Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

EU Inc. – gnó a dhéanamh níos éasca san Aontas Eorpach

  • Alt nuachta
  • 18 Márta 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 3 nóiméad

 

EU Inc. curtha i láthair ag an gCoimisiún, sraith aonair nua de rialacha corparáideacha a bheidh mar an gcéanna agus a mbeidh feidhm acu ar fud an Aontais. Fágfaidh sé sin go mbeidh sé níos éasca do ghnólachtaí tosú, oibriú agus fás ar fud an Aontais. Lena nósanna imeachta roghnacha lándigiteacha, chuirfí ar chumas cuideachtaí nuálacha méadú, dhreasófaí iad le fanacht san Eoraip, agus spreagfaí iad siúd a mhachnaigh ar áiteanna eile tráth le filleadh. Tá EU Inc. ina chuid den 28ú córas nua níos leithne lena dtugtar an deis do ghnólachtaí leas a bhaint as tairbhí an mhargaidh aonair.  

Faoi láthair, is tírdhreach dlí corparáideach ilroinnte atá roimh fhiontraithe agus cuideachtaí nuálacha. I ngeall go bhfuil 27 gcóras dlí náisiúnta agus níos mó ná 60 foirm dhlíthiúil chuideachta i bhfeidhm, d’fhéadfadh na seachtainí nó fiú na míonna a bheith i gceist le cuideachta a chur ar bun, rud a chuireann moill ar an bhfás agus a mhéadaíonn na costais. 

D’fhágfadh tacar aonair comhchuibhithe rialacha corparáideacha EU Inc. nach mbeadh ar chuideachtaí dul i ngleic leis an iliomad córas náisiúnta a thuilleadh, rud a bhainfeadh an leas ab fhearr ab fhéidir as acmhainneacht an mhargaidh aonair agus rud a spreagfadh fás agus iomaíochas méadaithe

Tá an méid seo a leanas ar phríomhghnéithe EU Inc.: 

  • clárú níos gasta agus nósanna imeachta níos simplí: cuideachta EU Inc. a bhunú laistigh de 48 n-uair an chloig, ar níos lú ná €100, gan aon cheangal scairchaipitil íosta agus gan an t-eolas faoin gcuideachta a chur isteach ach aon uair amháin trí chomhéadan ar leibhéal an Aontais
  • oibríochtaí lándigiteacha ar feadh saolré na cuideachta
  • cuidiú le bunaitheoirí atosú níos gasta agus ar dhóigh níos saoire: nósanna imeachta simplithe um leachtú, rud a fhágfaidh go mbeidh bunaitheoirí in ann smaointe nuálacha a thástáil agus tosú as an nua más gá
  • coinníollacha níos fearr chun infheistíocht a mhealladh trí dheireadh a chur le foirmiúlachtaí duine le duine, nósanna imeachta digiteacha a cur ar fáil le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin, agus aistriú scaireanna a shimpliú, chomh maith le deiseanna chun an stocmhalartán a rochtain
  • rochtain lán ar an margadh aonair: gan ach an tír den Aontas ina gcorpraíonn siad a roghnú go toilteanach
  • coimircí láidre in aghaidh na mí-úsáide: níl tionchar ag an togra ar dhlíthe náisiúnta fostaíochta agus sóisialta. Beidh feidhm iomlán ag coimircí infheidhme na tíre clárúcháin den Aontas maidir leis an gcuideachta EU Inc.   

Ina theannta sin, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht ina leagtar amach na tionscnaimh atá ar siúl faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo chun an 28ú córas a thabhairt i gcrích i réimsí beartais eile. I measc bearta eile, moltar sa teachtaireacht an digiteáil is mó is féidir a dhéanamh ar idirghníomhaíochtaí idir cuideachtaí agus údaráis phoiblí, agus iarrtar ar thíortha an Aontais machnamh a dhéanamh ar dhlísheomraí breithiúnacha nó cúirteanna speisialaithe a bhunú a mbeidh an t-údarás acu díospóidí maidir le dlí na gcuideachtaí EU Inc. a láimhseáil. 

Ó tharla go bhfuil sé ríthábhachtach d’iomaíochas an Aontais, tá an Coimisiún ag iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle teacht ar chomhaontú i dtaca leis an togra EU Inc. faoi dheireadh 2026. 

Tuilleadh eolais

Ceisteanna agus freagraí

EU Inc.: Córas dlí corparáideach nua comhchuibhithe

Teachtaireacht: i dtreo EU Inc. do chuideachtaí an Aontais Eorpaigh

Togra le haghaidh creat dlíthiúil corparáideach EU Inc.

Plean nua chun go mbeidh rathúnas agus iomaíochas na hEorpa inbhuanaithe

Preaseisiúint: Togra curtha i láthair ag an gCoimisiún le haghaidh EU Inc. chun an leas is fearr is féidir a bhaint as an Margadh Aonair d’fhiontraithe na hEorpa

Sonraí

Dáta foilsithe
18 Márta 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide