Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Ceannasacht theicneolaíoch na hEorpa a neartú

  • Alt nuachta
  • 3 Meitheamh 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad
man looks at a digital chip

 

Tá an Pacáiste um Cheannasacht Theicneolaíoch na hEorpa curtha chun cinn ag an gCoimisiún Eorpach inniu, sraith beart chun acmhainneacht na hEorpa a neartú maidir le leathsheoltóirí, an intleacht shaorga, an néalríomhaireacht agus foinse oscailte. Cuideoidh sé leis an Eoraip a bheith ar thús cadhnaíochta ó thaobh na hintleachta saorga de, a neamhspleáchas digiteach a neartú, agus todhchaí dhigiteach níos inbhuanaithe a fhorbairt.

Is ar cheithre phríomhréimse a dhíríonn an pacáiste, mar atá:

  • an bonn leathsheoltóirí a dhaingniú le haghaidh uaillmhian na hEorpa ó thaobh na hintleachta saorga de – cuideoidh an Gníomh um Shliseanna 2.0 chun acmhainneacht a fhorbairt i dteicneolaíochtaí leathsheoltóra úrscothacha, borradh a chur faoin soláthar agus faoin éileamh, agus tacú leis an infheistíocht
  • leas a bhaint as acmhainneacht néalríomhaireachta agus intleachta saorga na hEorpa – leis an nGníomh um Fhorbairt na Néalríomhaireachta agus na hIntleachta Saorga, tacófar le taighde agus nuálaíocht i dteicneolaíochtaí úrscothacha inbhuanaithe, déanfar coinníollacha a chuíchóiriú chun lárionaid sonraí a chur in úsáid ar fud an Aontais, agus tabharfar isteach creat aonair uile-Aontais chun measúnú a dhéanamh ar cheannasacht na néalríomhaireachta agus na hintleachta saorga
  • neamhspleáchas digiteach a neartú trí fhoinse oscailte – leis an straitéis maidir le foinse oscailte, méadófar roghanna malartacha foinse oscailte i réimsí tosaíochta, déanfar infheistíocht i scileanna, i ngnólachtaí nuathionscanta agus i mbonneagar digiteach, agus tacófar le húsáid níos mó as foinse oscailte i riaracháin phoiblí
  • córas fuinnimh na hEorpa a dhigitiú, agus digitiú inbhuanaithe a chinntiú ag an am céanna – leis an treochlár straitéiseach um an digitiú agus um an intleacht shaorga san earnáil fuinnimh, cinnteofar go ndéanfar lárionaid sonraí a chomhtháthú inár gcóras fuinnimh, go gcuirfear dlús le cur in úsáid réiteach digiteach agus intleachta saorga, agus go bhforbrófar samhlacha intleachta saorga ceannasacha slána don earnáil fuinnimh

Cuirfidh na bearta sin ar chumas na hEorpa a bheith ina mór-roinn intleachta saorga, is é sin le rá, a bheith ina ceannaire domhanda i dtaighde, i bhforbairt agus i nglacadh na hintleachta saorga. Leis an bpacáiste nua seo cuirfear dlús leis an uaillmhian sin, rud a chosnóidh neamhspleáchas digiteach na hEorpa. Cuireann an pacáiste ceannasachta teicneolaíche le tionscnaimh atá ann cheana agus déanann sé iad a chomhlánú, cuir i gcás an Compás Iomaíochais agus an Straitéis Slándála Eacnamaíche.

Tuilleadh eolais

Preaseisiúint – Pacáiste um cheannasacht theicneolaíoch molta ag an gCoimisiún chun neamhspleáchas digiteach agus athléimneacht na hEorpa a neartú

Bileog eolais faoin bpacáiste ceannasachta teicneolaíche

Plean Gníomhaíochta an Aontais um Mór-Roinn na hIntleachta Saorga

Dáta foilsithe
3 Meitheamh 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide