
Tá flúirse taighde, tallainne agus cruthaitheachta den chéad scoth le fáil san Eoraip. Mar sin féin, is rómhinic a bhaineann daoine eile, in áiteanna eile, rath eacnamaíoch amach le smaointe de bhunús na hEorpa. Is amhlaidh atá toisc go bhfuil bacainní roimh nuálaithe Eorpacha anseo agus go mbíonn sé deacair orthu a gcuid smaointe a thabhairt chun beatha. I ngeall air sin, mhol an Coimisiún ionstraim Eorpach nua um nuálaíocht chun cuidiú leis na smaointe is nuálaí de chuid na hEorpa a fhorbairt, a mhaoiniú agus a uas-scálú san Eoraip.
Chun córas nuálaíochta an Aontais a neartú, tabharfar aghaidh ar dhá phríomhdhúshlán leis an togra. Ar an gcéad dul síos, cuideoidh sé le cuideachtaí nuálacha rochtain a fháil ar mhaoiniú ar na bealaí seo a leanas:
- creat coiteann de chuid an Aontais a chur chun cinn lena gcuirfear luach le maoin intleachtúil
- margadh digiteach a chruthú lena nascfar ceannaitheoirí agus díoltóirí maoine intleachtúla le chéile
- saintacaíocht a chur ar fáil chun cabhrú le cuideachtaí a gcuid smaointe a thabhairt chuig an margadh
Leis sin, is féidir €10.2 billiún de mhaoiniú breise a chur ar fáil in aghaidh na bliana agus thart ar €35 mhilliún de choigilteas costais riaracháin a ghiniúint.
Ar an dara dul síos, bunófar leis cur chuige coiteann maidir le soláthar taighde agus forbartha lena ndéanfar an méid seo a leanas:
- deimhneacht dhlíthiúil níos fearr a chur ar fáil
- cuidiú le teicneolaíochtaí nua an margadh a bhaint amach níos tapúla
- é a dhéanamh níos éasca do cheannaitheoirí poiblí ó thíortha éagsúla an Aontais soláthairtí Taighde agus Forbartha a dhéanamh go comhpháirteach.
Leis sin, d’fhéadfadh cuideachtaí a bheith ag súil le €25.92 billiún de bhrabúis bhliantúla bhreise, agus d’fhéadfadh ceannaitheoirí poiblí €1 bhilliún a shábháil in aghaidh na bliana.
Is gné den chompás iomaíochais é an ionstraim Eorpach um nuálaíocht, chun iomaíochas, rathúnas agus ceannasacht theicneolaíoch fhadtéarmach an Aontais a neartú. I gcomhthráth leis, cuideoidh an Coimisiún le nuálaithe dlús a chur le smaointe nuálacha a chlaochlú ina réitigh mhargaidh trí thogra sonrach maidir le boscaí gainimh rialála.
Tuilleadh eolais
Ceisteanna agus freagraí maidir leis an Ionstraim Eorpach um Nuálaíocht
Bileog eolais faoin Ionstraim Eorpach um Nuálaíocht
An Ionstraim Eorpach um Nuálaíocht
- Dáta foilsithe
- 9 Meán Fómhair 2026
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
An nuacht ghaolmhar
Agus é ag tógáil ar a phleananna chun an tsíocháin a chosaint agus dlús a chur le hullmhacht cosanta ár mór-roinne, tá sraith beart curtha i láthair ag an gCoimisiún Eorpach ar cheart dóibh feabhas suntasach a chur ar an tsoghluaisteacht mhíleata ar fud na hEorpa.
Tá na heolaíochtaí beatha – an staidéar ar chórais bheo, ó chealla go héiceachórais – lárnach dár sláinte, dár gcomhshaol agus dár ngeilleagar. Le fada an lá, tá an Eoraip ar thús cadhnaíochta sna heolaíochtaí beatha, agus bonn láidir eolais agus barr feabhais eolaíoch mar thaca léi.
Oibríonn an Limistéar Eorpach Taighde chun timpeallacht dhinimiciúil tharraingteach a chruthú do thaighdeoirí agus do nuálaithe ar fud na hEorpa chun aghaidh a thabhairt ar an ilroinnt i dtírdhreach taighde na hEorpa.
Today the EC published a Strategic Research and Innovation Plan (SRIP) to accelerate the shift to safe and sustainable chemicals and materials