Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Tá sé beartaithe ag an Aontas an bonneagar fuinnimh a uasghrádú chun billí a laghdú agus chun borradh a chur faoin neamhspleáchas

  • Alt nuachta
  • 10 Nollaig 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad
Climate and energy projects: interconnection of the Cyclades Islands, Greece

 

Tá tionscnaimh nua molta ag an gCoimisiún Eorpach chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna seanbhunaithe maidir le bonneagar fuinnimh an Aontais a phleanáil agus a chur chun feidhme. Is é is aidhm dóibh a chinntiú go sreabhfaidh fuinneamh inacmhainne glan ar bhealach níos éifeachtúla ar fud an Aontais.

Is é an bonneagar eangaí cnámh droma chóras fuinnimh na hEorpa. Moltar sa phacáiste nua é a nuachóiriú agus a leathnú chun leas iomlán a bhaint as a acmhainneacht. Is éard a chiallaíonn sé sin deireadh a chur le scrogaill agus an idirnascacht a mhéadú ar fud thíortha an Aontais, rud a dhéanfaidh an méid seo a leanas: 

  • cuidiú chun praghsanna fuinnimh a laghdú
  • soláthar fuinnimh slán agus iontaofa a chinntiú
  • cuidiú chun neamhspleáchas fuinnimh a bhaint amach

Cur chuige nua is ea na tionscnaimh sin i leith an bhonneagair fuinnimh trí pheirspictíocht cheart Eorpach a thabhairt isteach sa phleanáil tionscadal. Ar an gcéad dul síos, cinnteoidh siad go mbainfidh an Eoraip an leas is fearr is féidir as an mbonneagar fuinnimh atá aici cheana sula ndéanfaidh sí infheistíocht in acmhainneacht nua. Ar an dara dul síos, cuirfidh siad dlús le nósanna imeachta ceadúcháin ionas gur féidir bonneagar fuinnimh a fhorbairt ar bhealach níos tapúla ar fud an Aontais, rud atá ríthábhachtach chun cuspóirí aeráide agus fuinnimh a bhaint amach. Ina theannta sin, cinnteoidh na tograí go roinnfear na costais ar bhealach níos cothroime le haghaidh tionscadail trasteorann. 

Rachaidh an dá thogra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle lena bhfaomhadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag comhoibriú go dlúth le tíortha an Aontais agus le páirtithe leasmhara chun príomhthionscadail fuinnimh trasteorann a chur chun feidhme.

Cé go bhfuil dul chun cinn déanta, níl an leibhéal nascachta is gá bainte amach ag an Aontas go fóill chun aontas fuinnimh ceart a chur ar fáil. Faoi láthair, tá roinnt tíortha den Aontas ann nach bhfuil ar an mbóthar ceart chun an sprioc 15% maidir le hidirnascadh a bhaint amach faoi 2030. Ina haitheasc ar Staid an Aontais 2025, d’fhógair an tUachtarán von der Leyen go dtabharfadh ocht mórbhealach fuinnimh aghaidh ar na riachtanais bhonneagair is práinní a dteastaíonn tacaíocht agus tiomantas gearrthéarmach breise ina leith lena gcur chun feidhme.

Tuilleadh eolais

Preaseisiúint

Ceisteanna agus freagraí

Bileog eolais

Iomaíochas

Fuinneamh inacmhainne

Sonraí

Dáta foilsithe
10 Nollaig 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide