
Tá plean gníomhaíochta nua um an leictriúchán curtha os comhair an tsaoil ag an gCoimisiún, plean arb é is aidhm dó dlús a chur leis an aistriú ó bhreoslaí iontaise go dtí an leictreachas san Eoraip, rud a bhaineann le trí réimse, mar atá an tionsclaíocht, an t-iompar, agus foirgnimh. Is é an sprioc atá ann an chéad mhór-roinn ‘leictreachumhachtaithe’ ar domhan a dhéanamh den Eoraip. Is é sin le rá, sciar an leictrithe de gach a n-úsáidtear d’fhuinneamh, é sin a mhéadú ón 23% atá i gceist inniu go dtí 46% faoi 2040. Tríd an sprioc sin a bhaint amach, d’fhéadfadh an tAontas Eorpach €260 billiún a shábháil in aghaidh na bliana ó thaobh iompórtáil breoslaí iontaise de.
Ar na buntáistí a bhaineann le bogadh i dtreo an leictrithe, tá na nithe seo a leanas:
- laghdófar an spleáchas ar bhreoslaí iontaise iompórtáilte, rud a fhágfaidh go mbeidh an Eoraip níos neamhspleáiche agus níos iomaíche, agus a laghdóidh an leochaileacht i leith suaití geopholaitiúla;
- déanfar córas fuinnimh na hEorpa a nuachóiriú agus a dhícharbónú, rud a chuideoidh ó thaobh dlús a chur leis an aistriú glas;
- déanfar leas thomhaltóirí na hEorpa: tá sé níos saoire feithicil cheallra-leictreach a thiomáint ná gluaisteán coibhéiseach breosla iontaise a thiomáint — d’fhéadfadh difear chomh mór le 78% a bheith i gceist. D'fhéadfadh laghdú chomh mór le 60% teacht ar bhillí teasa an ghnáth-theaghlaigh san Aontas ach iad a dhul i muinín teaschaidéil, seachas a bheith ag úsáid coire gáis.
Mar sin féin, tá roinnt dúshlán nár sáraíodh go fóill. Is minic an leictreachas trí huaire níos daoire ná an gás. D’fhéadfaí a bheith ag fanacht ar feadh na mblianta le nasc eangaí. An iomarca de na teicneolaíochtaí nuálacha, ní bhaineann siad scála tráchtála amach go brách. Níl a oiread spreagtha á thabhairt do chuideachtaí agus a thabharfadh orthu éirí as na breoslaí iontaise agus iompú ar an leictreachas.
Sa phlean nua, tugtar aghaidh ar na dúshláin sin ar fad. Is é an chaoi a ndéantar é sin ná go moltar sraith beart a chuideoidh ó thaobh laghdú na bearna praghais idir costais leictreachais agus costais fuinnimh iontaise, agus go spreagtar glacadh teicneolaíochtaí glana atá bunaithe ar an leictreachas, ar nós teaschaidéal, feithiclí leictreacha, ceallraí, agus eile. Ar na bearta atá sa phlean, tá
- billí leictreachais san Aontas a dhéanamh slán i bhfad na haimsire trí é a chur ar a gcumas do thíortha an Aontais táillí ghréasáin a laghdú i gcás grúpaí tomhaltóirí ar leith agus cánacha a laghdú i gcás gnólachtaí a úsáideann lear mór fuinnimh
- spreagadh a thabhairt ionas go ngéarófar ar chur in úsáid méadar cliste, rud a fhágfaidh gur fusa a bheidh sé ar thomhaltóirí a gcuid billí fuinnimh a dhéanamh níos saoire
- laghdú na gcostas tosaigh a bhaineann le teicneolaíochtaí leictriúcháin in earnálacha mór-éilimh. Chun an méid sin a bhaint amach, bainfear leas as uirlisí éagsúla, iad seo a leanas cuir i gcás — scéimeanna léasaithe shóisialta, ionstraim airgeadais an Chórais Trádála Astaíochtaí (CTA), agus an Ciste Aeráide Sóisialta.
- dlús a chur le cur in úsáid eangacha leictreachais Eorpacha tríd an bpacáiste um na heangacha
- dlús a chur le glacadh réiteach nuálach leictriúcháin
- infheistíocht a dhéanamh i scileanna agus i bpoist i réimse an leictriúcháin, rud a bhféadfaí na céadta míle post ardcháilíochta a chruthú dá bharr
An lá a chuir an Coimisiún an plean sin i láthair, d’fhógair sé freisin go bhfuiltear le hathbhreithniú a dhéanamh ar phríomhbheartas dícharbónaithe an Aontais, is é sin Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais. De bharr athrú a bheith ag teacht ar an gcomhthéacs geopholaitiúil agus eacnamaíoch, caithfear an beartas sin é féin a nuachóiriú. An t-athbhreithniú sin, chomh maith leis an bplean gníomhaíochta, is cuid iad d’iarrachtaí an Aontais borradh a chur faoi iomaíochas, dícharbónú agus neamhspleáchas na hEorpa.
Tuilleadh eolais
Ceisteanna agus freagraí maidir leis an bplean gníomhaíochta um leictriúchán
Ceisteanna agus freagraí maidir leis an athbhreithniú ar Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais
Bileog eolais maidir le Plean Gníomhaíochta an Aontais um Leictriúchán agus le táillí líonra
- Dáta foilsithe
- 17 Iúil 2026
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide