Mhol an Coimisiún leasú ar Dhlí Aeráide an Aontais, leasú lena leagtar síos sprioc aeráide 2040 an Aontais chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 90%, i gcomparáid le leibhéil 1990. Tabharfaidh sé cinnteacht d’infheisteoirí agus don nuálaíocht, neartóidh sé ceannaireacht thionsclaíoch ár ngnólachtaí, agus méadóidh sé slándáil fuinnimh na hEorpa.Creideann 85% de mhuintir na hEorpa gur fadhb thromchúiseach é an t-athrú aeráide agus tacaíonn 81% le sprioc an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, de réir suirbhé a rinneadh le déanaí. Tá an tAontas ar an mbóthar ceart faoi láthair chun an chéad sprioc eile de laghdú 55% a bhaint amach faoi 2030. Cuireann an togra nua leis an sprioc sin atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus leagtar amach ann bealach níos pragmataí agus níos solúbtha chun sprioc 2040 a bhaint amach. Cuirtear an tírdhreach eacnamaíoch, slándála agus geopholaitiúil atá ann faoi láthair san áireamh sa sprioc aeráide 2040 atá beartaithe. Leagann sé béim ar a thábhachtaí atá sé dlús a chur leis na coinníollacha cearta cumasúcháin agus iad a neartú chun an sprioc a bhaint amach agustá sé ailínithe le Compás Iomaíochais an Aontais, leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus leis an bPlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainnebunaithe ar mheasúnú tionchair domhain agus ar chomhairle ar nós comhairle ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide agus ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide.D’fhoilsigh an Coimisiún Teachtaireacht freisin maidir leis na chéad tograí i dtaca leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan a chur i gcrích. Tugtar forléargas inti ar na chéad ghníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích, ar an dul chun cinn atá déanta agus ar na bearta atá fós le cur i gcrích. Tá a chur chun feidhme ríthábhachtach i dtreo sprioc aeráide 2040. Cuirfear an togra ón gCoimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle anois lena phlé agus lena ghlacadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach. Beidh sprioc aeráide an Aontais a chomhaontófar amach anseo ina thagarmharc freisin le haghaidh chreat beartais an Aontais tar éis 2030.Tháinig Dlí Aeráide an Aontais i bhfeidhm i mí Iúil 2021. Cumhdaítear leis sa reachtaíocht gealltanas an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Tuilleadh eolaisPreaseisiúint: Spriocanna Dhlí Aeráide 2040Ceisteanna agus freagraí: Spriocanna Dhlí Aeráide 2040Bileog eolais: Spriocanna Dhlí Aeráide 2040Preaseisiúint: EorabharaiméadarIomaíochas Sonraí Dáta foilsithe2 Iúil 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide