chur faoin mbithmhonaraíocht 

Leis an bpacáiste, cuirfear dlús freisin le formheas trialacha cliniciúla ar fud tíortha, cuirfear dlús le forbairt teiripí nua ceannródaíocha, agus simpleofar rialacha an Aontais chun costais a laghdú do chuideachtaí. 

Dul i ngleic le galair chardashoithíocha 
Chuir an Coimisiún i láthair plean na ‘gCroíthe Slána’ chun aghaidh a thabhairt ar ghalair chardashoithíocha, arb iad is mó is cúis le básanna san Eoraip. Ba cheart do ghníomhaíochtaí a fhaigheann maoiniú ón Aontas feabhas a chur ar chosc, ar bhrath agus ar chóireáil. Leis an bplean, déanfar an méid seo a leanas freisin:

  • daoine a chumhachtú le huirlisí agus teiripí tuartha pearsantaithe
  • bearnaí taighde a líonadh agus an intleacht shaorga agus réitigh sláinte digití a úsáid
  • neamhionannais sláinte a laghdú agus rochtain ar chúram sláinte a fheabhsú 

Rialacha a shimpliú chun feistí leighis a fhorbairt 
Déanfar rialacha an Aontais le haghaidh feistí leighis a shimpliú chun costais nach bhfuil gá leo a laghdú, sin agus neamhchinnteacht le haghaidh cuideachtaí agus moilleanna le haghaidh othar a laghdú freisin. Cuimsítear leis na bearta freisin níos mó nósanna imeachta digiteacha agus amlínte soiléire le haghaidh measúnuithe comhréireachta chun dlús a chur le rochtain ar fheistí leighis. Ina theannta sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach neartaithe faireachán ar ghanntanais feistí leighis, agus cruthóidh sí liosta d’fheistí criticiúla.

Leis na bearta comhcheangailte sin, tabharfar tús áite do shláinte agus do shábháilteacht othar chomh maith le hathléimneacht agus iomaíochas fadtéarmach na hearnála sláinte a chinntiú. 

Tuilleadh eolais 
Bileog eolais: An Gníomh um an mBith-theicneolaíocht
Bileog eolais: Plean na gCroíthe Slána
Bileog eolais: Feistí Leighis
Ceisteanna agus freagraí maidir leis an Gníomh um an mBith-theicneolaíocht
Ceisteanna agus freagraí maidir le Plean na gCroíthe Slána
Ceisteanna agus freagraí maidir leis na Feistí Leighis

Preaseisiúint: Bearta nua chun earnáil sláinte an Aontais a dhéanamh níos nuálaí, níos iomaíche agus níos athléimní

Dáta foilsithe
16 Nollaig 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

An nuacht ghaolmhar

  • Alt nuachta

Dearc do chuid comharthaí, cosain do chroí – déan seiceáil shimplí agus glac páirt i gcomhrac na hEorpa i gcoinne an mharfóra chiúin. Inniu cuirtear tús leis an gcéad Seachtain Eorpach riamh maidir le Scagthástáil lena spreagtar daoine chun tástáil a dhéanamh le haghaidh galair chardashoithíocha agus feasacht a mhúscailt i dtaca le cosc.

Am léitheoireachta: 2 nóiméad
  • Alt nuachta

Leis an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte is féidir leat cúram leighis riachtanach agus práinneach a fháil thar lear, lena n-áirítear le haghaidh tinnis ainsealacha nó tinnis atá ort cheana, chomh maith le toircheas agus breith clainne. Tá an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte bailí in aon tír den Aontas, san Íoslainn, i Lichtinstéin, san Iorua, san Eilvéis nó sa Ríocht Aontaithe duit.

Am léitheoireachta: 2 nóiméad
  • Press release

The Commission has unveiled an update of the European Code Against cancer, which sets out practical ways to help prevent the disease. The revised code puts strong focus on lifestyle choices and public health measures to reduce cancer risk.

Am léitheoireachta: 2 nóiméad