Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Plean nua de chuid an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí agus na deiseanna a bhaineann le hardsamhlacha intleachta saorga le haghaidh na cibearshlándála

  • Alt nuachta
  • 7 Iúil 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 3 nóiméad
Woman sitting behind a computer screen

 

Tá Plean Gníomhaíochta curtha i láthair ag an gCoimisiún Eorpach chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí agus leas a bhaint as na deiseanna a bhaineann le hardsamhlacha intleachta saorga (IS) le haghaidh na cibearshlándála.

Cé gur féidir leis an intleacht shaorga feabhas a chur ar an tslándáil, is féidir mí-úsáid a bhaint aisti freisin chun leochaileachtaí a shainaithint, ionsaithe a uathoibriú, agus scála agus luas cibirtheagmhas a mhéadú go suntasach. Tabharfar le chéile sa Phlean Gníomhaíochta na Ballstáit, an earnáil tionsclaíochta agus eagraíochtaí ar leibhéal an Aontais chun cibearshlándáil ár dtimpeallachta digití a neartú i bhfianaise na leochaileachtaí a bhaineann le hardsamhlacha intleachta saorga. 

Príomhghníomhaíochtaí

  • Meastóireacht a dhéanamh ar shamhlacha intleachta saorga: Ceanglaítear leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga go ndéanfar meastóireacht ar ardsamhlacha intleachta saorga agus go ndéanfar measúnú ar na rioscaí a bhaineann leo sula gcuirfear ar mhargadh an Aontais iad. Cuideoidh an Coimisiún chun acmhainneacht mheastóireachta an Aontais a bhunú ar mhaithe le measúnú tríú páirtí ar chumais agus ar rioscaí IS a neartú ar fud an domhain, rud a thacóidh le feidhm rialála na hOifige um Intleacht Shaorga.
  • Rochtain a fháil ar ardsamhlacha intleachta saorga: Tá coinníollacha soiléire trédhearcacha de dhíth ar an Eoraip chun rochtain a fháil ar na córais intleachta saorga is forbartha. Oibreoidh an Coimisiún le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gCibearshlándáil chun treoirphlean Eorpach a shainiú maidir le rochtain struchtúrtha ar ardchumais intleachta saorga le haghaidh na cibearshlándála, rud a thacóidh le heagraíochtaí poiblí agus príobháideacha chun rochtain a fháil ar ardsamhlacha intleachta saorga.
  • An intleacht shaorga a thástáil le haghaidh na cibearshlándála: Cruthóidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gCibearshlándáil agus Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin ardán slán chun an intleacht shaorga a thástáil le haghaidh na cibearshlándála, cuir i gcás trí thimpeallachtaí ionsamhlaithe a úsáid. Tabharfaidh sé sin fios gnó maidir le húsáid shábháilte na hintleachta saorga d’oibreoirí in earnálacha criticiúla.
  • Cibearshlándáil an Aontais a threisiú agus leochaileachtaí a réiteach: Ní mór don Aontas a bhonneagar criticiúil a chosaint. I gcomhréir le rialacha cibearshlándála an Aontais, ba cheart d’eagraíochtaí dlús a chur le cleachtais chibearshláinteachais, le bearta bainistithe riosca, agus le prionsabail na slándála trí dhearadh. Ba cheart dóibh tosú freisin ar na cumais intleachta saorga atá ar fáil a úsáid chun leochaileachtaí a réiteach níos tapa, chomh maith le cibirionsaithe a chosc agus freagairt orthu. Cuideoidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gCibearshlándáil leo san aistriú sin, le treoir, le moltaí agus le dea-chleachtais, chomh maith le feachtas chun bogearraí criticiúla foinse oscailte a fháil.
  • Cumais intleachta saorga na hEorpa a mhéadú le haghaidh na cibearshlándála: Ní mór don Aontas leanúint d’infheistíocht a dhéanamh ina ardchumais intleachta saorga féin. Chuige sin, tá bonneagar na Monarchana IS agus na nGigeamhonarchana a bheidh ann amach anseo agus acmhainneacht chothromais Teicneolaíochta na hEorpa, a fógraíodh sa Phacáiste um Cheannasacht Teicneolaíochta, ar fáil. Seolfaidh an Coimisiún Mórdhúshlán an Aontais maidir leis an Intleacht Shaorga don chibearshlándáil freisin, lena dtabharfar le chéile cuideachtaí, taighdeoirí agus eagraíochtaí chun réitigh intleachta saorga don chibearshlándáil a fhorbairt agus chun tacú le fás mhargadh an Aontais.

Is é is aidhm don phlean nua creat cibearshlándála an Aontais a neartú. Cuireann sé le rialacha an Aontais atá ann cheana, cuir i gcás an Gníomh um an Intleacht Shaorga, an Gníomh um Chibear-Athléimneacht, an Treoir maidir le Slándáil na gCóras Gréasáin agus Faisnéise, agus an Gníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht.

Tuilleadh eolais

Preaseisiúint

Bileog eolais

Plean gníomhaíochta maidir leis an gcibearshlándáil agus an intleacht shaorga

An intleacht shaorga

 

Dáta foilsithe
7 Iúil 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide