Ghlac an Coimisiún straitéis nua chun coigilteas a threorú i dtreo infheistíochtaí táirgiúla. Féachann sé le rannpháirtíocht shaoránaigh an Aontais i margaí caipitil a mhéadú le roghanna infheistíochta níos leithne agus litearthacht airgeadais níos fearr, rud lena gcothófar a rachmas agus a chuirfidh borradh faoi gheilleagar an Aontais. Is mar thaiscí bainc a choinnítear thart ar 70% den choigilteas teaghlaigh san Aontas – rud ar fiú €10 dtrilliún é. Tá taiscí bainc sábháilte agus tá sé éasca rochtain a fháil orthu, ach de ghnáth tuilleann siad níos lú airgid ná infheistíochtaí i margaí caipitil. Is féidir leis an straitéis nua tacú le saoránaigh an Aontais a saibhreas teaghlaigh a chothú agus coigilt ar bhealach níos fearr don todhchaí. A bhuí leis an aontas coigiltis agus infheistíochta, beidh deiseanna níos fearr ag saoránaigh ar mian leo infheistíocht a dhéanamh i margaí caipitil. Ciallaíonn sé sin rochtain éasca shimplí ar chostas íseal ar réimse leathan deiseanna infheistíochta. Le níos mó infheistíochtaí i margaí caipitil, tacaítear leis an ngeilleagar trí chur ar chumas chuideachtaí an Aontais fás agus rath a bheith orthu. Is féidir leis sin poist níos fearr a chruthú le tuarastail níos airde d’oibrithe, agus infheistíocht agus fás a spreagadh ar fud na n-earnálacha eacnamaíocha uile. Tá sé d’aidhm ag an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta freisin feabhas a chur ar chomhtháthú agus iomaíochas earnáil baincéireachta an Aontais, mar shampla tríd an aontas baincéireachta a dhoimhniú. Beidh ar institiúidí an Aontais, ar thíortha an Aontais, agus ar na príomhpháirtithe leasmhara uile oibriú le chéile chun an t-aontas coigiltis agus infheistíochta a bhaint amach. Déanfar tuilleadh forbartha ar an straitéis, agus déanfar bearta i réimsí sonracha chun borradh a chur faoin iomaíochas i ngeilleagar an Aontais, ag díriú ar dtús ar na gníomhaíochtaí is mó tionchar in 2025. Ní mór don Aontas Eorpach leas a bhaint as a acmhainneacht chun a chuspóirí atá nasctha leis an iomaíochas fadtéarmach, an tslándáil agus an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a bhaint amach. Trí chóras baincéireachta comhtháite agus margaí caipitil a fhorbairt, is féidir leis an aontas coigiltis agus infheistíochta an bhearna idir riachtanais choigiltis agus infheistíochta a dhúnadh. Tuilleadh eolais Iomaíochas Preaseisiúint: an t-aontas coigiltis agus infheistíochta Ceisteanna agus Freagraí: an t-aontas coigiltis agus infheistíochta Bileog eolais: an t-aontas coigiltis agus infheistíochta Sonraí Dáta foilsithe19 Márta 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide