Féadfaidh an tAontas Eorpach a bheith ina cheannaire domhanda i réimse na hintleachta saorga (IS) agus forbairt agus cur in úsáid réitigh IS a théann chun tairbhe na sochaí agus an gheilleagair a chur chun cinn. Tá an plean gníomhaíochta um mór-roinn na hintleachta saorga curtha i láthair ag an gCoimisiún chun luasairí IS a dhéanamh de láidreachtaí an Aontais, cuir i gcás tallanna nach bhfuil a sárú le fáil agus tionscail thraidisiúnta láidre.
Mínítear sa phlean gníomhaíochta um mór-roinn na hintleachta saorga conas leas a bhaint as acmhainneacht neamhshaothraithe ár dtaighdeoirí agus ár dtionscal. Is é is aidhm dó an chéad chéim eile d’fhorbairt IS a mhúnlú, borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch, agus ár n-iomaíochas a neartú i réimsí amhail cúram sláinte, gluaisteáin, eolaíocht agus tuilleadh nach iad.

Leagan téacs
- €200 billiún chun borradh a chur faoi fhorbairt IS san Eoraip
- €20 billiún chun suas le cúig ghigeamhonarcha IS a mhaoiniú
- Tacóidh 19 mhonarcha IS le gnólachtaí nuathionscanta, an tionscal agus gníomhaíochtaí taighde
Príomhghníomhaíochtaí an phlean gníomhaíochta um mór-roinn na hintleachta saorga
Agus é ag tógáil ar sheoladh thionscnamh InvestAI lena slógfar €200 billiún le haghaidh infheistíocht san IS san Aontas, is é is aidhm don phlean gníomhaíochta um mór-roinn na hintleachta saorga feabhas a chur ar ár gcumais IS, trí thionscnaimh a chur chun cinn i gcúig phríomhréimse.
Bonneagar mórscála ríomhaireachta IS a thógáil
Teastaíonn infheistíocht, bonneagar agus comhoibriú ó ardsamhlacha IS. Lenár bplean, tabharfar le chéile na gnéithe is gá chun cabhrú le gnólachtaí Eorpacha an barr a rugadh ar IS tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- 19 mhonarcha IS ar a laghad a chur ar bun ar fud na hEorpa, agus úsáid á baint as ár líonra sár-ríomhaireachta ceannródaíoch domhanda. Tacóidh na monarchana sin le gnólachtaí nuathionscanta, an tionscal agus taighdeoirí chun samhlacha agus feidhmchláir cheannródaíocha IS a fhorbairt
- suas le 5 ghigeamhonarcha IS a bhunú, a bheidh mar shaoráidí mórscála le cumhacht ollmhór ríomhaireachta acu agus lárionaid sonraí. A bhuí leo, beifear in ann samhlacha casta IS a oiliúint ar scála nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Chun an tionscnamh sin a fhíorú, tá gá le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach araon, agus daingneoidh sé ceannaireacht an Aontais in IS cheannródaíoch
- saoráid InvestAI a bhfuil sé d’aidhm aici €20 billiún a shlógadh, chun infheistíocht phríobháideach a spreagadh i ngigeamhonarchana
- an gníomh um fhorbairt na néalríomhaireachta agus na hintleachta saorga a mholadh lena gcuirfear borradh faoin infheistíocht i lárionaid néalríomhaireachta agus sonraí. Is é an sprioc atá ann acmhainneacht lárionaid sonraí an Aontais a mhéadú faoi thrí ar a laghad as seo go ceann 5 go 7 mbliana, agus tús áite á thabhairt d’ionaid sonraí inbhuanaithe.
Rochtain a mhéadú ar shonraí ar ardchaighdeán
Tá tacair sonraí mhóra ar ardchaighdeán fíor-riachtanach chun ardsamhlacha IS a fhorbairt agus a oiliúint. Cruthóimid na dálaí le haghaidh margadh aonair do shonraí tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- an straitéis um aontas sonraí atá ar na bacáin, lena gcothófar fíormhargadh inmheánach le haghaidh sonraí, lena gcumasófar forbairt IS a mhéadú ar fud an Aontais.
- saotharlanna sonraí laistigh de mhonarchana IS chun sonraí ar ardchaighdéan ó fhoinsí éagsúla a bhailiú agus a eagrú. Tabharfaidh sé sin na huirlisí is gá do thaighdeoirí agus d’fhorbróirí chun nuáil a dhéanamh.
An Intleacht Shaorga a chur chun cinn in earnálacha straitéiseacha
Faoi láthair, ní bhaineann ach 13.5% de chuideachtaí an Aontais úsáid as IS. Chun an bhearna sin a dhúnadh, sheol an Coimisiún an straitéis um chur i bhfeidhm na hintleachta saorga. Déanfar an méid seo a leanas leis an straitéis:
- borradh a chur faoi ghlacadh na hintleachta saorga, go háirithe i measc FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga
- comhtháthú IS a éascú chun iomaíochas na dtionscal straitéiseach a fheabhsú
- tairbhí sochaíocha níos leithne na hintleachta saorga a scaoileadh
- cumais an Aontais a neartú agus barr feabhais a bhaint amach san intleacht shaorga cheannródaíoch.
Scileanna agus tallann IS a neartú
Chun freastal ar an éileamh méadaitheach ar thallann IS, déanfaimid an méid seo a leanas:
- oideachas agus oiliúint a chur ar an gcéad ghlúin eile de shaineolaithe IS atá lonnaithe san Aontas
- tallann IS na hEorpa a dhreasú chun fanacht agus filleadh ar an Aontas.
- tallann oilte IS ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad a mhealladh agus a choinneáil, taighdeoirí ina measc.
Cur i bhfeidhm an ghnímh um an intleacht shaorga a shimpliú
Tá an Coimisiún ag tacú le cuideachtaí agus le tíortha an Aontais chun an Gníomh um an Intleacht Shaorga a chur i bhfeidhm. Chuige sin, tá treoirlínte foilsithe aige cheana féin maidir le cleachtais IS atá toirmiscthe agus tá sé ag cuidiú chun cóid chleachtais a fhorbairt. Is mol lárnach í Deasc Seirbhíse an Ghnímh um an Intleacht Shaorga, lena gcuirtear eolas ábhartha ar fáil chun cabhrú le páirtithe leasmhara a chinneadh an dtagann siad faoi oibleagáidí dlíthiúla sonracha.
Athbhreithníodh an leathanach seo den uair dheireanach an 10 Aibreán 2026