Tá na heolaíochtaí beatha – an staidéar ar chórais bheo, ó chealla go héiceachórais – lárnach dár sláinte, dár gcomhshaol agus dár ngeilleagar. Le fada an lá, tá an Eoraip ar thús cadhnaíochta sna heolaíochtaí beatha, agus bonn láidir eolais agus barr feabhais eolaíoch mar thaca léi. Ach tá sí ag titim ar gcúl anois i gcomparáid le gníomhaithe domhanda eile maidir le réitigh don fhíorshaol a dhéanamh den taighde. Chun cur i gcoinne na treochta sin, sheol an Coimisiún Eorpach straitéis nua inniu chun go mbeidh an Eoraip ar an áit is tarraingtí ar domhan ó thaobh eolaíochtaí beatha de faoi 2030. Leagtar amach sa straitéis bearta ar fud shlabhra luacha na n-eolaíochtaí saoil ar fad chun dlús a chur leis an nuálaíocht, chun rochtain ar an margadh a éascú, agus chun muinín an phobail as teicneolaíochtaí nua a chothú, rud a chinnteoidh go rachaidh siad chun tairbhe na ndaoine agus an phláinéid. Faoi láthair, cuireann na heolaíochtaí beatha beagnach €1.5 trilliún le geilleagar an Aontais agus tacaíonn siad le 29 milliún post ar fud an Aontais. Moltar sa straitéis an méid seo a leanas a dhéanamh: An t-éiceachóras taighde agus nuálaíochta a bharrfheabhsú le plean infheistíochta de chuid an Aontais chun maoiniú a éascú do thrialacha cliniciúla ilnáisiúnta. Cuirfidh sé cur chuige na hAon Sláinte Amháin chun cinn freisin (i.e. cur chuige comhtháite arb é is aidhm dó cothromaíocht a bhaint amach idir sláinte daoine, ainmhithe agus éiceachóras) i leith taighde agus nuálaíochta, agus maoineofar forbairt réiteach bunaithe ar mhicribhithóm agus táirgí nua lena spreagtar nuálaíocht thionsclaíoch agus an inbhuanaitheacht.Rochtain thapa ar an margadh a chumasú le haghaidh nuálaíochtaí eolaíochta beatha trí Ghníomh an Aontais um an mBith‑theicneolaíocht a mholadh lena gcruthófar creat atá níos fabhraí don nuálaíocht ar fud na n-earnálacha bith-theicneolaíochta, agus trí chomhéadan meaitseála a sheoladh chun gnólachtaí nuathionscanta, an tionscal agus infheisteoirí a nascadh le chéile.Borradh a chur faoi iontaoibh, glacadh agus úsáid nuálaíochta trí €300 milliún a shlógadh chun soláthar nuálaíochta san eolaíocht bheatha a spreagadh i réimsí ar nós oiriúnú don athrú aeráide, vacsaíní den chéad ghlúin eile agus réitigh ailse inacmhainne. Cuirfidh sé Grúpa Comhordúcháin Eolaíochta Beatha ar bun freisin chun beartais agus maoiniú a ailíniú ar fud na n-earnálacha. Tá an straitéis ina cuid den Chompás Iomaíochais. Cuireann sí le comhairliúchán poiblí agus le corpas mór fianaise, ina measc sin dhá staidéar a rinne an tAirmheán Comhpháirteach Taighde de chuid an Choimisiúin. Tuilleadh eolais Plean nua chun go mbeidh rathúnas agus iomaíochas na hEorpa inbhuanaithe Roghnaigh an Eoraip le haghaidh na nEolaíochtaí Beatha: Straitéis chun an tAontas a bheith ar an áit is tarraingtí ar domhan ó thaobh eolaíochtaí beatha de faoi 2030 Roghnaigh an Eoraip – Cuir do ghairmréim sa taighde chun cinn san Aontas Eorpach Bileog eolais Preaseisiúint: Straitéis nua seolta ag an gCoimisiún chun go mbeidh an Eoraip ina ceannaire domhanda sna heolaíochtaí beatha faoi 2030. Ceisteanna agus freagraí Sonraí Dáta foilsithe2 Iúil 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide